December/January 2021: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

 

Tomás B. Ó Luanaigh

Cill Áirne, Co. Chiarraí

tomlooney@gmail.com

 

 

An Dara Domhnach d’Aidbhint

Bliain C• 05/12/2021

 

Réamhrá

Lastar an tarna coinneall corcra inniu. Réitigí féin le h-agaidh Lá Chríost i dtreo is go mbeidh sibh lán de thorthaí na fíréantachta.

 

Smaoineamh

Samhlaígí tús an dráma ceolmhar darbh ainm ‘Godspel’ nuair a chasann Eoin Baiste a dhúshlán chroíúil ‘Réitígí, réitígí bóthar an Tiarna’ Nochtann an dráma nua-aimseartha céanna saol agus saothar Íosa Chríost ar an stáitse i bfhoirm dhrámáta. De réir an drámadóir cáilúil an tAthair Tomás Ó hIceadha – a fuair bás i gCorca Dhuibhne i mbliana, gurb é ‘Godspel’ceann des na drámaí is fearr ar fad faoi Beatha Chríost.

     Léiríonn Sailm 125 saothar, allas agus lúcháir muintir na tuaithe ag baint an fhómhair. Ta dhá leacht chuimhneacháin i gCill Áirne ag comóradh Filí Móra Chiarraí. Tá dealbh Shéamais Uí Mhurchú, údar an leabhair ‘Stone Mad’, le feiscint ar Chnoc na Mairtíreach an áit ‘nar chrocadh an file Duibhneach Piaras Feirtéar agus an Doimineachánach Tadgh Ó Muircheartaigh O.P. i 1653 le linn réime Chrombhuel. B’é an Duinníneach a chruthaigh an téacs le
h-aghaidh an leacht ós cionn uaighe Aogáin Uí Rathaille i Mainistear Mhucrois leag fórsaí Chroimbhuel fadó.

     Greanta ar an aol-chloch tá Sailm an lae inniu: ‘Ag sileadh deor dóibh gabhann siad amach ag iompar síol chun a scaipthe. Ag teacht ar ais dóibh tagann siad faoi áthas agus a bpunanna á iompar acu’.

     Tuigeann fáidh agus mairtíreach mar Eoin Baiste an Síolchur Deorach agus Fómhar Lúcháirech seo go rí-mhaith.

 

* * *

 

Giniúint Mhuire gan Smál

Bliain C • 08/12/2021

 

Réamhrá

I gcroí na hAidbhinte ta sé de nós againn misean Mhuire a cheiliúradh go sollúnta. Ní nách ionadh mar de réir ár sinsir

deirtear ‘Tá Dia láidir agus ta Máthair Maith Aige’.

 

Smaoineamh

Ag nóiméad an tSanais, beannaíonn an tAingeal Gabrial di mar ‘lán de ghrásta’ Ar feadh na n-aoiseanna, tháinig an Eaglais ar an tuiscint go raibh Mhuire , a bhí ‘lán de ghrásta ó Dhia(Lc,1,28), go raibh sí arna fuaiscilt ó nóiméad a coimpeartha i leith. Is é sin a dhearbhaíonn dogma na Giniúna gan Smál a d’fhógair an Pápa Pius IX sa bhliain 1854: Bhí an Mhaighdean bheannuithe Muire coinnithe slán ó gach smál de pheaca an tsinsir ó chéad nóiméad a coimpeartha i leith trí shainghrásta agus fabhar ó Dhia na nUilechumhachtacht, mar i ndúil le luaíocht Íosa Críost, Slánaitheoir an chine dhaonna.

 

Máithreacht dhiaga Mhuire

Sna soiscéil, tugtar ‘Máthair Íosa ar Mhuire (Eoin 2, 1; 19,25), ach mórtar í faoi luí an Spioraid, sular saolaíodh a Mac, mar ‘Mháthair mo Thiarna’ (Lc 1, 43). Is amhlaidh, an Té a ghabh sí ón Spiorad Naomh ina dhuine daonna, agus arb é a Mac fírinneach de réir na colainne, is amhlaidh gurb é Mac Síoraí an Athar é gan aon dul thairis dara Pearsa na Tríonóide Ronaofa. Dearbhaíonn an Eaglais gurb Muire Máthair Dé (Theotokos) go fírinneach. (Cait.na heaglaise cait. 491,495)

     B’shin an teideal Gréigis a bhí i mbéil na nEasbag ag freastal ar Chomhairle Eifeasais nuair a ritheadar tri sráideanna na cathrach ag fógairt ós ard ‘Theotokos’a chiallaíonn ‘Sí Máthair Dé. Ó 425 A.D. anuas is léar go raibh sár-thuiscint go deo ag Pobal na hÉireann mar dhein Pádraig ath-chuairt go luath inár measc chun an dea-scéal céanna a chraobhscaoileadh. Ó shin i leith ‘sé ‘Mac Mhuire’an teideal is mó atá i mbéal ár sinnsear faoi Íosa Críost.

 

* * *

 

An Triu Domhnach de Aidbhint

Bliain C • 12/12/2021

 

Réamhrá

Inniu go h-áthasach ceiliurimíd Domhnach ‘Gaudete’.

     Mar sin, ‘Canaigí don Tiarna, gáirigí le h-áthas agus liúirigí ná lagtar do lámha. Tá an Tiarna do Dhia i do lár mar laoch caithréimeach – tógfaidh sé gártha áthais ar do shon’.

 

Smaoineamh

Samhlaígí, a phobal Dé, conas is féidir an scéal cróga seo ó 630 roimh Chríost a chur in iúl dos na mílte, mílte dídeannaí fé chois i dtíortha mar An tSír agus An Afganastáin inniu. Seo díreach misean ár bPápa Proinsias atá bunaithe ar mhisean Zafainiá, Póil agus Eoin Baiste Fáidh léirithe ina chuid litreacha Evangelii Gaudium, Amoris Laetitiae agus Gaudete et Exsultate. Seo díreach misean na hEaglaise coíche.

     Ceaptar gur ó’n bpríosún in Eifeasais na Tuirce a sheol Pól ceann des na litreacha is áthasaí ón a láimh. Nách ait an rud é gur díreach sa chathair úd a chraobhscaoileadh ‘Theotokos’sa bhliain 425 ad á fhógairt go deo ‘Sí Muire Máthair De’.

     Cé go raibh Pól faoi ghlas sa bhliain 60 A.D. léiríonn sé meon lúcháireach in a litir chun na Filipigh. ‘Bígí lúchaireach i gcónaí sa Tiarna. Deirim aris; bíodh lúcháir oraibh , ná bígí imníoch faoi rud ar bith’ (Fil, 4: 4-6). Oíche amháin ar chlár Teilifíse ‘Nightlight’ nocht an tÍosagánach Mícheál Pól Ó Gallchóir go bhfuil an ráiteas ‘Ná bíodh aon eagla ort’ar fáil 366 uaireanta sa Bhíobla Naofa.

 

* * *

 

An Ceathrú Domhnach

Bliain C • 19/12/2021

 

Réamhrá

Is beannaithe toradh do bhroinne Íosa, Prionsa na Síochána.

 

Smaoineamh

Dhá bhliain ó shoin d’fhoilsigh ‘An Sagart’ sár leabhar dár teideal ‘Órchiste Nollag’. ‘Sí Máirín Uí Shé a chnuasaigh an bailiúchán seodmhar seo in ómós pearsanta dá tuismitheoirí Pádraig agus Éibhlís ‘a chuir aoibhneas agus áilleacht agus scóp na Nollag inár gcroíthe’ Tá raidhse saibhreas idir scéalta, seanchas, léireádaí ildathaca agus paidreacha traidisiúnta sa thesaurus seo.

     Cuireann sean-phaidir na hAidbhinte i gcuimhne dhúinn cleachtadh na mairnéalach mar Críostóir Colambus faoi lán tseoil nuair a bhíodh sé de nós aca orláiste (hourglass) a mbád a chasadh go rialta agus paidir a rá aca i gcónaí. Agus seo leanas díreach an saghas úrnái a bhíodh aca:

 

Is Beannaithe an Nóiméad

Is beannaithe an nóiméad a rugadh Mac na hÓigh

I meán oíche i mBeithil i lár an gheimhreidh ghairbh.

Deonaigh, a Íosa, trí bhrí agus onóir do Mháthair rónaofa

ár saol, ár sláinte agus ár neart a chaitheamh i do sheirbhís

bheannaithe, tríd an Slánaitheoir naofa agus a Mháthair Bheannaithe ag treisiú go glóir na Bhflaith eas. A Naíonáin uasail bheannaithe, déan trócaire orainn.

Tá an t-ádh dearg orainn go raibh eolas fíor mhaith agus bfhéidir aithne pearsanta age Naomh Lúcás ar Mhuire agus í ag taisteal go deifreach i dtreo tigh a colcheathair Eiliosaibeit ina fiosrú cáilúil. Is léir gur óg-bhean a chreideann sa mhodh díreach atá i gceist sa chás seo agus ag an bpósadh i gCána comh maith.

     ‘Is maith an Bhean Mhuire Mhór’.

 

* * *

 

An Nollaig

Bliain C • 24/25/12/2021

 

Réamhrá

‘Ghlac Mac Dé colainn daonna’.

Ta cuireadha Aingil Ghaibriéil o Dhia do Mhuire comhlíonta anocht/inniu.

 

Smaoineamh

‘Bhí an Domhan athraithe, ba í an chéad Nollaig í.

     Sin é shaolú ár Slánaitheora Íosa Chríost mar instear sna soiscéil é. Glacann an Pobal Críostaí go fáilteach leis an deascéal sin agus léiríonn siad i slite éagsúla an tábhacht atá leis an ócáid mhór sin.

     Sa tír seo, mar shampla, lastar coinnle sna fuinneoga Oíche Nollag mar chomhartha go bhfuil fáilte sa tigh roimh an Teaghlach Naofa agus tá scéalta againn faoin mbó ag dul síos ar a glúine agus caint ag teacht d’ainmhithe an oíche sin, ag tabhairt le fios go dtugann an dúlra féin aitheantas do shaolú an tSlánaitheora.

 

‘Lasfaimid coinneal na Nollag

is cuirfimid í sa bfhuinneog

in onóir don Slánaitheoir Íosa

a rugadh sa stábla fadó’.

Bíonn na coinnle lasta ar feadh dhá lá dhéag na Nollag’.

(Órchíste Nollag – Máirín Uí Shé l, 48)

 

Is iomaí traidisiún atá cruthaithe ó’n oíche úd nuair chruthaigh Naomh Proinsias a chéad mainséar na Nollag. I bPeiriú is gnáthach le Pastores (Aoirí) cuairt a dháil ar gach mhainséar sa comharsanacht ar 24ú lá. Gléasta mar Aoirí na hAindéis téann siad díreach ar oilithreacht i dtreo an mhainséar ag rinnce is ag canadh iomainn diaga chun fáiltiú roimh Íosagán. Agus an tadhradh traidisiúnta sin thart cúlaíonn siad siar gan a drom a chasadh agus ar aghaidh leo go dtí an chéad mháinséar eile sa cheantar.

 

* * *

 

Féile an Teaghlaigh Naofa

Bliain C • 26/12/2021.

 

Réamhrá

Nochtann Naomh Lúcás dúinn deacracht mhórshaoil lósaef agus Muire có maith leis an réamhcheol ar mhórcheoldráma mhisean Íosa. Conas is féidir linn teacht ar Íosa i dTeampall ár linne seo agus É a leanadh mar Chlann dílis Dé?

 

Smaoineamh

2200 bliain ó shoin thug Íosa léargas chruinn dúinn ar shuáilcí chlainne díreach mar a thugann Séamus Heaney ina léargas fhileata ‘Follower’. Is léir go bhfuil an meas céanna ag an múinteoir eagna ó Iarúsailéim agus an file ó Bellaghy ar a dtuismitheoirí. ‘Fiú amháin má thagann meath ar a mheabhair, bí foighneach leis – óir an carthanach a dheineann tú – ní dhéanfar dearmad uirthi coíche’. Tá sláinte an laoich a bhíodh ag treabhadh na bánta i mBellaghy briste anois agus tá an dualgas ar an bhfile aire a thabhairt dó coíche.

     Inniu ag ceiliúradh Féile an Teaghlaigh Naofa is féidir linn an chosúlacht i réim i gceardlann Nazaret agus in iomaí teaghlach ó shoin anuas a thuiscint. Deirtear sa tSín nach féidir ag aon clann ar domhan an manadh a chrocadh ós cion doras an tí ‘Níl aon cruachás anseo’. Seo díreach and cruachás atá ag brú go trom ar Iosaef agus ar a bheanchéile ar maidin. Ar feadh ceithre lá ar fad tá an déagóir in easamh ar a thuismitheoirí. Fé dheireadh tagann siad air sa Teampall ina shuí i lár na máistrí mar shaineolaí ag chur alltacht ar chách.

     Oscailíonn Naomh Lúcás récheol dúinn ar mhórcheoldráma bheatha agus misean Íosa Chríost. Diaidh ar ndiaidh tagann tuiscint níos soiléire do Mhuire a ‘thaiscigh go dílis na nithe seo ina croí’. Dáileann foighne agus grá Iósaf crógacht do thuismitheoirí ár linne ina gcúramaí agus a ndualgaisí chlainne ar thóir Íosa i dTeampall an lae inniu.

 

* * *

 

An Dara Domhnach na Nollag

Bliain C • 02/1/22

 

Réamhrá

Inniu aithnítear bunchloch ár gcreidimh i línnte clúiteacha Naoimh Eoin. ‘Agus rinneadh feoil de’n Bhriathar agus chonaigh Sé ‘nár measc’.

 

Smaoineamh:

Ní fada uainn a bhíodh an Lucht Taistil ar bhóithre na tíreag lorg áit chun a bpuball a chur síos chois chlaí. Cabhairíonn an t-íomhá sin scribhinní Shíorach agus Eoin a mheas i gceart. Ag freastal ar Aifreann Dé inniu cuímhnígí ar na mílte, mílte daoine ar fúd na cruinne nách bfhuil dídean socair aca. Is mór-chúram a gcás d’on tSiúr Stan ó Focus Ireland agus do Peter McVerry agus dúinne mar chomharshaoránaigh comh maith. Ina ghairm mar mhúinteoir eagna in Iarúsailéim dhá chéad bliain roimh Críost cuireann sé i luí ar a éisteoirí conas a ‘thug cruthaitheoir an uile ní dom, agus cheap an té a chruthaigh mé láthair do mo bhoth, dúirt sé: Déan cónaí i Iacob agus bíodh Iosrael agat mar oidhreacht.’

     Caithfear coimeád i gcuimhne, a Phobal na Páirte, gur both sealadach a bhí i gceist leis na glúinte d’en Phobal Tofa. Tagann teagasc dearfa ó bhéal agus ó pheann Naoimh Eoin á rá dúinn go léir ‘chónaigh sé inár measc’ ‘Sé sin le rá chruthaigh an saor admhaid ó Nazarat a bhoth i gceart lár a phobail de shíor. B’shin rud a thuig Naomh Pól go rí-mhaith mar b’é an gairm saolta a bhí aige ná déantús agus díol campaí ar mhargadh na saoire ar fúd na hImpire.

 

* * *

 

Féile na hEipeafáine

Bliain C • 05/012022

 

Réamhrá

Míníonn Naomh Maitiú an tslí ina léiríonn Dia go bhfuil gach éinne, agus ní h-amháin an Clann Tofa, ina chlann de shíor.

 

Smaoineamh

Tá an seod seo leanas le fáil ó pheann Mháirín Uí Shé in ‘Órchiste Nollag’ a chnuasaigh sí.

Oíche na dTrí Rithe – Féile na hEipeafáine

‘Bíonn ceiliúradh mór ar theacht na saoithe go dtí an stábla ar oíche Nollag Bheag agus lá Nollag Bheag ar an 5 agus 6 Eanáir, Oíche na dTrí Rithe, Féile na hEipeafáine agus i dtraidisiún hÉireann glaotar Nollaig na mBan air agus an Nollaig Bheag, Bíonn an-lá ag na mmá an lá sin. Ni dheineann siad aon obair, mar deintear teindeáil ortha.

     Lastar trí choinneal sa bhfuinneog an oíche sin in onóir do na Rithe. Tá alán scéalta deasa traidisiúnta againn mar gheall ar an oíche sin agus ar a dturas agus iad á dtreorú ag an réalta.

     Chuaigh scéal na Rithe i bhfeidhim go mór ar dhaoine agus thugadar Caspar, Baltasor agus Melchior mar ainmneacha ortha. Saoithe ab ea iad agus réaltaithe.

     Cuireann an Fhéile shollúnta seo i gcuimhne dúinn gach duine atá ar thóir an fhírinne mar atá na Magi ó’n oirthear. Smaoinaigí ar na mílte a bheidh ag tabhairt faoi’n gCamino go Compostella nó Tóchar Phádraig i mbliana mar shampla. Tá agus beidh bacanna mar Héaród ina dtreo cinnte sar a léironn siad a mbuanna dá gcomharsuinn tar éis a dturas. Ach fé sholas na réalta ní fál go h-aer é gliocas agus uisce fé thalamh Héaród Rí agus fórsaí mar é. D’aimsigh na Saoithe Anoir ród fíor nua abhaile dá dtír féin tar éis teacht ar Íosagán agus a mháthair. Le ómós chroí d’fhágadar go h-umhal a dtabhartas ársa – ór, túis agus miorra. Tugann T.S. Eliot fianaise ó bhéal duine de’s na Ríthe ina deireann sé ‘And a hard coming we had of it’. Ach b’fhiú an turas do’s na Ríthe agus dúinne go léir ar tháirseach na Nua-Bhliana 2022.

 

* * *

Baisteadh an Tiarna

Bliain C • 09/01/022

 

Réamhrá

Is é an Baisteadh bunchloch do’n Bheatha Chríostaí ar fad, saortar sinn ó’n pheaca agus déantar baill de Chríost dínn ag leathnú a Ríocht.

 

Smaoineamh

Ar chuairt abhaile go hÉirinn ó Bhoston do’n chéad uair riamh d’íarr an tSiúr Rita Ní hAodha ar a gaolta ‘Cá bfhuil an Sáipéal inar baisteadh mo thuistí’. Ag dul isteach do’n Ard Eaglais i gCill Áirne agus Séipéal Naomh Séamus i gCill Orglan dhruid sí i dtreo na hUmair Baiste chun iad a pógadh. Bhí gliondar ina croí ag comóradh creidimh dílis a sinnsir sa bhaile agus thar lear.

     Is breá an nós in bparóistí áirithe ar Fhéile Bhaiste Íosa nuair a fhoilsíotar s’na Nuachtlitir ainmneacha na bpáistí a baisteadh sa pharóiste i rith na bliana roimhe. ‘Seo lóchrann geal ag ceiliúradh creidimh Phobail Dé agus tuar dóchais ag tús na hAth Bhliana.

     In óráid ar bhainis a inína chuir scéal an Daid ionadh orainn araon á rá ‘Sé an chéad rud a rinneas ar maidin inniu ná dul isteach i seomra codlata na Brídeoige chun choineall a baisteadh a lasadh ar son an lánúin nuaphósta’. Dhá bhliain ina dhiaidh sin chualamar ath-insint ar an scéal chéanna ar lá bhaiste an chéadghin.

     Tháinig Íosa ó Nazaret sa Ghailíl agus fuair baisteadh sa Iordán ó Eoin Baiste. Ar Oilithreacht sa Talamh Naofa is fiú an láthair ársa chéanna a aimsiú. Ach bí cúramach mar luíonn sé ar theorainn náisiúin ná bhfuil ró cháirdúil lena céile. Comh maith le sin, is léir go bhfuil log mianach(landmines) contúirteach idir an dá thaobh agus saighdiúrí á gcosaint. Ó’n lá úd i leith chuir Íosa tús lena shaol poiblí agus tar éis a aiséirí tugann misiún dá Eaglais a dheá scéal a fhógairt do’s na náisiúin uile agus iad á mbaisteadh in ainm na Tríonóide,

 

* * *

 

An Dara Domhnach

Bliain C • 16/01/2021

 

Réamhrá

Is ag freastal ar ghnáth ócáid mar bhainis chlainne a dheineann an Tiarna an conradh nua idir Dia agus a phobal a nochtú.

 

Smaoineamh

Tús maith leath na h-oibre. Léiríonn an tSoiscéalaí Eoin conas a chruthaíonn Mac Mhuire tús poiblí dá shaol poiblí ós comhair an tsaoil i gCána, Is léir go bhfuil an siúneir tar éis a cheardlann sa bhaile i Nazaret a thréigint ós rud é go bhfuil sé ar aigne aige misean a shaoil a thosnú. Is fiú

a thabhairt fé ndeara go bhfuil a mháthair agus a dheisceabail ina theannta ag an mbainis.

     Cloistear glór Íseáia sa chéad léacht ag iarraidh a phobal lag-bhríoch a mhúscailt. Táid in umar na h-aimléise de bharr go bfhuil a máthair-chathair Iarusailéim scroiste fé chois mar bhaintreach tréigithe. Éiríonn an fáidh suas ina measc á fhógairt go dóchasach go bhfuil ré nua amach rompa. ‘Óír lig an Tiarna a rún leat agus gheobhaidh dhúiche é mar chéile. Díreach mar a phósann ógfhear cailín, is é An Saor féin a phósfaidh thusa’. Tá bainis nó conradh fíor nua le teacht. Seo é an comhtheacs nó an cúlra chun eachtra Chríost i gCána a mheas i gceart.

     Múineann an baintreabhach Muire dúinn go léir cad is aoi freagrach ann. An mheadh tusa có fhreagrach is a bhí sí?. Ní fheadar. Cad é do mheas? Gan mhoill cuireann sí a mac fé geasa nuair a bhraitheann sí go bhfuil an líon fíona caite.

     Dfhreagair Íosa go borb. ‘Níl m’uairse tagtha fós’. Ach dhein sé an beart ar son an lánúin nua phósta. Ba mhór an lámh a bhí age Muire sa scéal dáiríre. Anois tá an ré nua a d’fhógair Íseáia fadó i réim.

     ‘Ta Dia láidir ‘s tá Máthair maith Aige’.

 

* * *

 

An Triú Domhnach

Bliain C • 23/01/2022

 

Réamhrá

Ceiliúrtar Seachtain na Scoileanna Chaitliceacha i mbliana le Íosa Fuascailteoir ag fógairt fís nua ó Nazaret. Seo Íosa ag fógairt fís réabhlóideach a dáileann agus athmhuintearas do’s na boicht.

 

Smaoineamh

Ó bhainis Chána anuas tá an nua-chonradh geallta, fógraithe trí eachtra Chríost. ‘Sé atá i gceist ag Ezra agus Íosa beirt ná conas is féidir leo dlí agus Briathar Dé a chur ós comhair na daoine. ‘Sé sin le rá, conas teagasc Dé a mhúineadh.

     Ar Sheachtain na Scol Caitliceach in Éirinn tá an cúram díreach céanna le chur i gcrích againne mar Phobal Dé an lae inniu. Díreach mar a fuair Ezra an dublshlán fadó chun dlí Mhaois agus na scríbinní diaga a chur ós comhair Clann Iosrael tá an dubhhlán sin idir lámha againne mar Eaglais comh maith. Ba phobal bascaithe a bhí ag éisteacht le Ezra, pobal éadóchasach. Tagann sé ina measc chun ardú meanamna a spreagadh ionta – rud a dhein sé. Ar chnoc na Deasgabhála tháinig an t-ordú agus an gheallúint seo ó Íosa Aiséirithe: ‘Imigí, déanaigí deisceabail do na náisiúin uile, á mbaisteadh – ag múineadh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil’. Seo misean na nAspal. Seo misean na hEaglaise ó shoin i leith. Seo díreach an fáth go bhfuil scoileanna Caitiliceacha bunaithe ar fúd na cruinne. Seo díreach misean na mBord Bainistíochta agus oidí scoile ag freastal ar na scoláirí araon féna gcúram.

‘Is aoibhinn beatha an scoláire’ de réir an file agus dá bharr is aoibhinn beatha an oide freisin. Ciallaíonn ‘Oideachas’ – ó’n Laidin- educare, an ghairm dírithe ar threorú leanaí ar bhóthar a leasa go h-iomlán.

     Rath Dé ar an obair.

 

* * *

 

An Ceathrú Domhnach

BIiain C • 30/01/2022

 

Réamhrá

An Domhnach seo caite thug Soiscéal Lúcáis cuntas dúinn ar mhisean Chríost Fuaiscailteoir i Nazaret, misean contúirteach ó shoin i leith. Múineann Naomh Pól iomann an ghrá dúinn.

 

Smaoineamh

Ba é an Corcaíoch Donnacha Ó Floinn a dhein aistriuchán fíorchríochnúil ar Shoiscéal Lúcáis. Chaith sé a shaol mar shagart ag múineadh an Ghaeilge i Mánuat agus mar shagart paróiste i mBaile Átha Cliath roimh deire a shaoil. Chuireann sé go blasta in ár dteanga féin scéalta Lúcáis – lia, ealaíontóir, agus soscéalaí a bheidh le chlos againn gach deire seachtaine i rith nab liana 2022.

     Is léir go bhfuil sár-thuiscint ag Lúcás ar mheon na ndaoine. I Soiscéal an lae tá gliondar chroí ar phobal an tsráidbhaile ag fáiltiú roimh Íosa tar éis a eachtraí míorúilteacha thall i gCafarnáum. Ach casann siad Air nuair nach hfuil Air a leithéid a chruthú ina measc. Casann siad ina choinne ag cloisteáil éachtaí móra na sean-fháidh mar Éilias agus Eiliseá ar son daoine taobh amuigh de’n bPobal Tofa a bhí i gcruachás. Ní raibh meas madra aca ar dhaoine mar iad agus mar sin tugann siad agaidh ar Mhac Iosaef chun é a chur chun báis.

     I stair na hEaglaise is féidir an meon seo a aithint go soiléir. In ár dtír féin sa lá atá inniu ann aithnítear rian de’n tsaghas fhuaith ghéarchúis céanna a bhí ag fulaingt age Íosa ina bhaile dhúchais. Tá an t-ádh dearg orainn le crógacht ár bPápa Proinsias nuair a chuir se chun chinn naomhú San Oscar Romero – mairtíreach agus Ard Easpag San Salvador

ár linne.

     ‘Sé síol na hEaglaise fuil na mairtíreach’.