Leathanach don Cheiliuraí – October

We welcome you to use the following resources in any parish newsletter distributed free of charge.

Click here to download a PDF of this month’s Irish Notes.

For more resources from our October issue, click here.

 

An Séú Domhnach Fichead Saor
An Lá ar son na Beatha

Réamhrá

Ar an Lá speisialta seo ‘ar son na Beatha’, gabhamis mór-bhuíochas le ‘Dia na mbeo’ (Lc 20:38) as ucht ár mbeatha fhisiciúil agus ár mbeatha spioradálta. Guímis chuig ár dTiarna go mbeidh meas againn i gcónaí ar dhínit na beatha daonna óna tús i dtearmann na broinne go dtí an bás nádúrtha, nuair a ghlaofar ar ais muid go léir ar shlí na fírinne.

 

Smaoineamh

Sa pharabal a chuireann sé os ár gcomhair inniu, taispeánann Íosa dúinn gur féidir linn iompú ar ais ina threosan aon uair is mian linn. Tá ár n-Athair grámhar ag feitheamh orainn agus ag súil linn uair ar bith, cé go nglacann sé lenár gcinneadh saor i gcónaí.

Tá téama na haithrí i gcroílár an chéad léacht ó Ezicéil fáidh chomh maith (Eiz 18:27-28). Ceann de na seoda is áille atá againn san Eaglais is ea Sacraimint na hAithrí. Is í Sacraimint na Trócaire í, Sacraimint na Saoirse, Sacraimint an Áthais.

Is minic a spreagann an Pápa Proinsias muid chun maithiúnas an Athar shíoraí a fháil sa bhFaoistin. ‘Sa bhFaoistin, maitheann Dia ár bpeacaí dúinn, agus déanann sé dearmad orthu’, adeir an Pápa linn. Ba cheart dúinn glacadh le comhairle an Phápa maidir leis an sacraimint seo.

Ar an lá seo ar son na Beatha, guímis ar son gach uile dhuine daonna, cruthaithe ar dheilbh Dé féin (Gein 1:27). Guímis go mór mór ar son na leanaí sa bhroinn, ar son a gcuid máithreacha agus a gcuid aithreacha. Cuirimis faoi choimirce na Maighdine iad go léir, agus muid ag machnamh ar ár Slánaitheoir, Dia ó Dhia, a tháinig chugainn go humhal séimh i mbroinn a Mháthar Bheannaithe.

 

Guí an Phobail

Le lán-dóchas tugann muid ár n-urnaithe roimh Dhia na mbeo:

 

1.  Ar son ár bPápa Proinsias, ár n-Easpag X, agus na hEaspaig go léir: go leana siad dár stiuradh ar an mbealach chuig an bheatha shíoraí.

2.  Ar son na marbh, go dtuga Dia radharc a ghnúise dóibh.

3.  Ar son ár ndeartháracha agus ár ndeirfiúracha a fhulaingíonn géarleanúint de bharr a gCreidimh; go dtugtar diongbháilteacht agus faoiseamh dóibh.

4.  Ar son na mbocht agus na daoine dífhostaithe; ar son na n-easláin agus iadsan atá in ísle brí; go neartaítear iad le grásta Dé agus le grá a gcomharsan.

5.  Ar son daoine atá pósta; go neartaítear iad ina ndílseacht dá chéile agus go bhfaighe said treorú le chéile chuig an bheatha shíoraí.

6.  Ar ár son féin, go leana muid orainn lenár radharc ar an tsíoraíocht, ionas go mbeidh dóchas i nDia i gcónaí in ár n-anamnacha.

 

A Athair shíoraí, Dia na mbeo, cuireann muid ár n-intinní faoi do chúram caoin, le hidirghuí na Maighdine Beannaithe agus trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focal Scoir

‘Dóchas, creideamgh agus grá,

bíodh go brách ‘na stiúir do m’chroí,

agus cuir leosan foighid, a Dhé,

Ba chabhair thréan don triúr í’

Ar bPaidreacha Dúchais 228

 

* * *

 

An Seachtú Domhnach 
Fichead Saor

Réamhrá

Léiríonn Liotúirge an Bhriathar dúinn inniu an mórmhéid spéis agus grá atá ag Dia i leith gach uile dhuine. Tugann an Tiarna cuireadh dúinn glacadh go pearsanta leis in ár saol laethúil. Guimis go mbeidh muid oscailte i gcónaí chun glacadh lenár ngairm chun na naofachta agus go roinnfidh muid lúcháir an tslánaithe lenár muintir agus lenár gcairde.

 

Smaoineamh

Is meafar é an fíonghort (Mat 21:33-43) don anam Críostaí. Tá grá ag Dia do gach uile anam, grá chomh fíor agus chomh doimhin sin nach féidir linn fiú é a shamhlú (féach Irimia 31:3) Ach ní chuireann Dia iachall orainn. Tá meas aige dáiríre ar shaoirse phearsanta an duine daonna. Ní sclábhathe atá á lorg ag ár nAthair síoraí ach leanaí grámhara.

I bhfíonghort na hEaglaise glaonn Dia ar gach uile dhuine le bheith ina naomh. Má ghlacann muid lena ghrásta, líonfaidh an Tiarna muid lena bhronntanais spioradálta. Tugtar cuireadh chun na naofachta do gach uile dhuine. Ní gairm eisceachtúil é gairm an naoimh. Tá an ghairm chomhchoitianta chun na naofachta ar cheann de na príomh-cheachtanna de chuid  Comhairle a Dó na Vatacáine (féach Lumen Gentium 40). Cuireann an tAthair Naofa an dúshlán iontach seo os ár gcomhair go minic: “Go dtuga Dia dúinn go léir an dóchas le bheith in ár naoimh” (féach an Pápa Proinsias, 21 Meitheamh 2017).

Iarraimis ar ár Máthair Muire cabhrú linn titim i ngrá le hÍosa. Is ise an fíonghort is foirfe agus is áille riamh. Is eiseamláir í don Eaglais uile agus don anam Críostaí go pearsanta. Chuir sí lán-fháilte roimh an Tiarna agus bhronn seisean uirthi gach grásta agus gach bua ó an Spiorad Naomh.

 

Guí an Phobail

Tógaimis ár n-achainí os comhair ár nAthar uilechumhachtach le lán-mhuinín as a ghrá dúinn.

 

1.  Ar son ár bPápa Proinsias, ár nEaspag X, na heaspaig agus an chléir uile. Go dtuga Dia neart agus eagna dóibh i gcónaí leis an tslí chun na naofachta a theagasc go tréan.

2.  Ar son daoine óga. Go dtuige siad grá an Tiarna dóibh agus go nglaca siad lena chuireadh chun é a leanúint trí ghnáth-eachtraí an tsaoil.

3.  Ar son na n-easláin. Go dtuga Dia faoiseamh dóibh agus go neartaí Sé iad chun an Chrois naofa a iompar le hÍosa agus bheith páirteach chomh maith ina Aiséirí.

4.  Ar ár son féin. Go nglaca muid go diongbháilte lenár ngairm chun na naofachta, agus go ndéana muid iarracht an Tiarna a leanúint trí ghnáth-dhualgais ár mbeatha laethúil.

5.  Ar son iadsan go léir atá imithe ar shlí na fírinne, go mór mór ár muintir féin, iadsan a fuair bás le déanaí, agus iadsan nach gcuimhnítear orthu.

6.  Ar son ár n-intinní pearsanta.

 

Sin iad na hurnaithe, a Athair lán-trócaireach, atá á gcur againn os do chomhair, le hidirghuí na Naoimh uile, agus trí Chríost ár dTiarna a mhaireann agus a rialaíonn leatsa maraon leis an Spiorad Naomh trí shaol na saol.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focal Scoir

A Thiarna, déan naomh díom trí d’mhórchomhachta,

A Thiarna, déan naomh díom trí impí na Maighdine glórmhaire,

A Thiarna, déan naomh díom agus cuirtear áthas ar do Mháthair,

Mar is uaitse a fuair sí na grásta.

Ár bPaidreacha Dúchais 229

 

* * *

 

An t-Ochtú Domhnach 
Fichead Saor

Réamhrá

Tá féasta na beatha síoraí ullmhaithe ag Dia ár nAthair dóibh siúd a chuireann fáilte roimh a ghrásta. Is é atá i liotúirge na hEaglaise ná tús na beatha síoraí seo. Sna sacraimintí, go mór mór sa bhFaoistin agus san Eocairist, tugann an Tiarna an bheatha shíoraí dúinn. Trí ghrásta Dé sa saol seo tiocfaidh muid chuig glóir Dé sa saol atá le teacht.

 

Smaoineamh

Sa bhféasta iontach a chuirtear os ár gcomhair inniu sa Soiscéal (Mat 22:1-14) agus sa chéad léacht (Ís 25:6-10), feiceann muid Neamh, an bheatha shíoraí atá ullmhaithe ag ár nAthair grámhar dóibh sin a chuireann fáilte roimh a ríocht go saorálach.

Tá Neamh chomh hiontach agus chomh hálainn sin nach féidir linn fiú amháin é a shamhlú. Luann Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (1027) focail Naomh Pól: ‘Nithe nach bhfaca súil iad agus nár chuala cluas iad, nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne, is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó’. Baineann an Bíobla úsáid as íomhánna éagsúla ag tagairt do Neamh: beatha, solas, síocháin, bainis, fíon na ríochta, teach an Athar, Iarúsaléim ar Neamh, Parrthas.

I gcomhthéacs saoltachas an lae inniu tugann ár gcreideamh i Neamh léargas níos sláintiúla, níos deimhnithe, níos doimhne agus níos daonna dúinn ar eachtraí an tsaoil, go mór mór in am na fulaingthe. Níl sa saol seo ach an tús, réamhrá an dáin ghrá atá á scríobh ag Dia lena mhuintir féin. Cuirfear deireadh le gach éagóir agus le gach fulaingt i ríocht an Tiarna. Mar sin is cúis dóchais i gcónaí í ár gcreideamh sa bheatha atá le teacht (féach Beinidicht XVI, Spe Salvi, 41-44).

Sna sacraimintí, go mór mór san Eocairist Naofa, tugann an Tiarna an bheatha shíoraí dúinn cheana féin. Mar adeir Naomh Tomás Aquinas, is é atá san Eocairist ná tús na glóire síoraí.

 

Guí an Phobail

Chuir an tAthair síoraí a Mhac muirneach chugainn chun muid a fhuascailt ó an bpeaca agus chun an bheatha shíoraí a thairiscint dúinn. Cuireann muid ar n-intinní go léir os a chomhair mar sin trí an Críost céanna:

 

1.  Is mian le Dia go mairfimis mar chlann dílis dó féin. Guímis go neartaí sé creideamh gach baill den Eaglais, i gcomaoin lenár nAthair Naofa Proinsias.

2.  Go bhfóire Dia ar ainniseoirí uile a chlainne idir pheacaigh agus bhochta agus lucht galair.

3.  Iarraimis ar Dhia an formad agus an t-éad a ruaigeadh as ár gcroí agus as ár n-aigne.

4.  Tháinig ár Slánaitheoir chugainn i mbroinn a Mháthar; trí idirghuí na Maighdine Beannaithe guímis ar son gach bean atá ag iompar clainne agus ar son gach leanbh sa bhroinn.

5.  Go nglaca muid to léir le grásta na Sacraimintí chun fáiltiú roimh an slánú a ofrálann ár Slánaitheoir dúinn.

6.  Iarraimid trócaire ár Slánaitheora orthusan go léir atá imithe ar shlí na fírinne; go mbronntar solas na glóire orthu.

 

Cothaigh sinn le do ghrásta ó neamh, a Athair na trócaire. Iarraimid é seo trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focal Scoir

‘Réir Dé go ndéanaimid,

beatha na naomh go dtuillimid,

ceol na n-aingeal go gcloisimid

agus radharc na bhFlaitheas go bhfeicimid’.

Ar bPaidreacha Dúchais 197

 

* * * 

 

An Naoú Domhnach 
Fichead Saor

Réamhrá

‘Is de bharr mo shearbhónta Iácób agus Isráél, mo rogha, a ghlaoigh mé i d’ainm ort’ (Ís 45:4) adeir an Tiarna linn sa chéad léacht. Gabhaimis buíochas mór le Dia as an gcuireadh a thugann sé do gach duine againn a bheith ina chuideachta, go mór mór san urnaí is áille agus is cumhachtaí dá bhfuil ann: is é sin an Ceiliúradh Eocairisteach, an tAifreann Naofa.

 

Smaoineamh

Deir Íosa linn sa Soiscéal inniu: ‘Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.’ (Mat 22:21). Múineann Comhairle a Dó na Vatacáine gur ‘ghlac an Tiarna le cumhacht na n-údarás sibhialta agus a gcuid cearta nuair a mhol sé an cháin a íoc le Céasar, ach mhúin sé go soiléir go gcaithfí cearta Dé, atá níos airde fós, a chaomhnú’ (Dignitatis Humanae11).

Tá ionchur tábhachtach agus tairbheach le hofráil ag pobal Dé maidir le mór- cheisteanna sóisialta an lae, ar nós dínit an duine daonna, cúram don dúlra cruthaithe, cabhair do na bochtáin, tacú le saol na clainne agus nádúr an phósta, cúrsaí oideachais agus sláinte.

Nuair a mholann daoine luachanna a eascraíonn ó an Soiscéal agus ó an dlí nádúrtha sa díospóireacht phoiblí, ní easpa measa é seo ar dhaoine a bhfuil tuairimí difriúla acu ar na ceisteanna céanna. Is luachanna fíor-dhaonna iad luachanna na Críostaíochta a chuireann le gach iarracht mhacánta chun sochaí níos cothraime agus níos daonna a chothú.

 

Guí an Phobail

Is é an tAifreann an phaidir is cumhachtaí riamh ó is rud é gurb é Íobairt an Tiarna féin é. Mar sin cuireann muid ár n-intinní go léir os comhair an Tiarna le lán-mhuinín.

 

1.  Ar son ár nAthar naofa Proinsias, ár n-Easpag X, agus an chléir uile: go leana siad orthu ag teagasc an tSoiscéil go lách agus go cróga.

2.  Ar son polaiteoirí agus ceannairí sibhialta: go n-oibrí siad i gcónaí ar son dínit an duine daonna.

3.  Ar son an teaghlaigh: idir tuismitheoirí, sean-tuismitheoirí, páistí, báibíní agus báibíní gan breith: go maire siad faoi chúram Dé, agus faoi bhrat Mhuire.

4.  Ar son teifigh agus príosúnaigh, ar son iadsan nach bhfuil bia le n-ithe acu: go mblaise siad trócaire Dé agus grá ó dhaoine eile.

5.  Ar son daoine óga: go raibh aithne acu ar Chríost agus go leana siad é go lúcháireach

6.  Ar son iadsan atá ag ullmhú don tsagartóireacht agus don bheatha rialta: go neartófar a ndiongbháilteacht, agus freisin go raibh méadú ar ghairmeacha eaglasta.

 

A Athair chaoin, molann tú dúinn gach rud atá de dhíth orainn a iarraidh uait. Cuireann muid na hurnaithe seo os do chomhair trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focal Scoir

‘Céad moladh mór is mórú cuí

don Tiarna comhachtach cóir síoraí,

Adhradh is ómós dó gan chríoch,

urraim, onóir is glóir go síor’.

Ar bPaidreacha Dúchais 367

 

* * *

 

An Tríochadú Domhnach Saor 

Réamhrá

Is minic a thugtar ‘Sacraimint an Ghrá’ ar an Eocairist, ó is rud é gurb é Íobairt aon-Mhic Dé ar ár son é an tAifreann. Agus muid ag glacadh páirt ghníomhach anois san Íobairt choisricthe seo, is féidir linn cabhair a iarraidh ó an dTiarna dhúinn féin chun go méadóidh Sé an charthanacht ionainn. Go raibh grá níos mó againn do Dhia agus dár gcomharsain ó lá go lá.

 

Smaoineamh

Cuirtear an dlí is bunusaí agus is tábhachtaí os ár gcomhair i soiscéal an lae inniu: aithne an ghrá. Bíonn dhá ghné den gcarthanacht i gceist i gcónaí: grá do Dhia, agus grá do dhaoine eile.

Faoi mar a fheiceann muid sa chéad léacht (Eax 22:20-26) is féidir linn ár ngrá dár gcomharsain a thaispeáint lena lán gníomhartha éagsúla: cabhair a thabhairt don té ata i ngátar, fáilte a chuir roimh an strainséir nó an teifeach a thagann insteach in ár measc, tacaíocht a thabhairt do chlann atá ag fulaingt go speisialta…

Ná déanamis dearmad air gur gné thábhachtach den charthanacht freisin í guí ar son daoine eile.

I gcionn cúpla lá beidh tús le mí na Samhna, an mhí ina nguíonn muid go speisialta ar son iadsan go léir atá imithe ar shlí na fírinne: Is obair an ghrá é an urnaí ar son na marbh (féach 2 Mac 12:46)

 

Guí an Phobail

A Athair na Trócaire, tá a fhios againn go bhfuil tú i gcónaí ag breathnú orainn le grá gan chuimse agus gur féidir linn labhairt leat le lán-mhuinín agus ‘Abba’ a ghlaoch ort. Ar an ábhar sin cuireann muid ar n-achainaíocha romhat go dóchasach:

 

1.  Go mbeannaítear ár bPápa Proinsias, agus go nglaca muid lena mholadh go gcuirfimis fáilte roimh thrócaire an Tiarna, agus go mbeadh trócaire againn féin ar ár gcomharsain i gcónaí.

2.  Go gcuire an domhan mór aithne ar Chríost agus ar a thrócaire dhiaga, agus go raibh lúcháir orthu dá bharr.

3.  Go nglana muid féin as ár gcroí gach éad agus uabhar i dtreo go mbeadh lúcháir Dé orainn go brách.

4.  Go raibh grá ar leith againn do Shacraimint na hAithrí agus an Athmhuintearais.

5.  Go raibh trócaire Chríost le braith acusan go léir a bhfuil gá acu leis, acusan a bhfuil bochtanas anama nó coirp á fhulaingt acu.

6.  Go raibh trócaire ag Dia orthusan go léir atá imithe ar shlí na fírinne.

 

Sin iad ár n-achainíocha chugat, a Thiarna. Deonaigh dúinn iad trí íobairt ár dTiarna san Aifreann seo.

 

An Phaidir
Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dárdteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focal Scoir
‘Grá dílis Dé go raibh orainn agus grá na gcomharsana’.

Ar bPaidreacha Dúchais 344

 

* * *

 

Fr Donncha Ó hAodha

frdonncha@gmail.com