September 2023: Leathanach don Cheiliúraí
Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin
An Dara Domhnach Fichead Saor
3 Meán Fómhair 2023
Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn:
Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin
Céad Léacht (Iarimiá). Tá briathar an Tiarna tar éis éirí ina mhasla dom
Dara Léacht (Rómhánaigh). Déanaigí sibh féin a thoirbhirt do Dhia in bhur n-íobairt bheo
Soiscéal (Matha). Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin
Smaoineamh
Ceist na bhí ann ó thús na Críostaíochta, agus atá linn go fóill, ná an áit atá, nó nach bhfuil, i dlíthe seachtrachta, i noirm, i saol agus i gcoinsias an Chríostaí. Mhaígh Pól gur chaith sé uaidh Dlí Mhaois na nGiúdach, gan idirdhealú a dhéanamh idir ghnéithe éagsúla den Dlí sin. Leag seisean, agus an Chríostaiocht go ginearálta, béim mhór ar riachtanas agus gníomhú an Spioraid Naoimh i saol an chreidmhigh. Ach bhí an baol ann go measfaí nach raibh srian morálta a thuilleadh ar ghníomhartha an duine aonair. Agus ar uairibh géilleadh don chathú sin.
Ar ndóigh leag Pól agus an Eaglais chomh maith béim ar thorthaí an Spioraid, agus bhí teagasc Chríost ann faoi shéanadh agus faoin chrois a iompair agus é a leanúint. Ach bhí an cheist ann i gcónaí faoin gceangal idir ghníomhú inmheánanch an Spioraid, an tsaoirse i gCríost, agus dlíthe nó noirm sheachtracha. Uair amháin (1 Corantaigh 9:21) labhair Pól faoi bheith saor ón Dli (ó Dhlí Mhaois) ach bheith faoi Dhlí Chríost. Ach níl Dlí Chríost i bhfriotal, i scríbhinn bheacht. Tá sé sna soiscéil, sna hOcht mBeannachtai, sa tSeanmóir ar an Sliabh agus eile, agus i dtraidisiún na hEaglaise.
Ar ndóigh ionann bheith ‘i mbuíon Chríost’, maireachtáil de réir a theagaisc, agus faoi stiúir an Spioraid, agus é nó í féin a shéanadh agus más gá fonóid nó fiú géarleanúint a fhulaingt ar a shon.
Is mór idir laethanta Chríost agus na luath-Eaglaise agus cultúr an lae inniu, áfach, agus ní foláir na cúinsí go léir a choimeád sa áireamh. Ach le toil agus aigne Dé a aithint inniu ní foláir aird a thabhairt ar a dúirt Pól leis na Rómhánaigh: gan bheith gafa le patrún nó meon na haoise reatha ach aire a thabhairt don athnuachaint aigne sin is dual don Chríostaí.
* * *
An Triú Domhnach Fichead Saor
10 Meán Fómhair 2023
Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn:
An Chríostaiocht agus anam an phobail
Céad Léacht (Ezícéal). Mura dtugann tusa rabhadh don drochdhuine, cuirfidh mé an fhreagracht as a bhás ortsa
Dara Léacht (Rómhánaigh). Is é an grá comhlíonadh an Dlí
An Soiscéal (Matha). Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat
Smaoineamh
Sna saolta seo nuair atáthar ag iarraidh tionchar na hEaglaise i gcúrsai an phobail a mhaolú nó a chur ar cheal, nó fiú a mhaíomh gur baol don phobal í, ní dochar machnamh a dhéanamh ar an ábhar maraon le briathar Dé san Aifreann, go háirithe cuid den mhéid a deir Naomh Pól leis na Rómhánaigh sna sleachta atá á léamh againn sa liotúirge le cúpla Domhnach anuas. As an dí-Eaglaisiú leanann béim sa taobh seachtrach den duine aonair agus den stát, as a leanann folús spioradálta sa duine aonair, agus an baol dóibh bheith gan treoir sa saol agus in easpa nirt in am an ghátair.
Is léir go bhfuil an iliomad fadhbanna sa tsochaí is eol dúinn inniu – droganna, agus a leanann astu mar mhí-ádh do theaghlaigh, brú ar andúiligh íoc as na drogaí agus bagairt phionóis nó bháis fíu orthu féin nó ar a muintir muna íocann, dúnmharú nó gortú le sceana. Is soiléir go bhfuil an tsochaí is eol dúinn éirithe garbh sna slíte seo agus i modhanna eile. Déanann an rialtas agus na heagrais stáit, agus eagrais eile, iarracht nó a ndícheall dul in ngleic leis na fadhbanna, ach tá buntomhas san ábhar a théann thar rialtas nó eagras ar bith, agus is é sin anam an duine aonair agus na fórsaí ag feidhmiú istigh ann. Na daoine a dhéanann machnamh ar staid an cine dhaonna, nó an tsochaí seo againne, inniu labhraíonn siad faoin easpa meitifisice nó substainte ann, amhail is nach mbeadh sa duine ach tnúthanta, paisin agus a leithéidí gan substaint taobh thiar díobh le treoir a thabhairt. Is fiú machnamh air sin.
Tá gairm againn rud a dheanamh dá réir, go mór mór ag machnamh dúinn ar chaibidil dheiridh na litreach chuig na Rómhánaigh maireachtáil faoi stiúir an Spioraid agus na suáilcí a ghabhann leis.
* * *
An Ceathrú Domhnach Fichead Saor
17 Meán Fómhair 2023
Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn:
Maithiúnas. Cosc ar Dhíoltas. Teachtaireacht do na creidmhigh agus don saol sibhialta
Chéad Léacht (Síorach). Maith do do chomharsa an éagóir a dhéanann sé
Dara Léacht (Rómhánaigh). Cibé acu beo nó marbh dúinn, is leis an Tiarna sinn
Soiscéal (Matha). Ní go seacht n-uaire a deirimse leat ba cheart duit pardún a thabhairt ach go dtí seacht n-uaire seachtód.
Smaoineamh
Cé go bhfuil na tagairtí don Athair ar Neamh sna Soiscéil ceangailte de ghnáth le trua agus taise, is soiléir ó léacht Shoiscéal an lae inniu go bhfuil Íosa thar a bheith éilitheach maidir le lárphointe dá chuid teagaisc a bheith curtha i gcrích ag a lucht leanúna. Dúirt Íosa féin gur lárphrionsabal den tsean-am a bhí sa nath ‘súil ar shúil agus fiacail ar fhiacail’ (Matha 5:38) ach ba é a theagasc féin gan seasamh in aghaidh an drochdhuine. Sa tSeanmóir ar an Sliabh leagann sé béim ar ghnéithe éagsúla de sin níos mó ná uair amháin: gan géilleadh don fhearg; athmhuintearas a dhéanamh le do comhbhráthair nó chomhshiuír roimh íobairt a ofráil; grá a thabhairt do do namhaid; guí ar a son siúd ar fuath leo thú. Ní mór sin go léir a dhéanamh mar chuid den seirbhís don Athair grámhar ar neamh. Thug Íosa féin sampla den tuiscint agus den mhaithiúnas ón gCrois. Teagasc nua agus béim úr a bhí anseo agus tá sé le feiscint go soiléir mar lárphointe na Soiscéal agus i scribhinní eile an Tiomna Nua. Ba chóir an teachtaireacht atá sa bhéim seo agus i bparabal i Shoiscéal an lae inniu a choimeád de shíor os comhair an phobail Chríostaí.
Ach beidh a fhios go maith ag ceannairí na hEaglaise cé chomh discréideach nach foláir a bheith maidir le cursaí athmhuintearais i gcásanna faoi leith, ag tabhairt aire chuí do shiceolaíocht an duine aonair.
Maidir le hathmhuintearas sa saol sibhialta de, agus i gcásanna acrainn agus cursaí iar-chogaidh, is deas a fheiceáil gur fhoghlaim an pobal sibhialta fiúntas ina bhfuil le rá ag traidisiún Eagna Iosrael agus an bhéim a chuireann na Soiscéil san athmhuintearas agus san easpa díoltais. Cuid lárnach den chuid is mó de phobail eagraithe an lae inniu ná réiteach achrainn, agus i roinnt mhaith cásanna is iad sin a bhí gafa i bhfeachtis mhileata i gcoinne a chéile uair amhain atá gníomhach anois ag cur réiteach achrainn agus athmhuintearais chun tosaigh
* * *
An Cúigiú Domhnach Fichead Saor
24 Meán Fómhair 2023
Iointróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn:
Aghaidh ar an dtodhchaí le fís agus freagra.
Céad Léacht (Íseáia). Dúirt an fáidh faoi Dhia ‘Ní hiad bhur smaointe mo smaointese’
Dara Léacht (Filipigh). Dúirt m tAspal Pól: Glóirfear Críost i mo chorp agus domsa is ionann bheith beo agus Críost
An Soiscéal (Matha). An ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilím féin maith?
Smaoineamh
Tá ábhar machnaimh againn i léachtaí an lae inniu faoi mar is cóir dúinn fís agus freagra a thabhairt le chéile agus sinn ag machnamh ar shaol ár linne agus ag tabhairt aghaidh ar an mbóthar romhainn amach. Is éasca géilleadh don chathú faoi smaointe teibí, mar shampla ag rá: dá mbeadh spiorad ghlúin a imigh romhainn againn, spiorad Vatacáin II agus mar sin de, an fhís a bhí ag an ghlúin sin nó ag an Chomhairle sin. Tá a fhios againn an freagra a thug an fáidh sa chéad léacht ar a leithéid de cheist. Tá fís ann dúinn i gcónaí agus is ag Dia, is é Dia féin, an fhís sin. Ach ní fiú tada fís gan comhoibriú daonna, muna ghlactar leis uainne. Ná cailltear i smaointe teibí sinn.
Rud lárnach do na léachtaí go léir inniu ná go bhfuil Dia i láthair linn, ach san am céanna mar Dhia na Glóire, le fís léirithe aige dár dtodhchaí, agus é dár nglaoch is dár ngairm freagra a thabhairt air, agus aghaidh a thabhairt ar a bhfuil i ndán dúinn le creideamh, le umhlaíocht agus le aithrí. Faoi mar a bhí ag Pól, is é Críost bun agus barr agus lár ar mbeatha go léir mar Chríostaithe. Ní mór bheith daingean sa chreideamh sin. Níor chóir riamh dearmad a dhéanamh ar fhís an Dea-Scéil i gcoraí an tsaoil, fís nach réitíonn i gcónaí le fealsúnacht reatha. Glaoch saor ó Dhia an creideamh, a glactar leis go humhail, agus le haithrí mar gheall ar laigí daonna. Agus tugann an creidmheach aghaidh ar an ré le teacht le lán-dóchas, mar is é Dia a spreag an fhís ann céaduair, agus tá sé linn le freagra cuí a thabhairt uirthi agus lena chur i ngníomh.
* * *