February 2020: Leathanach don Cheiliuraí

Leathanach don Cheiliuraí

Bishop Alan McGuckian

Cathedral Road, Letterkenny

2 Feabhra 2020
Féile na Toirbhirte
(Thoirbhirt an Tiarna)

 

Réamhrá

Ar an daicheadú lá ó bhí Lá na Nollag ann feicimid inniu Muire agus Iosaef ag tabhairt an linbh Íosa chun an Teampaill de réir nós an ama sin. Táimid i láthair na mistéirw i gcónaí; Dia atá chomh humhal le babaí beag.

 

Smaoineamh

Da mbeadh duine ina shuí ag geata an Teampaill ar an lá áirithe sin, lá na Toirbhirte, cad é a bheadh feicthe aige? Is dócha go bhfaca sé máthair óg agus leanbh daichead lá d’aois ina bachlainn aici agus fear céile a bhí cuid mhaith níos sine ná í. Daoine simplí a bhí iontu gan freastalaithe ar bith leo. Bhí ofráil na mbocht acu, ‘peire colm nó dhá cholúr’; uan mór maith a bheadh acu da mba rud é go raibh stádas sa tsaol acu. Gnáthdhaoine, den chosmhuintir, ag leanstan an traidisiúin mar a dhéanadh na sluaite gach aon lá. Ní raibh rud ar bith speisialta ansin.

     Ach, cad é a bhí ag gabháil ar aghaidh i ndairíre? Bhí Aon-Mhac Dé, Dia na Glóire féin, ag teacht isteach ina Theampall. Bhí an Meisias ag teacht le Slánú dá Phobal, a raibh siad ag urnaí agus ag súil leis ar feadh na mblianta fada. An lá is mó agus is suntasaí i stair fada Theampall Iarúsaileim a bhí ann. Ach, níor aithin an fear ina shuí ag geata an Teampaill é.D’aithin Simeon agus Anna é. Chonaic siadsan Dia na Glóire ina measc mar bhí siad ag súil leis agus bhí siad faoi luí an Spioraid Naoimh.

     Sin mar atá saol na gCríostaithe an
t-am ar fad. Nuair a amharcaimid ar an saol thart timpeall orainn feicimid an ‘gnáth-rud’. Ach táimid faoi luí an Spioraid Naoimh agus má ligimid Dó ár súile a oscailt tífimid Glóir Dé.

 

Guí an Phobail

1.  Guímid ar son na hEaglaise ar fud an domhain; go raibh sí dílis don Tiarna agus don mhisean a thugann sé di ar talamh. A Thiarna, éist linn.

2.  Guímid go n-osclaí Dia súile na gCríostaithe le go bhfeicfimis É féin sna bochtáin agus sna daoine atá ar an imeall sa lá atá inniu ann. A Thiarna, éist linn.

3.  Guímid ar son seandaoine. Go raibh eagna agus foighde acu mar threoir ina saol féin agus go dtuga siad dea-shampla dá sóisir. A Thiarna, éist linn.

4.  Guímid ar son lucht na beatha rialta inniu; go dtuga Dia toradh ar a saol agus ar a saothar. A Thiarna, éist linn.

 

An Phaidir

Faoi luí an Spioraid Naoimh bímis aontaite le chéile agus muid á rá ‘Ár nAthair’.

 

Machnamh

Toirbhrím duitse mé féin, a Chríost; nár scara mé leat a choíche arís;

ar uair mo bháis ná lig dom imeacht, agus i ndiaidh mo bháis bím leat i bhfolacht.

 

* * *

 

9 Feabhra 2020

An Cúigú Domhnach den bhliain

 

Réamhrá

Deir Íosa linn: ‘Is sibhse salann na talún; is sibhse solas an tsaoil.’ Déanaimis machnamh ar ár saol ar maidin: cá bhfuil an salann; cá bhfuil an solas?

 

Smaoineamh

Cad é a dhéanann salann? Roimh theacht an leictreachais bhí sé thar a bheith luachmhar mar, gan salann, d’éirigh an feoil lofa go gasta agus bhí ar dhaoine é a ithe láithreach. D’úsáid daoine an salann leis an fheoil a chaomhnú agus a choimead go ceann i bhfad.

     Nuair a chloisimid Íosa á rá linn: ‘Is sibhse salann na talún; is sibhse solas an tsaoil,’ tá sé iomlán nadúrtha go ndéarfaimid leis; ‘ní hea, a Thiarna! Ná bí á rá sin liomsa. Ní mise salann na Talún, cibé cad é an rud é sin agus go háirithe ní mise solas an tsaoil!!

     An bhfuil aithne againn ar dhuine ar bith a dtig linn ‘salann na talún’ a thabhairt air? Tá aithne agam féin ar fhear stuama ionraic a dhéanann difear mór nuair a thagann sé isteach i ngrúpa.

     Smaoinigh air seo. Tá grúpa cairde ann a bhíonn le chéile go minic agus bíonn an-chraic acu. Nuair nach mbíonn John i láthair bíonn cuid cúlchainte ag gabháil ar aghaidh agus é nimhneach go leor. Ar chúis éigin nuair a bhíonn John i láthair bíonn an craic lán chomh maith le ham ar bith eile ach ní bhíonn an chúlchaint ann. Ní hé go ndúirt sé rud ar bith ach tuigtear nach mbíonn John compórdach le cúlchaint ná béadan. Nuair a bhíonn John thart bíonn atmasfaer níos sláintiúla sa ghrúpa. ‘Salann na talún’ atá in John.

 

Guí an Phobail

1.  Guímis ar son na hEaglaise; go raibh Salann na Talún inti a bheidh ina leasú agus ina leigheas don domhan. A Thiarna, éist linn.

2.  Guímis ar son na Miseanach uile a bhíonn ag fógairt Shoiscéal Chríost sa bhaile agus i gcéin; go dtuga Dia a Sholas don domhan uilig trína gcuid oibre. A Thiarna, éist linn.

3.  Cuimhnímid orthu siúd uile a thugann seirbhís dúinn in earnáil na Sláinte, in oispidéil agus ionaid sláinte de gach aon sort. Go neartaí Dia iad agus go dtuga sé luach a gcuid saothair dóibh. A Thiarna, éist linn.

4.  Cuimhnímid orthu siúd uile a oibríonn in earnáil an oideachais, i scoileanna, i gcoláistí agus in institiúidí ag gach aon leibhéal. Go raibh grá acu don léinn, dá gcuid scoláirí agus do Dhia. A Thiarna, éist linn.

 

An Phaidir

Is é Dia ár nAthair a thugann gach bronntanas dúinn. Guímis le chéile chuige á rá Ár nAthair.

 

Machnamh

‘Is mise solas an tsaoil.

An té a leanfaidh mise,

ní shiúlfaidh sé sa dorchacht;

ach beidh aige solas na beatha.’

Eoin 8:12

 

* * *

 

16 Feabhra 2020

An Séú Domhnach den bhliain

 

Réamhrá

Ní saol bog, éasca é saol na Críostaíochta. Sa Soiscéal inniu tugann Íosa dúshlan láidir dá lucht leanúna. Má táimid chun Íosa a leanstan beidh grásta Dé de dhith orainn mar ní thig linn é a dhéanamh ar dhóigh ar bith eile.

Smaoineamh

Tá fírinne bhunúsach ann a chuidíonn linn go minic má ghlacaimid leis: Tá an saol crua! Má ghlacaimid leis sin tugann sé Saoirse dúinn on síor-chlamhsán a bhíonn ag dul ar aghaidh ionainn; ‘Níl sé seo féaráilte. Ní ceart dó bheith mar atá. Tá rud eile tuillte agam i gcomparáid leis seo.’ Sin an sort geonaíl a bhí ar bun againne agus is é an freagra is fearr ná an focal láidir: tá sé mar atá sé agus níl sé mar nach bhfuil sé. Caithfear glacadh leis.

     Go minic cloisimid Íosa sa soiscéal ag tabhairt freagra ar chlamhsán grúpa éigin agus bíonn sé láidir, borb fiú, leis an fhreagra. I Soiscéal an lae inniu is léir go raibh Giúdaigh áirithe ag cur ina choinne go raibh seisean ag lagú nó nó ag baint de thraidisiúin an Phobail Tofa ina chuid teagaisc.

     Labhraíonn Íosa go h-an láidir ina gcoinne. Arís agus arís eile deir sé: ‘Chuala sibh go ndúradh leis na sinsir: … Is é a deirimse libh: … I ngach aon chás bíonn Íosa ag éileamh caighdeán I bhfad níos airde agus níos dúshlánaí ná an Sean Tiomna. Má bhí gníomh éigin mí-dhleathach sa Sean Tiomna anois tá an smaoineamh féin le seachaint. Tá Íosa ag éileamh ár gcroí. Caithfimid gach aon smaoineamh feargach ná drúisiúil a sheachaint.

     Ach deirfimid; ‘tá sé seo do-dhéanta! Cé a dtig leis a chuid smaointe a smachtú sa dóigh sin?’ Tá bealach Íosa iontach crua. Ach ná déanaimis dearmad gur bealach Íosa atá ann. Ní hé ár mbealach féin é. Caithfimid a bheith ag brath ar Íosa ag maireachtáil ionainn leis an saol úr crua seo a chur i gcrích. Má thugann Íosa dúshlán dúinn beidh sé ar ár dtaobh nuair a theipeann orainn. Ach beidh sé crua.

 

Guí an Phobail

1.  Guímis ar son cinnirí na hEaglaise a bhfuil an dualgas orthu teagasc Íosa a fhógairt agus a mhíniú do dhaoine de gach aon aois agus aicme; go dtuga Dia dóibh an eagna atá de dhith. A Thiarna, éist linn.

2.  Guímis ar son túismitheoirí agus múinteoirí; go dtuga siad treoir maith don aos óg trína gcuid focal agus a dea-shampla. A Thiarna, éist linn.

3.  Cuimhnímid ar dhaoine singil a chónaíonn leo féin: go dtuga Dia grásta dóibh Íosa a leanstan seirbhís a dhéanamh sa phobal. A Thiarna, éist linn.

4.  Cuimhnímid ar bhaintrigh agus ar dhaoine atá scartha; go dtuga Dia sólás dóibh san uaigneas agus solas leis an tslí chun tosaigh a aithint. A Thiarna, éist linn.

 

An Phaidir

Is é Íosa a thaipeanann dúinn an tSlí chun an Athar. Mar sin aontaímid muid féin le hÍosa a rá le chéile: ‘Ár nAthair …’

 

Machnamh

‘Croí glan geanmnaí cuir ionam, a Dhia agus cruthaigh spiorad daingean as an nua ionam.’

Salm 51

 

* * *

 

23 Feabhra 2020

An Seachtú Domhnach den bhliain

 

Réamhrá

‘Bígí foirfe mar sin faoi mar atá bhur nAthair síoraí foirfe’. Sin an dúshlan a chuireann Íosa roimh a lucht leanúna. Ní thagann ár bhfoirfeacht asainn féin ach as an bheata nua atá ionainn ó Dhia tríd an bhaisteadh.

 

Smaoineamh

Lá amháin chuaigh an Mháthair Treasa isteach i siopa.Bhí leanbh ocrach ina baclainn aici agus d’iarr sí arán ar fhear an tsiopa don leanbh. D’iompaigh mo dhuine chuici agus chaith sé seile díreach isteach ina h-aghaidh. Níor ghlan an Mháthair Treasa an seile dá leiceann. Labhair sí go ciúin agus dúirt leis; ‘Gabhaim buíochas leat as an bhronntanas sin domsa. Anois an bhfuil arán agat don leanbh?’

     Is léir go raibh an Mháthair Treasa ag comhlíonadh theagasc Íosa nuair a dúirt sé: ‘‘Chuala sibh go ndúradh ‘Súil ar shúil; fiacail ar fhiacail’ … ach ina ionad sin, deirim libh; ‘an té a bheireann buille sa leicean deas duit, iompaigh chuige an leicean eile fosta.’’ Nuair a caitheadh seile uirthi níor chaith sí seile arais. D’iompaigh sí an leicean eile ar dhóigh.

     Caithfimid a aithint nach ionann an leicean eile a iompú agus luí síos roimh an droch-iompar. Thaispeáin seasamh na Máthar Treasa go raibh sise níos láidre agus níos fiúntaí ná an créatúr bochtnach raibh féin-smacht ar bith aige.Ní rud lag é an grá Críostaí. A mhalairt ar fad. Caithfidh go bhfaca an dhuine droch-bhéasach sin go raibh neart as cuimse insan bhean rialta bheag a bhí os a chomhair.

 

Guí an Phobail

1.  Guímis ar son na hEaglaise in Éirinn agus ar fud an Domhain: go gcuidí Dia leis na Críostaithe gach easaontas a shárú agus Grá Chríost a roinnt lenár gcomharsanna. A Thiarna, éist linn.

2.  Guímis ar son imirceach a raibh orthu teitheadh ó chogadh nó ó bhochtanas ina dtíortha féin: go bhfaighe siad fáilte agus cuidiú sna tíortha ina dtéann siad, go háirithe in Éirinn. A Thiarna, éist linn.

3.  Cuimhnímd ar easaontas nó eascairdeas ar bithinár dteaghlaigh féin; go dtuga Dia dúinn an grásta atá de dhith orainn le athmhuintearas a chothú. A Thiarna, éist linn.

4.  Cuimhnímid ar dhaoine atá dífhostaithe agus ar lorg oibre: go bhfaighe siad post ina dtig leo tuarastal ceart a dhéanamh agus glóir a thabhairt do Dhia. A Thiarna, éist linn.

 

An Phaidir

Tá ár nAthair ar Neamh foirfe agus is foirfeacht dúinne a bheith aontaithe leis. Mar sin abraimis le chéile: ‘Ár nAthair …’

 

Machnamh

A Thiarna déan naomh díom trí do mhórchumhachta; A Thiarna déan naomh díom trí impí na Maighdine glómhaire; A Thiarna déan naomh díom agus cuirtear áthas ar do Mháthair, mar is uaitse a fuair sí na grásta.

 

Download this page here.