April 2025: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

 

Máirtín Mac Conmara MSC

Blackrock, Dublin

6 Aibrean 2025
An Cúigiú Domhnach den Charghas

I gcursaí polaitíochta agus eaglasta is gnáthach le daoine a bheith ag súil le ré nua, agus tá ábhar machnaimh againn ar na cúrsaí sin léachtaí an lae inniu.

     Is maith an rud fís do ré nua, agus a fhios a bheith againn gur geal le Dia sin a bheith amhlaidh. Bhí sé ag cur a leithéid de fhis os comhair a phobail féin go minic. Ní mór a mheabhrú chomh maith nach i gcónai, nó fiú nach minic, a fhíoraitear fis, mar baineann a tabhairt i gcrích le cúinsí staire agus comhoibriú daonna. Ba léir é sin ach go háirithe maidir leis na fáistiní a rinneadh do Iosrael agus a fhanann mar sin mar spreagadh do chreidmhigh agus eile aníos tríd an stair. Teachtaireacht mhór eile ó shoiscéal an lae inniu na trócaire Dé, gur sampla álainn di seasamh Íosa maidir leis an bhean a rugadh uirthi in adhaltranas agus a bhriathra ar an ábhar. Leagann an Eaglais féin béim faoi leith ar thrócaire Dé lenár linn féin agus a riachtanaí is ata an teachtaireacht seo do shaol ár linne fein, sa saol polatiúil agus eaglasta. Tá an Seantiomna agus an Tiomna Nua lomlán de thagairtí do thrócaire Dé, agus leis an fhianaise a mheas mar is cóir ní dochar scagadh a dhéanamh ar an scéal. Is Dia Dia, Dia an trócaire agus an Neach Naofa, agus tá tagairt do thrócaire Dé go minic ceangailte le foighne Dé agus glaoch chun aithrí ón bpeaca i gcomhtéacsanna ina bhfuil Dia ag labhairt lena phobal féin nó le ball de.

     I dtéacsanna eile labhraíonn Dia, nó labhartar faoi Dhia, mar an tAthair ar Neamh a bhfuil grá aige do chách agus a gcúram orthu. Is mar sin a labhraíonn Íosa faoi ghrá do naimhde (Matha 5:43-48): ‘Chuala sibh go ndúradh: ‘Bíodh grá agat do do chomharsa agus fuath agat do da namhaid’. Ach is é a deirimse libh, bíodh grá agaibh do do naimhde agus guígí ar son bhur ngéarleantóirí; sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair atá ar neamh, a chuireann faoi deara dá ghrian éirí ar olc agus ar mhaith agus a fhearann báisteach ar chóir agus ar mhíchóir. Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe’. Tá grá ag an Athair ar neamh do mhuintir uile dhomhan an lae inniu, pé acu a chreideann siad ann, nó ar chuma leo ann nó as dó, nó a shéanann é bheith ann agus ar ghráin leo fiú tagairt dá ainm.

Tá sé tábhachtach don chine daonn a bheith trócaireach dá chéile, do imircigh, dóibh siúd faoi leatrom nó fiú faoi mhíchumas. Is deas gur mar sin atá do chuid mhaith de dhaonra eagraithe an domhain, ach is beag trócaire atá i gcodanna eile de idir chogaí agus eile. Ach tá guth Dé agus Íosa ag gríosadh an domhan le fís do ré níos fearr.

* * *

13 Abrean 2025
Domhnach na Pailme

Tá ábhar saibhir machnaimh i léachaí an lae inniu, agus den chuid is mó de labhraíonn siad uathu féin ach iad a léamh agus súil againn ar shaol agus chúinsí ár linne féin.

     Sa chéad agus sa dara léacht tá giolla, seirbhíseach, an Tiarna agus Íosa féin curtha os ár gcomhair mar eiseamláir, an giolla a bhfuil teanga an aos léinn aige toisc gur fhoghlaim sé ón méid a fhulaing sé, agus a thug dó an tuiscint freagra a thabhairt do té atá traochta. Sin bua mór a bheadh le foghlaim ag saol an lae inniu – go bhfuil dínit sa bhrón, san fhulaingt, a thugann tuiscint do dhuine ar chora crua an tsaoil. Déantar cur síos go minic i dtíortha áirithe ar ‘chineál na beatha’, ‘the quality of life’, amhail is nach mbeadh brí, ciall, leis an bheatha dhaonna muna mbeadh sí gan fhulaingt, gan fhadhb. Tógtar easba seo den ‘quality of life’ mar leithscéal do eotanáis. Tá a fhios againn go bhfuil scéal dá leithéid casta, ach mar sin féin is fiú a mheabhrú go bhfuil dínit ag baint le gach gné den saol daonna.

     Ceacht eile a thagann chugainn ón chéad léacht agus ón soiscéal, faoi Pháis Ár dTiarna, ná ceansacht Chríost agus a gairm chugainn a bheith tuisceanach dá chéile. Leag an Pápa Prionsias béim ar a leithéid de sin agus thug na meáin chumarsáide an-aird dó. Tá teachtaireacht ag Giolla an Tiarna agus ag Íosa a fuair bás don saol seo againne go fóill. Guímis go mbeadh toradh fónta ar aspalacht an Phápa Proin.

* * *

20 Aibrean 2025
Domhnach Cásca

Tá ábhar saibhir machnaimh i léachaí an lae inniu, agus den chuid is mó de labhraíonn siad uathu féin ach iad a léamh agus súil againn ar shaol agus chúinsí ár linne féin. Sa chéad léacht cuireann Peadar béim ar na haspail mar fhinnéithe d’aiséirí Chríost agus sa dara léacht as an litir chuig na Colosaigh meabhraíotar do chreidmhigh go bhfuil a mbeatha ‘folaithe mar aon le Críost i nDia’. Críost ar neamh ceann na hEaglaise, tá sé fós ag fogairt a shoiscéil mar a rinne sé dá mhuintir na Giúdaigh, ach chomh maith ag fógairt shoiscéil Phóil do na neamh-Ghiúdaigh, na pagánaigh, á meabhrú do na Colosaigh, agus do gach creidmheach, nósanna pagánacha a chur díobh, nósanna a áiríonn sé: ‘Básaigí mar sin an taobh saolta (na hainmhianta pagánacha) díbh féin: an drúis, an neamhglaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint úd nach bhfuil inti ach íoladhradh’. Gan Críost bheith mar chroílár aici ní bheadh san eaglais dá fearr í ach cumann leasa shoisialigh, mar a mheabhraigh an Pápa Proinséas dúinn. Thuig ár muintir sin go maith, mar ar tugadh teagasc don ‘duine atá i dtúis a shaoil’ sa dán ón mbéaaloidas: ‘Sara dtiocfaidh iomad ded aois, bíodh aithne ar Chríost agat’ – ní eolas faoi Chríost ach aithint phearsanta air.

     Maidir le cúrsaí creidimh, tá Éire inniu ag crosbhóthar a staire. Tá meon saolta, meon di-eaglaisiú, saecúlárach, ag teacht i réim, agus leisce, nó mífhonn, ar dhaoine freastal ar Aifreann nó na sacraimintí. Ach is é is creideamh ann ná cruthú, nó cinnteacht, gur ann do na nithe nach bhfeicimid. Sin teachtaireacht na Cásca dúinn, fianaise a thabhairt an lá atá inniu ann do Chríost ar dheis an Athar, agus sinne aontaithe leis sa bhaiste, sa chreideamh. Beannactaí na Cásca orainn go léir.

* * *

27 Aibrean 2025
Dara Domhnach den Chaisc

Is cuimhin liom gur cuireadh ceist ar dhramadóir in agallamh tráth faoin eachtra ba mhaith leis bheith faighte aige i rith a shaoil. Fhreagair sé gur bhreá leis dá mbeadh buailte aige le hÍosa. Ní fios cén cheist a bheadh curtha aige ar Íosa ná ar fhreagra Íosa air. Cuireadh chun aithrí is dócha! Ní hionann an cás sa mhéid a bhaineann le creidmhigh de. Téimis thar nais go dtí an seomra uachtarach sin, le hÍosa agus Tomás, a chreid i ndiagacht Chiost agus é i láthair. I mbriathra Chríost is méanar dóibh siúd a chreideann ann i ngach aois, agis i ngach áit, go deireadh an domhain. Ní beannaithe Tomás ná iad. Trí shúile an chreidimh tá Críost i láthair faoi mar a bhí do Thomás le súile aiceanta. Tá seo ag dul leis an méid a dúirt Íosa ina achainí don Athair ag an Suipéar Deiridh: ‘Ní ar a son-san amháin [a lucht leanúna an tráth úd] atáim ag guí, ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar’ (Eoin 17:20)

     Don luath-eaglais, agus don eaglais i ngach aois, tá Íosa i ngar – níos gaire ná an doras – ag tabhairt soláis, misnigh agus spreagtha. Mar seo a labhair Peadar faoi Íosa ina litir do Chríostaíthe a bhí ag fulaingt ar son a gcreidimh i gCríost: ‘Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh gra dó; ní fheiceanna sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha’ (1 Peadar 1:8). Is cuid dílis den Tiomna Nua agus den Chríostaiocht aithne phearsanta agus aithris ar Chríost. Tá sin go léir curtha go deas i ndán Gaeilge faoin chomhairle don duine óg atá tagaithe anuas chugainn sa bhéaloideas agus i scríbhinn: ‘A dhuine atá i dtúis do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat … Ná santaigh ráite baois’ ná an dream go mbíd acu; sara dtiocfaidh iomad ded’ aois, bíodh aithne ar Chríost agat’.

     Inniu chomh maith Domhnach Thrócaire Dé, féile a thionscain an Pápa Eoin Pól II sa bhliain 2000 (mar thoradh ar fhís a bhí ag an tSiúr Phólannach Faustina Kowalska). In aitheasc don fhéile seo sa bhliain 2001 dúirt an Pápa: ‘Ná bíodh eagla oraibh. Is mise an Tús agus an Deireadh, an Neach beo; is beo dom ar feadh na síoraíochta’. Chualamar na briathra solásacha seo sa Dara Léacht tógtha as Apacailipsis Eoin. Tugann siad cuireadh dúinn ár n-amharc a thabhairt ar Chríost le bheith deimhin go bhfuil sé inár dteannta, ag tabhairt uchtaigh dúinn.. Do gach aoinne, is cuma cé comh casta agus drámata an staid ina bhfuil sé, deireann Críost Aiséirithe: ‘Ná bíodh eagla ort. Fuair mé bás ar an gCrois ach táim anois beo go deo’. … Dúirt Íosa leis an tSiúr Faustina lá amháin: ‘Ní bheidh síocháin ag an gcine daonna go deo go dtí go gcasfaidh siad chugamsa le muinín as mo thrócaire’. Trócaire Dé! Seo í an bronntanas a fhaigheann an Eaglais ó Chríost aiséirithe agus a thairgeann sí don chine daonna.

* * *

All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume