April 2021: Leathanach don Cheiliuraí

Leathanach don Cheiliuraí

Deacon William Gacquin

Carraigbuí, Co Roscomáin

Domhnach Cásca

4ú Aibreán

 

Réamhfhocal

Bhí nós ann fadó éirí go moch maidin Domhnach Cásca chun éirí na gréinne a fheicáil. Bhíodh an ghrian ag damhsa an mhaidin sin. Inniu tugann an Tiarna cuireadh dúinn bheith ag damhsa freisin chun a aiséirí a cheiliúradh.

 

Smaoineamh

Inniu tugaimid chun cuimhne an lá is tabhachtaí i scéal ár slánaithe. Tá Íosa aiséirithe ó na marbh. Tugann an taiséirí chun críoche gach gné do shaol Íosa. Chaith sé na blianta tosaigh dá shaol go ciúin faoi cúram a chlann agus ina shaol poiblí thug sé eiseamláir dúinn conas maireachtauil mar deiscebal an Athair. Leisigh sé daione breoite, shín sé lamh cúnta i dtreo na bochtáin agus na daoine ar an imeall. Thaispeán sé dúinn grá agus cúram Dé dá phobail.

Sa soiscéal inniu feicimid Máire Mhaigdiléana ag dul chun an tuama agus ní thuigeann sí cad a tharla. Ansin tagann Peadar and an deiscebal eile agus is é an duine is óige, tuigeann sé cad tá taréis tarlú, chonaic sé agus chreid sé. Seo iad na daione a bhí tar éis dhá lá a chaitheamh ag ceapadh go raibh gach a chreid said faoi Íosa bheith mar Mesias cailte. Is minic a cheapann muid féin go bhfuil gach rud ag titim óna chéile inár saol ach tá misneach again mar go bhfuil Críost aiséirithe agus go ndéanann sé idirghuí ar á son leis an Athair.

Tá sé soiléir ó na soicséil go bhfuil an taiseérí mar bhuncloch den creideamh Críostaí. Is mistéir é seo nach féidir cur síos beacht a dhéanamh air. Ag croí ár gcreideamh tá an geall go bhfuil beatha in áit an bhás. Sa chéad léacht cuirtear dualgas orainn an taiséirí a craobhscaoileadh. I laethanta seo an Covid 19 tá an saol ag siúl go mór leis an dóchas a thugann an taiséirí dúinn.

 

Guí an Phobail

Guimís chun Dé inniu go gcuirfeadh an soal go léir aithne ar Chríost a Mhac agus go mbeadh lúchair orthu dá bharr sin.

1. Guimís ar son na hEaglaise, ár bPápa Proinsias, ár nEaspag … Go dtreoraigh said ar bealach ár leasa sinn.

2. Guimís ar son Pobal Dé sa paróiste seo go mbeidh síocháin Dé ina gcroíthe.

3. Guimís ar son gach duine atá ag fulaingt de bharr tinneas de shaghas ar bith go mbeidh faoiseamh le fail acu óna gclann agus óna gcairde.

4. Guimís go mbeidh síocháin inár saol féin, inar dtír féin agus ar fud an cruinne.

 

Sin iad ár n-achainíocha chugat, a Thiarna. Deonaigh dúinn iad trí íobairt ár dTiarna san Aifreann seo.

 

An Paidir

Aitheanta an tSlánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focal Scoir

A Chroí Rónaofa Íosa, molaimid thú

le láidreacht ár n-intinn’s le haoibhneas ár gcroí

Go moch ag ár n-obair’s go mall ag ár só

a Chroí dhílis, ná scar linn go deo.

Ár bPaidreacha Dúchais (422)

 

* * *

 

An Dara Domhnach den Cháisc

11 Aibreán

 

Réamhfhocail

Is méanar dóibh siúd nach bhfaca agus a chreid a dúirt Íosa le Tomás. Ní mór dúinn féin spás a thabhairt don creideamh a láidriú i saol gnóthach an lae inniu.

 

Smaoineamh

Tugann scéal Tomás sa soiscéal inniu misneach duinn go léir agus níor chóir dúinn é a cháineadh ró mhór. Má bhíonn muid ionraic linn féin is dóigh go bhfuil go leor uaireanta inár saol ina mhothaíonn muid mar a mhothaigh Tomás. Nuair a bhíonn deacrachtaí againn sa saol trí thinneas nó trí dhiomá bíonn daoine in amhras faoi grá Dé. Ach má bhíonn amhras orainn cuireann sin ag lorg freagraí muid. Má bhíonnn muid díograsach mar a bhí Tomás ag lorg an fhírinne is féidir an creideamh a láidriú. Is feidir linn bheith áthasach mar a bhí Tomás ins na focail Mo Thiarna agus mo Dhia. Sin ceann de rúndiamhar an chreidimh atá in usáid againn in Éireann, agus is léiriu an doimhin é den chreideamh.

Ní gá dúinn aon eagla a bheith orainn ceisteann a chuir ar ár gcreideamh agus freagraí a lorg.

Sa sliocht as Gníonmhartha na nAspal faighimid cur síos an soiléir ar saol na hEaglaise mar a bhí i dtosach. Feicimid dútharacht and fuinneamh ann saol nua seo. Is eiseamlár maith dúinn iad na daoine sin agus bhí tionchar láidir acu ar stair an domhain ó shin i leith. Cuireann an eiseamlár sin in iúl dúinn nach rud intleachtúil ar fad é an creideamh ach is creideamh san aiséirí é rud a caithfear a chur i gcríoch gach la inár saol. Níl ár gcreideamh sa aiséirí beo ach amháin sa mhéád go ligimid do Íosa tionchar a bheith aige ar á saol laethúil.

 

Guí an Phobail

Agus muid ag ceiliúradh tráth na Cásca tá sé de mhisneach againn ár bpaidreacha a chuir i lathair Dé.

1. Ar son gach duine atá in amhras faoin gcreideamh go bhfeicfeadh siad an Tiarna i solas na Casca.

2. Ar son ár dtuismitheoirí agus ár múinteoirí a thug an creideamh dúinn i dtosach. Go dtuga Dia cúnamh dúinn i gconaí le bealach Chríost a leanúint.

3. Go dtugaimid idir óg is aosta buíochas do Dhia i gcónaí ar son an tSlanaitheora a sheoladh chugainn.

4. Ar son na marbh: go dtuga Dia suaimhneas síoraí do na daoine atá imithe uainn as an saol seo. Go lonraí solas na bhFlaitheas orthu.

Sin iad ár n-achainíocha chugat, a Thiarna. Deonaigh dúinn iad trí íobairt ár dTiarna san Aifreann seo.

 

An Paidir

Aitheanta an tSlánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focal Scoir

A Aingil choimhdeachta a Aingil Dé

cabhraigh liom ar feadh an lae

bí le m’ais go síoraí dlúth,

ná lig don diabhal mo chur amú.

Ár bPaidreacha Dúchais (31)

 

* * *

An Tríú Domhnach den Cháisc

18 Aibreán

 

Réamhfhocal

I laethanta seo na pandéime aithnimid go bhfuil go leor daoine faoi bhrú agus uaigneach. Go dtugaimid misneach dóibh lenár bpaidreacha agus sólás trí theachtaireacht a chuir chucu pé slí is feidir linn.

 

Smaoineamh

Trí uair anois le bliain anuas a iarraidh orainn fannach sa bhaile chomh fad agus is féidir linn. Ní rud éasca é seo do a lán daoine agus i soiscséal an lae inniu feicimid na deiscebal ina dtithe leo féin faoi rún. Bhí a misneach cailte ag go leor ach cé gur dúirt cuid dá gcairde gur chas siad le Íosa agus gur aithin said é i mbriseadh an aráin.

Gan dabht is ar na daoine atá ina gconaí leo fein is measa bheith sáite ina dtithe féin ach go tobann buaileaann an fón agus tagann gluiondar orthu mar tá fhios acu go bhfuil duine eile ag smaoineanh orthu.

Agus iad go mór faoi bhrú agus i lár an dorchadas tháinig Íosa ina measc. I dtosach shíl said gur spoirad a bhí ann ach de réir a chéile thuig said gur Íosa a bhí ann agus bhí béile acu lena chéile. Mhinigh Íosa dóibh na scéalta san scrioptúir a bhí ag tagairt dó féin, bhí sé lagtha amach go mbeach ar an Críost a lán a fhulaint. Tugtar cuireadh dúinn féin béile a roinnt le Íosa agus é a aithint i mbriseadh an aráin gach uair a glacaimid páirt sa Aifreann. Guimís nach mbeidh sé ró fhada anois go mbeadh sé de cead againn teacht le chéile mar Pobal Dé chun corp Críost a glacadh agus éistecht leis na scrioptiúr a mhiniú dúinn.

Sa chead léacht deireann Peadar go bhfuil said mar fhínnéithe do aiséirí Críost. Ins na laethant seo is muidne na fínnéithe don aiséirí agus ní mór dúinn dóchas an aiséirí a thaispáint don saol mór.

 

Guí an Phobail

Mar Pobal Dé tagaimid chuige anois lenár bpaidreacha.

 

1. Cabhraigh linn a Chríost ar gcroí a noscailt chun fáilte a chuir roimh do bhriathar.

2. Go nglanaimid féin as ár gcroí gach éad agus formad agus ubhar i dtreo go mbeadh lúchair Dé againn go brách.

3. Guimís ar son na Críostaithe ar an domhain atá go háirithe sa Mheáin Oirthear atá ag fulaingt de bharr a gcreideamh. Go dtuga Dia sólás dóibh

4. Ar son ár mianta féin ag an Aifreann seo inniu go néistfeadh an Tiarna linn.

 

Sin iad ár n-achainíocha chugat, a Thiarna. Deonaigh dúinn iad trí íobairt ár dTiarna san Aifreann seo.

 

An Paidir

Aitheanta an tSlánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focal Scoir

Sármholadh duit a Dhia mhóir,

ar son an Aifrinn Naofa choir

a d’fhag tú ag do dhaoine bocht

lena gcoinneáil soar ó pheaca is locht

 

Ná tréig do chlann ná diúltaigh sinn

ach inár gcontúirt cuidigh linn.

Go moltar chíiche ar gach taobh

an tAthair, an Mhac is an Spiorad Naomh.

Ár bPaidreacha Dúchais (132)

 

* * *

 

An Ceathrú Domhnach
den Cháisc

25 Aibreán

 

Réamhfhocal

Tá an fómhar fairsing ach níl ann ach meithal bheag

An Domhnach seo iarrtar orainn guí go mbeidh daoine sásta glacadh leis an gcuireadh dul ag obair i ngort an Tiarna agus briathar Dé a scaipeadh i gcéin is i gcóngar.

 

Smaoineamh

Nuair a smaoiníonn tú ar Dia cad é an chéad íomha a thagann isteach in do cheann? An bhfeiceann tú Dia mar breitheamh ar gach rud nó a bhfeiceann tú é mar atá léiraithe sa soiscéal inniu. An sár soire.

Aon duine a bhfuil eolas aige/aici ar caoraigh tuigeann sé/sí go gcaithfaer aire a thabhairt dóibh go háirithe an tam seo den bhliain. Ta dúil acu dul ar strae.

Sé an ról a bhí ag an aoire in aimsir Chríost sa Phalaistín, na caoraigh a sheoladh go féar nua agus iad a chosaint ó ainmhaithe fiánna agus aire a thabhairt do na cinn a bhí lag nó tinn. Bindealán a chuir orthu siúd a bhí gorthaithe. Tá sé seo an cosúil leis an íomhá den Eaglais a labharann an Pápa Proinsias faoi agus é ag guí go mbeadh an Eaglais mar ospidéal machaire do na daiune atá cailte nó ar an imeall. Áit ar féidir le Pobal Dé mar a thugtar orainn í Litir Naomh Eoin cabhair a fháil agus ár gcinniúnt a chomhlíonadh.

Tugann íomhá Íosa mar aoire teachtaireacht de ghrá dúinn. Ba mhaith le Íosa sinn a athaint, agus sinn a chosaint agus íobairt a shaol a dhéanamh ar ár son. Is cuma cén gairm atá againn sa saol seo tá sé de dhualgas orainn bheith mar aoire de bharr ár mbaisteadh. Inniu agus muid ag guí go mbeidh daoine sasta glacadh leis an glaoch ón Tiarna chun freastal ar a Phobal san Eaglais aithnímid go bhfuil go leor beallaí chun Briathar Dé a craobhscaoileadh mar thtataí, mar daoine rialta nó mar chléir.

 

Guí an Phobail

Lán de dhóchas i ngrá Dé cuirimid ár
n-achainí ós a comhair anois.

 

1. In aimsir seo na Pandéime gabhaimid buíochas do na dochtúirí na banaltraí agus na cúrameoirí a thugann aire do na hothair agus guimís go dtiocfeadh said slán

2. Tá an fomhair fairsing ach níl ann ach meitheal bheag, Guimid go mbeidh daoine sásta glacadh leis an gcuireadh ón Tiarna bheith páirteach sa mheithal.

3. Ar son na marbh go háirithe dóibh siúd a fuair bás de bharr an Covid 19. Go mbeidh said i bhflaitheas Dé

4. Ar ár son féin go dtreoraigh Dia sinn inár saol laethúil agus go néisteadh sé lenár nguí.

 

Sin iad ár n-achainíocha chugat, a Thiarna. Deonaigh dúinn iad trí íobairt ár dTiarna san Aifreann seo.

 

An Paidir

Aitheanta an tSlánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focal Scoir

Is é an Tiarna m’aoire

ní bheidh aon ní de dhíth orm

cuireann sé féin i mo luí mé

i moinéar féirghlais

seolann sé ar imeall an uisce mé

mar a bhfaighim suaimhneas.

Salm 23

 

* * *