December-January 2022/23: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

Nollag: Máirtín Mac Conmara MSC
Eanáir: Fr Donncha O’hAodha, Dublin

 

An Dara Domhnach den Aidbhint
4 Nollaig 2022

 

Iontróid
Ionann Aidbhint, ón Laidin Adventus, agus ‘Teacht’, ullmhú do theacht Ár dTiarna mar gheall sé, agus cuimhneamh ar a ghealladh faoi theacht an Tiarna agus a bhuanna mar atá sa chéad léacht agus an teagasc atá dúinnn ansin mar a mheabhraíonn Pól sa dara léacht.

 

SmaoineamhI

Cuirtear béim inniu san eaglais ar lárionad an Bhíobla, na Scrioptúir idir Sean agus Nuathiomna, inár gcreideamh. Tá ceachtanna éagsúla le fáil ann dúinn i léachtaí an Domhnaigh mar is léir ón méid a deir Pól naofa inniu, a luann trí chinn – foighne, solás (nó spreagadh) agus dóchas. Scríobhann sé: ‘Gach ar scríobhadh fadó, is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an solás (nó spreagadh) atá le fáil sa scrioptúr ina n-ábhar dóchais againn. Go dtuga Dia na foighne agus an t-soláis (nó an spreagtha) daoibh bheith báúil le cheile de réir mheon Íosa Críost.’

Tugann Pól an prionsabal agus ansin baineann úsáid as: foighne a bheith ag an Eaglais lena scríobhann sé sa Róimh – bheith báúil lena chéile.

Tá ceachtanna ann dúinn chomh maith ón gcéad léacht, tairngreacht ón bhfáidh Íséaia faoi theacht mac Dháibhí, an Meisias, an Críost.

Ba é Iese athair Dháibhí. Samhlaítear sa léacht seo teaghlach Dháibhí agus Iese mar chrann, leagtha go talamh. An gas i gceist ná Mac Dháibhí an Meisias. Trí Spiorad an Tiarna beidh sé bhuanna aige –eagna, tuiscint, comhairle, cumhacht, eolas agus eagla an Tiarna.

Ní dó féin ach dá mhisean na buanna. Tuigeann sé gach cás go hiomlán. Déanann de ceart agus cóir agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bíonn an bhreith á tabhairt aige trína bhriathar agus anáil a bheola; an chóir ceangal a choim agus díleacht crios a chromáin (a chorróige). Le fíoradh na físe beidh teach Dháibhi mar chomhartha do na cinócha, agus na náisiúin ag dul ina mhuinín.

Tá ceachtanna ann don Eaglais i ngach aois. Tugann na léachtaí misneach di le go meadh dóchas agus spreagadh aici, dúinn eile, agus foighne leanúint ar aghaidh. Is sinne salann na talún, solas an domhain.

 

* * *

Giniúint gan Smál na Maighdine Beannaithe Muire
8 Nollaig 2022

Iontróid
Tá lúcháir ar m’anam i mo Dhia. Óir táim gléasta in éide an tslánaithe aige, agus clúdaithe le brat na fíréantachta.
 

Smaoineamh

Tá gach a bhfuil i liotúirge an lae inniu ár meabhrú faoi naofacht, naofacht na hEaglaise, an naofacht is dúil do lucht leanúna Chríost. Sa loinneog fógraíonn Muire trína giniúint gan smál í féin mar thimire agus eiseamláir den naofacht sin. Deir sí go bhfuil sí gléasta in éide an tslánaithe ag Dia, agus clúdaithe le brat na fíréantachta. Ba é sin plean Dé ón tsíoraíocht anall. Mar a deirtear sa dara léacht: ‘Roimh thosú an domhain roghnaigh Dia sinn i bpáirt le Críost chun bheith naofa gan locht os a chomhair’. Cuireadh bac leis an bplean sin i nGáirdin Parthais nuair a mheall an nathair Éabha agus inar labhair Dia faoin naimhdeas a bhí sé le cur idir shíol na nathrach agus síol na mná. Ní cinnte cén bhrí a bhain céad léitheoirí as an tagairt don nathair sa téacs seo ach le himeacht aimsire tuigeadh gurbh é an diabhal í agus freisean go mbeadh an bua ag síol na mná air le teacht an Mheisias.

Tá an bhéim sin sa naofacht, sa bhfoirfeacht, mar chuid den ré nua ó Íosa féin i leith. Is cuid den ré nua neamh agus an naofacht a bhaineann leis. Dúirt Íosa lena chéad lucht leanúna: ‘Bígí foirfe faoi mar atá bhúr nAthair ar neamh foirfe.’ Tá an bhéim chéanna ag Pól a mhaíonn go bhfuil an neart acu ó Dhia sin a dhéanamh ach a thugann foláireamh go bhfuil an cholainn lag agus i mbaol titim, mar a chuireann an t-aspal go gleoite é chuig na Filipigh (2-12-13): ‘Saothraigí bhúr slánú faoi uamhan agus faoi eagla, mar is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus gníomh ionaibh de réir a dhea-thola féin.’

* * *

An Tríú Domhnach den Aidbhint
11 Nollaig 2022

 

Iontróid
Inniu Domhnach na lúcháire, le Dia mar bhunús don áthas.

Smaoineamh

Tá éirim léachtaí an lae inniu le fail go deas san urnaí don Seachtú Domhnach Fichead Saor: ‘A Dhia, as iomadúlacht do mhaitheasa, dáileann tú ar na daoine a bhíonn ag éamh ort thar mar a thuileann siad agus thar mar a iarann siad’. Sa chéad léacht tá an fáidh ag caint le pobal Dé atá gan dóchas sa Bhaibealóin, lámha atá faonlag, glúine atá ag lúbadh. Fógraíonn sé go bhfuil ré nua ag teacht ó Dhia Iosrael, ré atá thar an rud a shamhlaigh siad, don dúlra féin agus do bhaill leonta phobal Dé. Seo fís Dé ina bhfuil an téarma ‘lúcháir’ mar théama ag rith tríd: ‘Déanadh an díthreabh agus an fásach lúchair’; ‘Beidh teanga a bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir’; ‘Tiocfaidh lúcháir agus gairdeas i dteannta’ na mbraighdeanach ag filleadh ar Shión. Ré nua a bheidh ann ina mbeidh deireadh le caoineadh agus le dubrón, ach ré nua Dé, ré nua ina dtabharfar omós do gach ar chruthaigh Dia, agus bheith réidh le leasú a dhéanamh ar aon míchúram air, cúiseanna do athrú aeráide amhail athchoilltiú, dochar do fhoraoiseacha.

     Ní de thoirt a dhéantar fíorú ar fhís seo Dé, ach de reir a chéile le síorspreagadh ó bhriathar Dé. Ní mór bheith foighneach mar a mholann Naomh Séamus dúinn sa dara léacht inniu.

     Ba iomrca fís seo Dé i gcéad léacht an lae inniu do Eoin Baiste sa phriosún dó. Ba chuid dá sheanmóireacht díbheirg Dé a bhí le teacht le teachtaire Dé, an Meisias. A mhalairt ar fad an scéal le hÍosa i leith peacach. Chuir seo amhras air. Níor thug Íosa ‘Is ea’ nó ‘Ní hea’ mar fheagra ar cheist Eoin ach thug samplaí dá chuid míorúiltí féin a bhí mar fhíorú ar fhís agus ar ghealltanas Dé sa chéad léacht inniu.

 

* * *

An Ceathrú Domhnach den Aidbhint
18 Nollaig 2022

 

Iontróid
Ag tnúth le slánú, le slánaitheoir, éirim na hiontróide seo mar is léir ó bhriathra an fháidh sa leoinneog inniu: ‘A spéartha fearaigí anuas an bua mar a bheadh drúcht ann. Osclaíodh an talamh agus tagadh an slánú amach ina gheamhar!’

 

Smaoineamh

Tá feitheamh cuíosach fada taobh thiar de léachtaí an lae inniu, ó Achaz rí Iúda, thart ar an mbliain 740 roimh Chríost, go giniúint mhaighdeanach Íosa, agus fógairt an aspail Pól faoi chomhlíonadh fáistiní na bhfáithe faoi Íosa mac Dháibhí ag cur tús le craobhscaoileadh dea-scéal an tslánaithe chuig na náisiúin uile.

     An Aidbhint is feitheamh í le comóradh bhreith Chríost agus machnamh ar a ateacht. Tá cosúlacht, mar sin, idir an comóradh seo agus an Eocairist ina deirtear ag an coisreacan go bhfuiltear ag fógairt gach uair a cheiliúrtar é bás an Tiarna Íosa agus ag comóradh a aiséirí nó go dtaga sé. Baineann siad araon lenár dTiarna agus an Eaglais mar rúndiamhair.

     Is fada an méid sin i slí ón Nollaig mar a cheiliúrtar inniu í. Smaoineamh a bheidh in aigne móráin an tráth seo ná conas Íosa a thabhairt ar ais don Nollaig. Is soiléir go meidh níos mó I láthair ag Aifreann na Gine ná mar is gnáth do Aifreann an Domhnaigh. Is mar sin a bhí thar na blianta. Ní bheadh sé discréideach dar liom iarratas díreach a dhéanamh orthu athrú ach is ócaid í le áit lárnach Íosa i saol an té a chreideann a chur i láthair.

     Is deas an rud agus is Críostaí nósanna agus ceiliúradh na féile seo. Snaidhmeann sé cairdeas agus caidreamh idir daoine, agus cártaí, malairt brontannais agus eile le dea-thoil a léiriú. Ach fágann sin ar lár bun-bhrí na féile, breith an linbh, Dia agus duine, a saolaíodh le brí na beatha a chur os chomhair an chine dhaonna agus iad a threorú i rith a saoil abhus agus go neamh iar n-éag. Is mór an bua creideamh Chríost le treoir a thabhairt i rith ár seal abhus, bua nach dochar a lua I bhféile bhreith Íosa.

 

* * *

Breith Ár dTiarna Íosa Críost Aifreann an Lae
25 Nollaig 2022

 

Iontróid
Agus ghlac Mac Dé colainn dhaonna agus chónaigh sé inár measc.
 

Smaoineamh

Leis na cianta bhí trí Aifreann ann do Lá Nollag, Aifreann na hOíche, Aifreann Bhreacadh an Lae agus Aifreann an Lae. An téama a atá ag léachtaí Aifreann na hOíche ná daonacht Íosa. Diagacht Chríost is téama do léachtaí Aifreann an Lae.

     Tá sin le fáil sa dara léacht ón Litir chuig na hEabhraigh. Is ‘scáil ghlóir an Athar agus cló a shubstainte’ é Mac Dé, Íosa. Tugtar ‘An Briathar’ ar an Dara Pearsa den Trionóid Naofa. Tá diagacht Íosa Chríost le fáil go soiléir i shoiscéal Eoin, saothar a bhí á chur i dtoll a chéile ar feadh tréimhse fhada sa chéad chéad agus an machnamh ar ghaol Íosa leis an Athair ag dul chun cinn. Tháinig an crot deiridh atá againn anois air thart ar dheireadh na céad aoise. Deir an Soiscéal ina réamhrá: ‘Bhí an Briathar ann ar dtus, agus bhí an Briathar in éineacht le Dia agus ba Dhia an Briathar. … Agus rinneadh feoil [colainn dhaonna] den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc ‘, is é sin le rá ghlac sé colainn dhaonna.

     Rúndiamhair dhomhain, den chéad ghrád, í seo agus is soiléir nach bhféadfaí glacadh leis ach trí chreideamh amháin. An sampla is iomráití de dhuine nár ghlac ná Arias (AD 250 nó 256-336), sagart ó Chathair Alastair. Ba é a theagasc siúd nach raibh Mac Dé comh-shíoraí nó comh-shubstaintiúil leis an Athair, ach a mhalairt gur neach cruthaithe é i rang íochtarach don Athair. Fógraíodh a theagasc ina eireacacht ag Comhairle Niceaea in 325 agus le níos mó beaichte ag Comhairle Chathair Constaintín i 381, a thug dúinn an Chré faoin dteagasc mar atá sé inniu: ‘Íosa Críost, Aon-Mhac Dé, an té a rugadh ón Athair sul a raibh aon saol ann, Dia ó Dhia, solas ó sholas, fíor-Dhia ó fhíor-Dhia: an té a gineadh agus nach ndearnadh [cruthaíodh], agus atá d’aon substaint [comh-shubstaintiúil] leis an Athair’.

     Tá tuairmí de shaghas eireacacht Arias á gcur i láthair i gcónaí, go mór mór ag lucht léinn agus ní dochar bheith san airdeall fúthu.

 

* * *

Sollúntas Muire Bheannaithe Máthair Dé
1 Eanáir 2022

 

Iontróid
Ar an lá seo, Lá Caille, lá na hUrnaí Domhanda ar son na Síochána, cuirimid ár n-intinní go léir faoi bhrat Mhuire. Is álainn agus is feiliúnach an rud é tús a chur leis an mbliain nua faoi choimirce na Maighdine, mar is tríthi a tháinig ár Slánaitheoir Íosa Críost chugainn. ‘Is Eisean ár síocháin’, mar adeir Naomh Pól (Eif 2:14).

Smaoineamh

Tar éis dó an domhan a chruthú níor imigh Dia uainn, ach is amhlaidh go leanann sé muid as grá dhúinn an t-am ar fad: chun cabhrú linn, chun freastal orainn agus chun muid a fhuascailt. Mar sin, mar adeir Naomh Pól sa dara léacht, ‘nuair a tháinig an uair a bhí ceaptha’ is ‘ó bhean’ a tháinig Mac Dé inár measc. Labhraíonn Dia linn trí dhaonnacht Chríost. Is Eisean Briathar Dé ina phearsa dhaonna.

     Mar sin is fiú machnamh agus urnaí a dhéanamh ar dhaonnacht Chríost bunaithe ar an soiscéal, agus is fiú tréimhsí a chaitheamh os comhair na croise naofa agus os comhair na Sacramainte Ró-Naofa. Bíonn Críost ag fanacht orainn i gcónaí chun labhairt linn agus chun sólás agus fuinneamh a thabhairt dúinn.

     Is í Muire an cóngar chun teacht ar Íosa ár Slánaitheoir. Ní féidir Críost agus a Mháthair a scaradh óna chéile. Maraon leis na haoirí sa soiscéal inniu, is i gcomhluadar Mhuire a bhuaileann muid le hÍosa. Fanann Muire in aice lena Mac, agus tugann sí tacaíocht dó ina mhisean. Glacann sise páirt – thar aon duine eile – i bPáis agus in Aiséirí an Tiarna. Agus é ar an gcros sular bhásaigh sé, thug Íosa Muire dúinn le bheith ina Máthair cheanúil againne chomh maith.

     Tá Muire i gcónaí in aice linn chun cabhrú linn, chun muid a spreagadh, agus í ag guí ar ár son. Ise thar éinne eile a threorann muid chun na Tríonóide Naofa, trína Mac muirneach. Bainimid áthas agus tairbhe as ár gcaidreamh le Muire tríd an Choróin Mhuire naofa – is é atá ann ná machnamh ar Chríost trí shúile agus trí chroí a Mháthar – agus trí labhairt léi go minic le lán-mhuinín inár bhfocail féin. ‘Go mbeannaithear duit, a Mháthair bheannaithe’, mar adeir an Loinneog don Iontróid.

 

* * *

Sollúntas Eipeafáine an Tiarna
6 Eanáir 2022

 

Iontróid
Tagann saoithe ón aird thoir chuig Íosa tar éis an réalta a leanúint. Tá muidne bailithe anseo inniu chun an Íobairt Ró-Naofa a cheiliúradh mar gur lean muid réalta an ghrásta, mar gur ghlac muid le cuireadh Chríost le bheith páirteach go gníomhach ina Eocairist. Guímis go bhfeicfeadh chuile dhuine réalta ár dTiarna, ionas go mbainfeadh siad áthas agus tairbhe as an slánú a ofrálann Íosa dúinn.

Smaoineamh

Ar shollúntas na hEipeafáine inniu, feictear dúinn go dtairgeann Dia a shlánú do gach uile dhuine. Is é a chiallaíonn ‘Eipeafáine’ ná ‘léiriú’. Léiríonn an Slánaitheoir go bhfuil fuascailt i ndán do gach aon duine gur mhaith léi nó leis glacadh léi, is cuma cé an cultúr nó tréimhse staire lena mbaineann an duine.

     Is é seo atá i gceist le ‘caitliceachas’ na hEaglaise. Ciallaíonn ‘caitliceach’ ‘uilíoch’. Níl teorainn ar bith le grá Dé. Bhunaigh an Tiarna a Eaglais ar son gach uile náisiún, gach cultúr, gach uile phearsa dhaonna. Mar adeir Naomh Pól leis na hEifisigh sa dara léacht inniu, is ‘comhoidhrí linne na gintlithe’.

     Tá sé mar ghairm, mar mhisean agus mar phribhléid ag gach uile bhall den Eaglais dea-scéal Chríost a chraobhscaoileadh. Mar adeir an Pápa Proinsias linn go minic, ní do shaineolaithe amháin an misean seo: tá sé ar a chumas, trí ghrásta Dé, ag gach ball de Phobal Dé ‘áthas an tSoiscéil’ a roinnt le chuile dhuine, i ngach áit, ar ócáid ar bith. Is é sin atá i gceist le ‘caitliceachas’ na hEaglaise ina hoilithreacht i gcaitheamh na staire.

     Níl aon amhras ach go bhfuil gach aon duine daonna ag lorg an slánú, ag triall ar an bhfuascailt. Arís agus arís eile feictear dúinn nach féidir linn muid fhéin a shábháil. Mar adeir Ísáiá fáidh sa chéad léacht inniu: ‘Tá na náisiúin ag triall ar do sholas’.

     Is féidir linn go léir lúcháir an tSoiscéil a roinnt mórthimpeall orainn trí ghuí agus trí aithrí a ofráil ar son daoine eile, trínár ndea-shampla agus ár gcairdeas, agus trínár gcomhrá chomh maith. Cén fáth nach labhródh muid faoinár gcreideamh? Tá daoine ag fanacht ar dhea-scéal Bheithil a chloisteáil.

     Iarraimid ar Mhuire, Máthair na hEaglaise cabhrú linn chun ‘toradh beannaithe a broinne’ a thaispeáint do chuile dhuine mórthimpeall orainn.

 

* * *

Féile Bhaiste ár dTiarna
8 Eanáir 2022

 

Iontróid
‘Is é seo mo Mhac muirneach’, adeir an tAthair Síoraí mar gheall ar Íosa (fch. véarsa an Alleluia). Deir Dia an rud céanna fúinne. Trínár mbaiste is mic agus iníonacha Dé muid go léir. ‘Breathnaigí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! Go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn’ adeir Naomh Eoin (1 Eoin 3:1). Is féidir linn iarraidh ar an Spiorad Naomh inniu cabhrú linn tuiscint níos domhaine a bheith againn agus áthas níos iomláine de bharr ár ndínite mar chlann Dé, dínit a bronnadh orainn trí shacraimint an Bhaiste.

Smaoineamh

Cén fáth gur lig Íosa do Eoin Baiste É a bhaisteadh san Iordáin? Cén míniú a bhaineann leis? Is cinnte nach raibh gá ar bith ag Críost le híonghlanadh nó le haithrí. Tuigeann muid cén fáth gur dhein Eoin Baiste iarracht ar Íosa a stopadh.

     Ag machnamh dóibh ar an rúndiamhair seo, is é adeir Aithreacha na hEaglaise ná gur ghlac Íosa le baisteadh Eoin, ní chun go nglanfaí Eisean, ach chun go nglanfadh Seisean aibhneacha an domhain seo agus an domhan uilig trína bhaiste féin.

     Tá maitheas ag baint leis an domhan seo ann féin. Le linn an chruthaithe, deirtear linn arís agus arís eile: ‘Chonaic Dia gur mhaith sin’ (Gein 1:12). Déanann Íosa an domhan a naomhú arís trína bhaiste san Iordáin. Ag tús an domhain ‘bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n-uiscí’ (Gein 1:2). Le linn athchruthú an domhain ag baiste an Tiarna bhí Spiorad Dé os cionn na n-uiscí arís, mar a fheiceann muid i soiscéal an lae inniu. Cruthaítear agus fuasclaítear an domhan trí oibriú Grá-Dé-ina-Phearsa, is é sin an Spiorad Naomh.

     Toisc go bhfuil grá ag Dia don uile ní cruthaithe, is féidir linne bheith cóngarach do Dhia trí ghnáth-eachtraí an tsaoil. Ní gá an domhan cruthaithe a fhágáil chun teacht ar Dhia. Pé rud a dhéanann muid – saol clainne agus oibre, scíth agus fulaingt, spórt, ealaín, cairdeas, teicneolaíocht agus feirmeoireacht – is féidir linn teacht ar Chríost agus bheith i gcomaoin leis trí ghnáth-nithe agus trí ghnáth-ghníomhartha an lae.

      Líonann Íosa an domhan uilig lena ghrásta trí rúndiamhair a bhaiste. Fágann clann Dé, iníonacha agus mic Dé, solas an Tiarna ar chuile shórt a bhaineann lena ngnáth-shaol, trí ghrásta a mbaiste. 

 

* * *

An Dara Domhnach Saor
15 Eanáir

 

Iontróid
‘Go n-adhra an domhan go léir thú a Thiarna; agus go mola sé thú’. Spreagann an loinneog don iontróid muid chun glóir a thabhairt do Dhia. Ni gníomh sclábhaí é ómós a thabhairt don Tiarna, ach a mhalairt. Nuair a mholann muid an Tiarna tugtar síocháin dár n-anamacha. Is trí an ghuí a dtagann muid ar ár gcomhlíonadh mar dhaoine daonna agus mar chlann ionúin Dé.

​​​​​​​Smaoineamh

‘Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain’. Ní múinteoir amháin é Íosa. Is é ár Slánaitheoir é a bheireann an fhuascailt chugann trína Pháis. I soiscéal an lae inniu feicimid Eoin Baiste agus é i mbun a bhaiste a bhronnadh ar na daoine san Iordáin. Is comhartha agus ullmhúchán é baiste Eoin do mhaithiúnas na bpeacaí a thugtar dúinn trí shacraimintí an Tiarna.

     Tá an Tiarna ag teacht amach chugainn i gcónaí chun muid a bheannú agus a shlánú. Ní meafar é seo. Tá Íosa ag feitheamh orainn agus ag glaoch orainn sa liotúirge agus trí bheatha an ghrásta. Glaonn sé orainn go pearsanta. Tugann sé cuireadh dúinn glacadh lena ghrá dhúinn agus lenár bhfuascailt.

     Cuireann Íosa gliondar ar leith ar ár gcroí trí shacraimint na Faoistine. De réir córais an cheartais daonna, nuair a admhaíonn duine a chiontacht caithfidh sé an píonós a chomhlíonadh. De réir an cheartais diaga, ní hamhlaidh mar atá ar chor ar bith; maitheann an Tiarna ár bpeacaí ina n-iomláine.

     Bíodh grá ar leith againn do Shacraimint na hAithrí. Sacraimint na Saoirse atá ann i ndáiríre, Sacraimint an Dóchais, Sacraimint an Áthais, Sacraimint na Trócaire Diaga. Bainimis úsáid agus tairbhe as an Sacraimint chumhachtach seo go minic, agus molaimis do dhaoine eile freisin Faoistin a dhéanamh, faoi mar a mholann an Pápa Proinsias dúinn go léir go mion minic. Mar adeir an tAthair Naofa: ‘Sa bhFaoistin maitheann Dia ár bpeacaí dúinn, agus déanann sé dearmad orthu’

     Ní hé amháin go maitheann Dia ár bpeacaí dúinn sa sacraimint seo; tugann sé neart agus fuinneamh nua dúinn chun leanúint ar aghaidh ar thóir na naofachta. Mar adeir Ísáia fáidh i Liotúirge an Bhriathair de chuid an lae inniu: ‘Ba é Dia mo neart’.

 

* * *

An Tríú Domhnach Saor
22 Eanáir

 

Iontróid
Seo é Domhnach Briathair Dé, ceiliúradh bliantúil a bhunaigh an Pápa Proinsias i 2019 chun cabhrú linn uilig áthas agus tairbhe a bhaint as an scrioptúr naofa. Ag an Aifreann tagann an tAthair Síoraí i ngar dúinn i gcónaí agus labhraíonn sé go ceanúil le gach duine againn trí na léachtaí ón mBíobla. Is fiú machnamh pearsanta a dhéanamh ar na léachtaí seo: Céard tá á rá ag an Tiarna liomsa, agus linne, trína bhriathar naofa?

​​​​​​​Smaoineamh

‘Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh’, adeir Íosa leis na haspail sa soiscéal inniu. Deir an Tiarna an rud ceannann céanna le gach duine againne chomh maith. Tá gairm phearsanta le bheith inár n-aspail de chuid Críost ag gach aon duine againn. Is fíor é go nglaotar orainn go léir bheith inár naoimh, ach ag an am céanna tá bealach áirithe ar leith freisin ag gach anam chun Íosa a leanúint.

     Is fiú iarracht a dhéanamh ar éisteacht le Dia agus muid ag guí, agus ag amanna eile leis i rith an lae. San lá atá inniu ann níl sé éasca an ciúnas a chothú, ach tá an tsíocháin seo riachtanach dár n-anamacha. Bíodh roinnt ama againn gach uile lá chun guí mheanman a dhéanamh, is é sin comhrá pearsanta inár bhfocail féin do bheith againn lenár dTiarna. Faoi mar adúirt Naomh Treasa Avila: Níl i gceist sa ghuí mheanman ach bheith in éineacht leis an Té a bhfuil an tuiscint is an grá is domhaine aige dúinn.

     Ná bíodh eagla orainn roimh toil Dé. Is as toil Dé a eascraíonn ár síocháin agus ár lúcháir. O am go ham beidh deacrachtaí agus dúshláin againn chun glacadh go hiomlán le toil Dé, ach níl aon chaidreamh grá gan fulaingt. Abraimis, in éineacht le traidisiún béil ár n-oidhreachta: ‘Toil Dé, inniu agus choíche’. Ní cúis scanraidh nó bróin dúinn riamh glacadh le toil Dé. Faoi mar adeir an salm san Aifreann inniu: ‘Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú’.

     Níl amhras ar bith ann ach gurb é toil Dé é go mbeadh na Críostaithe go léir aontaithe le chéile i bPobal Naofa Dé. Thosaigh muid ar an Ochtáibh Urnaí le haghaidh Aontú na gCríostaithe ar an 18ú lá den mhí seo. Iarraimis an grásta fíor-thabhachtach seo, trí idirghuí na Maighdine Beannaithe, Máthair cheanúil na hEaglaise.

 

* * *

An Ceathrú Domhnach Saor
29 Eanáir

 

Iontróid
Agus muid ag tosnú inniu ar Sheachtain na Scoileanna Caitliceacha, cuimhnímis ar an ngrá speisialta atá ag Íosa don aos óg. Guímis ar son gach aon duine óg, go dtiocfaidh sí nó sé ar lúcháir an tSoiscéil trí chaidreamh pearsanta a bheith acu leis an dTiarna. Déanaimis urnaí ar leith freisin ar son na dtuismitheoirí agus na múinteoirí go léir maraon le gach éinne atá ag obair inár gcuid scoileanna. Cuirimis iad go léir faoi choimirce Mhuire, Máthair Dé agus ár Máthair muidne.

​​​​​​​Smaoineamh

Sa soiscéal inniu feicimid Íosa ar thaobh an chnoic, i dteannta lena chuid aspail agus ag labhairt leis na sluaite. Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil Íosa ag labhairt le gach aon duine againne anseo freisin. Iarraimis ar an Spiorad Naomh cabhrú linn chun éisteacht go domhain leis an dteachtaireacht a thugann an Tiarna dúinn inniu.

     Ar an gcéad dul síos is é atá sna beannaitheachta ná portráid de Íosa é féin. Na suáilcí seo uilig, feiceann muid iad gan teorainn i bpearsa Íosa Críost. Is é seo is bunús le háilleacht an Tiarna. Is ionann a bheith suáilceach agus a bheith álainn go fírinneach. Is dá bharr seo nach féidir áilleacht Chríost a shárú.

     I bhfocail an Tiarna sa soiscéal inniu – agus nach fíor é go bhfuil siad ar chuid de na focail is áille a dúradh riamh? – tugtar portráid dúinn den naomh. Céard is naomh ann? Duine a dhéanann iarracht beatha Chríost a chothú ann féin trí glacadh leis an ngrásta diaga agus trí na suáilcí éagsúla a chleachtadh sa ghnáth-shaol laethúil.

     Dúirt Naomh Eoin Pól II linn gan eagla a bheith orainn bheith inár naoimh. Is ionann naofacht agus sonas, fiú má bhíonn fulaingt i gceist ó am go ham. Mar adeir Íosa linn ag deireadh an tsoiscéil inniu: ‘Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh’.

     Iarraimis trí idirghuí na Maighdine, Cúis ár Lúcháire, go nglacfaimis le dúshlán na naofachta, dúshlán na mbeannaitheachta, inár ngnáthshaol laethúil.

 

* * *