February 2019: Leathanach don Cheiliuraí

Leathanach don Cheiliuraí
Réamonn Ó Muirí
Ard Mhacha

An Ceathrú Domhnach Saor

3 Feabhra 2019, Bliain C

Réamhrá

Tá teachtaireacht Dé dírithe ar an domhan uile. Thogh séİİİİ Irimia agus İosa chun sin a fhógairt. Bhí Dia i gcónaí leo. Is Mac Dé İosa agus bíonn Sé linne agus dualgas orainn a mhisean ghrá agus athmhuintearais a fhógairt.

Smaoineamh

Tá fhios againn go bhfuil go leor daoine sa domhan ag fulaingt pianta, anró, agus éagóir. San am chéanna tá dáóchas le fógairt againn. Tá slánú síoraí le fáil trí İosa. Bíonn an Spiorad Naomh linn agus é ag cuidiú linn agus tugann Sé misneach dúinn oibriú chun lasair an chreidimh a thabhairt do dhaoine eile.

Ní bhaineann ár ndualgas misin le tíortha thar lár amháin. Baineann ar gcéad mhisean lenár bpobal sa bhaile. Tá fhios againn go bhfuil daoine ann a baisteadh ach nach gcaitheann a mbeatha mar Chríostaithe. Tá daoine eile ann nach bhfuil ach eolas neamhfhoirfe acu ar a gcreideamh. Is é ar gcuspóir misneach a thabhairt dóibh a gcreideamh, a ndóchas agus a ngrá a léiríu ina saol iomlán agus sin trí ghrásta İosa.

Guí an Phobail

1. Go mbí neart ag ár bPápa Proinsias an fhírinne a fhógairt in ainneoin daoine ag cur ina aghaidh.

2. Ar son athnuachan in ár mbeatha spioradálta féin ionas go mbeadh fhios ag an domhan gur deisceabail İosa sinn.

3. Na misinéirí thar lear atá ag craobhscaoileadh an tsoiscéil go mbí fhios acu i gcónaí go mbíonn cumhacht Dé ina measc agus iad i láthair deacrachtaí.

4. Ar son ár muintir sa bhaile, iadsan a theagasc sinn grá bheith againn dá chéile, go dtabhairí Dia síocháin agus suaimhneas dóibh.

An Phaidir

Ag ullmhú dúinn arán na beatha a ghlacadh cuirimid sinn féin agus ár ndomhan faoi chúram ár nAthar.

Focal Scoir

A Dhia, a charthanacht gan teora, a thrócaire gan miosúr,

is é do ghrá do bheir duit teacht go
dtí mé

is é mo dhóchas do bheir damh thú ‘ghlacadh.

Bheirim mo chorp duit mar theampall,

mo chroí duit mar altóir

agus m’anam duit mar phyxis.

* * *

An Cúigiú Domhnach Saor

10 Feabhra 2019, Bliain C

Réamhrá

Gairm chrábhaidh téama na léachtaí inniu. Glaodhann Dia ar Iseáia, ar Phól agus ar Pheadar chun a sheirbhíse. Cuimhnímid gur glaodhadh orainn fosta lá ár mBaiste. Inniu tá faill againn ár ngeall a athnuachan.

Smaoineamh

Tuigimid uilig ár ndaonnacht, ár laige go háirithe, ach amannaí eile bíonn muid iontach cróga agus láidir. Tá grá mór ag Dia dúinn agus is cóir dúinn cuimhneamh air sin. Bíonn muid lag uaireanta cosúil le Peadar ach thuill sé uair eile an teideal ‘Carraig’. Tugann sin misneacht dúinn. D’fhan cuimhneamh i gcónaí ar aiséirí Chríost le Pól, an fhís a bhí aige nuair a thug İosa a mhisean mór dó.

Tugadh comhartha do Pheadar İosa a leanúint, comhartha a bhain lena shlí bheatha féin. Ba iascaire é. D’athraigh an ghabháil mhór éisc a shaol. Neartaíonn Dia ár gcreideamh fosta le comharthaí. Amannaí is comharthaí ghrá iad nó comharthaí uchtaigh. Uaireanta bíonn orainn cosán nua a shiúl agus ansin tá cuidiú Dé a dhíth orainn go mór. Ag an Aifreann go háirithe tugtar inspioráid dúinn.

Téama eile sna léachtaí – maithiúnas! Toghtar Iseáia, Pól, agus Peadar, tugtar maithiúnas dóibh agus tá aidhm le sin. Toghtar iad le daoine a threorú go Dia. Tá ar Iseáia aithrí chroí a chur roimh a phobal cionn is gur peacaigh iad. Tá Pól toghaithe chun an aiséirí a fhógairt agus athmhuintearas a chuardach trí İosa Críost. Is mór an grásta atá againn go bhfuil Sacraimint na hAithrí againn agus cuidíonn sin linn, misinéirí, naofacht agus grá Dé a fhógairt do dhaoine eile.

Guí an Phobail

A Dhia, fuair do Mhac Muirneach bás ar ár son agus d’aiséirigh Sé ar an treas lá ionas go mbeadh beatha againn ann. Cuidigh leis an domhan uilig páirt agus cion bheith acu duit.

1. Ar son Críostaithe ar fud an domhain a bhfuil laige tagtha ina gcreideamh. Spreag iad, a Thiarna, le cuidiú do ghrasta ‘thiontú chugat arís.

2. Ar son méadú ar ghairmeacha don sagartacht agus don bheatha rialta.

3. Nach mór an misneach a bhí ag Naomh Pól agus é ag fógairt an tSoiscéil! Go nglana Dia ár gcroithe ionas go mbeadh muid dílis don Soiscéal agus solas Chríost a thabhairt isteach i ndorchadas.

4. Ar son na daoine a fuair bás le déanaí sa pharóiste, go mbaine siad anois só agus aoibhneas as a radharc ar an Tiarna aiséirithe.

A Dhia, ár nAthair, éist lenár n-achainíocha. Mhothaigh muid go minic inár saol do mhaithiúnas agus do ghrá. Tabhair an grásta dúinn i gcónaí do ghrá a chur os ard. Iarraimid sin trí Chríost ár dTiarna.

An Phaidir

Glacaimid chugainn intinn Chríost, go dtaga Críost isteach inár gcroíthe ionas go dtabharaimid onóir do ainm Dé

Focal Scoir

Fáilte romhat chugam-sa, a İosa.

Tá tú agam anois, go bhfanaidh tú agam go bráth,

Ŏ a Neamh ar talamh, maith agus mór-shláinte,

go ndéanaidh tú do mo anam.

* * *

An Séú Domhnach Saor

17 Feabhra 2019, Bliain C

Réamhrá

Is saibhir an focal é ‘daonnacht’. Go minic deirimid ‘Ghlac an Briathar colainn dhaonna agus chónaigh Sé inár measc’. Dar le Críost go bhfuil sé tábhachtach bheith páirteach sa bheatha dhaonna ach fiúntas na bhFlaitheas bheith in uachtar in ár gcroíthe.

Smaoineamh

Díritear focla Chríost sa Soiscéal ar na daoine bochta, orthusan a bhfuil ocras orthu, orthusan atá ag fulaingt faoi láthair agus b’fhéidir go mbaineann sin le roinnt daoine i láthair anseo. Gníomh mór creidimh é go dtuigimid go n-athraítear sin sa bhFlaitheas.

Tugann na beannachtaí sa Soiscéal léiriú ar mhisean İosa. Is é ár Slánaitheoir. Tugtar beannacht don té a chreideann ann. Tugtar beannacht go háirithe dóibhsean a bhíonn ag fulaingt de bhrí go bhfuil creideamh acu ann.

Daoine nach bhfuil ag fulaingt faoi láthair tá cuireadh tugtha dóibh cuidiú le daoine eile ata bocht agus ocras orthu. Cuirtear scéal amach gach lá ag go leor eagraíochtaí ag iarraidh ár gcabhair agus is cóir dúinn a chuimhneamh gur ríocht chothroime, ghrá agus síochána ríocht Dé.

Tá fíorchreideamh taobh istigh de chroí an duine, is é sin an grá go háirithe. Má tá grá inár gcroíthe is féidir le Dia ansin cónaí a dhéanamh ionainn, ár muinín ann a neartú, agus an grá a bhronnadh ar dhaoine eile. Tá an Carghas ag druidim isteach orainn. Dhéanfaidh muid iarracht, le cuidiú Dé, rud éigin sa bhreis a dhéanamh. Cuideoidh ár bféindiúltú agus ár bpaidreacha ansin caoi a thabhairt dár dTiarna ár gCríostaíocht agus ár muinín ann a neartú.

Guí an Phobail

Tá İosa in ár láthair go fíor san Eocairist faoi mar a bhí sé agus é ag labhairt leis an slua agus na beannaitheachta á bhfógairt aige.

1. Le grá inár gcroíthe agus an Spiorad Naomh ag tabhairt solais dúinn iarraimid inár bpaidir go mbeimid ábalta ár saol a chaitheamh i spiorad na mbeannaitheach.

2. Guímis ar son ár bPápa Proinsias agus ar son ceannairí uile na hEaglaise go meadaí a ngrá dúinne a bhíonn faoina gcúram.

3. Ar son na daoine atá bocht go bhfaighe siad cuidiú uainne agus uathsan atá thart timpeall orthu.

4. A Shlánaitheoir, tabhair isteach i do Ríocht iadsan uile a bhí dílis do do bhriathra.

A Thiarna Dia molaimid thú agus bheirimid buíochas duit mar bionn t cineálta agus truachroíoch linn i gcónaí. Cuir i níul dúinn go bhfuil grá agat dúinn do chlann. Ăiméan.

An Phaidir

Tá ríocht Dé tagtha inár measc. Guímis go mbeidh an ríocht seo curtha faoi bhuanréim ionainn.

Focal Scoir

Na trí bolgaim tar éis Chomaoine

Seo sláinte an Fhir lainn do leath a ghéag gheal!

Seo sláinte na Mná mónla rug Mac on Naomh Spiorad!

Seo sláinte Naomh Pádraig do bheannaigh Ėire!

* * *

An Seachtú Domhnach Saor

24 Feabhra 2019, Bliain C

Réamhrá

An bhfuilimid toilteanach bheith trócaireach? Is é an grá croí ár gcreidimh. Ach is é triail an ghrá maithiúnas a thabhairt do naimhde. An féidir linn aithris a dhéanamh ar an Athair atá lántrócaireach?

Smaoineamh

Bhí faill ag Dáibhí a namhaid, Sól, a mharú sul a mharochadh Sól é. Ach ní dhéanfadh sé é. Nach dtig leis an domhan aithris a dhéanamh air? Tá cogaí ar siúl ar fud an domhain. Is furasta géilleadh don fhoréigean. Ach bíonn foréigean ar siúl fosta idir dhreamanna agus amannaí sa bhaile. Is cóir dúinn, Críostaithe go háirithe, bheith inár gcinn réitigh.

Féach ar ghrá agus ar mhaitheasaí Dé. Nach bhfuil sin le feicéail ina Mhac İosa Críost? Scairt sé amach ar an chrois, ‘A Athair, maith dóibh, óir níl a fhios acu cad é tá dá dhéanamh acu’ – b’ionann sin is a rá dá dtuigeadh siad, ní dhéanfadh siad é.

Triail mhór ár ngrá, triail mhór ár gCríostaíochta, an dóigh a théimid chun socraithe le daoine, an dóigh a théimid chun síocháin a shocrú. Thig linn maithiúnas a thabhairt, mar tugann Dia maithiúnas dúinne, agus ní bhíonn muid i gcónaí ag súil le buíochas.

Dúirt İosa, ‘Má tá grá agat dóibhsean a bhfuil grá acu duit, caidé an chreidiúint sin duit?’ Iarrann İosa níos mó ná sin.

Tá an Tiarna Dia trócaireach grásúil, flúirseach ina ghrá agus ina dhílseacht. Gné é sin agus é ag plé leis an chine daonna. An féidir linn aithris a dhéanamh ar a chineáltas atá lán de ghrá, ar a thrua, ar a mhaitheasaí, ar a thrócaire, ar a ghrá? Is cóir dúinn a chuimhneamh go bhfuil trócaire i gcónaí ceangailte le Dia agus le hİosa, ionchollú thrócaire Dé

Guí an Phobail

Tá creideamh againn go dtabhairfidh Dia maithiúnas dúinn. Níor spáráil Sé a Mhac a fuair bás ar ár son. Nach mór an comhartha é sin!

1. Guímid ortha sin atá i ndiaidh dochar nó brath a fhulaingt. Go dtugaidh Dia an grá sin dóibh maithiúnas a thabhairt dá naimhde faoi mar a thug Dia maithiúnas dóibh féin.

2. Tabhair muinín mhór dóibhsan nach bhfuil an dóchas acu go dtabharfadh Dia a gcuid peacaí a mhaitheamh. Tá an mhuinín le foghlaim acu nuair a airíonn siad go bhfuil Críostaithe ag guí ar a son.

3. Na daoine sin uilig a fuair bás agus grá acu Duit, a Dhia, tabhair isteach in aoibhneas síoraí Parthais iad.

4. A Thiarna, líon an domhan le do theachtaireacht ghrá agus síochána. Go mbí siad le sonrú i ngníomhartha maithiúnais Chríostaithe.

Ofráilimid na hachainíocha seo duit, a Athair, in éineacht leis an íobairt a d’fhulaing İosa do Mhac, a mhaireas agus a rialaíeas leat trí shaol na saol. Ăiméan.

An Phaidir

Deirimid anois le chéile an Phaidir a thug Críost dúinn, ag cuimhneamh dúinn go bhfuil Críostaithe ar fud an domhain ag guí linn.

Focal Scoir

A İosa Chríost, a Shlánaitheoir an domhain, gur céasadh do Chorp ró-naofa le tairní den chrois, ceangail mo chroí den chrois chéanna leis na trí tairní le creideamh, le dóchas, le carthanacht.

ó Peig Sayers

* * *