April 2023: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

Máirtín Mac Conmara MSC
 

Domhnach na Pailme
2 Aibreán 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn:
Ceansacht Chríost dár ngríosadh
An Mórshiúl
(Matha). Íosa ag teacht isteach go hIarúsailéim.
Céad Léacht (Easáias). Níor cheil mé mo ghnúis ar mhasla, mar tá a fhios agam nach mbeidh mé meallta.
Dara Léacht
(Filipigh). Duan an-ársa Críostaí mar eiseamláir do Chríostaithe conas aithris a dhéanamh ar Íosa.
Soiscéal (Matha 26:14-27:66; leagan gearr Matha 27:11-54). Leagan fada nó gearr de pháis agus bás Íosa.

 

Smaoineamh
Tá ábhar saibhir machnaimh i léachtaí an lae inniu, agus den chuid is mó de labhraíonn siad uathu féin ach iad a léamh agus súil againn ar shaol agus chúinsí ár linne féin.

Sa chéad agus sa dara léacht tá giolla, seirbhíseach, an Tiarna agus Íosa féin curtha os ár gcomhair mar eiseamláir, an giolla a bhfuil teanga an aos léinn aige toisc gur fhoghlaim sé ón méid ar fhulaing sé, agus a thug dó an tuiscint freagra a thabhairt do té atá traochta. Sin bua mór a bheadh le foghlaim ag saol an lae inniu – go bhfuil dínit sa bhrón, san fhulaingt, a thugann tuiscint do dhuine ar chora crua an tsaoil. Déantar cur síos go minic i dtíortha áirithe ar ‘chineál na beatha’, ‘the quality of life’, amhail is nach mbeadh brí, ciall, leis an bheatha dhaonna mura mbeadh sí gan fhulaingt, gan fhadhb. Tógtar easpa seo den ‘quality of life’ mar leithscéal do eotanáis. Tá a fhios againn go bhfuil scéal dá leithéid casta, ach mar sin féin is fiú a mheabhrú go bhfuil dínit ag baint le brón agus le gach gné den saol daonna.

Ceacht eile a thagann chugainn ón chéad léacht agus ón soiscéal, faoi Pháis Ár dTiarna, ná ceansacht Chríost agus a ghairm chugainn a bheith tuisceanach dá chéile. Leag an Pápa Prionsias béim ar a leithéid de sin agus thug na meáin chumarsáide an-aird dó. Tá teachtaireacht ag Giolla an Tiarna agus ag Íosa, a fuair bás ar ár son, teachtaireacht don saol seo againne go fóill. Guímis go mbeadh toradh fónta ar aspalacht an Phápa Proinséas.

Guímís go mbeidh toradh fónta ag teagasc agus eiseamláir Íosa ar an phobal agus lucht an fhoiréigin inár measc le stop nó maolú le dúnmharú, gadaíocht agus a leithéidí.

 

* * *

Domhnach Cásca
9 Aibreán 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn:
Finnéithe do Chríost agus aithne phearsanta air.
An Chéad Léacht
(Gníomhartha na nAspal). D’itheamar agus d’ólamar ina chuideachta i ndiaidh a aiséirí ó mhairbh
An Dara Léacht
(Colosaigh). Lorgaígí na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost.
Malairt Dara Léachta. (1 Corantaigh). Glanaigí amach an tseanghabháil ionas go mbeidh sibh in bhur dtaos nua.
Soiscéal
(Eoin). Níorbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh

 

Smaoineamh
Tá ábhar saibhir machnaimh i léachaí an lae inniu, agus den chuid is mó de labhraíonn siad uathu féin ach iad a léamh agus súil againn ar shaol agus chúinsí ár linne féin. Sa chéad léacht cuireann Peadar béim ar na haspail mar fhinnéithe d’aiséirí.

     Maidir le cúrsaí creidimh, tá Éire inniu ag crosbhóthar a staire. I daonáireamh 2016 shínigh 78.3% den daonra iad féin mar Chaitlicigh Rómhánacha, agus 9.8% gan creideamh ar bith, athrú suntasach ó dhaonáireamh 2011 nuair a shínigh 84.2% iad féin mar Chaitlicigh, (titim de 132,200) agus 4% mar dhaoine gan creideamh ar bith. Is soiléir go bhfuil meon saolta, meon di-eaglaisiú, ag teacht i réim, agus leisce, nó mífhonn, ar dhaoine freastal ar Aifreann nó na sacraimintí. Níl toradh daonáirimh 2021 linn go fóill. Tá glactha leis go hoifigiuil anois gur tír saolta í Éire, saor ó thionchar ó reiligiún ar bith.

     Ach bíodh gur saolta í mar stat ní hionann sin is a rá nach Caitliceach a thuilleadh í ó thaobh creidimh agus cleachtaidh. Ach is é is creideamh ann ná cruthú, nó cinnteacht, gur ann do na nithe nach bhfeicimid. Tá feachtas nua tosaithe san eaglais chun daoine a thabhairt ar ais do Chríost. Sin teachtaireacht na Cásca dúinn, fianaise a thabhairt an lá atá inniu ann do Chríost ar dheis an Athar, agus sinne aontaithe leis sa bhaiste, sa chreideamh. Mar is léir ón dara léacht inniu tá Críost aiséirithe, ar dheaslámh an Athar, ag fógairt an tSoiscéil dúinn mar a rinne sé sa Seanmóir ar an Sliabh: ‘Is sibhse salann na talún. Is sibhse solas an domhain. Bíodh bhur solas ag taitneamh mar sin os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndea-ghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh’. Beannachtaí na Cásca orainn go léir.

* * *

Dara Domhnach den Cháisc
16 Aibreán 2023 

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn:
Aithne phearsana a chur ar Chríost.
An Chéad Léacht (Gníomhartha na nAspal). Agus an méid a chreid, bhídís i bhfochair a chéile, agus bhíodh gach uile ní i gcomhar acu.
An Dara Léacht (1 Peadar). D’athghin sé sinn trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, ionas go mbeadh beomhuinín againn.
An Soiscéal (Eoin). Ocht lá ina dhiaidh sin, tháinig Íosa.
 

Smaoineamh
Is cuimhin liom gur cuireadh ceist ar dhramadóir in agallamh tráth faoin eachtra ba mhaith leis bheith faighte aige i rith a shaoil. D’fhreagair sé gur bhreá leis dá mbeadh sé tar éis bualadh le hÍosa. Ní fios cén cheist a bheadh curtha aige ar Íosa ná ar fhreagra Íosa air. Cuireadh chun aithrí is dócha! Ní hionann an cás sa mhéid a bhaineann le creidmhigh de. Téimis thar n-ais go dtí an seomra uachtarach sin, le hÍosa agus Tomás, a chreid i ndiagacht Chríost agus é i láthair. I mbriathra Chríost, is méanar dóibh siúd a chreideann ann i ngach aois, i ngach áit, go deireadh an domhain. Ní beannaithe Tomás ná iad. Trí shúile an chreidimh tá Críost i láthair faoi mar a bhí do Thomás le súile aiceanta. Tá seo ag dul leis an méid a dúirt Íosa ina achainí don Athair ag an Suipéar Deiridh: ‘Ní ar a son-san amháin [a lucht leanúna an tráth úd] atáim ag guí, ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar’ (Eoin 17:20). Don luath-eaglais, agus don eaglais i ngach aois, tá Íosa i ngar – níos gaire ná an doras – ag tabhairt sóláis, misnigh agus spreagtha. Agus is mar seo a labhair Peadar faoi Íosa ina litir do Chríostaithe a bhí ag fulaingt ar son a gcreidimh i gCríost, mar a deirtear sa dara léacht san Aifreann inniu: ‘Thug sibh grá dósan (do Íosa) cé nach bhfaca sibh é. Ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas iontach dolabhartha’. Is cuid dílis den Tiomna Nua agus den Chríostaiocht aithne phearsanta agus aithris ar Chríost. Tá sin go léir curtha go deas i ndán Gaeilge faoin gcomhairle don duine óg, atá tagaithe anuas chugainn sa bhéaloideas agus i scríbhinn. Seo a thus: ‘A dhuine atá i dtúis do shaoil, /mo theagasc go cruinn beir leat; /ná santaigh ráite baois’;/ ná an dream go mbíd acu;/ sara dtiocfaidh iomad den aois,/ bíodh aithne ar Chríost agat.’

* * *

An Tríú Domhnach den Cháisc
23 Aibreán 2023

 

Iointróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn:
Tá Íosa linn inár n-aistear tríd ár saol.
Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal). Níorbh fhéidir d’ifreann é a choinneáil.
Dara Léacht (1 Peadar). Fuasclaíodh sibh le fuil luachmhar Chríost, an t-uan gan locht, gan teimheal.
Soiscéal (Lúcás ). D’aithníodar é i mbriseasdh an aráin.

 

Smaoineamh
Ceann de na sleachta is iomráití sa Bhíobla léacht sin i soiscéal an lae inniu. Labhraíonn sé go tréan le daoine ó gach aois, a fheiceann samhail díobh féin sa bheirt thaistealaí sin san aistear dóibh, an creideamh agus an dóchas caillte acu, an todhchaí a mheas siad a bheith acu, agus ag a muintir, titithe as a chéile, ach cara caoin anaithnid ag siúl an bhóthair leo le léargas úr a thabhairt dóibh, nó leis an saol nua a nascadh leis an saol ab aithne dóibh.

     I gnáthach sna saolta seo labhairt ar bheatha an duine aonair mar aistear, agus ar ndóigh is mar sin atá – aistear ó thaobh aithne ag an duine air nó uirthi féin, cá seasann siad, agus cad tá i ndán dóibh. Moltar siúl leo san aistear.

     Go minic is ó thaobh comhairleoireachta a thugtar an moladh seo, gan tagairt do chúrsaí creidimh. Ach, faoi mar ab eol dár sinsir, tá Críost san aistear i gcónaí, Críost liom, Críost romham, Críost i mo dhiaidh agus mar sin de.

     Fírinní eile ar fiú machnamh orthu inniu ná Críost i láthair sa Aifreann, i léachtaí an Scrioptúir agus san Eocairist.

     Ar éigean gur gá a mheabhrú arís firinne a leagann an Eaglais an-bhéim uirthi inniu: go bhfuil Críost i láthair ina bhriathar, mar is é Críost a labhraíonn gach uair a léitear an scrioptúr sa liotúirge. Tugann léacht an Bhíobla an sean agus an nua le chéile dúinn, an bhrí ba chiall leis céaduair agus faoi mar is féidir sin a chur in oiriúint do thosca an lae inniu, nó fiú do cheisteanna fós le teacht. Ní teagmháil aigne, intleachtach lom amháin atá anseo, mar tá Críost i láthair lena Spiorad, lena ghrásta.

     Agus, ar ndóigh, tá sé i láthair i modh faoi leith san Eocairist, i mbriseadh an aráin, gníomh a thugann chun cuimhne dúinn na bríonna iomadúla a bhí le briseadh an aráin do Íosa féin lea bheatha agus tar éis aiséirí do.

 

* * *

An Ceathrú Domhnach den Cháisc
30 Aibreán 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn:
Is é Íosa an Sáraoire, caomhnóir na bhfíréan agus solas an domhain.
Céad Léacht (Gníomhartha). Rinne Dia Tiarna agus Críost de Íosa Aisírithe
Dara Léacht (1 Peadar). Tá sibh tagaithe ar ais chuig caomhnóir bhur n-anama, go hÍosa Críost
Soiscéal (Eoin). Mise doras na gcaorach adeir Íosa

 

Smaoineamh
Rud suntasach faoi léachtaí go léir an lae inniu ná lárionad Íosa sa chreideamh, san eaglais, i bplean slánaithe Dé. Ar a aiséirí dó tar éis bháis ar an gcrois, rinne Dia Tiarna agus Críost de Íosa. B’shin teachtaireacht Pheadair Lá Cincíse do phobal na nGiúdach, leis an ghairm aithrí a dhéanamh, athrú ó chreideamh le Maois ina lár go creideamh sa Soiscéal. Mionlach a bhí sna comhluadair Chríostaí ar scríobh Peadar chucu ina litir a léitear na Domhnachaí seo, ina molann sé omós a bheith acu do na húdaráis shibhialta, ach bheith deimhin de go raibh oidhreacht eile acu féin trí bhás Íosa ar an gCrois, Críost a bheadh mar eiseamláir acu. Déanann Íosa soiléir sa pharabal agus ina aitheasc gurb é féin an t-aon doras, an doras go cró na gcaorach (comhluadar na gcreidmheach ar talamh) agus an t-aon doras go dtí an tAthair ar neamh. Mar adeir sé in áit eile: is eisean an tslí, an fhírinne agus an bheatha.

     Tréad beag a bhí ag Íosa ar talamh an uair sin, agus is beag tréad na hEaglaise aon uair i gcomparáid leis na céadta milliún den chine daonna atá ann, gurb é Dia a gCruthaitheoir agus Íosa a Slánaitheoir. Céard faoina slánú siúd? Ceap tuisle é do aos léinn áirithe gurb ag Críostaithe amháin, agus trí Críost an Doras, amháin, atá bealach isteach do Dhia. Níl freagra na ceiste sin ag an Eaglais. Tá teagasc Chríost aici faoi Íosa féin mar an Doras, an tSlí, agus a fhios aici chomh maith gur maitheas gan teora é Dia, a bhfuil freagra na ceiste eile aige.

     Agus Domhnach an tSáraoire á cheiliúradh againn, tugaimis aird ar a bhriathra bheith aontaithe leis agus leis an Athair, le go mbeadh ar ár gcumas a ghuth a aithint, i saol ina bhfuil iliomad guthanna eile ár dtarraingt uaidh. Agus guímis go mbeidh méadú ar ghairmeacha le go mbeadh aoirí, tréadaithe, le fáil san eaglais, gairmeacha a thiocfaidh ó dhaoine ag aithint guth an tSáraoire.

 

* * *