July-August 2019: Leathanach don Cheiliuraí

Leathanach don Cheiliuraí

Iúil: An tAthair Francis Nolan
St John’s, Tralee
Lúnasa: An tAthair Oilibhéar Ó Croiligh
Caisleán na Finn, Co Thír Chonaill
Email olivercrilly@ymail.com

 

An 14ú Domhnach
7 Iúil 2019

Réamhrá
Tagamid le chéile le lucháir inár gcroíthe chun bualadh le hÍosa Críost. Mar a chuir se na haspail amach chun a ríocht a fhógairt, tá sé ag iarraidh an rud céanna orainne inniú. Iarramís ar i rith an Aifrinn seo neart agus misneach a thabhairt dúinn.

Smaoineamh
Scaipeann an droch scéal go tapaidh. Ni fada go mbíonn se imithe ar fud na háite ar nos na gaoithe. Ní mar a gcéanna leis an dea-scéal. Uaireanta, ní thugann daoine fiú amháin áird air.

Sa soiscéal inniu, iarann Íosa ar na haspail dul amach ina mbeirteanna chun an dea-sceal a fhógairt. Iarann an Papa Proinnsías orainn bheith mar misnéiri an dóchais i measc an phobail. Caithimid gach iarracht a dhéanamh beart a dhéanamh de reir ár mbriathra. Is sa tslí sin a naithneofar gur Críostaithe sinn.

Tá géarghá inniu an teicneolaíocht a úsáid chun an dea – scéal a fhógairt do na ciníocha. Ceart na meáin cumarsáide bheith i seiribhís an soiscéil inniu sa saol nua-aoiseach seo .

Tá gá mór inniu, chomh maith, aontú lena chéile ar mhaithe leis an tsoiscéil mar fhoireann do Chríost. Ní neart go cur le chéile. Go ndéinimid go léir amhlaidh chun an Eaglais a neartú ar an dtalamh seo.

Guí an Phobail
Cuirimís ár bpaidreacha i lámha Dé le lánmhuinín:

1. Cabhraigh linn go léir an dea-scéal a fhógairt do gach duine i rith na seachtaine atá romhainn. A Thiarna, éist linn.

2. Tabhair misneach do cheannairí uile na hEaglaise do bhríathar a craobhscaoileadh go háthasach. A Thiarna, éist linn.

3. Tabhair misneach do gach duine atá breoite. Tabhair leigheas agus solas dóibh. A Thiarna, éist linn.

4. Go raibh síocháin Chríost i gcroí gach duine agus go bhfana sé ann. A Thiarna, éist linn.

5. Tabhair radharc na Trionóide dar mairbh uile. Leaba i measc na naoimh go raibh acu. A Thiarna, éist linn.

A Athair grámhar. Seo iad ar bpaidreacha agus cuirimid ós do chomhair iad, tri Criost ár dTiarna.

An Phaidir
Guímis chun an Athair, mar a mhúin Críost dúinn a dhéanamh…

Focal Scoir
Imígi faoi shiocháin chun an dea – sceal a fhógairt le misneach agus dóchas.

* * *
An 15ú Domhnach
14 Iúil 2019

Réamhrá
Inniu sa soiscéal, cuireann Íosa dúshlán mór romhainn. Caithimid iarracht a dhéanamh bheith cosúil leis an Samaireach maith agus lámh chúnta a thabhairt do gach duine.

Smaoineamh
Is i deannta a chéile is fearr sin. Ach go minic sa saol nua-aoiseach seo, braitheann daoine aonarach uaigneach. Go minic, nil aithne ag na comharsain ar a chéile. Nuair a bhíos ag fás suas, ní mar sin a bhí. Bhi na comharsain go léir ag brath ar a chéile. Nuair a bhi duine éigin I ngatar, sheas duine eile leo. Bhi sé seo go maith do gach duine.

Tá neamhpleachas sa saol inniu agus níl sé i gcónai sláintiúil. Nil sé go maith do dhaoine. Inniú, sa soiscéal, tugann an Samaireach lámh chúnta do Ghúideach. Ní raibh sé seo nadúrtha mar bhi na Giúidigh agus na Samairigh in easontas lena chéile. Dhein an gníomh beag seo an-mhaitheas. Is féidir le gníomh beag an-difriocht a dhéanamh. Nuair a thaispeánaimid grá, is le féidir le mioriúiltí teacht as.

Tá gá mór an lámh a shíneadh amach agus an chéad chéim a dhéanamh. Go minic, imíonn na mblianta agus fanann daoine in earraid lena chéile. Anois an t-am chun an rogha ceart a dhéanamh agus deireadh a chur le gach naimhdeas.

Guí an Phobail
A Athair grámhar, éist len ár nguíthe inniú. Cuirimid ós do chomhair iad le lán chreidimh.

1. Tabhair misneach duinn maithiunachas a thabhairt dá chéile. A Thiarna, éist linn

2. Cabhraigh le cheannairi uile na hEaglaise bheith mar uirlisí na siochána agus an mhaithiúnachais. A Thiarna, éist linn.

3. Go dtuga Dia neart duinn grá a thabhairt do gach duine. A Thiarna, éist linn.

4. Cabhraigh linn bheith grámhar agus tuisceanach lenár naimhde. A Thiarna, eist linn.

5. Tabhair radharc na bhFlaitheas do na mairbh. Solas na bhflaitheas tabhair doibh. A Thiarna, éist linn.

Seo iad ár bpaidreacha, a Dhia agus cuirimid i do lámha iad tri Chriost ar dTiarna. Amen.

An Phaidir
Guimís mar a mhúin Criost dúinn a dhéanamh, go dtí ár nAthair atá lán do ghrá dúinn.

Focal Scoir
Go dtuga neart dúinn grá a thabhairt dá chéile.

* * *
An 16ú Domhnach
21 Iúil 2019

Réamhrá
Agus sinn ag teacht i ngar don Tiarna inniú, iarraimis cabhair ó Dhia bheith dilis dó inár mbriathra agus ár ngníomhartha

Smaoineamh
Sa soiscéal inniú, tugann Íosa cuairt ar a cháirde, Máire agus Marta . Ba shoiléir go raibh said ana speisíalta do Iosa agus go ndeachaigh sé ann go minic. Bhí Marta cúramach ag ullmhú gach rud dó, ach bhí Máire sásta suí síos agus bheith ag éisteacht leis.Thug Iosa moladh dí da bharr.

Sa saol nua aoiseach seo, is féidir le daoine bheith de shior ag gluaiseacht agus ag bogadh ó áit go háit. Go minic, bíonn daoine tuirseach traochta agus faoi strus. Deir na saineolaithe nach bhfuil sé seo go maith dár saol agus dár sláinte.

Nuair a tháinig Íosa, bhi Máire sásta suí síos agus éisteacht leis. Bhain Íosa tairbhe as seo agus mhol se í. Tá gá mór suí síos agus labhairt lena chéile inniú. Tá sé tabhtachtach cluas maith a thabhairt dá chéile. Cé gur íontach an rud saol na teicneolaiochta, is soiléir go bhfuil se mar constaic caidreamh doimhne a chothu eadrainn.

Bímis aireach, mar sin, am cuí a thabhairt dá chéile. Bímis aireach, chomh maith, am a thógaint dúinn féin.

Guí an Phobail
Cuirimis ár bpaidreacha i láthair ar nAthair atá lán de ghrá duinn.

1. Guímis go gcabhróidh ár dTiarna linn am cuí a thabhairt dá chéile. A Thiarna, éist linn.

2. Cuir do bheannacht ar ar dteaglaigh uile. Go raibh spiorad an Tiarna ár dtreorú agus dár misniú. A Thiarna, éist linn.

3. Guímis do na heaslain. Tabhair misneach leigheas agus solas dóibh. A Thiarna, éist linn

4. Guímis go mbeidh seans againn sos a thógaint an samhradh seo agus bheith ar ár suaimhneas. A Thiarna, éist linn.

5. Tabhair radharc na Trionóide dár mairbh agus go háirithe do … A Thiarna, éist linn.

A Dhia, s’iad seo ár bpaidreacha. Cuirimid os do chomhair iad, trí Chriost ár dTiarna.

An Phaidir
Guimis le lán-mhuinin lenár nAthair …

Focal scoir
Imígi faoi shiocháin fé scail ár dTiarna Iosa Críost.

* * *
An 17ú Domhnach
28 Iúil 2019

Réamhra
Tagaimis I lathair an Tiarna inniu, le croíthe oscailte.

Smaoineamh
An teideal a d’usáid Iosa dá hAthair, ná ‘Abba’. Thuig sé go soiléir go raibh Athair grámhar trócaireach aige, a bhí i gcónai ag siúil na slí leis.

Go minic sa saol seo, braitheann daoine aonarach, uaigneach. Ni bhionn siad sásta iontú féin. Bíonn siad ag lorg suaimhneas agus solas. Go minic baineann siad usáid as drugai, deoch agus airgead ach ni dhéanann siad seo an bheart suaimhneas aigne a thabhairt doibh. Deireann Dia inniu go bhfuil sé linn i gcónai. Is cara dílis é. Tá sé inár gcúram an t-am ar fad. Is féidir leis compórd a thabhairt dúinn nach bhfuil in aon áit eile.

Inniú, sa soiscéal, cuirtear os ár gcomhair go soileir go bhfuil Dia grámhar trócaireach againn. Bíonn sé i gcónai ann go fíor. Ós rud é go bhful Dia grámhar trócaireach again, caithimid an ghrá céanna a thaispeáint dá chéile. Uaireanta, bíonn dochall orainn a leithéid a dhéanamh. Bionn se deacair glacadh le maithiúnas agus maithiúnas a thabhairt. Is é seo an oidhreacht a mhúin Críost dúinn.

Mar sin, cuirtear dúshlán mór romhainn amach inniú maithiunas a thabhairt dá chéile mar a dhein Críost dúinne.

Go neartaigh Dia sinn.

Guí an Phobail
Ós rud é go bhfuil Dia grámhar trócaireach again, cuirimis ár bpaidreacha ina láthair go muiníneach

1. Guímis dár bPapa Proinnsas. Cabhraigh leis an Eaglais a threorú ar bhóthar na síochána. A Thiarna, éist linn.

2. Neartaigh sinn chun maithiúnas a thabhairt dá chéile mar a thug Dia duinn. A Thiarna, éist linn.

3. Tabhair leigheas do na heasláin agus neart do gach duine a thugann aire dóibh A Thiarna, éist linn.

4. Tabhair tuiscint nios deimhne dúinn ar ghrá agus ar mhaithiúnas a thugann Íosa dúinn i Sacramint na hAithri. A Thiarna, éist linn.

5. Tabhair solas na bhFlaitheas do na mairbh. Suaimhneas na bhflaitheas tabhair doibh, a Thiarna. A Thiarna, éist linn.

Éist linn le trocaire, a Athair chaoin. Cuirimid na paidreacha seo chugat tri Chriost ar dTiarna. AMEN

An Phaidir
Guimis chun an Athar atá lán de ghrá dúinn …

Focail Scoir
Siúilamis i solas agus i síochán Dé inniu.

* * *
An 18ú Domhnach Saor
4 Lúnasa 2019, Bliain C

Tús
Nuair a d’aistrigh an file Seamus Heaney Suibhne Geilt ón Sean-Ghaeilg go Béarla, fuair sé na focail a bhí fóirstineach don teideal. ‘Sweeney Astray’, a thug sé air. Bhí an focal astray beo ina chanúint féin, agus bhí sé sothuigthe sa Ghaeilg, ar strae. Tá cuid mhór atá ar strae I dtuiscint an tsaoil agus i luachanna an tsaoil sa lá atá inniu ann, agus tugann léachtaí an lae inniu agus an soiscéal go háirithe dúshlán an tsaoil. Rud bunúsach atá ar strae i saol an lae inniu, baineann sé le hamharc. Síleann an saol nach bhfuil rud ar bith le sonrú ar domhain ach amháin an méid a fheicimid lenár súile fisiciúla.

Smaoineamh
Bhí stailc bainc ann i mBaile Átha Cliath sna seachtóidí. Ag am lóin lá amháin ar choirnéal Shráid na Mainistreach agus Shráid Uí Chonaill, bhí dhá líne daoine ina scuainí ag ciúáil ag ATM Bhanc na hÉireann agus Bhanc Aontas Éireann. Tháinig fear bocht anuas agus caipín leis ag iarraidh déirce. Níor thug duine ar bit aird air. Thiontaigh siad uaidh agus rinne said neamh-shuim dá chás. Rith sé ó cheann ceann an líne agus é ag scairtigh amach, i gcanúint lár Bhaile Átha Cliath: ‘Yes can’t take it wit yes, yes can’t take it wit yes..’ Bhí teachtaireacht shoiscéal an lae inniu go beacht ag fear bocht Bhaile Átha Cliath.

Tá dhá thaobh leis an teachtaireacht atá ag Íosa dúinn:

1. Gan muinín a chur i maoin an tsaoil seo nó i luachanna baotha an tsaoil seo;

2. Ár muinín a chur sna rudaí a mhaireann agus a bheas buan, ní amháin sa tsaol seo, ach ar feadh na síoraíochta.

Guí an Phobail
Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1. Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh said abhaile slán. A Thiarna, éist linn.

2. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

3. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

4. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha…) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir
Gile mo chroí do chroíse, a Shlánaitheoir, is ciste mo chroí do chroíse d’fháil i m’ chomhair.

Ós follus gur líon do chroí de m’ ghrása, a
stór,
i gcochall mo chroí do chroíse fág i
gcomhad.

ÁR BPAIDREACHA DúCHAIS 423

* * *
An 19ú Domhnach Saor
11 Lúnasa 2019, Bliain C

Tús
‘Bígí sibhse ullamh freisin, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine’.

Smaoineamh
Sa dara léacht inniu, ón Litir chuig na hEabhraigh, tá machnamh ar an chreideamh againn: ‘cruthú gur ann do na nithe nach bhfeicimid’. Bíonn gá le creideamh nuair nach léir dúinn ceann scríbe ár n-aistir. Deir an Litir linn: ‘Trí chreideamh rinne Abráhám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d’imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall. Trí chreideamh chuir sé faoi sa tír tairngre faoi mar ba thír choimhthíoch í. Chaith sé a shaol i bpubaill in éineacht le hÍsác agus le Iácób, beirt a fuair an gealltanas céanna ó Dhia. Óir bhí sé ag súil leis an gcathair a bhfuil bunsraith bhuan aici, arb é Dia a hailtire agus a tógálaí’.

Guí an Phobail
Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1. Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh said abhaile slán. A Thiarna, éist linn.

2 Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

3. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

4. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha…) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir
Dia dár sábháil
’s a Mháthair ghléigeal,
’s na Flaithis go bhfaighimid
agus bás in Éirinn.

ÁR BPAIDREACHA DúCHAIS 363

* * *
Deastógáil na Maighdeana
Beannaithe Muire
15 Lúnasa 2019

Tús
D’fhógair an Pápa Pius XII dogma na Deastógála sa bhliain 1950, ach téann fréamhacha na Féile i bhfad siar i stair na hEaglaise, ag toiseacht san Oirthear, b’fhéidir i Iarúsailéim. Sna meánaoiseanna bhí nós ann barraí agus torthaí an fhómhair a bheannú ar an lá seo, go háirithe i ndeisceart na hEorpa. Sa Ghaeilge tugtar an t-ainm Lá Fhéile Muire san Fhómhar ar Fhéile na Deastógála go dtí an lá atá inniu ann.

Smaoineamh
Deir na scoláirí linn go raibh fréamhacha dheabhóid Mhuire, agus féiltí agus teidil Mhuire go domhain san Eaglais Oirthearach ó chéadta tosaigh na hEaglaise. Ach tá deabhóid na Maighdeana Muire fréamhaithe go domhain san Eaglais in Éirinn chomh maith. D’fhógair an Pápa Pól VI an teideal: Muire, Máthair na hEaglaise, in 1965, ag deireadh Chomhairle na Vatacáine, ach sa Leabhar Breac a cuireadh le chéile i dtús na 15ú aoise luaitear an teideal, Muire, Máthair na hEaglaise neamhaí agus talúnda. In Muire Mhór, a foilsíodh ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta sa bhliain 1959, thug an tAthair Diarmuid Ó Laoghaire C.Í. liosta de theidil ar Mhuire a luaigh an file Piaras Mac Gearailt san 18ú aois:

Crann soilse is criostal na
Críostaíochta;
Farraige na daonnachta;
Grianán na glóire;
Réaltán eolais gach seachránaigh;
Bean réitigh na feirge;
Seomra séad na suáilce;
Tuile na ngrás;
Tonn Chlíodhna na trócaire.

Tá an teideal deireannach sin (cosúil le ‘tsunami na trócaire’) iontach oiriúnach do Bhliain seo na Trócaire.

Guí an Phobail
Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1. Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh said abhaile slán. A Thiarna, éist linn.

2. Guímid ar son na macléinn atá ag fanacht ar thorthaí a gcuid scrúduithe. A Thiarna, éist linn.

3. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

4. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

5. Guímid go mbeidh aimsir mhaith ag na feirmeoirí agus ag na hiascairí. A Thiarna, éist linn.

6. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha..) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir
Mhaighdean mhilis ’fuair coinneal na
ngrása thuas,
a mháthair na n-aingeal ar a ngoileann
gach pápa nua,
más áil leat sinne, déan guí ar an Athair
gach uair,
is ar ghrá do linbh tabhair bille go Parthas
dúinn.

ÁR BPAIDREACHA DúCHAIS 453

* * *
An 20ú Domhnach Saor
18 Lúnasa 2019, Bliain C

Tús
I Leabhar Aifrinn Stowe, a scríobhadh i mainistir Naoimh Mhaelruáin i dTamhlacht i sléibhte Bhaile Cliath sa bhliain 800 AD, tá cur síos álainn ar an Aifreann mar ‘coinne na hEaglaise
neamhaí agus talúnda’. Sin an áit a bhfuilimid inniu, i lár na hEaglaise neamhaí agus talúnda, I láthair Dé agus I láthair na n-aingeal agus na naomh.

Smaoineamh
Sa dara léacht inniu, ón Litir chuig na hEabhraigh, cuirtear i gcuimhne dúinn nach bhfuilimid scaite amach ar ár gconlán féin sa chreideamh, san Eaglais, agus go háirithe nuair a thagaimid le chéile leis an Aifreann a cheiliúradh. Ní raibh riamh san Eaglais in Éirinn sna céadta tosaigh aon áit do spioradáltacht ‘mé féin agus Íosa’. Muintearas a bhí i gceist, pobal aontaithe le chéile, ag urnaí le chéile, ag ofráil an Aifrinn le chéile. Agus is mar a chéile é ag Eaglais an Tiomna Nua, mar a léirítear mar shampla i nGníomhartha na nAspal, agus mar a léirítear sa Litir chuig na hEabhraigh. 

Sa léacht atá againn inniu, deirtear ‘ós rud é go bhfuil slua chomh mór sin d’fhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall’. Tá an slua sin thart timpeall orainn sa bheatha Críostaí, le linn dúinn bheith ag urnaí, agus go háirithe anseo le linn an Aifrinn. Táimid i measc na naingeal agus na naomh, i lár na hEaglaise neamhaí agus talúnda.

Guí an Phobail
Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1. Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh said abhaile slán. A Thiarna, éist linn.

2. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

3. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

4. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha…) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir
Beannacht leat, a Mhuire,
beannacht leat, a Chríost.
Go gcumhdaí sibh ár n-anam
go dtige sinn arís.

Beannacht leat, a Theach Dé,
agus beannacht Dé inár dtimpeall.
Nár scara uainne grásta Dé
go bhfillfimid chun a theampaill.

ÁR BPAIDREACHA DúCHAIS 133

* * *
An 21ú Domhnach Saor
25 Lúnasa 2019, Bliain C

Tús
Sa chéad léacht ó Ísáia agus i Soiscéal Lúcais tá radharc againn ón lár, ó stair phobal thofa Iosráel agus ó thús na hEaglaise. Féachaimid féin ar an scéal ón taobh eile, ó dhá mhíle bliain níos faide anonn sa stair agus ó áit de áiteacha imigéiniúla an domhain. Bainimidne leis na náisiúin, há góím, taobh amuigh de phobal Iosráel. Dea-scéala dúinne go raibh fairsingeacht ag teacht i bplean Dé don chine daonna.

Smaoineamh
Sa chéad léacht agus sa soiscéal inniu, léirítear plean fairsing Dé: leathnóidh an slánú amach thar críocha Iosráel go dtí na tíortha is faide ar shiúl, go dtí na náisiúin go léir: ‘i dtreo na n oileán i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir’ (Ísáia). Deirtear sa soiscéal: ‘Tiocfaidh siad anoir is aniar ann, aduaidh is aneas, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé’. I soiscéal Lúcáis is minic Íosa ag suí chun boird le daoine éagsúla – siombal an mhuintearais – agus anseo inniu ag an Aifreann táimidne ag suí chun boird na hEocairiste, aontaithe le hÍosa agus lena chéile. Sinne, a bhí scaite amach in imigéin an domhain, táimid bailithe isteach i gcomhluadar an Tiarna, agus bronnann sé orainn arán na beatha síoraí.

Guí an Phobail
Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1. Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh said abhaile slán. A Thiarna, éist linn.

2. Guímid ar son na macléinn atá ag fanacht ar thorthaí a gcuid scrúduithe. A Thiarna, éist linn.

3. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

4. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

5. Guímid go mbeidh aimsir mhaith ag na feirmeoirí agus ag na hiascairí. A Thiarna, éist linn.

6. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha..) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir
A Spioraid Naoimh,
a bheonn gach rud beo,
a ghluaiseann gach créatúr,
a bhunaíonn an uiledhúil
A nglanadh go glinn gléineach,
ag cealú a ndearmad,
ag cneasú a gcréachta,
is Tú an fíorbheatha againn,
lonrach,
iontach,
ag múscailt an chroí
óna chodladh cianaosta.

HILDEGARD DE BINGEN