February 2024: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin
 

4 Feabhra 2024
 Cúigiú Domhnach Saor

Réamhrá

An Chéad Léacht (Iób 7:1-4, 6-7)
Leagann an léacht seo béim ar staid ainnis Iób, a neamhbhuaine is atá saol an duine abhus agus a shobhriste is atá sé nuair a bhuaileann anachain é, amhail is dá mba díchiall ar fad a bhí sa saol, gan bhrí, gan dóchas. Roghnaítbear an léacht seo do liotúirge an lae inniu mar chodarsnacht don léacht ón Soiscéal ina thagann Íosa isteach mar bhall den chine daonna ina gcuid anró, ag tabhairt leis leigheas agus dóchas.

An Dara Léacht (1 Corantaigh 9:16-19, 22-23)
Leagann léacht an lae inniu béim ar an dtuiscint a bhí ag Pól ar an misean, an glaoch ó Dhia, a bhí aige an Soiscéal a fhógairt, agus an dualgas a bhí air dá bharr sin beatha de réir a ghairme a chaitheamh le fianaise a thabhairt don Dea-Scéal le briathar agus le gníomh, le daoine a thahbairt don chreideamh i gCríost.

 

Machnamh

An Soiscéal (Marcas 1:29-39)
Tá mar chríoch le léacht an lae inniu an bhéim a leagann Íosa ar an misean atá aige an Dea-scéala a fhógairt, agus a bheith ag teagasc. I rith an chéad lae sin bhí Íosa ag teagasc sa sionagóg, agus ag leigheas, ag leigheas mháthair chéile Shiomón (Peadar) i measc daoine eile. Sa tráthnóna tar éis luí gréine, tagann méadú ar a chuid saothair. Leigheasann Íosa gach saghas galair. Ní foláir nach raibh deis aige morán codlata a dhéanamh sa teach a bhí aige i g Cafarnáúm. Ar maidin, tamall maith roimh lá, d’éirigh sé agus chuaigh sé go dtí áit uaigneach le guí. Leis seo tugann sé sampla don eaglais agus dúinn go léir. Le toradh a bheith ar mhisean Íosa, leis an misean Críostaí, ní leor an tseanmóireacht, nó gníomhthartha na carthanachhta, amhail leigheas agus mar sin de. Tá gá le atmaisféar creidimh, bheith oscaile do ríocht Dé, don Dia Beo atá ag gníomhú trí Íosa, agus tríd an eaglais, le meon aigne a chothaítear le urnaí chiúin agus an chráifeacht, de réir shampla Íosa.

* * *

11 Feabhra 2024
Séú Domhnach Saor

Réamhrá

An Chéad Léacht (Leiviticeas 13:1-2, 45-46)
Maireadh an lobhar ar leithrigh; bíodh conaí air lasamuigh den champa. Leis an léacht seo a thuiscint is cabhair dúinn aird a thabhairt ar dhlí an Bhíobla ar na lobhra. Roghnaítear an léacht seo ar an ghalar ar a dtugtar an ‘lobhra’ le dul leis an léacht ón soiscéal ina a leigheasann Íosa lobhar. Níl an focal Eabhraise taobh thiar den téarma a bhfuil aistriúchán ‘lobhar’ nó ‘lobhra’ air de ghnáth go hiomlán beacht. Tá an galar ar a dtugtar ‘lobhra’ air inniu teoranta don cheann ar a dtugtar ‘galar Hanson’ agus níl sé soiléir go dtiteann an galar seo taobh istigh dá ndeirtear faoi lobhra sa Bhíobla. Is é a bhí í gceist leis an ghalar faoin ainm seo sa Bhíobla, is dócha, ná saghasanna éagsúla de thinneas cnis. Do léacht an lae inniu roghnaítear dhá théacs ghearra, le cúpla véarsa an ceann agus dachad a tri véarsaí eatorthu, de bhrí gur measadh gur leor iad mar chúlra don léacht ón soiscéal.

An Dara Léacht (1 Corantaigh 10:31-11:1)
Iad siúd sa Choraint a bhí mórtasach as an ‘eolas’ a bhí acu, toisc gur mheasadar i gceart nárb tada ann na híola, cheapadar go bhféadfaidis feoil a ofráileadh do na híola, déithe bréige, a ithe i mbéile lena gcáirde, bíodh go raibh sin ag cur creideamh bhaill den chomhluadar i mbaol, a raibh ‘coinsiasa’ laga acu, lag sa gcreideamh agus a impleachtaí.

Machnamh

An Soiscéal (Marcas 1:40-45)
D’fhág an lobhra é agus glanadh é. Is éasca an léacht seo a thuiscint ina chúlra mar a léiríodh sin i gcéad léacht an lae inniu agus ina shuíomh i gcleachtadh chreideamh na nGiúdach sa ré sin. Bheadh Íosa ag gníomhú i gcoinne an Dlí Ghiúdaigh (agus ag tarraingt neamhghlaine deasghnáthach air féin) le teagmháil a dhéanamh leis an lobhar, ach rinne sé sin. Ach mar sin féin glacann, cloíonn, sé le Dlí Mhaois nuair a deir sé leis an duine a leigheasadh sin a fhógairt do na sagairt agus ofráil a dhéanamh de réir an Dlí sin. Ar aon nós bheadh sin go léir riachtanach le go nglacfaí thar nais mar bhall den phobal é. Ag baint leis an lobhar, ag déanamh teagmháil leis, déanann Íosa teagmháil le gach aoinne sa staid dhaonna sa saol seo.

* * *

18 Feabhra 2024
An Chéad Domhnach den Charghas

 

Réamhrá

An Chéad Léacht (Genesis 9:8-15)
Anois go bhfuil an talamh glanta ag uiscí na Díleann, geallann Dia nach bhfuil sé leis an domhan a scriosadh go de arís mar a rinne sé sa Díle. Roghnaíotar an léacht seo d’Aifreann an lae inniu le dul leis an gceann eile ó chéad Litir Naomh Peadar, ata againn mar dhara léacht, ina bhfuil cur síos ar uisce an bhaiste a ghlanann i slí spioradálta. Glaonn an Carghas atá ag tosú anois ar chreidmhigh aithrí a dhéanamh ar a gcuid pheacaí de gach saghas agus iad féin a ghlanadh do Fhéile Aiséirí Chríost.

 

An Dara Léacht (1 Peadar 3:18-22)
Roghnaíodh an léacht seo d’Aifreann an lae inniu de bhrí go ndéantar inti comparáid idir an ghlanadh a dhéanann uisce an bhaiste agus an glanadh a rinne uiscí na Díleann. Maidir leis an mbaisteadh, feidhmíonn an creideamh Críostaí agus an cleachtas liotúirgeach ar dhá leibhéal: ceann seachtrach, den saol seo, agus ceann spioradálta agus inmheánch. Is i dtumadh a rinneadh an baisteadh san eaglais óg, murab ionann agus againne, agus i slí níochán salachar coirp a bhí ann chomh maith. Glanadh an choirp in uisce an bhaiste, is rud seachtrach é, den saol seo, ach don chreidmheach is comhartha de ghníomh inmheánach é sin, de bharr gníomhú inmheánach an Spioraid Naoimh.

Machnamh

An Soiscéal (Marcas 1:12-15)
Tá eolas againn go léir ar an thrí phromhadh ar Íosa atá ag Matha agus Lúcás. Níl an liosta sion ag Marcas. Is fiú tabhairt faoi deara faoi mar ar thuirling san Spiorad ar Íosa díreach tar éis a bhaisteadh agus mar ar labhair an tAthair ó neamh ag fógairt gurb é Íosa Mac ionúin an Athar. Thiomáin an Spiorad céanna sin Íosa amach faoin bhfásach lena phromhadh ag Sátan. Coimhlint a bhi sa phromhadh maidir le ríocht Dá agus an bua ar Shátan. Sa chomhthéasc seo is fiú a bhfuil ráite sa luath-iomann sa litir chuig na Filipigh (2:6-7) a mheabhrú dúinn féin: ‘An té úd a bhí i riocht Dó ó dhúchas, níorbh éadáil leis bheith ar chomhchéim le Dia. Ach lom sé é féin. Agus chuir air riocht an sclábha agus tháinig chun bheith ina dhuine mar chách eile.’ Tar éis gur promhadh mar dhuine é, chuaigh Íosa chun na Gailíle chun tús le ré nua a fhógairt leis na briathra: ‘Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal’.

* * *

25 Feabhra 2024
An Dara Domhnach den Charghas

 

Réamhrá

An Chéad Léacht (Genesis 22:1-2, 9-132, 15-18)
Is sampla é Abrahám den ‘néal mór sin finnéithe’ a bhfuil cur sísm air sa Litir chuig na hEabhraigh (12:1). Óir chreid sé go bhféadfadh Dia Íosác a thógáil ó na mairbh. De bharr sin, tugadh thar nais dó é – eachtra a raibh brí shamhailteach leis’ (Eabhraigh 12:18-19). Ag deireadh na heachtra cuireann Dia a bheannacht ar Abrahám. Beidh beannacht ar chiníocha an domhain tríd, toisc gur ghéill Abrahám do ghlór an Tiarna.

 

An Dara Léacht (Rómhánaigh 8:31-34)
Is maith a bhí eolas ag Pól ar cora crua an tsaoil, agus ar dheacrachtaí na beatha Críostaí chomh maith. Bhí aithne mhaith aige orthu agus labhróidh sé fúthu pas beag níos déanaí – trioblóid, cruatan, géarleanúint, gorta, nochtacht, guais, nó an claíomh féin. Bíonn an bua orthu sin go léir ag an dóchas Críostaí. Tá an dóchas Críostaí bunaithe ar réaltacht, rud atá ann, i ngrá Dé atá léirithe i mbás a Aonmhic féin ar ár son.

Machnamh

An Soiscéal (Marcas 9:2-10)
Ag chéad claochlú Íosa ar an Sliabh Naofa, ní dócha gur thuig Peadar ná an bheirt eile brí na heachtra sin. De réir dealraimh ní bhfuaireadar aon eispéireas inmheánach, fís nó léargas. Ni raibh a fhios ag Peadar cad ba mhaith dó a rá agus níor thuigeadar cad ba chiall lena a dúirt Íosa faoi éirí ó mhairbh. Ba shin roimh aiséirí Chríost agus é a theacht i láthair dóibh. A mhalairt ar fad an cás ag Pól ina theagmháil le Críost ar an mbóthar chun na Damaisce dó.Fuair Pól léargas ar ghlóir sin Dé foilsithe ar aghaidh an Tiarna Íosa an chéad uair sin ar bhuail Íosa leis. Thug sin cinnteacht chreidimh dó ar fhírinní éagsúla: glóir Chríost, aiséirithe agus Tiarna, ar dheaslámh an Athar; Criost mar chomhlíonadh na Scrioptúr, agus ghealltanas Dé dá phobal tofa. Is é Críost ‘Amen’ Dé do na gealltanais go léir. Is ann a fuair na gealltanais uile a ‘Sea’, a ‘Amen’ (2 Corantaigh 1:20-22). An teagmháil sin le Críost thug sí dó cinnteacht maidir lena mhisean féin agus mar aon leis an deimhneacht go dtugann Dia an chinnteacht agus an fhís chéanna chreidimh do na creidmhigh go léi

* * *

All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume.