February 2021: Leathanach don Cheiliuraí

Leathanach don Cheiliuraí

Marcas MacDomhnaill

Ballyferriter

 

7 Feabhra, 2021

An Cúigiú Domhnach Saor

 

Éirim an Aifrinn

An té a leanfaidh mise, beidh aige solas na beatha. Is é Críost solas dúinn sa tsaol seo agus sinn ag lorg slí na fírinne .

 

Smaoineamh

Tá duairc agus suairc ann. An donas amach agus an sonas isteach is ea an phaidir a chloisimid i dtraidisiún na nGael ar oíche chinn bhliana gach bliain. Tá na rudaí seo ar fad fite fuaite ionainn. Ins an chéad léacht tá Jób tromchroíoch ‘Ní fheicfidh mo shúile sonas go deo’ ach sa soiscéal, tá leigheas ag Íosa ar ár dtrioblóidí ar fad.

‘Molaigí an Tiarna a shlánaíonn lucht an chroí bhriste’. Salm 146.

Sa lá atá inniu ann, tá lucht an chroí bhriste ag dul i méid. Tá Covid 19 tar éis scrios a dhéanamh ar mhórán teaghlaigh mór thimpeall an domhain. Tá cogaidh i móráin áiteanna agus teifigh curtha chun siúil amach a ndúthaigh féin.

Bíodh misneach againn as n focail a chloisimid inniu – leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair. Bíodh dea-shampla Íosa á leanúint againn agus sinn ag lorg réiteach ar fadhbanna an tsaoil

‘Ghabh sé amach agus d’imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí.’ Bímis ag guí le dóchas nó go dtaga sé aríst. Is sinn ag druidim i dtreo an Charghas arís, bímis ag cuimhneamh ar ár saol spioradálta, conas í a chothú a láidriú. Bíodh ár náit uaigneach féin againn istigh inár gcroíthe ionas gur féidir linn guí le dóchas , pé áit ina bhfuilimid.

 

Guí an Phobail

1. Ar son éinne atá éadóchasach. Go raibh misneach agus grásta na foighne acu ar an saol seo chun a gcros a iompar. A Thiarna, éist linn.

2. Ar son lucht an chroí-bhriste. A Thiarna, ná déan dearmhad ar ainnise an tsaoil seo. Féach le trócaire orthu siúd atá ag fulaingt agus a mbeola le cailís shearbh na beatha. Go raibh suaimhneas Dé le braiscint acu. A Thiarna, éist linn.

3. Ar son teifigh. Déan trócaire orthu siúd atá ag caoineadh agus sceimhlithe ina mbeathaigh. Go raibh muinín acu as trócaire diaga Dé. A Thiarna, éist linn.

4. Ar son easpaig na hEaglaise. Go dtreoraí siad daoine chun Dé trí ghrá Dé a léiriú do chách. A Thiarna, éist linn.

5. Ar son anamnacha na marbh. Go raibh ceann scríbe bainte amach acu ar an dtalamh fónta. A Thiarna, éist linn.

 

A Athair Naofa, a Rí na nDúl, féach orainn go ceansa agus éist lenár n -urnaithe, trí Chríost ár dTiarna, Áimean.

 

An Phaidir

Sé Dia ár nAthair, lán de thrócaire. Bronn orainn do ghrásta a Thiarna ionas gur féidir linn guí le dóchas faoi mar a mhúin ár Sláinitheoir dúinn a dhéanamh – Ár nAthair …

 

Focal Scoir

Ó glac uainn a Dhia mhór, gach smaoineamh ‘nár n-aigne,

Ár mbriathra, ár ngníomhartha, gach iarracht dár mbeathna,

Ár gcathú, ár mbuartha, is ár n-aoibhneas is taitneamhaí,

Leis an arán is an bhfíon seo , gaibh chugat agus beannaigh iad.

 

* * *

 

14 Feabhra 2021

An Séú Domhnach Saor

 

Éirim an Aifrinn

Is beannaithe dár maitheadh a choir,

Dár folaíodh a pheaca. (Salm 31)

 

Smaoineamh

Tá mórán galair ann. Galair idir anam agus corp. In aimsir Chríost bhí eagla ar dhaoine roimh galar na lobhar. Inár linn féin, tá eagla ar dhaoine roimh an bhíreas corónach. Tá galar eile ann áfach, nuair nach bhfuil aon dóchas agat sa tsaol seo, gan aon mhuinín agat as éinne.

Tá faoiseamh le fáil ó Íosa. ‘Is tú m’áit folaigh, a Thiarna, Cuireann tú gártha tarrthála i mo thimpeall.’ Sin atá le clos inniu i Salm 31.

Tá croí mór ag ár dTiarna. Is féidir linn dul i bhfolach istigh ann. Is tearmann dúinn é. Feicimid sa soiscéal nach bhfuil aon ghalar ann nach féidir le Dia a leigheas. Tá Íosa sásta agus ullamh a lámh chúnta a sháigh amach chugainn. Is é Íosa ár líon tarrthála. Síneann Dia a lámh amach chugainn i sacraimintí na hEaglaise, le uisce sa bhaisteadh, le íle don ungadh, lena chuid feola agus fuil ins an Eocairist.

Ach an bhfuilimid sásta ceist a chur air sinn a leigheas? Taispeánann Íosa a ghrá sa soiscéal inniu agus dá bharr sin, ba cheart dúinne a bheith grámhar do chách. Ar fhéile Naomh Vaileintín inniu, bíodh misneach againn grá Dé a scaipeadh inár dteaghlaigh agus inár gcaidreamh le daoine eile. A Thiarna, déan trócaire ar ár gcroí ceannairceach agus ar ár gcreideamh fann.

 

Guí an Phobail

1. Ar son na neaslán. Go raibh grá Dé le braiscint acu. A Thiarna , éist linn.

2. Ar son lániún ag ullmhú don bpósadh. Go raibh tuiscint acu ar an ngrásta faoi leith a fhaigheann siad i sacraimint an phósadh. A Thiarna , éist linn.

3. Ar son daoine atá i ngrá le chéile agus iad i bhfad óna chéile. Tabhair foighne dóibh ar an saol seo agus dóibh siúd dá dtugaimid grá go dtí go mbeimís go léir i do láthair i bParrthas Dé. A Thiarna , éist linn.

4. Ar son na hEaglaise. Go raibh sí i gcónaí in ann grá Dé a thaispeáint do chách. A Thiarna, éist linn.

5. Ar son na marbh. Go raibh siad ag caitheamh na glóire faoi shuaimhneas anama i do láthair. A Thiarna, éist linn.

 

A Athair Naofa, a Rí na nDúl, féach orainn go ceansa agus éist lenár n-urnaithe , trí Chríost, ár dTiarna. Áimean.

 

An Phaidir

Sé Dia ár nAthair, lán de ghrá, Bronn orainn do ghrásta , a Thiarna , ionas gur féidir linn guí le dóchas , faoi mar a mhúin ár Sláinitheoir dúinn a dhéanamh. Ár nAthair …

 

Focal Scoir

A Íosa, sín amach do lámh chúnta chugam. A Chroí Ró -Naofa Íosa, is asat-sa atá mo mhuinín agam.

Líon mé le grá a Íosa, taispeáin dom an tslí,

Líon mé le grá a Íosa, líon mé de ló is d’oíche.

Tabhair dom an tsíocháin bhuan, a thagann uaitse amháin,

Líon mé le grá a Íosa,

Is crochfaidh mé suas d’amhrán.

 

* * *

 

21 Feabhra 2021

An Chéad Domhnach Den Charghas

 

Éirim an Aifrinn

Taispeáin do shlite dom, a Thiarna, agus teagasc dom do rianta (Salm 24)

 

Smaoineamh

Tá an Chéad Domhnach den Charghas buailte linn arís. Cuireann sé tús leis an dtréimhse thar ar daichead lá, mar ullmhúcháin don gCáisc. Is am dúinne é i saol na hEaglaise chun féachaint orainn féin. Ní lenár súile féin a dhéanfaimid é sin ach déanfaimid é i láthair Dé agus Soiscéal Dé dár soilsiú.

Sa soiscéal inniu, cloisimid Íosa ag rá ‘Tá an tréimhse caite agus tá ríocht Dé in achmaireacht.’ Sa charghas, ba cheart dúinn a fháil amach an bhfuilimid ag maireachtaint le tréithe an soiscéil á dtaispeáint againn.

‘Déanaigí aithrí agus creidigí an soiscéal’. Sin an teachtaireacht eile sa soiscéal inniu. Seo iad na hordaithe atá fachta againn ó Íosa. Chun aithrí a dhéanamh, ní mhór dúinn eolas a bheith againn ar ár gcointa agus a bheith brónach mar gheall orthu. Is próiséas leanúnach é a bheith ag cur lenár gcreideamh. Guímid do Rí na nDúl chun tacú linn ár gcreideamh a neartú i rith an charghas seo.

Níl sé fuirist an tam a fháil sa lá atá inniu ann chun dianmachnamh a dhéanamh ar ár saol agus ar ár gcaidreamh le Dia. Cosúil le Íosa sa bhfásach caithfimid cur suas leis na deacrachtaí seo, ach nílimid inár naonar, mar tá Dia farainn.

 

Guí an Phobail

1. Ar son daoine atá ag fulaingt agus ag strácháil leis an saol seo. Go raibh daoine sásta faoiseamh a thabhair dóibh. A Thiarna , éist linn.

2. Ar son na neaslán. Go dtuga Dia misneach dóibh agus iad ag fulaingt agus a mbeola le cailís shearbh na beatha. A Thiarna , éist linn.

3. Ar son na hEaglaise. Go raibh Íosa i gcónaí mar eiseamlár aici, chun grá Dé a thaispeáint dos na ciníocha. A Thiarna, éist linn.

 

4. Ar son na nóg. Go dtreoraí an Spioraid Naomh iad chun na maitheasa i rith a saol. Cabhraigh leo má bhíonn a gcreideamh fann nó a gcroí ceannaicreach A Thiarna, éist linn.

5. Ar son na marbh. Go bhfeice siad solas na bhflaitheas. A Thiarna , éist linn.

 

A Athair Naofa, a Rí na nDúl, féach orainn go ceansa agus éist lenár n- urnaithe, trí Chríost ár dTiarna. Áimean.

 

An Phaidir

Treoraigh mé i d’fhírinne agus teagasc mé, óir is tusa, a Dhia na cruinne, mo Shlánaitheoir. Leis an meon seo, tá sé de mhisneach againn a rá. Ár nAthair …

 

Focal Scoir

Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine . I rith an charghas, bímis ag diriú isteach ar bhriathar Dé agus conas mar is féidir linn é a chur i bhfeidhm inár saol.

 

Críost liom gach lá dem ré,

Críost ar dheis agus Críost ar chlé,

Críost romham is Críost fúm,

Críost im’ dhiaidh agus ós mo chionn.

 

Críost ina chónaí ‘lár mo chroí,

Críost im’ thimpeall fan na slí,

‘Dul mo luí is ag éirí dom,

Críost im’ fhocair is a ghrásta agam.

 

* * *

 

28 Feabhra 2021

An Dara Domhnach Den Charghas

 

Éirim an Aifrinn

‘Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé ghnaoi: éistigí leis!’ (Naomh Marcas)

 

Smaoineamh

Is sinn ag treabhadh ar aghaidh lenár féinscrúdú i rith an charghas, cloisimid ordú ón Athair sa soiscéal ‘éistigí leis’. Tá Dia ár nAthair i gcónaí ag iarraidh a ghrá ‘a thaispeáint dúinn’. Sa chlaochlú, tá Íosa le feiscint le glóire agus cumhacht. Tá an radharc seo chomh taitneamhnach agus chomh grámhar, tá leisce ar na haspail an fhís seo a fhágaint. Ba dheas leo dá leanfadh sé ar aghaidh. Bhíodar sásta trí bhoth a thógaint.

Tá téama an ghrá le fáil ins na léachtaí inniu. Bhí grá chomh mór san ag Ábráham do Dhia, go raibh sé sásta a mhac féin a íobairt dó. Bhí Dia ár nAthair chomh grámhar dúinne, go raibh sé sásta a mhac-sa ár dTiarna, a thabhairt suas dúinne ar an gcros ar mhaithe linne go léir, in éiric ár bpeacaí.

Dá néisteofaí le hÍosa, bheadh grá Dé le mothú istigh ionainn. Táimid ag súil le claochlú ár dTiarna inár nanamacha. Bhí Íosa sásta an bás a fhulaingt chun a ghrá a thaispeáint dúinn. An bhfuilimid ullamh cun glacadh lena ghrá?

 

Guí an Phobail

1. Ar son daoine atá ag fulaingt agus ag strácháil leis an saol seo. Go raibh daoine sásta faoiseamh a thabhair dóibh. A Thiarna , éist linn.

2. Ar son na neaslán. Go dtuga Dia misneach dóibh agus iad ag fulaingt agus a mbeola le cailís shearbh na beatha. A Thiarna , éist linn.

3. Ar son na hEaglaise. Go raibh Íosa i gcónaí mar eiseamlár aici, chun grá Dé a thaispeáint dos na ciníocha. A Thiarna, éist linn.

4. Ar son na nóg. Go dtreoraí an Spioraid Naomh iad chun na maitheasa i rith a saol. Cabhraigh leo má bhíonn a gcreideamh fann nó a gcroí ceannaicreach A Thiarna, éist linn.

5. Ar son na marbh. Go bhfeice siad solas na bhflaitheas. A Thiarna , éist linn.

 

A Athair Naofa, a Rí na nDúl, féach orainn go ceansa agus éist lenár n- urnaithe, trí Chríost ár dTiarna. Áimean.

 

An Phaidir

Sé Dia ár nAthair, lán de ghrá. Bronn orainn do ghrásta a Thiarna na cruinne, ionas gur féidir linn guí le dóchas faoi mar a mhúin ár Sláinitheoir dúinn a dhéanamh. Ár nAthair …

 

Focal Scoir

A Rí an Domhnaigh, tair le cabhair chugam, is fóir in am ón bpéin mé,

A Rí an Luain ghil, bí-se buan liom is ná lig uaitse féin mé.

A Rí na Márta, a chroí na páirte, déan díonadh lá an tsléibhe dhom,

A Rí Céadaoine, saor ó ghéibhinn mé, cé fad’ óm chaoimhghin féin mé.

 

A Rí Déardaoine, maith ár bpeacaí-ne , a dhein do dhlí do réabadh,

A Rí na hAoine, ná coinnigh cuimhne ar mo dhroch- ghníomhartha baotha.

A Rí an tSathairn, go síoraí achainím, mé thabhairt thar Acheron caorthainn,

Faoi dhíon do thearmainn , tré ríocht an Aifrinn, Suas go Parathas Naofa.

 

* * *