April 2019: Leathanach don Cheiliuraí

Leathanach don Cheiliuraí

Ruth Forrest

7 Aibreán 2019

Réamhrá
Nach íontach iad na rudaí atá tugtha ag Dia dúinn? Tá maithiúnas ag teastáíl uainn uilig. Ar an mbealach agus muid ag teacht chuig na Cásca, feiceann muid an méid ata déanta ag Íosa trína bhás agus aiséirí. Tá sé mar dhualgais orainn glacadh leis an maithiúnas sin agus na miorúiltí uilig agus fás da mbarr, ag tabhairt aghaidh ar an treo ceart.

Smaoineamh
Mar a shiúlann muid ar bhóthar an tsaoil, agus muid i gcomhluadar Chríost I gcónaí, ba mhaith an tseift é cuimhniú ar an íobairt a thug sé dúinn i dtreo is go mbeidh beatha shíoraí againn. Gheall sé é seo dúinn, ach céard a dhéanann muid leis an geallúint seo?

Léann muid inniú mar gheall ar na deacrachtaí a chuireann isteach orainn sa ghnáth-shaol, chuile lá. Tá réimse leathan dúshláin a thagann muid orthu ar fáthanna éagsúla. Nuair a ghlacann muid le teachtaireacht Dé, tuigeann muid agus creideann muid go bhfuil an nádúr, idir sléibhte, farraige agus fiú na hainmhithe ann ag iarraidh muid a chosaint. An dúshlán is mó, b’fhéidir, ná glacadh go fírinneach leis seo, go háirithe ag amanna nuair a mhothaíonn muid in ár n-aonair.

Scaití, beidh orainn stadadh agus fanúint in ár dtost ar feadh tamaillín roimh casadh sa treo cheart. Is ag na cros-bhóithrí seo go mba cheart dúinn éisteacht le glór Dé ag treorú muid ar an mbóthar atá leaghta síos aige dúínn. Is é ár ‘Sat Nav’.

Rud eile – leis an maithiúnas a thagann ó Dhia, níl breithiúnas ag dul leis. Iarrann Sé orainn labhairt leis go macánta agus creideáil go dtiocfaidh solas in ár gcroíthe agus saoil dá réir agus go n-osclóidh na doirse a bhí dúnta in ár n-aghaidh roimhe-seo.

Guí an Phobail
1. Don domhain i gcoitinne: Go dtaga biseach ar na galair uilig – iad siúd go háirithe a bhfuil an milleán orainn go bhfuilid ann – cogaidh, dúnmharú, deighilt agus araile. Go leaga tú do lámh orainn i dtreo is go gcasfaimid I dtreo na sláinte. A Thiarna, éist linn.

2. Ar son na hEaglaise: go mbeadh dóibh siúd atá mar thaoisigh in ann bheith umhal i do láithreacht, bheith sásta maithiúans a lorg agus a thabhairt agus tar éis sin, do ghrást a thaispeáint le grá dóibh siúd nach féidir leo amhlaidh a dhéanamh. A Thiarna, éist linn.

3. Guímid ar son éinne atá i gcruachás ar aon bhealach ar bith. Go mbeidh tú ag siúl leo in am a bpian. Go dtuga tú faoiseamh dóibh agus dá mhuintir is go dtuga tú ionspioráid dóibh siúd atá ag iarraidh len iad a mhealladh ar ais ar bhóthar na sláinte spioradálta. A Thiarna, éist linn.

4. A Thiarna, leag do lámh orainn i dtreo is go mbeimid líonta le do ghrást sula bhfágfaidh muid an séipéal seo ionas go dtógfaimid do theachtaireacht linn. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir
Mar dhaoine umhla i do láthair, guímis briathra an tSlánaitheora…

Focail Scoir
Líonta le ghrásta Dé, imeoimid ag scaipeadh scéalta faoin gcabhair a thugann Dia dúinn teacht ar ais agus saoil sláintiúil a chaitheamh ar an mbóthar spioradálta.

* * *

14 Aibreán 2019

Réamhrá
An cáirde muid le hÍosa? An bhfuilimid sásta seasamh leis nuair a chuireann daoine cesiteanna orainn faoin ár gcreidiúnt? Cén saghas daoine muid nuair a thagann dúshláin in ár mbealaigh?

Nuair a ghlaoínn muid ós ard ar Dhia, cloiseann Dia ár nguthanna agus freagraíonn Sé muid. Nuair a thugann sé geallúint dúinn, cloíann Sé leis. Go mbeadh muid mar a gcéanna.

Smaoineamh
An scéal a chloiseann muid an tsesachtain seo, is cuntas drámatúil atá ann. Ag teacht isteach i Jerusalem leis, bhí Íosa ag taispeáint é féin mar fhíor-dhuine ós ár gcómhair. Tá muidne mar lucht féachainne ar a shaol, roimh fulaingt, bás agus, sa deireadh, aiséirí.

Thosaigh an tseachtain le h-áthas, gliondar agus dóchas agus cuireadh fáilte roimhe ó na daoine a sheas ar thaobh na bóithre. Ach fé dheireadh na seachtaine, smaonaigh ar an mbealach a bhi gach rud athruithe. Dhiúltaigh, fiú, cuid da gcáirde é agus dúirt siad nar aithin siad é.

Ca bhfuil muidne sa scéal seo? Cén baint atá ag na heachtraí seo le saol na linne seo? Da mba rud é go raibh muidne ann, an mbeadh muid sásta siúl leis agus admháil gur compánaigh muid leis? Nó an mbeadh muid mar cladhairí ag screadaí amach leis na sluaite a bhí ag iarraidh go mbeadh sé croctha ar an gcrois?

Deis atá againn an tseachtain seo an bhóthar spioradálta a shúil le hÍosa chuile lá agus bheith láidir agus macánta ag taispeáint gur saighdiúirí muidne leis, ag súil leis an t-aiséirí agus an mbeatha síoraí atá gealltha ag Dia dúinn.

Guí an Phobail
1. Don domhain i gcoitinne: A Thiarna, dúirt tú go n-éisteann tú leo siúd atá i bpian d’aon chineál. Tabhair misneach dúinn glao amach mar a dhein do Mac, Íosa, agus é ar an gcrois, ag fulaingt ar
ár son. A Thiarna, éist linn.

2. Ar son na hEaglaise: In amanna nuair a mhothaíonn muintir na hEaglaise i bpian, go leaga tú do lámh orthu i dtreo is go mothóidís do ghrásta. A Thiarna, éist linn.

3. Guímid ar son éinne atá uaigneach, tréighthe nó ag fulaingt ar aon bhealach ar bith. Go raibh tú leo in am a bpian, go tuga tú faoiseamh dóibh agus dá mhuintir agus go dtuga tú ionspioráid dóibh siúd a bhfuil á niarraidh teacht ar ais chugatsa ar bhóthar na firinne. A Thiarna, éist linn.

4. Go dtaispeána muid meas is go gcuire muid fáilte roimh chách sa dúiche – go háirithe dóibh siúd atá nua-tagtha. Go bhfeice muid an mhíorúilt atá i ngach éinne agus go siúlfaimid leo. A Thiarna, éist linn.

5. Go mbeidh muidne dílis dár gcreideamh, sásta seasamh le Íosa, réidh leis na dúshláin a thiocfaidh leis
seo agus láidir ag cosaint a chéile ó na forsaí diúltacha a dhéanann iarracht teacht idir muid agus Dia.

An Phaidir
Mar chlann lán de dhóchas, guímid…

Focail Scoir
Beannaigh muid. Beannaigh ár gclainne. Beannaigh iad siúd a chasann muid orthu.Go n-aithní muid Grásta De ina n-aghaidheanna agus go siúlann muid leo ar an mbóthar atá dirithe ag Dia dúínn.

* * *

21 Aibreán 2019

Domhnach na Cásca

Réamhrá
Tá Íosa taréis éirí ó na mairbh, Allelúia!’ Seo an lá is mó i mblian na hEagalise, a chéiliúrann muid aiséirí Íosa agus an bua atá ag an maitheas thar an olcas. Thárla sé seo toisc go raibh seisean sásta
fulaingt ar ár son agus ar son na cine daona, i dtreo is go mbeidh beatha síoraí againn in a gcomhluadar. Tá áthas orainn dá bharr.

Smaoineamh
Ócáid an-speisíalta atá ann inniú. Casann muid ar Íosa sa soiscéal agus sa saicrimint, sna daoine atá mar chuid da chorp, sna daoine atá nua-baistithe agus dóibh siúd atá nua beannaithe i saol sa bFlaitheas.

Cosúil le Muire, Máthair Dé, tá an dualgas orainn an dea-scéal a scaipeadh go forleathan agus a tahbhairt linn cibe áit a ghabhann muid i dtreo is go mbeidh an scéal ag gach duine atá sásta é a chloisteáil, agus fiú dóibh siúd nach gcreideann é i dtús báire.

Mar thraidisiún, um Cháisc, beannaíon daoine a chéile le ‘Tá Íosa aiséirithe ó na mairbh!’ B’fhiú dúínn cuimhniú go bhfuil sé éirithe chuile lá agus de shíor. Mar a dúirt St Augustine, ‘We are an Easter people and ‘Alleluia’ is our song.’ Ma thuigeann muid é seo go fíor, nach íontach an deis é dúinn an t-áthas, beocht agus grá a léiríú ar bhonn laethiúl le gach éinne a chasann muid air nó uirthí?

Sin, gan dabht, teachtaireacht na Cásca dúinn, fianaise a thabhairt an lá atá inniu ann do Chríost ar dheis an Athar, agus sinne aontaithe leis sa bhaiste agus sa chreideamh.

Le beocht, fuinnneamh agus misneach, go leanfaidh muid ag scaipeadh an soiscéal, lán-chinnte go bhfuil Íosa ní amháin beo, ach linne in ár measc.

Guí an Phobail
1. Don domhain i gcoitinne: Go mbeidh fáilte i ngach áit do shoiscéal Dé agus dóibh siúd a thógann an teachtaireacht leo ó áit go háit. A Thiarna, éist linn.

2. Go bhfreagraí muintir Dé a ghlaoch chun misean na heaglaise a dhéanamh le gliondar chroí, cinnteacht agus fuinneamh na Cásca. A Thiarna, éist linn.

3. Go dtaga leigheas de shaghas éigint ar ghach duine atá ag fulaingt. Go dtuga Dia misneach, foighne agus tuiscint doíbh siúd agus dá mhuintir. Go dtuige siad uilig go bhfuil aiséirí i ndan dúinn uilig de thoradh ar eachtraí na Cásca. A Thiarna, éist linn.

4. Go dtuige muid nach gá go mbeidh saibhreas, mar a thuigeann roinnt duine é, againn, chun toil Dé a
dhéanamh. An saibhreas atá againn, sin go bhfuilimid mar bhall de chlann Dé agus leis sin tá beatha síoraí ag fanacht orainn sa bhFlaitheas – rud níos fearr ná aon rud gur féidir le héinne ceannacht ar an domhan seo. A Thiarna, éist linn.

5. Gabhaimid buíchas leat, a Dhia, as ucht miorúilt na Cásca a bhronnadh orainn. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir
Tá Íosa aiséirithe! Guímid…

Focail Scoir
Go gcabhraí Dia linn bheith cosúil le Muire agus leis na deisceabail ag déanamh a thoil go humhal, go háirithe i rith na seachtaine seo. Go mbeidh muid mar choinnle lasta ag céiliúradh mioruilt na Cásca i gcónaí. Guímid ort, a Thiarna.

* * *

28 Aibreán 2018

Réamhrá
Glacaigí an Spiorad Naomh. Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibhbeidh siad maith dóibh. Na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí, beidh a bpeacaí coinnithe.’

Smaoineamh
Tá téama láidir sna léachtaí an tseachtain seo.

Taréis eachtraí seachtain na Cásca, tá nuacht i saol na ndesiceabail. Tagann an na-aiséirithe Íosa in a measc. Go dtí seo, bhíodar ag caint faoín méid a bhí taréis tárlú. Bhíodar uaigneach, fiosrach agus ag iarraidh teacht le chéile chun tuiscint a fháil ar na himeachtaí ar fad. Ach, de réir mar a thárla sé, ní raibh Tomás, duine dos na deisceabail i láthair. Nuair a d’inis na fir eile dó gur thaispeán Íosa é féin dóibh, níor chreid sé an méid a bhí á rá acu.

Cé go dtugann daoine breithiúnas ar seo sách minic, caitheann muid bheith macánta. An mbeadh muid ar aon chaoí éagsúl? Dúirt seisean nach gcreidfeadh sé an scéal seo gan rian na dtairní ar dhearana Chríost agus a mhéar a chur i bpoll na dtairní agus a lámh i gcliathán Íosa. Níos deireanaí, nuiar do chas sé ar Íosa, dúirt an Slánaitheoir,‘De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú. Is méanar dóibh siúd nach bhfaca agus a chreid’.

Sa chéad léacht ó Ghníómhartha na nAspal, beannaítear na deisceabail agus iad ag dul amach ag scaipeadh Soiscéal Dé. De bharr a gcreidiúnt agus dílseacht do Dhía, tá cumhacht spioradáltachta acu
agus táid cumasach dá bharr. Má éisteann muid le Soiscéal Dé, má chreideann muid ann, fiú gan ár méir a
chuir i bpoll dtairní Íosa, agus má táimid díograsach ag scaipeadh scéal Íosa Chríost, is againne a bhéas an chumacht spioradálta freisin. Ceist creidimhe atá ann, nach ea?

Guí an Phobail
1. Don Eaglais: Go dtuga Dia inspioráid do mhuintir na hEaglaise i dtreo is go mbeidh siad in ann beannachtaí Dé a scaipeadh go forleathan, cosúil le bia spioradúil a thabharfadh beatha buan don té a ghlacfadh leis. A Thiarna, éist linn.

2. Dóibh siúd atá tinn: Go bhfaighe siad leigheas an Tiarna trí chumhacht na bpaidreacha, len iad a threorú ar bhóthar na sláinte arís, má tá sé sin in ann dóibh. A Thiarna, éist linn.

3. Dóibh siúd atá caillte, guímid go mbeidh siad ar ais linn arís, fé chúram Íosa, ár nAoire. A Thiarna, éist linn.

4. A Íosa, go múine tú dóibh siúd atá ag plé le cúrsaí polaitíochta domhanda conas daoine a thabhairt le chéile, le grá, le cineáltacht agus le tuiscint a léiriú, is cuma cé chomh héagsúil óna chéile is atá muid go léir. A Thiarna, éist linn.

5. Dóibh siúd atá imithe ar Shlí na Firinne cheana, go stiúra tú iad go páirc na bhFlaitheas, áit a mbeidh suaimhneas ann i gcónaí. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir
Guímid briathra an tSlánaitheora…

Focail Scoir
Go n-éiste muid le focail Dé go géar. Go dtuga muid aire dóibh siúd atá caillte ar a mbealach. Go dtaga cách le chéile mar chlann arís an tseachtain seo chugainn. Sin é ár bpaidir chugat trí Chríost ár
dTiarna, Ámen.