December-January 2019: Leathanach don Cheiliuraí

An Chéad Domhnach den
Aidhbhint • 1 Nollaig 2019

Fáilte
A Phobail De, agus Maitiú ag trácht ar an ndíleann, bhí fir agus mná ag ithe agus ag ól, ag malartú fir le mhnáibh agus ag malartú mná le fir. Is amhlaigh atá sé i saol na linne seo gan smaoineamh ag daoine ar ghlaoch ár dTiarna. Moltar dúinn bheith aireach agus ullamh don ghlaoch sin.

Smaoineamh
Táimid an-ghafa le cúraimí an tsaoil seo. Tá an tsaint i réim le paisean sa tir seo. Tá na meáin cumarsáide ag obair lámh ar lámh leis an tsaint seo a chothú. Má tá carr ag duine, is mian leis/léi ceann níos fearr a fháil. Is amhlaigh don teach, don teilifís, don troscán agus dos na háiseanna is nua-aimsire. Cad chuige an béim uailmhíanach seo a bheith sa duine? Mar a deir an seanfhocal, ‘Ní bhíonn in aon rud ach seal’. Tá an mé-féineachas I réim le fonn. Bhí ainm in áirde ag muintir nah Eireann i leith na flaithiúlachta leathchéad bliain ó shin nuair a bhíodar bocht. Bhíodar sásta a raibh acu a roinnt lena chéile. Ní hamhlaigh atá sé inniu ach an duine ag bailiú chuige/chuicí, mar a deir an t-amhrán, ‘ag coinniú píosaí ’s ag deanamh stór.’

Cad chuige an stór seo mar go gcaithfear é go léir a fhágáil in a dhiadh agus a aghaidh a thabhairt ar an tsíoraíocht, an turas deiridh. Má turas le déanamh, caithfear ullmhú chuige. Má tá lanúinn le pósadh, caithfidh siad ullmhú chuige. Caithfear smaoineamh ar theach nó díon de short éigin a chur ós a gcionn.Bhí beirt le pósadh fadó in ár bparóiste igCiarraí. ‘An bhfuil teach acu?’ arsa m’athair le mo mháthair.

‘Nil’, ar sise.

‘D’anam don diabhal, ‘ ar seiasean, ‘an chéad rud a dhéineann an t-éan ná nead a dhéanamh’.

A bhráithre, bímís ag ullmhú. Cad é an maitheas don duine an domhan seo a bheith ina sheilbh aige agus a anam a chailliúint in Ifreann? Bímís ar ár n-aire mar nach fios dúinn cathain a thiocfaidh an ghlaoch ón dTiarna. Conas is féidir a bheith ullamh don ghlaoch sin – focal ár dTiarna a leanúint.

Guí an Phobail
Guímis chun an Tiarna Dia:

1. Go ndéanfaimid ár ndícheall chun saol ionraic spioradálta a chaitheamh, mar a mhol Íosa dúinn. A Thiarna éist linn.

2. Go roinnfimid a bhfuil againn leo siúd at a ar an ngann chuid. A Thiarna éist linn.

3. Go múchfaimid an craos atá ionainn chun bheith ag déanamh stór. A Thiarna éist linn.

4. Leaba i measc na naomh’s na n-aingeal go raibh againn nuair a ghabhfaimid thar tairseach na bhFlaitheas. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir
Go raibh grásta Dé in ár gcroíthe de shíor.

Focal Scoir
Cabhair is cáirde is grásta ó Dhia chugainn. Cabhair gach lá atáim a’ iarraidh.

* * *

An Dara Domhnach don Aidbhint
8 Nollaig 2019

Fáilte
A Phobail Dé, I soiscéal an lae inniú, tá cur síos ar ullmhúcháin Eoin Baiste do theacht Ár dTiarna. Molann sé da lucht leanúna iad féin a ullmhú don teacht seo. Na daoine a dhéanann amhlaigh, beidh fáilte rompu i scioból Dé. An muintir nach ndéanann, tá tinte do mhúchta Ifrinn rompu.

Smaoineamh
Bhí Eoin Baiste ag réiteach do theacht ár dTiarna. Bhí sé ag moladh dalucht leanúna iad féin a réiteach freisin. An sampla a thug sé maidir leis na h-éadaí a chaith sé agus a raibh le n-ithe aige, bhí sé an-bhunúsach. Ní raibh aon cur i gcéill ag baint le Eoin Baiste, ‘An Té atá ag teacht, ní fiú me a íallacha a scaoileadh’, ar seisean.

Tháinig daoine ó chinn is ó chongar chun éisteacht leis. Rinne said aithrí, ghlac siad faoistin, agus baisteadh iad in uiscí an Iurdáin.

Ansin, nuair a tháinig na Phairiscineachaibh agus na Sadiúseachaibh, ní mór an fáilte a chur sé rompu. D’fhéadfá a rá g raibh sé an-dian orthu. Thug sé ‘a shíol na n-aithreach neimhe’ orthu. Cheistigh sé iad. ‘Cé thug an foláireamh daoibh teicheadh ón ancadh a bhí le teacht? Déanaigí maitheas ag coimeád le h-aithrí. Ná bígí ag súil le slánú mar go bhfuil Abraham mar athiar agaibh.’ Ach thug sé faoiseamh agus dóchas dóibh. ‘Is cuma más dócha féin sibh, tá an cumhacht ag Dia sibh a thógáil mar chlann Abrahaim.’

Tá dóchas ansin dúinn go léir. Tugann sé foláireamh freisin. ‘Tá an tua ag préamhacha an chrainn agus gach crann nach dtarraingíonn tortha maith, gearrfar anuas é agus cuirfear sa tine é.’ Tá ceacht cruaidh curtha ós ár gcomhar ag Eoin Baiste.

Tá teachtaireacht anseo dúinn go léir. Tagann daoine ó chian is ó chongar chun bheith ag searmanais Chríostúla. Déanann siad aithrí i Saicrimint na Faoistine. Ní leor a rá go bhfuilimid in ár lucht leanúna Chríost. Caithfear gníomhú mar Chríostaithe le deagh shampla agus grá da chéile le dul thar thairseach na bhFlaitheas.

Sa soiscéal seo, freisin, tá foláireamh dóibh siúd nach lorgaíonn maithiúnas. Tá an maithiúans le fail ó Dhia, ach é a lorg. Mura lorgaíonn daoine é agus má leanann siad ag imeacht ar an bhfán fada, nil rompú ach tinte Ifrinn. Agus daoine ag lorg maithiúnas, caithfear a bheith dáiríre faoi.

Labhair Eoin Baiste amach go lándáiríre. Bhí teachtaireacht ann dúinn. Is gá a bheith ullamh nuair a ghlaofar orainn. Tá an rogha tugtha dúinn. Déanaimís gníomhú air nó mura ndeineann, is dúinn is measa sa tSíoraíocht.

Guí an Phobail
Guímís go humhal agus go dáiríre chun
an Tiarna Dia:

1. Ná bímís failíoch ag lorg maithiúnas. A Thiarna, éist linn.

2. Go dtreora tú sinn ar bhealach ár leasa nuair a imímíd ar an bhfán fhada. Thiarna, éist linn.

3. Go mbéimíd dáiríre faoin gcreideamh mar Chríostaithe agus go ndéanfaimíd é a chleachtadh gan cur i gcéill. Thiarna, éist linn.

4. Nuair a rachaimid thar tairseach na bhFlaitheas, nach gcuirfear ceist orainn, ‘Ce tusa?’ A Thiarna, éist linn.

Phaidir
Ná bímís lag-mhisneach i leith ár gcreidimh. Ná bíodh scáth na h-eagla orainn ina chraobhscaoileadh len ár ndeagh-shampla ag leanúint cosán ár dTiarna.

Focal Scoir
Níor theip riamh ar fhear an mhisnigh. Bíodh misneach againn len ár ndualgaisí i leith ár gcreideamh a chomhlíonadh.

* * *

An Tríú Domhnach don Aidbhint
15 Nollaig 2019

Fáilte
A Phobail Dé, Tá Eoin Baiste sa phriosún. Tá smaointe na h-éigcinnteachta ag rith trína aigne agus tá sé ag lorg soiléiriú.

Smaoineamh
Bhí Eoin Baiste sa phriosún. Bhí neart ama aige chun bheith ag smaoineamh go doimhin. Dá dhoimhne a a dheinimíd machnamh, sea is mó an scagadh a dheinimíd ar chúrsaí. B’shin mar a bhí ag Eoin Baiste freisin. Bhí éigcinnteacht ag baint , dar leis, le gluaiseacht seo Chríostaí i leith scaipeadh soiscéal Dé. Chun a bheith cinnte, chuir sé a dheisceabhail amach chun teangbháil a dhéanamh le Críost. Chuireadear ceist air.

‘An tusa an té a bhí le teacht nó an ceart go mbéimís ag súil le duine eile?’

Cuireann sé seo an daonnacht agus an éigcinnteacht a bhí in Eoin agus atá ionainn go léir ós ár gcomhair. Cé mhéid uair i rith an saol a rabhamar ar seachrán ón ár gcreideamh, go mór mhór le linn ár n-óige? Ach nuair a fuaireamar an deimhneacht, bhí an ghaoth in ár seolta arís agus an creideamh níos folláine na ríamh. Conas a fuair Eoin Baiste an deimhneacht seo? Thug Críóst dó é. Má iarraimid ar Chríost is ar Dhia, beidh an toradh céanna ar ár saothar. Chreid Eoin Baiste gurb é Críost an teachtaire ó Dhia nuair a thug na deisceabail le fios dó go bhfaca siad miorúiltí ar nós bacaigh ag siúl, na mairbh ina mbeatha arís, radharc na súil ag na daill agus araile, lena súile féin, á dhéanamh ag Íosa. Creidimid mar go bhfuil creideamh againn ins na rudaí ceanann céanna. Is féidir linn an creideamh sin a neartú ach na saicraimintí a ghlacadh chomh minic agus is féidir.

Nuair a thaispeánn Íosa é féin do Naomh Tomás mar cruthúnas go raibh sé éirithe ó na mairbh, chreid Tomás é. Dúirt Íosa leis an Tomás céanna,‘Creideann tú mar go bhfuil sé feicithe agat. Is beannaithe iad siúd a chreideann agus nach bhfeiceann.’

Agus deisceabhail Eoin ag fágaint slán ag Íosa, chuir sé ceist ar a lucht éisteachta.

‘Cad a thug amach sa bhfásach sibh? An giolcach á bhogadh ag an ngaoith? Ní h’ea. Le duine in éádaí míne a fheiceáil?

Ní h’ea. Táid ar fáil sa phalás le fáigh a fheiceáil! S’ea, agus níos mó ná fáigh’, a deirim. Scríofa faoi , tá ‘Cuirfidh mé teachtaire romhat a ullmhóidh an tslí duit. Ina measc siúd a rugadh do mhná, níl a sharú le fail ná Eoin Baiste. Mar sin féin, an té is ísle i ríocht Dé, is mó é ná Eoin.’ I bhfoical eile, táimid go léir ar aon chéim i Ríocht Dé.

Nach íontach an scéal é sin go mór mhór leis an hochtáin atá bocht, fíorbhocht, in ísle brí agus caite sa draoib ag an domhain seo. Cuirígí bhur n-íontaibh i gCríost agus a theachtaireacht. Lorgaígí cúnamh agus gheobhair é. Is gaire cabhair Dé ná an doras.

Guí an Phobail
Agus Iosa mar threoraí againn, cuirimís ár
nguíonna in a láthair.

1. Agus Iosa mar threoraí againn, guímís lena chabhair sinn a chur ar bhealach ár leasa chun na síoraíochta. A Thiarna, éist linn.

2. Agus tusa mar threoraí againn, go mbogfaimid ón mé-féineachas agus go mbéimíd fial flaithiúil leo siúd atá ar an ngannchuid. A Thiarna, éist linn.

3. Agus tusa ár dtreoraí, guímid do mbeidh maithiúnas in ár gcroíthe dóibh siúd a dheineann olc orainn. A Thiarna, éist linn.

4. Agus tusa ár dtreoraí, go raibh síochán in ár dteaghlaigh, in ár dtir agus in ár domhain. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir
Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

Focal Scoir
Is gaire cabhair Dé ná an doras.

* * *

An Cheathrú Domhnach don
Aidbhint • 22 Nollaig 2019

Fáilte
A Phobail Dé, sa soiscéal seo, tugtar léargas duinn ar ionracas Naoimh Sheosaimh. Agus conas ar athraigh sé a intimm chun toil ár dTiarna Dia a chomhlíonadh. San ‘Ár n-Athair’, deirimid, ‘Go ndéantar Do thoil ar an talamh, mar a dhéantar ar Neamh.’

Smaoineamh
Nuair a smaoinímid ar Naomh Sheosamh, caithfear a admháil nach ndéantar mórán tráchta air ins na soiscéil, cé gur fear é go raibh antabhacht ag baint leis mar leas-athair Chríost. Ar na hócáidí tabhachta, ar a ndéantar trácht air, tá breith Chríost, teitheadh chun na hEigipte, fáilt an linbh Íosa sa teampall agus an t-eachtra ina bhfuil cur-síos air i soiscéal an lae inniu.

Sa léamh seo, tuigtear dúinn an sort duine a bhí i Seosamh – duine ionraic, macánta, uasal. Bhí sé geallta le Muire ach sular mhair siad lena chéile, fuairtheas amach go raibh sí ag iomapr clainne. Cad é an frithghníomhnú a bheadh bean óg ag iompar clainne agus gan a bheith pósta ag súil ós na húdaráis Iúdach. Cuimhnigh ar an mbean ar rugadh uirthi agus í i mbun ghníomh adhaltranais. Bhítheas chun í a shrustáil le clocha go bás. Bhí Seosamh i gcás idir dhá chomhairle ar cad a dhéanfadh sé. Mar nár mhían leis Muire a nochtadh le náire a bhaint le bheith torrach lasmuigh den bpósadh, bheartaigh sé scarúint léi go ciúin.

B’shin mar a bhí aige nuair a tháinig Aingeal chuige i mbrionglóid agus dúirt,‘Ná bí eaglach, a Mhuire a thabhairtdod thig, mar is tríd an Spioraid Naoimh a deineadh an ghin seo. Tabharfaidh sí mac ar an saol agus tabharfar Iosa mar ainm air. Sabhálfaidh sé a mhuintir óna bpeacaí.’

Thárla sé seo go léir chum go gcomhlíonfar a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáídh. ‘Beidh an Maighdean torrach. Bearfaidh sí mac agus tabharfar Emmanuel mar ainm air, a chíallaíonn, ‘Tá Dia linn’

Nuiar a dhúisigh Seosamh, rinne sé mar a d’iarr Aingeal and Tiarna air, agus ghabh sé chuig a bhean.

Ón scéal seo, cad a d ’fhoghláiomar faoin Naomh Sheosamh? Fear ab ea é a bhí i gcónaí sásta aon rud ar son na maitheasa a dhéanamh agus a iarr Dia air a chomhlíonadh. Chuir sé a mhuinín i nDia i gcónaí agus bhí a fhios aige nár éitigh Dia éinne riamh. Cad atá le foghlaim againn ó Sheosaimh? Le cabhair Dé, is féidir linn ár saol a athrú ar son na maitheasa ach muinín a bheith again i ngrásta Dé.

Guí an Phobail
Agus sinn lán de dhóchas agus íontaibh, cuirimís ár nguíonna chun an Tiarna Dia.

1. Cabhraigh linn an maitheas a dhéanamh i gcónaí go mór mhór nuair nach coitáinata an beart é. A Thiarna, éist linn.

2. Dóibh siúd atá I bhfeidhil na hÉaglaise, do ndéanfaidh siad a bpobail a threorú ar bhealach a leasa chun na síoraíochta. A Thiarna, éist linn.

3. Dóibh siúd atá tofa againn len ár dtír a ríalú, go ndéanfaidh siad amhlaigh le spiorad ár dTiarna ina ndlíthe, agus go gcuimhneoidh siad orthu siúd atá ar an ngann cuid. A Thiarna, éist linn.

4. Dóibh siúd atá ar seachrán ina saol spioradálta, go bhfaighidh siad an treoir chun filleadh ar ghrá Dé. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir
In am na ciniúna, go ndéanfaimid beart de réir ár mbriathar agus briathar Dé.

Focal Scoir
Is minic a dhein Dia leas duine dá ainneóin.

* * *

Aifreann na Nollag
25 Nollaig 2019

Fáilte
Fáilte is fiche romhaibh go léir don Aifreann seo in a ndeinimid céiliúradh ar an ócáid is tabhachtaí a tharla ó chruthaigh Dia an domhain seo – sé sin gur rugadh Mc do Dhia na Glóire. Thóg sé corp daonna cosúil linn go léir anseo.

Smaoineamh
An Nollaig – nach íonatach an ócáid í. Ghlac Mac Dé colann daonna agus chónaigh sé in ár measc. Tá tionchar a theachta le braith ionainn go léir ar an lá seo. Táimid go léir thar a bheith sona sásta ionainn féin agus deagh mhéin againn i leith gach éinne thart orainn. Tá an mac céanna ag dul i gcion orainn go léir thart faoin trath seo. Níl ócáid níos taitneamhaí ná an Nollaig ná an Nollaig i rith an bliana agus cuimhnigh go bhfuilimid i ndúluachair na bliana. Laethanta gearra, oícheanta fada dorcha gruama. Conas mar a tharla an t-eachtra seo an chéad lá?

Bhí an chuid sin den domhain a dtugaimid an Talamh Naofa air faoi cheannas na Róimhe agus Séasar Augustus mar Impire. Thug sé órdú go raibh áireamh le déanamh agus go raibh ar gach duine clárú ina bhaile féin. D’fhág Seosamh agus Muire cathair Nasaret i nGaililí, Beithil, i Iúdaighe le clárú mar gur de shliocht Dhaithí é Seosamh. Faid is a bhíodar ann, rugadh a gcéad breith, mac. D’fhill Muire in éadaí é agus leag siad sa mháinséar é mar nach raibh aon sheomra ar fáil.

Bhí aoirí in aice láimhe agus buachailleacht a gcaoire is d’oíche. Nocht Aingeal an Tiarna é féin dóibh agus shoilsigh glóir an Tiarna thart orthu. Bhíodar scannraithe. Mhol an t-Aingeal dóibh gan a bheith amhlaigh. ‘Tugaim deanuacht chugaibh, nuacht a ghealfaidh croí gach éinne. Inniu, i gcathair Dhaithí, rugadh Slánaitheor. Is é an teachtaire, an Tiarna é. Gheobhaidh sibh bunóg fillte in éádaí ina luí sa mháinséar.

Go tobann, nochtaigh comhluadar Neimhe iad féin i dteannta an Aingil, ag moladh Dé agus ag rá, ‘Moladh le Dia ins na hárda agus síochán de lucht an pháirte.

Nárbh íontach an comóradh a bhí ann an oíche sin fadó. Déanaimís breith Chríost a chomóradh freisin. Déanaimís é a bhraith in ár gcroíthe agus oibriú chun ceangal níos doimhne a bheith again leis an Slánaitheoir céanna.

Guí an Phobail
Cuirimís ár nguíonna, a Phobail Dé, i láthair an Linbh Íosa, a rugadh an tráth seo den bhliain.

1. Dos na Críostaithe ar fud na cruinne atá ag fulaingt cruatain is daoirse. Tabhair síochán an Tiarna dóibh. A Thiarna, éist linn.

2. Tusa a rugadh sa stábla I mBeithil ar an gcéad Nollag, tabhair foscadh agus dídean dóibh siúd atá gan díon os a gcionn. A Thiarna, éist linn.

3. A Íosa, a tháinig chun cónaithe in ár measc agus a ghlac colann daonna amhaill sinn féin, treoraigh sinn ar bhealach ár leasa chun na síoraíochta. A Thiarna, éist linn.

4. Tusa, a Íosa ar an ócáid bheannaithe seo, treoraigh iad siúd atá ar seachrán uait ar ais faoí do chlócha. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir
Cuirimís ár muinín sa leanbh nua-beirthe chun sinn a neartú in ár gcreideamh agus in ár ndeagh shampla do chách.

Focal Scoir
Tá Dia láidir agus máthair maith aige.

* * *

Féasta an Teaghlaigh Naofa
29 Nollaig 2019

Fáilte
A Phobail Dé, fearaim fáilte is fiche romhaibh go léir. Go mbainfidh gach éinne leas spioradálta as an teacht le chéile seo in Áras Dé.

Smaoineamh
Nuair a thagann leanbh ó gar an saol, bíonn sonas, gliondar agus séan ar gach éinne a bhfuil baint aige/aicí leis an lánún ar rugadh an bunóg dóibh. Bíonn ríméád ar an athair agus an máthair go mór mhór. Bíd mórtasach go bhfuil a ngaol fola féin taréis teach ar an saol. Cuimhnigh mar a bhraith Muire taréis Mac Dé a thabhairt ar an saol. Cuimhnigh ar an gcomóradh a bhí ar siúl ins na hárda. Ach mar a deir an t-seanfhocal, ‘Ní bhíonn in aon rud ach seal’.

Nuair a fuair Iorua amach go raibh naoineán taréis teach tar an saol a bheadh in a rí ar na Iúdaigh – na firéin a bhí tofa ag Dia dó féin – mheas sé go mbeadh a choróin i mbaol. Bheartaigh sé rud éigin a dhéanamh faoi. Mhol sé go marófaí gach leanbh firean nua-beirthe.

Bhí muinín i gcónaí ag Seosamh i nDia agus níor loic Dia air. I mbrionglóíd, tugadh teachtaireacht dó tri aingeal, go raibh an chlann i mbaol, gur mithid dóibh imeacht agus tearmann a fháil san Éigipt. Aistear fada achrannach deacair a bhí rompu ar asal tríd an bhfásach lom tirim te sa ló agus an-fhuar san oíche. Mar go raibh muinín ag Seosamh i nDia, chomhlíon sé a ghuí.

D’fhan an chlann san Éigipt go dtí go bhfuair Iorua bás. I mbrionglóid arís, trí aingeal, labhair Dia arís le Seosamh, ag moladh dó dul abhaile go hIsrael agus a bhean, Muire, agus Íosa a thabhairt leis. Dhein sé amhlaigh. Ar shroisint Israel dóibh, chuala Seosamh go raibh mac Iorua ina rí ar Iúdaighe agus ghabh scanradh mór é. Ar fáil treorach ó Dhia, moladh dó dul go Gaililia. Chuadar chun chónaithe i Nasaret agus ba ansin a fhanadar.

An ceacht atá le foghlaim ón soiscéal seo, ná nár loit Dia aon ní riamh ná leigheasfadh sé ach muinín a bheith ag an duine ann mar a bhí ag Seosamh Naofa. Cuirígí bhur muinín i nDia agus ní baol daoibh.

Guí an Phobail
Agus sinn i dteach Dé, cuirimís ár nguíonna chun an Tiarna Dia.

1. Go gcuirfimid ár muiníne i nDia na Glóire seachas ollmhaitheas an tsaoil seo. A Thiarna, éist linn.

2. I dtráth seo na Nollag is na hathbhliana, go raibh an t-síocháin i réim in ár gcroíthe, in ár gclanna, in ár dtir agus in ár ndomhan. A Thiarna, éist linn.

3. Tráth seo an raidhse, go gcuimhneóimís ar na bochtáin at a ar an ngann cuid, gan bia, gan lóistín. A Thiarna, éist linn.

4. Go mbéimíd níos Críostaí in árgcleachtais, in ár gcaint agus in ár gcomhrá sa bhliain úr. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir
Na cleachtaithe agus na ceachtanna a mhúin Íosa dúinn, go raibh sé de mhisneach ionainn iad a thabhairt chun críche gan scáth ná gan eagla.

Focal Scoir
Is ag Dia is fearr ’fhios.

* * *

An Dara Domhnach tar éis na Nollag
5ú Eanáir 2020

Réamhrá
Mar chlann Dé tagaimid le dóchas inár gcroíth agus lúcháir an tSlánaitheora dár mbeathú. San Aifreann seo iarraimis grásta chun aird a thabhairt ar an Bhriathar.

Smaoineamh
Cé go bhfuil deireadh ag teacht le dhá lá déag na Nollag tá buanacht ag baint leis an lúcháir is an solas a eascrann ón bhféile. Ní hionadh sin mar is Íosa foinse an tolais mar a chuireann soiscéal N. Éoin in iúl dúinn. Chónaigh Íosa inár measc agus léirigh nádúr Dé le fianaise a shaoil ag múineadh, ag leigheas is le híobairt a bháis.

Ag tnúth seo na hathbhliana tá sé mar nós againn ár ngeallúintí saoil a athnuachan. Meabhraíonn soisecéal N. Eoin dúinn machnamh a dhéanamh ar theacht Íosa inár measc agus sinn ag déanamh ár ngeallúintí don mbliain tá romhainn. Chomhlíon Íosa gealluintí Dé lena bhás agus aiséiri.

Samhlíonn soiscéal N. Eoin teacht Íosa le teacht an tsolais sa dorchadas. Sea, tá an dorchadas in ár dtimpeall, daoine faoi ghéarleanúint, an fhulaingt a thagann le breoiteacht agus daoine a imíonn sa seachrán.

Dea scéal teacht Íosa a thugann solas sa dorchadas le dóchas is mineach. Iarratar orainn ár gcuid a dhéanamh i scaipeadh an tsolais, Bímis dúthrachtach agus fial i mbun ár gcúraimí mar dheiscéaláil Dé. Tús maith leath na hoibre.

Guí an Phobail
Le lán mhuinín cuirimís ár bpaidreacha i láthair Dé:

1. Go gcuirimid fáilte roimh ghrá Chríost inár saol laethúil agus go dtabharfaimid fianaise dá réir. A Thiarna éist linn.

2. Dár naos óg go háirithe iad siúd a bheidh ag filleadh ar scoil tar éis na Nollag. Beannaigh a saothar i bhforbairt a nóige. A Thiarna éist linn.

3. Bronn do mhisneach orthu siúd atá lag le breoiteacht. Go bhfaighe said dóchas agus compord ón gcineáltas a fhaigheann siad. A Thiarna éist linn.

4. Go soilse an Fíor Sholas buan ar anamacha na muintire atá imithe romhainn, i measc na Naomh go raibh acu. A Thiarna éist linn.

5. Go raibh síocháin Chríost á chur chun cinn inár bpobail agus ar fud an domhain sa bhliain atá romhainn. A Thiarna éist linn.

An Phaidir
Go dtugaimid aird ar a bhriathra agus sinn ag guí an phaidir a nuin sé dá dheiscéaláil.

Focal Scoir
Tá doras na hathbhliana oscailte dúinn Briathar Dé ár lóchrann ar an ród atá romhainn sa bhliain 2020

* * *

An Eipeafáine
6ú Eanáir 2020

Réamhrá
Tugaimis chun cuimhne ár gcreideamh a thugann sinn le chéile do cheiliúradh an Aifrinn seo. Tugaimis onós don Tiarna le humhlaíocht ár gcroíthe.

Smaoineamh
Is mó daoine a chríochnaigh an Camino nó a shroich Cruach Phádraig gan trácht ar an iliomad áiteanna beannaithe ar fud na tíre.

Samhlaítear dom mbraitheann oilithrigh glaoch nó cuireadh ón dtaobh istigh dá spreagadh chun tabhairt faoin dturas. Creideann siad gur fiú a leithéid.

Le féile na hÉipeafáine tá turas ácheiliúradh , turas na trí ríthe go Beithil. Turas fada dushlánach a bhí I gceist. Ní raibh fáil ar chompord taistil na linne seo ná trácht ar a leithéid. Ní foláir nó bhíodar uaigneach agus in ísle brí amanta. Mar sin féin chuireadar a múinín sa réalt Arloir Dé dá n’aistear. Chabhraigh sé seo leo a sprioc a shroichint agus n’omós don leanbh sa mháinséar a chomhlíonadh.

Tá cosúlacht idir an turas seo agus oilithreacht ár mbeatha. De ghnáth bíonn blianta i gceist, lá thuas agus lá thíos. Uaireanta bímid ar seachrán agus lag. Nuair a tharlaíonn a leithéid ní mór dúinn muinín a chur sa realt mar shampla an cabhair is an treoir a thagann ó Dhia trénár gcreideamh.

Tábhacht eile a bhaineann le turas na ríthe ón oithear mar shampla gur tháinig Íosa inár measc chun slánú a thabhairt do gach duine. Mar sin ní hiad an mhuintir tofa amháin a bhí i dteideal slánú Dé.

Sinne clann Dé ar ár noilithreacht go dtí an bheatha shíoraí.

Guí an Phobail
1. D’ár bPápa Proinsias, dár Easpag N, go bhfaighe siad treoir ón Spiorad Naomh dá saothar ag craobhscaoileadh dea scéal ár slánaitheora. A Thiarna éist linn.

2. Cabhraigh linn ár muinín a chur i nDia in am an ghátair. Go dtuga sé seo misneach agus dóchas dúinn. A Thiarna éist linn.

3. Do rialtaisí agus ceannairí ar fud na cruinne. Go dtuga siad cothrom na féinne don mhuintir atá faoina gcúram go háirithe iad siúd at ar an ngannchuid. A Thiarna éist linn.

4. Dár misnéirí atá craobhscaoileadh ríocht Dé do na náisúin uile. Go raibh toradh ar a ndúthracht i mbun saothair. A Thiarna éist linn.

5. Go maire dea-thoil na maitheasa inár dtacaíocht dá chéile i rith na bliana. A Thiarna éist linn.

An Phaidir
I gcomhluadar a chéile guímid an Phaidir a aontaíonn sin mar chlann Dé.

Focal Scoir
Is giorra cabhair Dé ná an doras a mheabhraíonn an seanfhocal dúinn. Ní dhéanaimis deramad ar láithreacht Dé inár measc agus an fonn a bhíónn air teacht i gcabhair orainn.

* * *

Féile Bhaisteadh ár dTiarna
12ú Eanáir 2020

Réamhrá
Ar Fhéile Bhaisteadh ár dTiarna tugaimis chun cuimhne go bhfuil Spiorad Dé lonnaithe ionainn san aon chreideamh amháin mar bhaill de chlann Dé tagaimid le chéile ag ceiliúradh an Aifrinn seo.

Smaoineamh
Ócáid thábhachtach i saol ár slánaitheora a bhaisteadh in Abhainn na Júrdáine ní hionadh go bhfuil baisteadh Íosa mar cheann de rúndiamhra an tsolais sa Choróin naofa.

Lena bhaisteadh chuir Íosa in iúl croí – lár a mhisean mar shampla na daoine a bhí ar seachrán I ndorchadas a bpeacaí a thabhairt chun athmhuintiris le Dia. Léirigh Íosa gur theastaigh uaidh na peacaigh a thionlachan agus croí na trócaire a thaispeáint dóibh. Thuirling an Spiorad Naomh ar Íosa ní hmháin don mbaisteadh ach dá shaothar miseanda ag craobhscaoileadh Ríocht Dé.

De ghnáth baistear sinn i séipéal. Is anseo i dTeach an Phobail a thugann pobal Dé le chéile. Tá dlúthcheangal idir ár mbaisteadh agus pobal Dé. Sa bháisteadh iarrtar orainn ár gcreideamh a chleachtadh sa phobal agus bronntanais an Spioraid Naoimh a úsáid mar fhinnéithe Chríost. Cuirtear le toradh an bhaisteadh nuair a bhímid dáiríre agus gníomhach ag iarraidh geallúintí an bhaisteadh a chomhlíonadh. Tugann Féile Bhaisteadh ár dTiarna deis dúinn athnuachan a dhéanamh ar cad go díreach a chiallaíonn seo agus sinn ag maireachtaint’s ag obair le daoine eile. Is Críostaithe sinn ónár mBaisteadh. An aithníonn daoine eile tréithe críostúla i mo shaol? An deireadh, mí thuiscint an baisteadh a fheiceáil mar cheiliúradh lae le clann agus cairde. Tá cuspóir agus tionchar saoil ag eascar ón mbaisteadh don té atá sásta glacadh leis.

Guí an Phobail
Ag déanamh seirbhse ar son glóire Dé cuirimis ár bpaidreacha ina láthair.

1. Do thuismitheoirí leanaí a baisteadh, go raibh siad díograiseach ina gcleachtadh creideamh ag spreagadh daoine fás sa chreideamh. A Thiarna éist linn.

2. Treoraigh sinn chun geallúintí ár mbaisteadh a athnuachan le misneach is dóchas. A Thiarna éist linn.

3. Do gach éinne a bhíonn rannpháirteach in ullmhú daoine do shacraimint an bháisteadh. A Thiarna
éist linn.

4. Do mhuintir am pháróíste seo, cuimhnímid go speisialta ar dhoine atá breoite. Misnigh iad ina laige. A Thiarna éist linn.

5. Dóibh siúd atá romhainn ar shlí na Fírinne tabhair suaimhneas sioraí dóibh i gcomhluadar na nAingeal’s na Naomh A Thiarna éist linn.

A Dhia an ghrá is na maitheasa cuirimid chugat ár bpaidreacha trí Chríost ár dTiarna.

An Phaidir
Aontaithe san aon Spiorad guímis chun an Athar leis na briathra a mhúch Íosa dúinn.

Focal Scoir
Baisteadh sinn in ainm na Tríonóide i mbriathar is i ngníomh mairimís grá foirfe na Trionóide.

* * *

An Dara Domhnach den Bhliain
19ú Eanáir 2020

Réamhrá
Is cúis áthais agus dóchais dúinn teacht Íosa mar Uan Dé isteach inár saol. Le lúcháir tagaimid le chéile ag ceiliúradh an Aifrinn seo.

Smaoineamh
Bhí tuiscint ag Eoin Baiste go raibh freagracht air daoine a ghríosadh is a ullmhú do theacht Mac Dé isteach sa domhan. D’fhulaing sé i mbun an churaim seo ach bhí creideamh fíor dhoimhin aige a neartaigh é ina shaothar miseanda. I soiscéal an lae atá inniu chuir sé Íosa in aithne do dhaoine. Bhraithfeá umhlaíocht ina chur síos an Íosa. Ba léir gur thuig sé gur réamh theachtaire Chríost é féin. Níor shantaigh Eoin Baiste féinghlóiriú nó a thábhacht féin. Chuir sé roimhe aird na ndaoine a dhíriú ar Íosa agus d’impigh orthu casadh i dtreo Dé, le beagán focal d’eirigh le hEoin Baiste ár n’aigne a dhíriú ar mhisean Íosa, peacaí an domhain a mhaitheamh. De réir an tsoiscéil aithníonn Eoin é féin mar fhinné Creidiúnach do Íosa ár Slánaitheoir. Dála Eoin Baiste tá dualgas céanna orainn Íosa a chur in aithne dá chéile agus cabhrú le daoine tuiscint a fháil ar a theagasc. Tá an dúshlán seo casta i saol na linne seo, saol ina bhfuil cleachtadh sgus luacha an chreidimh faoi ionsaí. Is láidir gníomh ná briathar. Nuair a bhímid fírinneach, carthannach, cineálta agus tuiscint chroíúil á léiriú againn is amhail le fuinneoigín beag sinn tréna bhfaigheann daoine eile léargas ar Íosa.

Guí an Phobail
Le neart creideamh agus muiníne i nDia tagaimís ina láthair lenár bpaidreacha.

1. Ar son na hEaglaise treoraigh í ag comhlíonadh a saothar spioradálta agus carthanachta i bhfíonghort Dé. A Thiarna éist linn

2. Mar a léiríonn Íosa dúinn ina shaol cabhraigh linn maithiúnas a thabhairt do dhaoine eile agus glacadh le maithiúnas. A Thiarna éist linn

3. Spreag sinn chun urraim a thaispeáint do iontaisí na cruinne. Cabhraigh linn aire a thabhair do na hachmhainní nádúrtha inár dtimpeall. A Thiarna éíst linn

4. Fáiltigh roimh an mhuintir atá imithe romhainn go cuan suaimhneach na síoraíochta. A Thiarna éist linn.

5. D’ár n’intinní pearsanta……………… A Thiarna éist linn

Ofráilimid na hachainíocha seo chugat le lán mhuinín i do ollmhaitheasaí tré Chríost ár dTiarna.

An Phaidir
Dírimís ár gcroíthe is ár n’aigne ar an Athar agus sinn ag guí mar a mhúin Íosa dúinn.

Focail Scoir
‘Is mise an tslí, an Fhírinne agus an Bheatha’. Mar dheisceabhail Chríost leanaimis a Shlí, abraimís a Fhírinne agus mairimís a bheatha.

* * *

An Triú Domhnach den bhliain
26ú Eanáir 2020

Réamhrá
Mar dheisceabail d’Íosa glaotar orainn a bheith mar fhinnéithe dá ghrá. Ag ceiliúradh an Aifrinn seo bronntar grástaí orainn a neartaíonn sinn mar dheisceabail.

Smaoineamh
De ghnáth ní dhéanaimid cinneadh ar aon mhór athrú inár saol gan machnamh is plé a dhéanamh ar cad a bheadh i gceist dúinn sa todhcaí. Ní mar sin ag ceathrar i soiscéal an lae inniu, Peadar, Andrias, Seamus agus Eoin. Iascairí ab ea iad agus d’iarr Íosa orthu é a leanúint rud a dhéanadar láithreach lom. Ní geallúint gearr théarmach é seo ach a saol go léir a ofráil i seirbhís an tsoiscéil. Gnáth dhaoine ab ea iad gan aon stádas ar leith luaite leo. Ní strainséar Íosa dóibh agus bhí muinín acu agus chreideadar ina theagasc faoi Ríocht Dé. De réir a chéile a d’fhás a gcreideamh agus a ngrá do Chríost rud a chothaigh dílseacht agus díograis ina saothar mar dheisceabail.

Cén teachtaireacht atá ag eascar ón gceathrar sa soiscéil a bhí sásta a saol a chaitheamh ag cabhrú le hÍosa. Inár bparóistí bíonn deiseanna ar fáil a bheith rannpháirteach in obair na hEaglaise. Tá aithne againn ar dhaoine a ullmhaíonn daoine don mbaisteadh, daoine sa chór don Aifreann agus daoine ag obair ar an gcoiste liotúirge. Dar ndóigh níl anseo ach samplaí.

Scaoilimís lenár gcroíthe mar a dhéan Peadar, Andrias, Séamus agus Eoin. Cuirimís ár muinín i gCríost a ghlaonn orainn bheith páirteach i misean na héaglaise inár bparóistí. Is tábhachtaí ár dtoil fonnmhar ná saol. Mar bhaill an choirp bíonn a ról féin ag gach éinne ag saothrú Ríocht Dé.

Guí an Phobail
A Dhia a thugann éisteacht dúinn cuirimid ár bpaidreacha i do láthair le muinín i do ollmhaitheasaí.

1. Tabhair leigheas do na heasláin agus beannaigh na héinne atá ina gcúram. A Thiarna éist linn.

2. Go dtuga ár gcreideamh ionspioráid dúinn ár gcuid a dhéanamh ag craobhscaoileadh an tsoinscéil. A Thiarna éist linn.

3. D’ár bPápa Prionnsias, dár hEaspag N, misnigh iad do ghrá agus iad ag saothrú an de scéil le dúthrachtach. A Thiarna éist linn.

4. Tabhair suaimhneas síoraí do na mairbh. Go bhfaighe siad sonas neamhaí i gcomhluadar na nAingeal is na Naomh. A Thiarna éist linn.

5. Do rialtaisí ar fud an domhain, go gcuire siad rompu cúram agus caomhnú na timpeallachta a bhrostú ar mhaithe le cách. A Thiarna éist linn. A Dhia, ár nAthair éisteann tú lenár n-achainíocha le grá. Bronn orainn do bheannacht agus ár bpaidreacha á chur chugat tré Chríost ár dTiarna.

An Phaidir
Le haon ghuth amháin guímís briathra an tslánaitheora.

Focal Scoir
Siúlaimís i Solas Dé ag saothrú a Ríochta i bhfianaise an tsoinscéil ‘ Ní neart go cur le chéile’.