September 2024: Leathanach don Cheiliúraí

Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin

 

1 Meán Fómhair 2024 (B) 
An Dara Domhnach Fichead Saor

 

An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Cad a tharla don aisling Chríostaí? An Eaglais i saol an phobail. Anois is arís cloistear ráitis ó phoiliteoirí, ó iriseoirí agus i litreacha chuig páipeirí nár choir go mbeadh áit ar bith ag an Eaglais i saol an phobail, amhail is go mba baol í an Eaglais do riarachán cúrsai pobail. Tá an meon taobh thiar curtha in iúl mar seo leanas ag an Dara Comhairle Vatacáineach ina Bunreacht Tréadach ar an Eaglais i saol an lae inniu (7 Nollaig 1965): ‘Deallraíonn sé go bhfuil faitíos ann inniu go bhfuil baol ann do fhéinriar na pearsan daonna, do fhéinriar eagras agus eolaíochtaí ó bhaint dhlúth idir ghníomhaíocht dhaonna agus reiligiún’.

Nuair a bhíonn dearcadh coitianta dá leithéid ann, is glaoch é do chreidmhigh machnamh a dhéanamh ar na saincheisteanna atá faoi chaibideal agus iad féin a chur ar an eolas faoi na bunphrionsabail a bhaineann le hábhar. Ba choir gur glaoch é leis an aisling, an fhís, Chríostaí faoin bheatha a athmhúscailt agus iarracht a dhéanamh fís sin na Críostaíochta agus na hEaglaise a choimeád beo agus gníomhach sa dioscúrsa poiblí.

Mar bhunchloch don chreideamh agus don chleachtadh Críostaí tá an dá aithne, grá Dé agus grá an chomharsa. Mar a dúirt Íosa, ar an dá aithne sin tá an Dlí go hiomlán agus na Fáithe ag brath. Ní féidir iad a scaradh óna chéile. Nó mar a chuireann Litir Shéamais i dara léacht an lae inniu é: ‘Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus na baintreachta in am a ngátair agus sinn féin a choimeád saor ó thruailliú’. I rith a staire, agus go mór mór inár dtír féin, bhí an Eaglais gafa i gcúrsaí soisialta agus i seirbhísí soisialta, i gcúram na lag agus iad siúd ar an imeall, san oideachas, sna healaíona, sa litriocht agus sna heolaíochtaí. Is iad creidmhigh, an eaglais, a thug dúinn an saol mar atá sé againn inniu, bíodh go bhfuil a lán ann ar mhaith leo dearmad a dhéanamh de sin. Luachanna soisialta an lae inniu, amhail cúram na lag agus iad siúd faoi mhíchumas, athmhuintearas seachas díoltas, agus mórán luachanna eile, is cuid den oidhreacht shaibhir Crríostaí iad.

Glaonn an oidhreacht Chriostaí seo orainn go léir aithne a chur uirthi, eolas a chur ar a tábhacht agus bheith réidh lena cosaint.

 

* * *

8 Meán Fomhair 2024 (B) 
An Tríú Domhnach Fichead Saor

An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae: Glaoch d’athnuachan Chríostai san Eaglais in Éirinn.

Ón gComhdháil Eocairisteach Idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath sa bhlaian 2012 i leith bhí glaonna éagsúla ann do athnuachan na hEaglaise in Éirinn, athnuachan ar an eolas ar an Soiscéal agus an teagasc Críostaí agus athnuachan ar chleachtadh iomlán an chreidimh. Tugann na léachtaí as Litir Shéamais san Aifreann cuireadh sin a dhéanamh agus léargas chomh maith faoi cad atá i gceist.

Is scáthán é an creideamh, an Soiscéal, inar féidir leis an Eaglais íomhá cheart di féin a fheiceáil. Le go mbeadh an creideamh ina scáthán den sórt seo ní mór do dhaoine eolas maith a bheith acu ar Íosa agus ar an mbeatha Chríostaí faoi mar a chuirtear sin inár láthair sna Soiscéil, go háirithe sa tSeanmóir ar an Sliabh, i Litreacha an Tiomna Nua a léitear gach Domhnach san Aifreann, agus sa teagasc Críostaí. Is ansin a fhéachaimid an íomhá cheart den Eaglais faoi mar ba chóir di bheith. Mar dhaoine a chreideann i gCríost, agus i ndomhan atá go minic naimhdeach do luachanna Críostaí, ba choir do chreidmhigh dearcadh ar an oidhreacht seo ní mar ualach ach (i mbriathra Shéamais) mar dhlí na saoirse, oidhreacht a thugann treo inár mbeatha agus treoir faoin ár mbeatha a thabhairt as i slí atá go fíor daonna agus Críostaí. Ní creideamh den intleacht amháin an bheatha Chríostaí. Is bronntanas ó Dhia an creideamh, i mbriathra Shéamais, briathar in-síolaithe inár n-anamacha, a spreagann chun gnímh i deabhóid Chríostaí. Is briathar é ar féidir leis ár n-anamacha a shabháil.

Déantar an fíorchreideamh beo trí chleachtadh. Mar adeir Séamas ní leor éisteacht leis an briathar; caithfear é a chur i ngníomh chomh maith. I mbriathar Shéamais arís is cosúil éisteacht gan gníomh agus duine ag dearcadh ar a cheannaithe, a íomhá (Chríostaí) sa scáthán ach dearmad a dhéanamh go luath faoi cé sórt é. Le sampla praicticiúil a thógaint, ligfeadh dearcadh mar sin gan gníomh do dhuine ainm a chur síos i bhfoirm dhaonáirimh mar ‘Caitliceach Rómhánach’ gan aon chaidreamh ar éigin, a bheith aige nó aici leis an gcreideamh Caitliceach seachas sin, Caitlicigh ó thaobh cultuir nó cine seachas gnímh.

 

* * *

15 Meán Fomhair 2024 (B) 
An Ceathrú Domhnach 
Fichead Saor

 

An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Nuair is lag an Eaglais is ea is láidir í.
Lenár linn féin, go háirithe san Eoraip agus i ndomhan an Bhéarla, tá géarchéimanna de shaghasanna éagsúla san Eaglais. Tá níos mó ná bunús amháin leo seo, ceann díobh an ghluaisesacht fhóirleathan i leith di-ealaisiú agus fiú aindiachais. Ach baineann roinnt díobh le saol na hEaglaise féin, amhail riarachán lochtach, líomhaintí gnéis in gcoinne na cléire agus cásanna cúirte a leanann astu. Cúis dhíomá agus imní do a lán iad sin, a thugann ar dhaoine áirithe cleachtadh an chreidimh nó fiú an creideamh féin a thréigean. Is déine a mhothaítear an fhadhb i dtíortha ina raibh an Eaglais agus an chléir faoi ardmheas, agus nach smaoineofaí ar an chléir a cháineadh. Cailleann an Eaglais a stádas morálta dá bharr agus táthar ann a mheasann nach bhfaighfidh sí thar nais riamh é.

Dá bharr seo, agus ar chúiseanna eile, d’fhéadfaí a rá go bhfuil géarleanúint á himirt ar an Eaglais, ar a laghad go bhfuil sí faoi bhrú. D’fhéadfadh seo a bheith ar son leas na hEaglaise. San Aifric sa cheathrú céad mar a raibh an Eaglais faoi shíocháin tar éis blianta fada de ghéarleanúint, agus beatha bheo spioradálta aici anois, dúirt an scoláire iomráiteach Ticonius nach bhféadfadh sé glacadh gurbh í Eaglais Chríost í toisc nach raibh sí faoi ghéarleanuint! D’fhéadfadh géarchéim san Eaglais, inniu nó am ar bith eile, bheith ag tabhairt cuireadh dúinn dearcadh ar an Eaglais mar atá sí dáiríre – mar Chorp Chríost, mar rúndiamhair. Tuigeann sí í féin níos fearr nuair a théann sí thar n-ais go dtí na Soiscéil agus teagasc Naomh Pól.

Mar aon le Pól, glaotar ar chreidmhigh bheith lúcháireach i gcónaí agus a n-aire a dhíriu ‘ar an rud fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáilceach inmholta’ (Filipigh 4:8). Is leanúint ar bhás agus aiséiri Chríost an creideamh Críostaí, rúndiamhair le tuiscint tri chreideamh, agus trí urnaí leis an rúndiamhair mhór seo a thuiscint. Tá Críost in éineacht leis an Eaglais, agus i gcroí gach creidmhigh, ag tabhairrt deimhne nuair is déine an
t-amhras agus buaireamh an tsaoil

 

* * *

22 Meán Fomhair 2024 (B) 
An Cúigiú Domhnach 
Fichead Saor

 

An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an lae: 

Is seirbhíseach an Eaglais le muinin diaga. Ar a slí le Críost go dtí a pháis agus Cailbhire, tá creidmhigh deimhin de go leanann an t-aiséirí ar sin, gur ardaigh Dia Criost agus gur thug sé dó ainm uasal an Tiarna, go gcromfaidh gach neach dá bhfuil ar neamh agus ar talamh dó. Ní mór don Eaglais caithréim seo Chriost a fhógairt.

Seirbhís na hEaglaise agus cosaint an tSoiscéil. Rinne Íosa soiléir tríd an Dáréag do riarachán na hEaglaise a bhí le teacht, gur choir don riarachán sin a bheith umhal, mar sheirbhísigh seachas a bheith ag lorg onóra nó gradaim. An Dáréag céanna, agus a gcomharbaí, seoladh amach iad leis an Dea-Scéal a fhógairt, agus mar a bheadh gá leis é a chosaint go hionraic agus míniú cuí a thabhairt air. Tá seo thar a bheith soiléir i gcás Phóil aspal, a dúirt leis na Galataigh dá mbeadh duine ar bith, nó fiú aingeal ó neamh, ag fógairt dea-scéil a bhí bunoscionn leis an dea-scéal a fhógair sé féin, nár choir glacadh leis.

Fulaingt fhoighdeach Chríost mar eiseamláir do Chríostaithe.Tá sampla luath de sin againn cheana i 1 Peadar 2:21-24: ‘Oir is chuige seo a gairmeadh sibh, mar gur fhulaing Críost féin ar bhur son, agus gur fhág sé sampla agaibh le go leanfadh sibh a lorg…’. Tá teagasc saibhir ag Pól faoi áit fhulaingt, bhás agus aiseirí Chríost ina a bheatha phearsanta féin agus i mbeatha na gcreidmheach. Fuair sé féin flúirse de pheannaidí Chríost agus flúirse de sholáis ó Chríost chomh maith (2 Corantaigh 1:2-7). Chabhraigh seo leis peannaidí agus fulaingt daoine eile a thuiscint chomh maith. Tá an prionsabal céanna de fheidhmiú ghrásta Dé le brath i muintir na hÉireann nuair a dhéanann cuimhne a ngorta mhóir féin agus ar fhulaing siad ann, nuair a dhéanann sin iad teacht i gcabhair ar thiortha a bhfuil gorta ann, seachas ligean dóibh féin dul ar bhóthar smaointe an díoltais.

 

* * *

29 Meán Fomhair 2024 (B) 
An Séú Domhnach Fichead Saor

 

An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Eacúiméanachas stuama

Go minic inniu tógtar an chéad mhír de shoiscéal an lae (ar an bhfear ag díbirt an deamhain) mar chuireadh don eacúiméanachas, agus sin le láncheart. Níl sé éasca a dheimhniú cén toisc bheadh sa luatheaglais, nó i dtionól Criostaí Mharcais, inar baineadh úsáid as an eachtra seo agus ráiteas seo Íosa. Ach is do gach aois an teachtaireacht atá aige. Cruthaitheoir an chine dhaonna ar fad é Dia. Tá cúram an uile dhuine air, bíodh gur thogh sé na Giúdaigh mar a phobal tofa agus an Eaglais níos déanaí le leanúint le saothar shlánaithe Chríost. Tá teachtaireacaht shacraimintiúnil na hEaglaise do domhan uile teoranta trí laige a ball, baill mar dhaoine aonair agus le cheile mar phobal Dé. Ach is feidir le Spiorad Dé feidhmiú taobh amuigh díobh sin. Fiú amháin taobh istigh de chomhluadar na gcreidmheach, trí grúpaí a bhí i dtús báire ina siosmataigh nó ina n-eircigh, is féidir leis an Spiorad Naomh feidhmiú go neamhspleách ón Eaglais Chaitliceach le aontacht chreidimh a athbhunú. Bhí amhras ar an Eaglais Chaitliceach ar feadh i bfhad faoin ghluaiseacht eacúiméanach, á mheas gur eascair sí as, nó go raibh sí ag díriú ar, fhuarchúiseacht chreidimh, gurbh ionann gach eaglais. Tar éis fiche bliain nó mar sin tháinig sí le creidiúint go raibh an Spiorad Naomh ag díriú na gluaiseachta, agus ghlac sí páirt inti. Lean seo go hoscailteacht i réimsí éagsúla, agus in am tráth go Dara Comhairle na Vatacáine.

Inniu ní do Chaitlicigh amháin an léargas Críostaí ar an saol agus an domhan a chosaint ach ag gach aoinne a chreideann i gCriost, Caitliceach nó neamh-Chaitliceach. Teachtaireacht Chriost dúinn inniu maidir le neamh-Chaitlicigh san ábhar seo ná, gan cur ina gcoinne. ‘An té nach bhfuil inár n-aghaidh, tá sé, nó si, ar ár son’.

* * *

All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume.