February 2023: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

Proinsias Ó Cuanaigh
Dún Dealgan

 

An Cúigiú Domhnach Saor
05.02.2023

 

Réamhrá
Trátha an ama seo dhá chéad bliain ó shin, scríobh an file Antaine Ó Raifteirí na línte seo:

‘Anois teacht an Earraigh, beidh an lá ag dul chun síneadh

Is tar éis na Féile Bríde ardóidh mé mo sheol.’

Bíodh go raibh Raifteirí sean agus dall ag an am, bhí sé ag fáiltiú roimh an Bhliain Nua ‘lán dóchais is grá’.

Iarrtar orainne i Léachtanna an Aifrinn inniu, a phobail Dé, ár seolta féin a árdú agus iad a dhíriú arís i dtreó na bhFlaitheas lán dóchais is grá.

 

Smaoineamh
I Léacht a haon, míníonn an Fáidh Ísáia cé chomh tábhachtach is atá an grá is an charthanacht do na fíréin. Ní leor a rá go bhfuil trua againn do na bochtáin, do na daoine gan dídean nó do theifigh. Caithfimid ár dtrua a léiriú i ngníomhartha is in íobairtí fónta.

     Sa Dara Léacht, molann Naomh Pól dúinn an íobairt a rinne Íosa Críost ar son an Chine Daonna a aithint agus a thuiscint i gceart. Maraíodh Íosa go truamhéileach ar chrois le sinne a shábháil is a threorú ar bhealach ár leasa Má thuigimid sin, tuigfimid nach ‘brithartha mealltacha na heagna daonna’ atá i Soiscéal Dé ach focail, gaois is comhairle Dé. Téimís chun gnímh mar sin faoi threoir Íosa Críost.

     Tá seanfhocal sa Ghaeilge a léiríonn ar bhealach simplí sothuigthe an teachtaireacht atá i Soiscéal an lae inniu: Mura mbíonn agat ach pocán gabhair bí i lár an aonaigh leis.

     De réir an tSoiscéil caithfidh an fíorchríostaí a bheith i lár an aonaigh ag scaipeadh is ag léiriú Deanuacht na Críostaíocta; Caithfidh sé bheith cosúil le teach solais ag scaipeadh dorchadas na
h-oíche.

 

* * *

An Séú Domhnach Saor
12.02.2023

Réamhrá
Cónaigh, a Chríost, in ár gcroí – b’shin mar a chríochnaigh ár sinsir a gcuid paidreacha go minic in Éirinn fadó. Go bunúsach, ’sé cónaí Dé i gcroíthe na bhfíréan atá i gceist i Léachtanna an Aifrinn inniu. Dearbhaíonn Dia go gcónaíonn Sé i gcónaí i gcroíthe na gcóir is na ndílis. ’Sna Léachtanna inniu, cuireann Críost comhairle ár leasa orainn le go mbeidh ár gcroíthe ullamh mar thearmann cónaithe do Dhia na Glóire.

 

Smaoineamh
Sa chéad Léacht inniu mínítear dúinn go bhfuil saorthoil ag gach duine daonna agus gur féidir linn dul ar bhealach ár leasa nó ar bhealach ár n-aimhleasa. ’Sé mian Dé go roghnóimid bealach an tsochair in ionad bealach an dochair. Feiceann Dia gach ní agus má leanaimid treoracha Íosa Críost cúiteóidh Dia ár ndílseacht is ár saothar go fial flaithiúil linn ar ball beag,

     Sa dara Léacht inniu, molann Naomh Pól dúinn gan bheith dallta ag eagna an tsaoil mar go mbíonn sé dochrach agus díobháileach dúinn ró-mhinic. Bímis cúramach, mar sin inniu, nach bhfuilimidne faoi thionchar díobháileach an bhréagnuachta atá á scaipeadh go rialta na laethanta seo ar na meánshóisialta. Téimis, mar sin, i muinín eagna rúnda Dé agus beimid slán.

     Deimhníonn Íosa Críost sa Soiscéal inniu nár tháinig Sé ar an saol seo chun an Seantiomna a chur ar ceal. Tháinig Sé chun na dlíthe is na reachtanna a bhí á gcleachtadh ag na hIúdaigh ag an am a mhíniú is a shoiléiriú i gceart.

     Ní leor gníomh a dhéanamh nó an dlí a choimeád. Caithfidh gníomhartha na bhFíréan teacht ó chroí maith mór nó ní fiú mórán iad i súile Dé.

* * *

An Seachtú Domhnach Saor (Lá Urnaí le haghaidh Measarthachta)
19.02.2023

 

Réamhrá
A Phobail Dé, seo an Seachtú Domhnach Saor i bhféilire na hEaglaise agus is Lá Urnaí le haghaidh measarthachta é freisin. Maidir le Measarthacht meabhraítear dúinn nach bhfuil sé ciallmhar ná fónta dul thar fóir le gníomh ar bith. Virtus in medio stat, adeirtear. Agus is fíor sin. Na daoine a théann thar fóir leis an ólachán nó le drugaí, mar shampla, déanann siad dochar go minic dóibh féin agus dá gclanna ionúine chomh maith.

     I gCeachtanna an Aifrinn inniu meabhraíonn Íosa dúinn gur Clann Dé sinn agus go bhfuil dualgas orainn bheith mór agus grámhar lena chéile agus len ár gcomharsana ach go háirithe.

Smaoineamh
Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, a deirtear sa Ghaeilge agus sin an teachaireacht atá ag Íosa dúinn inniu sa chéad Léacht. Bíodh grá againn dár gcomharsana agus léirímis é sin tré cabhrú leo go h-áirithe in am an ghátair. Ná bíodh fuath againn do dhuine ar bith agus maithimis a laigí dóibh faoi mar a dhéanann Dia dúinne.

     Meabhraíonn Dia dúinn i Léacht a dó gur teampall Dé sinn go léir. Is teampall beannaithe sinn mar go bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionainn. Tá sé de dhualgas orainn, mar sin, an teampall seo a chaomhnú mar thearmann Dé agus an caomhnú a dhéanamh de réir na dtreoracha atá leagtha síos ag Íosa Críost dúinn.

     Sa Soiscéal inniu, míníonn Críost go gcaithfidh Críostaithe grá a bheith acu ní hamháin dá gcáirde ach dá naimhde chomh maith. Níl aon áit don díoltas san bhfíorghrá seo. Ní haon réiteach é ‘súil ar shúil,fiacail ar fhiacail’ ar éagóir nó ar fheall ar bith. Caithfidh Críostaithe deighleáil le h-éagóir a naimhde go dignitiúil síochánta faoi mar a rinne Íosa Críost é féin i rith a shaoil ar an domhan seo. Dá bhrí sin: ‘an té a bheir buille sa leiceann deas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin’ – ábhar macnaimh, a Phobail Dé!

 

* * *

An tOchtú Domhnach Saor
26.02.2023

 

Réamhrá
‘Is giorra cabhair Dé ná an doras’, a deirtear sa Ghaeilge agus sin an teachtaireacht atá ag Íosa i gCeachtanna an Aifrinn inniu. Deimhníonn Íosa go gcónaíonn Sé i gcroíthe na bhFíréan agus go mbíonn Sé i gcónaí ar fáil dúinn go háirithe nuair a bhímid lagbhríoch agus éadóchasach. Níl aon dabht, a Phobail Dé, ná go bhfuil a lán daoine lagbhríoch, brúite agus briste le trí bliana anuas a bhuí le Covid-19, scrios na Rúise san Afganaisteán agus géarchéim na heacnamaíochta faoi láthair.

     Cónaigh, a Chríost, in ár gcroí, neartaigh sinn agus athlas solas an dóchais ionainn as seo amach.

 

Smaoineamh
San gceathrú haois déag, labhair Naomh Eoin na Croise faoin éadóchas is an lagmhisneach a thagann ar Chreidimhigh ó am go chéile. Thug sé Oíche Dhorcha an Anama air seo. Rud nádúrtha coitianta ‘sea Oíche Dhorcha an Anama; D’fhéadfadh sé tárlú do dhuine ar bith agus sin atá i gceist ag an bhfáidh Ísáia sa chéad Léacht inniu.

     Uair dá raibh i gCathair Dháibhí mhothaigh Síon go raibh sé tréigthe agus ligthe i ndearmad ar fad ag a Thiarna Dia. Labhair Dia leis agus dhearbhaigh Sé nach ndéanann Sé dearmad riamh ná choíche ar aon duine de Phobal Dé.

     Sa dara Léacht inniu, míníonn Naomh Pól gur Seirbhísigh do Chríost sinne go léir. Déanaimís ár ndícheall, mar sin, bheith dílis Dó. Is faoi Íosa amháin breithiúnas a thabhairt ar chaighdeán ár ndílseachta. Cúiteofar ár ndílseacht go fial flaithiúil linn ar ball beag.

     Ní féidir leis an ghobadán an dá thrá a fhreastal, a deirtear sa Ghaeilge agus sin atá i gceist ag Íosa sa Soiscéal inniu nuair a deir Sé: ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh. Mar sheirbhísigh Dé, mar sin, ní féidir dúinne Dia a riaradh agus an t-airgead.

     Ná bímís, mar sin, ró-thógtha le
h-ábharachas an t-saoil seo ná
ró-bhuaratha faoin todhchaí. Tabharfaidh Íosa aire dúinn faoi mar a thugann Dia aire d’éanlaith an aeir agus do gach créatúr eile ar an domhan seo.

     Go gcónaí Críost in ár gcroí anois agus i gcónaí.