Christmas 2020: Leathanach don Cheiliuraí

Leathanach don Cheiliuraí

Nollag: Donncha Ó hAodha

Dalkey, Co Dublin

Eanáir: Eoghan Ó Cadhla

Tigh na Sagart, Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co Chiarraí

 

6 Nollaig

An Dara Domhnach den Aidbhint

Réamhrá

Agus muid ar thóir na naofachta, is minic go ndéanann muid tosach nua inár mbeatha spioradálta. Inniu ar an Dara Domhnach den Aidbhint déanann muid tosach úrnua le háthas, agus le cúnamh grásta ár dTiarna atá le teacht chun muid a shlánú.

Smaoineamh

I dtréimhse seo na hAidbhinte, tá an Tiarna ag teacht amach chugainn chun muid a bheannú agus a shlánú. Ní meafar é seo. Tá Íosa ag feitheamh orainn agus ag glaoch orainn sa liotúirge agus trí bheatha an ghrásta. Glaonn sé orainn go pearsanta. Tugann sé cuireadh dúinn glacadh lena ghrá dhúinn agus lenár bhfuascailt. Faoi mar adeir an Loinneog don Iontróid: ‘Tá an Tiarna féin ag teacht chun na ciníocha a fhuascailt. Cuirfidh sé gliondar ar bhur gcroí le glóir a ghutha’ (Ís 30:19-30).

Cuireann Íosa gliondar ar leith ar ár gcroí trí shacraimint na Faoistine. De réir an chórais cheartais daonna, nuair a admhaíonn duine a chiontacht, caithfidh sé an píonós a chomhlíonadh. De réir an cheartais diaga, ní hamhlaidh mar atá ar chor ar bith. Maitheann an Tiarna ár bpeacaí ina n-iomláine.

Bíodh grá ar leith againn do Shacraimint na hAithrí. Sacraimint na Saoirse atá ann i ndáiríre, Sacraimint an Dóchais, Sacraimint an Áthais, Sacraimint na Trócaire Diaga. Bainimis úsáid agus tairbhe as an Sacraimint chumhachtach seo go minic, agus molaimis do dhaoine eile freisin Faoistin a dhéanamh, faoi mar a mholann an Pápa Proinsias dúinn go léir go mion minic. Mar adeir an tAthair Naofa: ‘Sa bhFaoistin maitheann Dia ár bpeacaí dúinn, agus déanann sé dearmad orthu’.

Guí an Phobail

Le lán-dóchas tugann muid ar n-urnaithe roimh Dhia na mbeo:

1. Ar son ár bPápa Proinsias, ár n-Easpag X agus na hEaspaig go léir: go leana siad dár stiúradh ar an mbealach chuig an bheatha shíoraí.

2. Ar son na marbh, go dtuga Dia radharc a ghnúise dóibh.

3. Ar son ár ndeartháracha agus ár ndeirfiúracha a fhulaingíonn géarleanúint de bharr a gcreidimh: go dtugtar diongbháilteacht agus faoiseamh dóibh.

4. Ar son na mbochtáin agus na daoine dífhostaithe, ar son na n-easláin agus iadsan atá in ísle brí: go neartaítear iad le grásta Dé agus le grá a gcomharsan.

5. Ar son daoine pósta: go neartaítear iad ina ndílseacht dá chéile, agus go ndéantar iad a stiúradh le chéile chuig an bheatha shíoraí.

6. Ar ár son féin, go leana muid orainn lenár radharc ar an tsíoraíocht, ionas go mbeidh dóchas diaga i gcónaí inár n-anamnacha.

A Athair shíoraí, Dia na mbeo, cuireann muid ar n-intinní faoi do chúram caoin, le hidirghuí na Maighdine Beannaithe agus trí Chríost ár dTiarna.

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

Focal Scoir

Míle fáilte romhat, a Chorp an Tiarna,

tá tú agam anois;

glan an áit ‘na bhfuilir,

díbir rúta an pheaca;

is a Mhaighdean ghlórmhar,

tar i m’choimhdeacht.

Ár bPaidreacha Dúchais 117

 

* * *

8 Nollaig

Giniúnt gan Smál na Maighdine Beannaithe Muire, Sollúntas

Réamhrá

Sollúntas lán áthais agus gile is ea féasta an lae inniu. Déanann muid gairdeas de bharr naofacht agus áilleacht Mhuire, Máthair Dé agus ár Máthair muidne chomh maith. Is ionann an naofacht agus an fíor-áthas agus an fhíor-áilleacht.

Smaoineamh

‘Déantar liom de réir d’fhocail’. Seo croí-lár an tslánaithe. Leis na focail seo osclaíonn Muire a hanam go huile is go hiomlán don toil diaga. Ghlac an Mhaighdean Bheannaithe lena gairm, agus ag éirí as an gcinneadh soar a rinne sí, cuireadh tús le fuascailt an domhain. Nárbh iontach an éifeacht a bhí ag saol Mhuire tar éis di éisteacht le guth an Tiarna agus a gairm a leanúint go dílis! Is mar sin a ghlac Dia colainn daonna agus is mar sin a cuireadh an slánú ar fáil dúinn go léir.

Tá glaoch ón Tiarna againn go léir. Níl aon ghá ag Dia linn, ach is maith leis ‘brath orainn’. Éistimis go cúramach leis agus glacaimis lena molann sé dúinn, agus mar sin osclóidh muid doras ár gcroí agus doras an domhain don slánú a thairgeann Dia do chách. Bíodh tamall againn gach lá le bheith i gcomhluadar an Tiarna amháin chun éisteacht leis, os comhair an taibearnacail má’s féidir. Ná bíodh eagla orainn glacadh le cuireadh an Tiarna i mion-eachtraí agus i mór-eachtraí an tsaoil.

Trí idirghuí na Maighdine Beannaithe is féidir linn an phaidir seo ón dtraidisiún béil a rá go diongbháilte: ‘Toil Dé, inné, inniu agus choíche’ (Ár bPaidreacha Dúchais (128))

Guí an Phobail

Tógaimis ár n-achainí os comhair ár nAthar uilechumhachtaigh le lán-mhuinín as a ghrá dúinn.

1. Ar son ár bPápa Proinsias, ár nEaspag X, agus na heaspaig agus an chléir go léir. Go dtuga Dia neart agus eagna dóibh i gcónaí i dtreo go ndéanfaidís an bealach chun na naofachta a theagasc go tréan.

2. Ar son daoine óga. Go dtuige siad grá an Tiarna dóibh agus go nglaca siad lena chuireadh é a leanúint trí ghnátheachtraí an tsaoil.

3. Ar son na n-easláin. Go dtuga Dia faoiseamh dóibh agus go neartaí sé iad chun an Chrois naofa a iompar le hÍosa agus bheith páirteach chomh maith ina Aiséirí.

4. Ar ár son féin. Go nglaca muid go diongbháilte leis an ngairm chun na naofachta, agus go n-iarra muid an Tiarna a leanúint trí ghnáthdhualgaisí laethúla ár mbeatha.

5. Ar son iadsan go léir atá imithe ar shlí na fírinne, go mór mhór ár muintir féin, iadsan a fuair bás le déanaí, agus iadsan nach gcuimhnítear orthu.

6. Ar son ár n-intinní pearsanta féin.

Sin iad ár n-úrnaithe, a Athair lán-thrócaireach, a chuireann muid os do chomhair le hidirghuí na Naoimh uile, agus trí Chríost ár dTiarna, a mhaireann agus a rialaíonn leatsa maraon leis an Spiorad Naomh trí shaol na saol.

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

Focal Scoir

‘Ó ‘Mhuire Mháthair, mo mhíle grá thú,

mo choimirce chúnta in am gach gá thú,

mo dhochtúir leighis, tinn agus slán, tú,

agus m’urra breá beannaithe le Flaitheas na ngrás thú’.

Ár bPaidreacha Dúchais 440

 

* * *

13 Nollaig

An Tríú Domhnach den Aidbhint – Domhnach Gaudete

Réamhrá

Inniu Domhnach Gaudete, focal Laidine a chiallaíonn ‘Bígí lúcháireach!’: na focail lena dtosnaíonn an Loinneog don Iontróid inniu. Ní féidir linn gan a bheith lúcháireach i gcónaí, fiú amháin in am an ghátair, mar tá fuascailt agus slánú le fáil againn i nDia ár nAthair.

Smaoineamh

Tá áthas agus lúcháir le braistint ar fud an liotúirge inniu. Agus cad as a dtagann an t-aoibhneas seo? As cóngaracht ár dTiarna. Mar adeir N. Pól sa Loinneog don Iontróid: ‘Bíodh lúcháir oraibh, mar ní fada uainn an Tiarna’ (Fil 4:5).

Ni féidir linn an t-áthas seo a choinneáil dúinn féin amháin. Ón lá ar lasadh solas álainn an ghrásta inár
n-anamnacha le linn an Bhaiste, tá sé mar cheart againn agus mar dhualgas orainn an áilleacht seo a thairiscint do chách.

Uaireanta b’fhéidir bíonn an cathú orainn a rá nach féidir linne an Soiscéal a chraobhscaoileadh, gur misean é seo do ‘shaineolaithe’ amháin. Ach ní mar sin atá.

B’fhéidir gurb é phríomh-theagasc an Phápa Proinsias é gur ceart agus gur féidir linn go léir an Dea-scéal a roinnt le daoine eile. Is aspal é gach uile Chríostaí, agus is féidir linn go léir ‘lúcháir an tSoiscéil’ (Evangelii Gaudium) a roinnt lena lán daoine gach lá, pé áit ina bhfuil muid.

Conas mar is féidir an Soiscéal a scaipeadh? Sa chéad áit trí ghuí ar son daoine eile, íobairtí a ofráil ar a son agus grásta Dé a iarraidh ar a son. Cuireann muid Íosa in iúl do dhaoine eile trínár gcairdeas agus ár gcineáltas, tríd an dea-shampla agus freisin trí labhairt faoi Chríost agus faoinár gcreideamh féin.

Guí an Phobail

Chuir an tAthair síoraí a Mhac muirneach chugainn chun muid a fhuascailt ón bpeaca, agus chun an bheatha shíoraí a thairiscint dúinn. Cuireann muid ár n-intinní go léir os a chomhair mar sin trína mhac Críost:

1. Is mian le Dia go mairfimis mar chlann dílis dó féin. Guímis go neartaí sé creideamh gach baill den Eaglais, i gcomaoin lenár n-athair naofa Proinsias.

2. Go bhfóire Dia ar ainniseoirí uile a chlainne idir pheacaigh agus bhochta agus lucht galair.

3. Iarraimis ar Dhia an formad agus an
t-éad a ruaigeadh as ár gcroí agus as ár n-aigne.

4. Tháinig ár Slánaitheoir chugainn i mbroinn a Mháthar; trí idirghuí na Maighdine Beannaithe, guímis ar son gach bean atá ag iompar clainne agus ar son gach leanbh atá sa bhroinn.

5. Go nglaca muid go léir le grásta speisialta na hAidbhinte le haghaidh fáilte a chur roimh an Tiarna atá ag teacht inár dtreo chun an slánú a bhronnadh orainn.

6. Iarraimid trócaire ár Slánaitheoira orthusan go léir atá imithe ar shlí na fírinne; go mbronntar solas na glóire orthu.

Cothaigh sinn le do ghrásta ó Neamh, a Athair na trócaire. Iarraimid é seo trí Chríost ár dTiarna.

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

Focal Scoir

Míle fáilte romhat,

‘Íosa uasail, a Thiarna

a d’fhulaing dúinne an Pháis,

an tsleá nimhe a dhul trí do thaobh

gur tháinig as fuil agus uisce,

ó ‘Íosa, Mac Muire,

dean trócaire orainn.

Ár bPaidreacha Dúchais 120

 

* * *

20 Nollaig

An Ceathrú Domhnach den Aidbhint

Réamhrá

Agus muid ag tnúth go speisialta le haidbhint (‘sé sin ‘teacht’ – Adventus sa Laidin) Íosa um Nollaig, is féidir linn machnamh a dhéanamh ar na haidbhintí eile a chuirtear os ár gcomhair i liotúirge an lae inniu. Tagann Íosa Críost i láthair go fírinneach faoi chruth an aráin agus an fhíona i Liotúirge na hEocairiste. Cuirimid fáilte ó chroí roimhe san Aifreann naofa seo.

Smaoineamh

‘Seo, tá ógbhean ag iompar, Agus saolóidh sí mac, Agus tabharfaidh sí mar ainm air Emmanúél’ (Ís 7:14). Scríobhadh na focail seo (loinneog don Chomaoineach) de chuid Íseáia fáidh seacht gcéad bliain roimh bhreith Chríost. Tá Dia i gcónaí fíor-ghar dá phobal. Sa sean-tiomna bhí Dia i dteannta a phobail in áirc an Tiarna (an chéad léacht).

Nuair a ghlac Muire le bheith ina máthair dár Slánaitheoir (an Soiscéal), ghlac an dara Pearsa den Tríonóid Ró-Naofa nádúr daonna. Is ‘Emmanúél’ é Íosa Críost, Dia linn, Dia inár measc.

Fanann an Íosa Críost ceannann céanna linn i gcónaí san Eocairist, go dtí go dtiocfaidh sé arís ag deireadh an ama. Iarraimid grásta na deabhóide ar an Spiorad Naomh, ionas go mbeidh iontas ollmhór orainn agus buíochas fíor-dhomhain inár gcroí de bharr bronntanas ollmhór na Sacraiminte Ró-Naofa.

Mar a mhol N. Eoin Pól II: ‘Is mór an gá atá ag an Eaglais agus an domhan le cultas na hEocairiste. Tá Íosa ag feitheamh linn i sacraimint seo an ghrá. Ná coiglímis an t-am agus muid ag dul ina araicis chun é a adhradh le rinnfheitheamh lán creidimh, agus muid ullamh chun leorghníomh a dhéanamh i gcoireanna agus i gcionta an domhain. Na bíodh aon chríoch lenár n-adhradh’ (Dominicae Cenae 3).

Guí an Phobail

Is é an tAifreann an phaidir is cumhachtaí riamh ó’s rud é gurb é Íobairt an Tiarna féin é. Mar sin cuireann muid ár n-intinní go léir os comhair an Tiarna le lán-mhuinín.

1. Ar son ár nAthar Naofa Proinsias, ár
n-Easpag X, agus an chléir uile; go leana siad orthu ag teagasc an tSoiscéil go lách agus go cróga.

2. Ar son an teaghlaigh: idir tuismitheoirí, páistí, sean-tuismitheoirí, báibíní agus báibíní gan bhreith: go maire siad faoi chúram Dé, agus faoi bhrat Mhuire.

3. Ar son teifigh agus príosúnaigh, ar son iadsan nach bhfuil bia len ithe acu; go mblaise siad trócaire Dé agus grá ó dhaoine eile.

4. Ar son daoine óga: go raibh aithne acu ar Chríost agus go leana siad é go lúcháireach.

5. Ar son iadsan atá ag ullmhú don tsagartóireacht agus don bheatha rialta: go neartaítear a ndiongbháilteacht; agus freisin go dtaga méadú ar ghairmeacha eaglasta.

A Athair chaoin, molann tú dúinn gach rud atá de dhíth orainn a iarraidh ort. Cuireann muid na hurnaithe seo os do chomhair trí Chríost ár dTiarna.

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

Focal Scoir

Fáilte mharthanach mhúinte chóir romhat, a Thiarna,

fáilte mar an taoile tuile romhat,

fáilte an athar roimh an leanbh atá i mbroinn go fóill romhat,

fanacht gan imeacht agus fanacht linn féin go deo romhat.

Ár bPaidreacha Dúchais 119

 

* * *

25 Nollaig

An Nollaig
Sollúntas Breith ár dTiarna

Réamhrá

Ar an lá aláinn seo, agus le linn tráth na Nollag uile, ba cheart dúinn breathnú ar an Leanbh seo agus machnamh a dhéanamh air. Mar adeir an Litir chuig na hEabhraigh (dara léacht): Labhair Dia linn trína Mhac.

Smaoineamh

Inniu tá an Eaglais go léir, agus an cine daonna go léir ar chaoi éigin, bailithe le chéile sa stábla chun fáilte a chur roimh an Leanbh. Tá gach aon duine ag feitheamh ar an Leanbh seo i ndeireadh na dála.

Ag breathnú dúinn ar an Leanbh, feictear dúinn Dia ar talamh. Ní íomhá de Dhia é an Leanbh Íosa. ‘Dia ó Dhia’ atá ann, ‘solas ó sholas, fíorDhia ó fhíorDhia; an té a gineadh agus nach ndearnadh, agus atá d’aon substaint leis an Athair; is tríd a rinneadh an uile ní’ (an Chré).

Ag machnamh dúinn air, faigheann muid tuiscint orainn féin freisin. Mar a mhínigh N. Irenaeus, is é fáth go ndearnadh Mac an duine de Mhac Dé ná le go ndéanfaí mac le Dia den duine daonna trí dhul i gcomaoin le hÍosa. Is mic agus iníonacha Dé muid. Tá sé éasca dúinn dearmad a dhéanamh ar an dínit ollmhór a bronnadh orainn de bharr tuirlingt Dé ó Neamh i mBeithil. Mar adeir N. Atanáis: ‘Óir rinneadh duine de Mhac Dé le go ndéanfaí Dia dínne’ (Caiticiosma 460).

Ná déanaimis dearmad gur clann Dé muid, agus gur féidir linn labhairt le Dia ár nAthair le lán-mhuinín. Bíodh am ar leith againn gach lá chun comhrá pearsanta a bheith againn leis.

Guí an Phobail

A Athair na Trócaire, tá a fhios againn gur féidir linn labhairt leat le lán-mhuinín agus Abba -’athair’ a thabhairt mar ainm ort. Ar an ábhar sin cuireann muid ár
n-achainaíocha romhat go dóchasach:

1. Go mbeannaítear ár bPápa Proinsias, agus go nglaca muid lena mholadh go gcuirfimis fáilte roimh an Tiarna, agus go labhródh muid faoi Íosa le daoine eile.

2. Go gcuire an domhan mór aithne ar Chríost ár Slánaitheoir, agus go raibh lúcháir orthu dá bharr.

3. Go raibh tuiscint níos deimhne orainn ar ár ndínit, mar chlann ionúin Dé.

4. Go raibh grá Chríost le braith acusan go léir a bhfuil gá acu leis, acusan a bhfuil bochtanas anama nó coirp á fhulaingt acu.

5. Go raibh trócaire ag Dia orthusan go léir atá imithe ar shlí na fírinne.

Sin iad ár n-achainíocha chugat, a Thiarna. Deonaigh dúinn iad trí íobairt ár dTiarna san Aifreann seo.

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

Focal Scoir

‘’Sé do bheatha, a Mhuire,

atá lán de ghrásta,

agus ‘s é do bheatha linn

do rugadh insa stábla.

Nach beannaithe an Naíon

É sin idir do lámha’.

Ár bPaidreacha Dúchais 515

 

* * *

27 Nollaig

Féile an Teaghlaigh Naofa

Réamhrá

Iarraimid ar Mhuire agus ar Iósaef cabhrú linn fáilte ó chroí a chur roimh Íosa san Aifreann seo, faoi mar a fháiltigh siadsan roimhe sa Teaghlach Naofa.

Smaoineamh

‘Agus d’fhás an leanbh agus neartaigh, é lán d’eagna; agus bhí grásta Dé ina luí air’ (Lc 2:44). Ba bhall de chlann é Íosa Críost. D’fhás sé suas faoi chúram lánúin phósta, Muire agus Iósaef. Tugann sé seo le tuiscint dúinn cé chomh riachtanach agus chomh naofa atá saol na clainne.

Is clann é Dia ina shaol inmheánach féin. Is é an Tríonóid Ró-Naofa an chlann phríomha. ‘Is é atá sa teaghlach Críostaí comhluadar de phearsana a bhfuil lorg agus íomhá orthu den chomaoin idir an tAthair agus an Mac agus an Spiorad Naomh’ (Caiticiosma 2205).

Is é atá sa Tríonóid ná an phríomh-chlann, comhluadar idir pearsana, agus comhrá grámhar ar bun idir na trí Pearsana de shíor.

Is rúndiamhair é seo, ach ag an am céanna, ó’s rud é gur cruthaíodh muid ar dheilbh agus ar chosúlacht Dia na Trionóide (féach Gein 1:26), is féidir linn tuiscint éigin a bheith againn ar an gcúis a bhfuil gá ag chuile dhuine daonna le saol clainne.

Gabhaimid buíochas ó chroí le Dia as grásta saoil na clainne, agus déanaimid gach iarracht ár saol clainne féin a neartú, trí ghuí a dhéanamh ar a chéile agus le chéile, íobairtí a ofráil ar son ár muintire, freastal ar a chéile, agus dóchas agus áthas a roinnt eadrainn féin sa chlann. Is féidir linn braith go tréan ar idirghuí Mhuire agus Iósaef chun saol ár gclainne a chothú i gcomaoin le Críost.

Guí an Phobail

Seolann an tAthair Síoraí muid go léir amach chun lúcháir an Chreidimh a roinnt le chuile dhuine. Iarraimid ó Dhia uilechumhachtach na grásta éagsúla a bhronnadh orainn chun misean na hEaglaise a chur chun cinn inár gclann féin agus inár saol féin.

1. Ar son ár nAthar Naofa Proinsias; go leana sé ag fógairt lúcháir an tSoiscéil go buan agus go fairsing.

2. Ar son ár nEaspaig X agus ar son na sagairt uile: go raibh muinín agus dóchas acu i gcónaí agus iad ag teagasc an Chreidimh.

3. Ar son muidne go léir; go raibh muid inár n-aspail lúcháireacha sa bhaile agus lenár gcairde.

4. Ar son na n-easláin; go dtuga Dia faoiseamh dóibh, agus go ndéana siadsan comhoibriú le misean na hEaglaise tríd a gcuid pianta a ófráil ar mhaithe le slánú an domhain.

5. Ar son na clainne. Go raibh meas ar an gclann mar bhunaonad dd chuid saol na sochaí.

6. Ar son iadsan go léir atá imithe ar shlí na fírinne, go mór mhór iadsan ónár dteaghlach féin.

Sin iad ár n-urnaithe, a Athair lán-thrócaireach, agus cuireann muid os do chomhair iad le hidirghuí Phádraig Naofa, agus trí Chríost ár dTiarna, a mhaireann agus a rialaíonn leatsa maraon leis an Spiorad Naomh trí shaol na saol.

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

Focal Scoir

Seacht gcéad déag fáilte naoi n-uair agus fiche

Roimh Mhac Dé na glóire agus na Maighdine Muire

Ár bPaidreacha Dúchais 551

 

❅ ❅ ❅ ❅ ❅ ❅ ❅

 

3 Eanáir 2021
An Dara Domhnach
Tar Éis na Nollag

 

Éirim an Aifrinn

Chónaigh sé inár measc (Eoin 1;14)

Smaoineamh

Tá an-cháil ar an sliocht ó Shoiscéal Eoin a chualamar inniu. Deir na scoláirí linn mar gheall ar an líne san ‘Chónaigh Sé inár measc’ go gciallaíonn sé gur thóg Íosa a phuball inár measc. Tá an-chuid tagairtí sa Bhíobla do phubaill agus tá sé speisiúil gur chaith Naomh Pól tamall ag tógaint puball. An líne áirithe san i Soiscéal Eoin, cuireann sé in iúl dúinn nach bhfuil ionainn ach oilithrigh sa tsaol seo, agus mar a mheabhraíonn an seanfhocal dúinn; ‘Ní bhíonn in aon rud ach seal’. Do dhaoine a bhíonn ag taisteal ó áit go háit go minic, ní bhíonn deis acu ualaí móra a bhreith leo agus tugann sé sin saoirse áirithe dóibh agus iad beag beann ar nithe saolta. Nuair a bhíonn daoine ag cur fúthu i dtithe, uaireanta a mhalairt a bhíonn i gceist. Bailímid giuirléidí nach bhfuil aon ghá leo agus bíonn drugall orainn scaoileadh leo. Ar ár n-oilithreacht tríd an saol seo, ba chóir ár n-aird a bheith dírithe ar ár mbaile dúchais ar neamh. Tá dúil i gcroí an duine i gcónaí préamhacha doimhine a chur síos sa tsaol seo, ach tá cinnteacht amháin nach mbeidh na préamhacha sin buan. Ag tús na bliana nua b’fhéidir go mbeadh sé de rún againn rudaí an tsaoil seo a mheas le stuaim agus ár n-áird a dhíriú ar na nithe síoraí.

Guí an Phobail

1. A Thiarna, stiúraigh agus treoraigh ár bPápa Proinsias, ár nEaspaig agus gach ball den Eaglais. A Thiarna éist linn.

2. Guímís dár muintir agus dár gcairde agus daoine i ngach áit. Go raibh bliain shona naofa acu ar fad. A Thiarna, éist linn.

3 Go dtuga Dia misneach agus sólás do na daoine breoite go speisialta iad siúd atá buailte leis an víreas córonach. A Thiarna, éist linn

4. Guímis ar son na marbh; gaolta, cairde agus na daoine a cailleadh anuraidh. Go bhfeice siad solas Dé i bhFlaitheas na Glóire. A Thiarna, éist linn.

Paidir

Ar neamh atá ár mbaile dúchais dá réir sin guímid. Ár nAthair …

Focail Scoir

An Leabhar Eoin

Nuair a bhuailtí fear óg nó bean óg nó leanbh breoite théadh duine éigin go dtí an sagart ag triall ar an Leabhar Eoin. Is é rud a bhí i gceist leis sin ná go scríobhfadh an sagart Véarsaí 1-14, Caibidil a hAon den Soiscéal Naofa de réir Eoin sa Laidin (i.e. In principio erat verbum’, etc.) ar bhlúire páipéir. Dhéanfadh aon bhlúire in aon chor an gnó. Chuirtí an páipéar sin isteach i sparáinín éadaigh agus chrochtaí timpeall ar mhuineál an duine bhreoite é. Deirtear go raibh an-chumhacht ar fad ag an Leabhar Eoin agus gur mó duine a leigheas sé. Ba é an sagart an t-aon duine amháin a d’fhéadfadh an Leabhar Eoin a thabhairt uaidh, ach deirtí nár cheart dó é a thabhairt uaidh nó go lorgódh duine air.

Malairt Bheatha Pádraig Tyers

 

* * *

6 Eanáir 2021 • An Eipeafáine

Éirim an Aifrinn

Taispéantar Íosa mar sholas do na náisiúin uile.

Smaoineamh

I scéal na hEipeafáine cuirtear grúpaí difriúla ós ár gcomhair. Ar dtús tá na saoithe a lean an réalta ag lorg an Rí nuashaolaithe. Ar thóir na fírinne, d’fhág siad an uile ní chun teacht ar an bhfíorsholas. A mhalairt ar fad a bhí in intinn Hearóid. D’aithin sé Íosa mar dhuine a bhí chun deireadh a chur lena réimeas. Bhí daoine eile leis, daoine a bhí ag maireachtaint i mBeithil agus sa cheantar maguaird a bhí eolach ar na fáistiní a bhain leis an Slanaitheoir a gealladh dóibh, ach dhein siad neamhaird ar na rudaí sin. I ngach aois tá an meon céanna le braistint. Tá daoine i ngach glúin atá ar nós na saoithe, daoine a thréigeann gach rud chun aithne a chur ar Íosa. Tá a macasamhail de Hearód i ngach ré leis. Glacann said le hÍosa nuair is áil leo. Cosúil le pobal Iúdá in aimsir Íosa tá daoine a chloiseann mar gheall ar Íosa agus nach ndeineann aon iarracht dul ar a thóir. Glaonn an Tiarna orainn isteach ina sholas iontach féin. Sampla an mhisnigh a thaispeáin na saoithe, cabhraíonn sé linn dul faoi dhéin an tsolais sin.

Guí an Phobail

1. Tabhair dúinn, a Thiarna, a thuiscint gur clann Dé sinn go léir le chéile,agus go ndeineann Dia cúram do gach duine dár chruthaigh sé. A Thiarna, éist linn.

2. Tabhair dúinn, a Thiarna, an tuiscint gur daoine muinteartha Dé an cine daonna go léir trí chéile. A Thiarna, éist linn.

3. Tabhair dúinn tábhacht an uile dhuine i láthair Dé a thuiscint ionas go mbeidh meas cóir againn ar an saol a chaitheann gach dhuine.A Thiarna, éist linn.

4. Fuair na saoithe ón ndomhan thoir an Dia a bhí á lorg acu, d’aithin said é i gCríost. Tabhair do na daoine go léir atá ag lorg an Dé chéanna, é fháil agus é aithint i gCríost. A Thiarna, éist linn.

5. Tabhair dóibh sin go léir atá imithe ar shlí na fírinne, fáilte a bheith rompu isteach sa tsolas síoraí. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir

Tháinig Íosa chun an uile dhuine a shlánú: dá réir sin guímid – Ár nAthair …

Focal Scoir

Bhí diamhaireacht ar leith luaite le hOíche Nollag Beag. I gcuntas a bailíodh sna 1920í ó Sheán Ó Conaill in Uíbh Ráthach deirtear linn go gcreidtí go ndeintí fíon den uisce, síoda de na triopaill [luachra] agus ór den ghrean an oíche sin. Bailíodh leagan eile ó Shéan Bán Conraoi i mBaile an Sceilg: dúirt sé siúd go ndeintear fíon den uisce, airgead bán de chlocha trá agus arán de chroí an fhiolair. In am mhairbh na hoíche a tharlaíodh an mhíorúilt seo ach bhíodh fonn ar chách bheith ina gcodladh roimis sin. Chreidtí ná leanfadh aon rath an té a d’fhanadh ina shuí ag faire iontaisí Oíche Nollag Beag.

Seán Mac an tSíthigh, Oíche na dTrí Ríthe. Leagan iomlán ar tuairisc.ie

 

* * *

10 Eanáir 2021
Féile Bhaiste an Tiarna

Éirim an Aifrinn

Tagann Íosa go dtí an Iordáin chun baisteadh a fháil ó Eoin.

Smaoineamh

Áirítear go bhfuil breis agus trí mhíle tobar beannaithe in Éirinn, agus bua an leighis luaite le cuid acu. Ní haon iontas dá bhrí sin, gur thug daoine turasanna go dtí na toibreacha seo le linn na paindéime chun sólás agus leigheas a fháil.

Cumhachtaí agus buanna an uisce, tá siad luaite go minic sna scrioptúr agus tá tagairtí dóibh sa bheannú don uisce a úsáidtear i searmanas an bhaiste; ina measc, beatha nua, uisce an ghlanta, saoirse, spionnadh agus fuinneamh. Luaitear sa bheannú leis an nasc atá idir na cumhachtaí seo i saol an Chríostaí.

Tá sé speisiúil go bhfuil scéalta i dtraidisiúin na hÉireann a dheineann ceangal idir na láithreacha beannaithe seo agus Baiste ár dTiarna.

Bhaist Naomh Eoin Íosa agus ní raibh aon uisce san áit a raibh sé ina sheasamh agus phléasc an tobar aníos as an talamh. An tobar a phléasc as an talamh an lá sin, níor stop sé ó shin agus ní stopfaidh go lá an bhreithiúnais, agus is é an t-ainm a thug siad ar an sruth, Sruth Orthaláin. (Abhainn na hIordáine atá i gceist le sruth Orthuláin. An Slánaitheoir ag Siúl ar an Talamh le Pádraig Ó hÉalaí).

Ar an bhféile seo is fiú ár mbaiste féin a thabhairt chun cuimhne. Tá slite difriúla chun é sin a dhéanamh – an teastas baiste a léamh, cuairt a thabhairt ar shéipéal an bhaiste, paidir a rá ar son na ndaoine a bhailigh le chéile don ócáid – bídís beo nó marbh.

Sé ár nguí inniu, mar atá luaite i searmanas an bhaiste, go mbeidh gach duine a ghlaoigh an Tiarna chun uisce an ghlanta na hathbhreithe páirteach sa bheatha shíoraí.

Guí an Phobail

Guímis inniu chun Dé go gcuirfeadh an saol go léir aithne ar Chríost a Mhac agus go mbeadh lúcháir orthu dá bharrsan.

1. Guímid ar son ár bPápa Proinsias agus ar son na n-easpag agus gach duine ag craobhscaoileadh shoiscéal Chríost. A Thiarna, éist linn.

2. A Thiarna, athnuaigh grásta an bhaiste ionainn go léir agus coimeád dílis sinn do na gealltanais a deineadh ar ár son lár ár mbaiste. A Thiarna, éist linn.

3. Tabhair misneach agus sólás agus biseach do na daoine atá breoite sa bhaile, sna hospidéil nó i dtithe altranais. A Thiarna, éist linn.

4. Coimeád gach teaghlach go buan i do ghrá. A Thiarna, éist linn.

5. A Thiarna, déan trócaire ar anamacha na marbh go háirithe ár ngaolta agus ár ndaoine muinteartha féin. A Thiarna, éist linn.

Sin iad ár n-achainíocha chugat, a Thiarna Dia.

Ár nAthair

Is sinne clann Dé. Mar sin tá sí de mhisneach againn a rá an phaidir a mhúin Íosa dúinn. Ár nAthair …

Focal Scoir

Uisce a bheannaigh sinn, uisce a cheannaigh sinn, is uisce as taobh Chríost beannaigh sinn.

Paidir ón mBlascaod Mór a bhíodh á úsáid Oíche Nollag – Bean an Oileáin le Máire Ní Ghuithín

 

* * *

17 Eanáir 2021
An Dara Domhnach Saor

Éirim an Aifrinn

Oscail ár gcroí a Thiarna, chun aird a thabhairt ar bhriathra do Mhic.

Smaoineamh

Cantar an t-iomann ‘A Thiarna Chugat Mé’ ar fud na tíre agus an líne atá ann; ‘Chuala mé do ghlaoch i rith na h-oích’, tugann sé chun cuimhne cad a tharla do Samuél nuair a ghlaoigh an Tiarna air. Baineann a lán daoine sólás as an sliocht seo, mar tá léiriú gléineach ann ar ghrá Dé dá chlann uile – uasal agus íseal; uachtaráin agus íochtaráin. Níor chruthaigh Dia sinn chun neamhaird a dhéanamh orainn, agus mar a deir Naomh Eoin linn: ‘Thug Dia grá dúinn ar dtús’. Bíonn Dia foighneach linn – lean sé air ag glaoch ar Samuél. Teastaíonn ó Dhia bheith i dteagmháil linn agus nuair a labhair an Tiarna leis an mbuachaill d’úsáid sé a ainm dílis – ‘A Samuél …’ Do na Giúdaigh agus i gcultúir eile tá naofacht ar leith ag baint le hainm duine.

Tá sé suntasach gur thóg sé tamall ó Elí a thuiscint cad a bhí ag tarlú don ógánach. Bíonn gá le treoraí géarchúiseach nó anamchara nuair a bhíonn cinneadh tábhachtach le déanamh againn. Ní haon iontas mar sin go mbaintear feidhm as an sliocht seo mar ábhar machnaimh do dhaoine chun treoir a thabhairt dóibh an bhfuil glaoite orthu chun saothrú i bhfíonghort an Tiarna.

Bíonn an Tiarna ag glaoch orainn de shíor ar shlí amháin nó ar shlí eile. Tá cuntas cáiliúil ag Naomh Treasa Calcutta conas mar a fuair sí ‘glaoch laistigh de ghlaoch’ agus í ar thuras traenach sa bhliain 1946. D’iarr an Tiarna Íosa uirthi an clochar mar a raibh sí ag múineadh a fhágaint, agus a saol a chaitheamh le bochtaibh Dé. Dúinne ní gairm neamhghnách mar seo a chlosimid ach gnáthrudaí a dhéanamh a chuirfidh Ríocht Dé chun cinn mórthimpeall orainn.

Guí an Phobail

1. Ar son na mbocht, na n-uaigneach, ar a son siúd go léir a bhfuil cabhair, misneach nó sólás de dhíth orthu. A Thiarna, éist linn.

2. Go raibh daoine toilteanach saothar a dhéanamh i bhfíonghort an Tiarna sa bhaile agus thar lear. A Thiarna éist linn.

3. Agus seachtain Aontacht na gCríostaithe a cheiliúradh, guímíd gach rath ar dhaoine ar fud an domhain atá ag obair do intinn speisialta seo ár dTiarna Íosa a chur i gcrích. A Thiarna éist linn.

4. Ar son na nóg; go bhfása siad faoi shláinte coirp agus anama agus go dtreoraí an Spiorad Naomh i gcónaí iad. A Thiarna éist linn.

5. Déan trócaire ar anamacha na marbh; go dtreoraí na haingil isteach i bParthas iad agus go dtaga na naoimh agus na mairtírigh ina n-airicis. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir

Sé Dia ár nAthair dá bhrí sin guímis le chéile.

Focal Scoir

A Thiarna chugat mé, ‘bhfuilim uaitse?

Chuala mé do ghlaoch i rith na hoích’.

Rachaidh mé leat má threoraíonn tú,

Coinneoidh mé do phobal i mo chroí.

Aistriúchán ar an iomann Here I am Lord

 

* * *

24 Eanáir 2021
An Triú Domhnach Saor (Domhnach Bhriathar Dé)

Éirim an Aifrinn

Is lóchrann do mo chosa do bhriathar (Salm 119).

Smaoineamh

Bliain ó shin um an dtaca seo bhí Domhnach Bhriathar Dé á cheiliúradh don chéad uair sa Roimh. An Pápa Proinsias a chuir tús leis an ócáid bliantúil seo. I measc na ndaoine a bhí i láthair don searmanas bhí Ardeaspag Thuama, an Dr Michael Neary, Reachtaire Scrín Chnoc Mhuire, an tAthair Richard Gibbons agus oilithrigh ón dtír seo. Tugadh an phribhléid seo mar aitheantas do Scrín Chnoc Mhuire toisc go bhfaca na fínnéithe Eoin an Soiscéalaí agus leabhar ina láimh aige oíche an taispeántais ar an 21 Lúnasa 1879.

Ar an lá thug an Pápa Proinsias aitheasc mar gheall ar thábhacht Bhriathar Dé inár saol agus conas mar a chabhraíonn sé linn aithne a chur ar Íosa. Luaigh sé conas a chuir Íosa tús lena mhisean poiblí, agus an glaoch chun aithrí agus an teachtaireacht lúcháireach go bhfuil ríocht Dé in achmhaireacht. Mar a dúirt an Pápa Proinsias ina aitheasc, mórthimpeall orainne tá iliomad glórtha agus tá géarghá le Briathar Dé a chlos thar aon ghlór eile. Chun cabhrú linn é sin a dhéanamh, mhol sé dúinn an Bíobla a bheith ar oscailt ar an mbord, cóipeanna a bheith in ár bpócaí agus téacs an Bhíobla a bheith againn ar ár ngutháin póca.

Daichead bliain ó shin foilsíodh An Bíobla Naofa (Bíobla Uí Fhiannachta) agus sa réamhrá rinne An Cairdinéal Tomás Ó Fiaich tagairt don méid a scríobh An Cairdinéal Mac Conmhidhe sa Leicseanár mar gheall ar an ngrá a bhí ag na Gaeil don mBíobla:

‘Tobar spioradálta ár gcine a bhí sa Bhíobla riamh anall. Ba é a mhúnlaigh smaointe agus friotal Naomh Pádraig mar a léiríonn sé ar gach leathanach dá scríbhinní féin. Rinneadh staidéar ar an mBíobla thar leabhar ar bith eile i mainistreacha na hÉireann…. Is i lámhscríbhinní an Scrioptúir a fhaightear na samplaí is sine den Ghaeilge scríofa…. Is ar chóipeanna den Bhíobla a chaith ár sinsir barr a ndíchill maidir le peannaireacht agus ornáideachas.’

An Phaidir

Agus Briathar Dé dár dteagasc tá sé de mhisneach againn a rá. Ár nAthair …

Guí an Phobail

Féach na cinn sna seachtainí eile.

Focal Scoir

Le linn na dianghlasála chuir sé isteach go mór ar dhaoine nach raibh siad ábalta Comaoineach Naofa a ghlacadh. Mhol An Pápa Proinsias do dhaoine paidir a rá sa bhaile agus seo ceann a cuireadh i gcló i Lámhleabhar Chuallacht An Chroí Ró-Naofa.

Comaoineach Spioradálta

Nuair nach féidir leat Comaoineach a ghlacadh, is féidir leat an phaidir seo a rá:

A Íosa, creidim go daingean go bhfuil tú i láthair sa Naomhshacraimint. Tá grá agam duit ós cionn gach uile ní agus is mian liom tú a ghlacadh isteach im’ anam. Ó tharla nach féidir liom tú do ghlacadh anois sa Naomhshacraimint, tar ar a laghad go spioradálta isteach im’ chroí. Tar chugam mar sin, a Thiarna, agus méadaigh do ghrásta ionam. Ná lig dom scarúint leat go brách. Moladh go deo leat, a Íosa sa Naomhshacraimint.

 

* * *

31 Eanáir 2021
An Ceathrú Domhnach Saor

Éirim an Aifrinn

‘Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire, orthu.’ (Matha 5:7)

Smaoineamh

Amárach Lá ‘le Bríde, lá speisialta ar fud na hÉireann agus in áiteanna eile ar fud na hEorpa. Tá cáil ar Naomh Bríd mar gheall ar a féile, a carthanacht agus a cúram do na heasláin. Ba mhaith lena hathair cleamhnas a dhéanamh di ach theastaigh uaithi a maighdeanas a choisreacan do Dhia. Ba ó Naomh Mel a fuair sí an fial agus de réir cosúlachta ba eisean a bhí i mbun a hoiliúna spioradálta freisin. Lean daoine eile a heiseamláir agus spreag seo í le mainistir dhúbailte a bhunú i gCill Dara le cabhair an easpaig, Conlaodh. D’éag sí sa bhliain 524.

Nuair a bhí Naomh Bríd agus seachtar cailíní óga eile ar scoil, thug easpag seanmóir dóibh lá amháin ar na Biáidí. I ndiaidh chaint an easpaig, roghnaigh gach duine den ochtar, bua Críostaí amháin acu a ndéanfadh sí cúram faoi leith de, i rith a saoil. Deirtear gurbh é an bua a roghnaigh Bríd ná an trócaire – ‘Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire, orthu.’ (Matha 5:7); agus ar feadh an chuid eile dá saol, léirigh Bríd trócaire do gach duine dár casadh uirthi, do na bochta, do na daoine breoite, dóibh siúd nach raibh bia acu.

Bhí a hathair cráite aici le linn a hóige toisc go mbronnadh sí gach rud dá mbíodh sa teach ar na bochta. Dar le Bríd, níor dheirceoirí ar bith na daoine bochta is breoite, ach ba bhaill iad de Chorp Chríost agus dínit dá réir acu. ‘Ba í a mian: cothú na mbocht, gach géibheann a réiteach, trua a thabhairt do gach truán’. (Naomh Bríd, Muire na nGael – Anraí Mac Giolla Chomhaill)

Guí an Phobail

Iarraimid cabhair Dé trí impí Naomh Bríd ós é a thug dúinn í, Muire na nGael, mar éarlamh agus mar idirghuítheoir.

1. Go músclaí Dia inár gcroí an dúthracht a bhí i gcroí Bhríde ar son leas na hEaglaise. A Thiarna, éist linn.

2. Go bhfóire rialtais an domhain ar leatrom na mbocht mar a rinne Naomh Bríd. A Thiarna, éist linn.

3. Go nglacaimid chugainn ardchuspóir Bhríde: sásamh na mbocht agus trua do lucht na hainnise. A Thiarna, éist linn.

4. Go raibh grá fíor againn d’Éirinn agus dá hoidhreacht Chríostaí. A Thiarna, éist linn.

5. Brat Mhuire go raibh ar ár mairbh, á seoladh slán isteach i láthair Dé go síoraí. A Thiarna, éist linn.

Paidir

Guímis chun Ár nAthair trócaireach mar a mhúin Íosa dúinn: Ár nAthair …

Focal Scoir

Beannacht do Chros Bhríde

A Thiarna Dia, bhain Naomh Bríd feidhm as an gcros

Chun an creideamh a chraobhscaoileadh agus chun easláin a leigheas,

Cuir do bheannacht ar na crosa seo le go mbainfí feidhm astu

Chun breis tuisceana a fháil ar rúndiamhra ár gcreidimh,agus chun

Ár n-easláin a leigheas agus sinn a chosaint ó gach galar agus aicíd.

Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.

* * *