February 2022: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

 

An Sagart Pádraig Ó Baoighill
Na Doire Beaga, Tír Chonaill
pobaoighill@gmail.com

 

An Cúigiú Domhnach den Bhliain

An Réamhrá

Bíonn am i saol an uile dhuine againn, nuair a bhuaileann an smaoineamh muid gur peacaí sinn. In amanna bíonn an mothú againn go bhfuil muid fágtha ar an trá fholamh.

 

Smaoineamh

Tá smaointe mar seo le feiceáil i léachtaí an lae inniu. Bhí radharc ag Ísáia agus é sa Teampall. Chonaic sé an Tiarna agus É ina shuí ar rí- chathaoir ard: bhí an sanctóir plodaithe lena chomhluadar; bhí na saraifíní os a chionn agus sé cinn d’eiteogaí ar gach ceann acu. Ansin scáirt siad amach in éineacht: ‘Is Naofa, Naofa, Tiarna na Slua, Tá an talamh lán de ghlóir.’

      Chonaic Ísáia naofacht Dé agus chonaic sé é féin mar pheacach. Ghlac sé le maithiúnas Dé nuair a fuair sé an tairiscint. Thug an maithiúnas seo an misneach agus an saoirse dó a ghabháil i mbun a mhisiúin. Dfhreagair sé ansin, ‘.

Seo anseo mé, cuir mise.’

      Tá cosúileachtaí idir seo agus Soiscéal an lae inniu. Is iascairí gairmiúla iad Símón agus a chompanaigh. Bhí siad ag iascaireacht i rith na hoíche agus ní bhfuair siad iasc ar bith. D’iarr Íosa orthu a ghabháil amach ar an doimhneacht agus a gcuid eangacha a chur i bhfarraige. Le linn daofa sin a dhéanamh, fuair siad clais mhór éisc. Nuair a chonaic Símón seo, thit sé ar a ghlúine a rá: ‘Imigh uaim a Thiarna, nó is peacach mé,’ Dúirt Íosa leis: ‘Ná bíodh eagla ort; as seo amach is daoine a bhéas tú a ghabháil’

      Tá ceacht iontach againn uilig le foghlaim ó seo. Ní dhéanann Dia neamhshuim dúinn mar gur peacaí muid. Fuair sé bás ar ár son ar chrann na croiche ar Chnoc Calbhaire. Sin an fáth go dtáinig sé ar an tsaol le slánú a chur ar fail dúinn, lena chur ar ár gcumas Flaithis Dé a bhaint amach.

      ‘ Fuiar sé bás ar ár son agus muid go fóill inár bpeacaí,’ a dúirt Naomh Pól. Is é croí-lár theachtaireacht an tSoiscéil ná go bhfuil muid uilig luachmhar i suile Dé agus go bhfuair Críost bás ar ár son agus muid inár bpeacaí.

 

* * *

 

An Séú Domhnach den Bhliain

An Réamhrá

I Soiscéal an lae inniu castar Íosa orainn indiaidh a chuid Aspal a thoghadh ar bharr an tsléibhe. Ansin tagann sé anuas ar an talamh chothrom, an áit a raibh a chuid deisceabail báilithe le chéile. Seo an píosa ar a dtugaimid an Seanmóir ar an chnoc.

 

Smaoineamh

Is é an tráchtaireacht is fearr ar sheanmóir Íosa ná an saol a chaith sé féin. Bhí sé de thuigbheáil aige gur bheannaigh Dia é. Ní raibh saol bog aige, bhí sé go minic ina aonar agus na scaiftí ar mhalairt tuairim leis. Bhí taithí aige a bheith tréigithe agus ba mhinic é ag snámh in éadan an easa. Tá na beannachtaí a theagasc Íosa dírithe ar dhaoine a bhfuil ceangal acu le Ríocht Dé, agus tugann siad samplaí dúinn den taithí a dtéann daoine tríd tré bheith rannpháirteach i Ríocht Dé. Tá an gheallúint againn gur féidir le Dia an bochtanas. an t-ocras, na deora agus an tréigint a láimhseáil. Seo é an dea -scéal, Is íomhá é do Dhia atá uilechumhachtach, Dia atá fial agus a thugann tarrtháil orainn in am na trioblóide.

      Cé go gcuireann Dia an uile chuidiú ar fáil dúinn, tá dualgaisí orainn féin chomh maith. Caithfimid ár ndícheall a dhéanamh i gcónaí agus cloí go daingean docht le theachtaireacht an tSoiscéil. ‘Is mairg daoibhse nuair a bhíonn an saol bhur moladh! Sin mar a rinne bhur sinnsir leis na fáithe bréagacha.’

 

* * *

 

An Seachtú Domhnach den Bhliain

An Réamhrá

Deir an Sailm linn gur ‘grámhar trócaireach é an Tiarna, foighdeach agus lán de cheansacht.’ Is deas na focla iad sin agus tá dlúth-cheangal acu le Soiscéal an lae inniu.

 

Smaoineamh

Tá teachtaireacht láidir ag Íosa dúinn i Soiscéal an lae inniu. Ní iarrann Íosa ar a chuid deisceabail titim i ngrá lena náimhde, ach tá sé ag cur dúshlán os a gcomhair. agus is é sin gan dóchar a dhéanamh dá náimhde agus gan a bheith ag baint díoltais amach orthu. Is é an grá amháin a gheobhas láimh an uachtair ar an fhuath. Is é an leigheas atá ar an ghortú ná an maithiúnas. Is é an maitheas an leigheas ar an olcas. Is fíor nach é seo dearcú an tsaoil ach is é dearcú Iosa Críost é. Cé go raibh a lán daoine i gcoinne Íosa, ba é an grá an tslat tomhais a bhí aige i dtólamh.

      Tá Íosa ag dréim linne, a lucht leanúna, na tíolacthaí agus na bronntanais a bronnadh orainn a rann ar a chéile. Tugann Naomh Pól léargas agus míniú iontach dúinn ar an ngrá.

      ‘ Bíonn an grá foighdeach agus bíonn sé lách, ní bhíonn éad air, ní dhéanann sé maíomh ná mórtas, ní bhíonn sé mí-mhúinte, ní iarrann sé a chuid féin, ní thigeann fearg air, ní smaoiníonn sé ar an olc. Ní maith leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith. Bíonn sé lán d’fhad fhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d’fhoighid.

 

* * *

 

An tOchtú Domhnach den Bhliain

An Réamhrá

I Soiscéal an lae inniu tchíonn Íosa na bréagchráifigh mar dhaoine a thugann faoi ndeara lochtanna i ndaoine eile ach tá siad dall ar a gcuid lochtanna féin.Tá siad ag cur íomhá bréige daofa féin chun cinn.

 

Smaoineamh

Má bhímid ag déanamh léirmheas ar dhaoine eile, rud atá furast a dhéanamh agus ag an am chéanna neamh -shuim a dhéanamh againn d’ár mbealaigh féin, táimid ag cur ár gcuid ama amú.

      Tá sé fíor thábhachtach dúinn ár gcoinsias a scrúdú go minic agus iarracht a dhéanamh ár dteach féin a chur in ord . Mar a deir an sean fhocal ‘ Dearc chugat mar a dhearcas tú uait’

      Níl ann ach an t-aon bhreitheamh amháin, is é sin Dia na Glóire. Is trua nach dtuigeann níos mó daoine é sin. Is rud dona amach is amach a bheith ag éisteacht le daoine ag cáineadh a gcomharsain. Muna bhfuil rud maith againn le rá fá dhuine eile, is fearr go mór dúinn fanacht inár dtost. ‘Is binn béal ina thost.’ Tá tábhacht mhór leis an rud atá i gcroí an duine. 

      Deir an Soiscéal linn:’ Tógann an duine maith an rud maith amach as stór maith a chroí, agus tógann an droch dhuine an drochrud amach as a dhrochstór. Is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal,’ Má chaithfimid ár saol mar is cóir, má chomhlíonaimid ár ndualgaisí féin, ní chóir go mbéadh an t-am nó an fuinneamh againn le bheith ag tabhairt breithiúnais ar dhaoine eile.

 

* * *