July/August 2021: Leathanach don Cheiliuraí

Leathanach don Cheiliuraí

 

Iúil: Ruth Forrest
Craan, Gorey, Co Wexford
Lúnasa: An tAthair Seán Mac Aoidh SP
(Fr Seán McHugh PP)
Teach an tSagairt, An Spidéal, Co na Gaillimhe

Domhnach 14 ‘Le Linn na Bliana’
4 Iúil 2021

Réamhrá
Nuair a ghlaonn muid ós ard ar Dhia, cloiseann Dia ár nguthanna agus freagraíonn Sé muid. Nuair a thugann sé geallúint dúinn, cloíann Sé leis. Go mbeadh muid mar a gcéanna.

Smaoineamh
‘Nuair a bhí Íosa ag labhairt sa tsionagóg, mhínigh sé, ‘Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin agus i measc a ghaolta féin agus ina theaglach féin.’ Rinne sé íonadh dá ndíchreideamh.
Ceisteanna dúinn féin … an bhfeiceann muid cumhacht agus féidearthacht an ghnáthdhuine inár ndúiche féin bheith in ann rudaí íontachta a dhéanamh? An mbíonn muid i gcónaí ag déanamh breithiúnais ar dhaoine bunaithe ar a
n-áit dhúchais, a gcúlra sóisialta agus an cineál fostaíochta atá acu? Dá dtiocfadh Íosa in ár measc, an aithneodh muid é? Cén saghas fáilte a bheadh curtha roimhe?
Baineann an cheist seo le bheith umhal agus muid i láithreacht an duine atá i gcónaí ag iarraidh éisteacht agus cabhrú linn, ar cibé bealach is fearr agus is oiriúnaí.
B’fhiú smaoineamh air seo agus bheith buíoch díbh siúd a thagann le teachaireacht agus soiscéal De in ár measc, ag iarraidh orainn a threorú ar bhóthair an tsláinte spioradálta tar éis leigheas de chineál éigin a thabhairt dúinn. Mar a dúirt Dia linn sa dara léacht, ‘Is leor duit mo ghrásta, mar is tríd an laige a thagann an neart chun foirfeachta.’
Go gcuimhnímid air sin…

Guí an Phobail
1. Don domhain i gcoitinne: A Thiarna, dúirt tú go n-éisteann tú leo siúd atá i bpian d’aon chineál. Tabhair misneach dúinn glao amach mar a dhein Clann Iosrael sa chéad léacht.
A Thiarna, éist linn.
2. Ar son na hEaglaise: In amanna nuair a mhothaíonn muintir na hEaglaise i bpian, go leaga tú do lámh orthu i dtreo is go mothóidís do ghrásta.
A Thiarna, éist linn.
3. Guímid ar son éinne atá tinn ar aon bhealach ar bith. Go raibh tú leo in am a bpian, go tuga tú faoiseamh dóibh agus dá mhuintir agus go dtuga tú ionspioráid dóibh siúd a bhfuil á
n-iarraidh teacht ar ais chun na
sláinte.
A Thiarna, éist linn.
4. Go dtaispeána muid meas is go gcuire muid fáilte roimh chách sa dúiche – go háirithe dóibh siúd atá nua-tagtha.
Go bhfeice muid an mhíorúilt atá i ngach éinne.
A Thiarna, éist linn.

An Phaidir
Mar chlann lán de dhóchas, guímid…

Focail Scoir
Beannaigh muid.
Beannaigh ár gclainne.
Beannaigh iad siúd a chasann muid orthu.
Go n-aithní muid Grásta De ina
n-aghaidheanna.

* * *

Domhnach 15 ‘Le Linn na Bliana’
11 Iúil 2021

Réamhrá
Nuair a thosaigh na deisceabail ar an turas, chaith siad amach mórán deamhan agus rinne siad mórán othar a ungadh le hola agus leigheas siad iad. (Marcas 6)

Smaoineamh
Scaití, cuireann muid ceist orainn féin – cad é mo mhisean sa saol seo?
Deirtear i leabhar Amóis, go raibh sé ag obair mar aoire i dtús báire ach go raibh misean ní ba thábhachtaí ag Dia dó. B’shin bheith mar fháidh. Níor glacadh leis agus níor cuireadh fáilte roimhe ach oiread. Is cinnte go raibh sé deacair air tabhairt faoin gcineál oibre seo. Ach lean sé leis de dheasca na ndúshlán ar fad agus bhí rath ar a chuid oibre.
Cuireadh na deisceabail amach chuig na bailte agus comhairle tugtha ag Íosa dóibh gan fanacht in aon áit nár chuir na daoine fáilte rompu. Rud tábhacht a mhol Íosa dóibh gan aon rud nach raibh gá leis a thabhairt leo. Ba rud maith é seo. Toisc go raibh na deisceabail ag maireachtáil ar shlí gan aon chuma de shaibhreas, bhí na daoine sna bailte sásta éisteacht leo, go bhfeicfidís cén teachtaireacht a bhí ag na fir. Sa deireadh, fuair muintir na mbailte leighseanna ar go leor rudaí a bhí ag cur isteach orthu.
An éisteann muidne le ghuth Dé agus é ag taispeánt ár misean dúinn? Fiú má thuigeann muid céard é an misean, an nglacfaidh muid leis? An bhfuilimid in ann soiscéal Dé a scaipeadh ar bhealach umhal pé post atá againn?
Nuair a mhaireann muid ar a bhfaigheann muid, is ea is dóchúla go mbeidh rath ar ár gcuid oibre.

Guí an Phobail
1. Don domhain i gcoitinne: Go mbeidh fáilte i ngach áit do shoiscéal Dé agus dóibh siúd a thógann an teachtaireacht leo ó áit go háit.
A Thiarna, éist linn.
2. Go bhfreagraí muintir Dé a ghlaoch chun misean na heaglaise a dhéanamh ar chibé bealach atá roghnaithe ag Dia. A Thiarna, éist linn.
3. Go dtaga leigheas de shaghas éigint ar ghach duine atá ag fulaingt. Go dtuga Dia misneach, foighne agus tuiscint doíbh siúd agus dá mhuintir.
A Thiarna, éist linn.
4. Go dtuige muid nach gá go mbeidh saibhreas, mar a thuigeann roinnt duine é, againn chun toil Dé a dhéanamh. Go leana muid córas Amóis agus, níos deireanaí, na deisceabail.
A Thiarna, éist linn.

An Phaidir
Ag iarraidh misean Dé agus ár róil ann a thuiscint, guímid …

Focail Scoir
Go gcabhraí Dia linn bheith cosúil leis na deisceabail ag déanamh a thoil go humhal, go háirithe i rith na seachtaine seo. Guímid ort, a Thiarna.

* * *

Domhnach 16 ‘Le Linn na Bliana’
18 Iúil 2021

Réamhrá
‘Tagaigí sibhse go dtí áit uaigneach ar leithligh agus glacaigí bhur suaimhneas tamall.’ Sin a mhol Íosa dá dheisceabail.

Smaoineamh
Tá téama láidir sna léachtaí an tseachtain seo. Feictear arís an tábhacht le ról an aoire agus é ag thabhairt aire dá chaora.
Sa chéad agus sa dara léacht, geallann Dia nach ligfeadh sé dá chaora bheith scartha óna chéile nó ón aoire – go mbaileodh sé iad ar fad, fiú dá mbeadh siad caillte, agus go dtabharfadh sé féin aire dóibh.
I soiscéal Naomh Mharcais, múineann Iosa do na deisceabail gur gá dóibh dul go háit uaigneach i dtús báire i dtreo is go mbeadh suaimhneas acu. An ndéanann muidne é seo? An gcuireann an chiúnas isteach orainn scaití mar aoire, tá an chiúnas sin ag teastáil chun glór na gcaorach a chloisteáil, go háirithe má tá ceann dóibh ar straé.
Nuair a tháinig Íosa ar ais tar éis dó bheith i mbád leis na deisceabail, bhí slua ag an trá ag fanacht air. Cheap sé go raibh cuma orthu amhail is a bhíodar mar chaora caillte. Mar sin, shuigh sé síos agus thosaigh sé ag múineadh na ndaoine.
Ar bhealach, d’fhéadfaí go bhfuil an dá ról sin againn mar Chaitlicigh – an t-aoire agus na caora. Caithfimid, mar aoirí, aire a thabhairt dóibh siud a bhíonn caillte ar an mbóthar scaití. Ag an am chéana, ba cheart dúinn bheith sásta bheith umhal mar caoirigh, réidh le héisteacht le teachtaireacht agus moltaí Íosa, ár nAoire.

Guí an Phobail
1. A Íosa, threoraigh muid ar an mbóthar ceart chugatsa. Tóg go áit suaimhneach sábháil muid.
A Thiarna, éist linn.
2. Dóibh siúd atá caillte, guímid go mbeidh siad ar ais linn arís, fé chúram Íosa, ár nAoire.
A Thiarna, éist linn.
3. A Íosa, go múine tú dóibh siúd atá ag plé le cúrsaí polaitíochta domhanda conas daoine a thabhairt le chéile, le grá, le cineáltacht agus le tuiscint a léiriú, is cuma cé chomh héagsúil óna chéile is atá muid go léir.
A Thiarna, éist linn.
4. Dóibh siúd atá imithe ar Shlí na Firinne cheana, go stiúra tú iad go páirc na bhFlaitheas, áit a mbeidh suaimhneas ann i gcónaí.
A Thiarna, éist linn.

An Phaidir
Guímid briathra an tSlánaitheora…

Focail Scoir
Go n-éiste muid le focail Dé go géar.
Go dtuga muid aire dóibh siúd atá caillte ar a mbealach.
Go dtaga cách le chéile mar chlann arís an tseachtain seo chugainn.
Sin é ár bpaidir chugat trí Chríost ár dTiarna. Áiméan.

* * *

Domhnach 17 ‘Le Linn na Bliana’
25 Iúil 2021

Réamhrá
Má chuireann muid ceist ar Dhia cabhrú linn ar aon bhealach, éisteoidh Sé linn agus tabharfaidh Sé dúinn cibé rud atá ceart dúinn.

Smaoineamh
De réir an méid atá scríofa in Ephesians, Caibidil a Ceathair, is daoine muid a bhfuil sé de dhualgais orainn cabhrú lena chéile agus cúram a thabhairt dá chéile. Is mian le Dia é seo.
Déanann Íosa é seo ar bhealach atá drámatúil sa soiscéal inniu.
Nuair a thagann sé chuig an áit a bhfuil na céadta duine ann chun bualadh leis agus le héisteacht leis, tuigeann sé go bhfuil sé seo tábhachtach ach go bhfuil rud eile níos bunúsaí ag teastáil uathu – bia. Is ansin a chuireann sé níos mó aráin ar fáil dóibh ná an mhéid a bhí sa chiseán sa chéad áit. An miorúilt nó an draíocht atá i gceist? An bhfuil sé seo tabhachtach?
B’fhéidir gurb é an rud is tábhachtai ná go dtuigeann Íosa ceard a bhí in easnamh i saol na ndaoine ag an am agus thug sé níos mó ná sin dóibh sa deireadh. Agus chomh maith leis sin, bhí bulláin bhreise fágtha tar éis an tslua, a ndóthain ithe acu. Ar an mbealach sin, thuigeadar nach mbeadh orthu a thuile.T
ugann Íosa an méid atá ag taisteáil dúinn, agus níos mó ná sin, fiú. An t-aon rud gur gá dúinn a déanamh, ná teacht chuige agus cabhróidh sé linn.

Guí an Phobail
1. Don Eaglais: Go dtuga Dia inspioráid do mhuintir na hEaglaise i dtreo is go mbeidh siad in ann beannachtaí Dé a scaipeadh go forleathan, cosúil le bia spioradúil a thabharfadh beatha buan don té a ghlacfadh leis.
A Thiarna, éist linn.
2. Do thaoisigh timpeall an domhain: go raibh siad cosúil le hÍosa, ag tabhairt aire orthu dóibh siúd atá i gcruachás, faoi mhí-bhuntáiste nó scartha amach ón tsochaí ar fáthanna éagsúla.
A Thiarna, éist linn.
3. Dóibh siúd atá tinn: Go bhfaighe siad leigheas an Tiarna trí chumhacht na bpaidreacha, len iad a threorú ar bhóthar na sláinte arís, má tá sé sin in ann dóibh.
A Thiarna, éist linn.
4. Dúinn ar fad: Go gcuimhní muid ar chorp Íosa atá mar bhia dúinn go buan, agus nach mbeimid riamh ocrach go spioradálta má chasann muid Air díreach mar a dhein an slua sa Soiscéal.
A Thiarna, éist linn.

An Phaidir
Comóraimid go bhfuil cuireadh againn i gcónaí bheith ag an mbéile le hÍosa.

Focail Scoir
Go nglaca muid i gcónaí leis an mbia síoraí a thug Dia dúinn, agus go
roinne muid é le cách a chasfaidh muid orthu…

Ruth Forrest
Craan, Gorey, Co Wexford

* * *

Domhnach 18 ‘Le Linn na Bliana’
1 Lúnasa 2021

Réamhfhocal
Mar a bheathaigh Dia muintir Iosrael sa bhfásach le manna, beathaíonn a Mhac a dheisceabail i gcónaí lena chorp féin le go mbeadh muid sách sa saol anseo agus sa bheatha shíoraí.

Smaoineamh
Scríobh N. Pól chuig na hEifísigh (an dara léacht) ‘gan bheith ag tabhairt bhur saoil le baois’; is é sin, gan a bheith ag maireachtáil go fánach. Nuair a mhaireann daoine mar sin, is trí thimpiste a shroicheann siad a gceann scríbe.
D’imigh muintir Iosrael ar strae ó Dhia ar an turas ón Éigipt (an chéad léacht). B’in an fáth gur thóg an turas sa bhfásach 40 bliain. Dúirt Íosa faoi na daoine a lean é ó áit go háit go raibh siad ‘mar chaoirigh gan aoire’ (Mc. 6:34), is é sin, ar strae. D’airigh sé gá éigin iontu; thug sé tart agus ocras an an ngá sin (an Soiscéal).
Ba mhaith le hÍosa muid a shásamh ní amháin ó lá go lá ach go hiomlán agus go buan — le hArán na Beatha. ‘Saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí,’ a dúirt sé (Eoin 6:27).
Geallann an Eocairist go mbeidh chuile dhuine a chreideann ann sona sásta agus sách chuile lá, agus beidh a fhios acu cá bhfuil siad ag dul.

Guí an Phobail
Thug an Tiarna arán dóibh ó Neamh. Iarraimis anois an t-arán a theastaíonn uainn ag an am seo:

1. Go raibh an Eaglais cothaithe agus athnuaite i gcónaí nuair a fhógraíonn muid an Soiscéal agus i mbriseadh an Aráin.
A Thiarna, éist linn.
2. Go bhfeice muid réabhlóid spioradálta sa gcreideamh lenár linn ionas go maire muid faoi threoir agus le brí.
A Thiarna, éist linn.
3. Go bhfeice daoine gan mórán treoir lena saol gurbh fhiú éisteacht leis an Soiscéal.
A Thiarna, éist linn.
4. Go raibh deireadh le hocras domhanda.
A Thiarna, éist linn.
5. Go raibh ár mairbh aontaithe linn ó neamh i gceiliúradh seo na hEocairiste.
A Thiarna, éist linn.

A Dhia, éist linn ag guí agus ag iarraidh ort na rudaí a theastaíonn go fíor don saol seo agus don saol thall, trí Chríost, ár dTiarna. Amen.

An Phaidir
‘An té a thagann chugamsa, ní bheidh ocras air choíche,’ a deir an Tiarna. Iarraimis ár n-arán laethúil ó Dhia anois:

Focal Scoir
Is féidir le Dia bláthanna a fhás i dtalamh clochach. Patris corde 4

* * *

Domhnach 19 ‘Le Linn na Bliana’
8 Lúnasa 2021

Réamhfhocal
Is aoibhinn dúinn a fuair cuireadh anseo chuig altóir na hEocairiste le bheith neartaithe don saol agus don turas go sliabh Dé ar neamh.

Smaoineamh
Níl Elijah (an chéad léacht) in ann déileáil le conspóid ina shaol. Labhair sé amach in aghaidh rí Ahab. Ní raibh toradh maith air. Theith Elijah. Tagann muide go dtí an scéal agus é á rá le Dia, ‘Beir leat m’anam.’ Tháinig aingeal chuige le toirtín agus uisce mar a bheadh comaoineach aige dó. Tar éis ithe, bhí Elijah in ann éirí agus dul ar aghaidh go sliabh Dé!
Réitíonn an scéal sin muid don teagasc faoin Eocairist sa Soiscéal. Neartaíodh Elijah don turas go sliabh Dé, ach is é Íosa féin an lón bóthair a neartaíonn muid don saol seo. In áit aingeal a bheith ag teacht le harán ó neamh, tagann Mac Dé féin chugainn lena chorp féin.
Tá sé suimiúil gur sheol Dia Elijah ar ais go dtí an saol a d’fhág sé. (Ná rith ó do thrioblóidí!) Tar éis a bheith neartaithe ag Dia, bhí Elijah in ann déileáil leis an trioblóid a bhí ag fanacht leis.
Beireann muide linn go dtí an Eocairist ár dtrioblóidí, agus chuile rud eile inár saol, mar ní féidir a rá go mbíonn muid i láthair go hiomlán má fhágann muid aon rud taobh amuigh. (Leanfaidh siad isteach muid, ar aon nós.) Neartaíonn an Eocairist muid don saol agus a gcaitheann an saol inár dtreo.

Guí an Phobail
Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna – tagaimis chuige lenár bpaidreacha:

1. Go raibh creideamh níos láidre againn san Eocairist mar lón bóthair don saol anseo.
A Thiarna, éist linn.
2. Go raibh muinín againn sna rudaí a thaitníonn le Dia chun muid a shásamh.
A Thiarna, éist linn.
3. Go neartaí an Tiarna daoine atá faoi bhrú, daoine le trioblóidí, daoine nach bhfuil in ann déileáil leis na fadhbanna agus na freagrachtaí atá acu.
A Thiarna, éist linn.
4. Go bhfaighe na daoine ar saoire ag an am seo sos a neartóidh iad agus iad ag filleadh abhaile.
A Thiarna, éist linn.
5. Go raibh ár mairbh ag séire ár dTiarna ar Neamh aontaithe linne anseo ag séire ár dTiarna ar talamh.
A Thiarna, éist linn.

A Dhia, ní féidir linn teacht chugat gan dul trí do Mhac. Éist linn ag guí chugat mar sin, trí Chríost ár dTiarna. Amen.

An Phaidir
Chuala muid sa Soiscéal: ‘D’ith bhur n-aithreacha manna sa bhfásach agus fuair siad bás’. Iarraimis ar Dhia anois Arán na Beatha a thabhairt dúinn inniu.

Focal Scoir
D’fhoghlaim Íosa ó Iósaef naofa an luach, an dínit agus an lúcháir a bhaineann le harán a ithe atá mar thoradh ar a shaothar féin.’ Patris corde 6

* * *

Deastógáil na Maighdine Beannaithe Muire (Sollúin)
15 Lúnasa 2021

Réamhfhocal
Tógadh máthair Íosa Críost suas chun na bhfhlaitheas idir anam agus corp nuair a bhí a saol anseo ar talamh thart. Bhronn Dia an onóir sin uirthi ‘de bharr a tuillteanais’ (Preafáid). Thuill Muire é sin. Go dtuille muide an uile ní a bhronnfaidh Dia orainn inniu agus chuile lá, agus ar deireadh thiar.

Smaoineamh: Tiocfaidh Ár Lá
Fógraíonn féile Deastógála na Maighdine Beannaithe Muire dúinn lasmuigh de thréimhse na Cásca céard a tharlóidh ar an lá deireanach – an lá sin lena bhfuil ár gcreideamh ag súil – nuair a thiocfaidh Íosa faoi ghlóir ‘le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh’ (An Chré), is é sin, ár n-aiséirí.
Creideann muid nár bhain ‘truailliú na huaighe’ (Preafáid) le Muire nuair a bhí a saol anseo ar talamh thart. Ar bhealach, nárbh é sin lá an aiséirí do Mhuire ag teacht go luath di. Ní gá do Mhuire fanacht le haiséirí na marbh anois cosúil linne mar thóg Dia suas í ‘chun glóir na bhflaitheas, idir chorp agus anam’ (An Chomhurnaí) cheana féin. Thuill Muire amháin an onóir sin mar gur rugadh di Íosa Críost ‘údar na beatha uile’ (Preafáid).
Sa bhféile seo inniu, fógraíonn Muire aiséirí na marbh dúinn ar deireadh thiar. Múineann sí dúinn (in éineacht le hÍosa i gcónaí), céard é lena bhfuil muid ag súil agus ag fanacht, agus atá i ndán dúinn ina dhiaidh seo, is é sin, aiséirí an choirp. Agus muid ag ceiliúradh inniu bronnadh thorthaí Aiséirí Íosa ar Mhuire, creideann muid go dtiocfaidh ár lá chomh maith!

Guí an Phobail
Ag ceilúradh Muire agus ag comóradh an lá a tógadh suas í ar neamh, guímid:

1. Go gcuire muid fáilte i gcónaí roimh an Tiarna Íosa agus a Shoiscéal chun cónaí ionainn.
A Thiarna, éist linn.
2. Go maire muid níos mó ar nós Mhuire: muid féin a ghléasadh sa naofacht, agus a bheith díograiseach faoi na rudaí a thaitníonn le Dia.
A Thiarna, éist linn.
3. Go dtuille muide an t-aiséirí a bhronnfaidh Dia orainn ar deireadh thiar.
A Thiarna, éist linn.
4. Agus iad aontaithe linn ag fanacht le lá an Aiséirí, go dtuga ár mairbh glóir do Dhia ar neamh in éineacht linne anseo ar talamh.
A Thiarna, éist linn.

Éist linn, a Dhia, agus muid ag guí le Muire agus ár gcroíthe ar lasadh, go ndéantar do thoil, trí Chríost ár dTiarna. Amen.

An Paidir
Tríd an Spiorad Naomh a thuirling ar Mhuire agus a chomhlíon inti agus tríthi gach a dúradh léi, guímid:

Focal Scoir
In obair naofa an tslánaithe, ní féidir an Mac a scaradh óna Mháthair a d’aontaigh í féin do dílis leis go dtí gur sheas sí ag bun na croise. Patris corde 5
* * *
Domhnach 21 ‘Le Linn na Bliana’
22 Lúnasa 2021

Réamhfhocal
‘Tóg é nó fág é’ – is é sin an rogha sna léachtaí inniu. Roghnaigh muid Íosa Críost cheana féin. Déanann muid an cinneadh sin a athnuachan chuile lá agus ag chuile Aifreann.

Smaoineamh
‘Tóg é nó fág é’ – b’shin an rogha a tugadh dúinn mar ghasúir nuair a chuirtí béile ar an mbord nár thaitin linn. ‘Tóg é nó fág é’ – is é sin an rogha a thugann na léachtaí inniu, gan aon bhrú a chur ar an duine a chloiseann. Tá daoine le bheith saor chun glacadh – nó gan glacadh – le hÍosa agus lena Shoiscéal.
Díreach mar a thug Iósua sa chéad léacht rogha do mhuintir Iosrael – idir déithe a n-aithreacha agus an Tiarna Dia – thug Íosa rogha dá dheisceabail féin: ‘An mian libhse imeacht chomh maith?’ Thug Íosa an rogha mar go ndúradh faoinar theagasc sé, ‘Is crua an chaint í seo.’ Ní hé go bhfuil sé an-deacair teagasc Íosa a thuiscint ach go bhfuil sé an-deacair é a leanacht, agus é a leanacht go hiomlán.
Thug Íosa an rogha sin i gcomhthéacs na hEocairiste: má bhím páirteach san Eocairist, ba cheart go mbeadh an rogha déanta agam cheana féin go bhfuil mé chun mo shaol a chaitheamh ar bhealach atá Eocairisteach, agus seirbhís a dhéanamh do thoil an Tiarna i mo shaol. Go simplí, tá dualgas ag baint le freastal ar an Eocairist.
‘Céard mar gheall oraibhse?’ – caithfidh go dtabharfaidh chuile dhuine againn freagra don rogha sin am éigin. Is maith agus is ceart go n-airíonn daoine sa lá atá inniu ann iomlán saor cibé rogha a dhéanann siad. Ach le fírinne, níl aon rogha ann nuair a thuigeann daoine na beannachtaí a thagann le saol atá caite le creideamh. Is é sin an fáth go ndúirt Síomón Peadar le hÍosa, ‘Is agatsa atá briathra na beatha síoraí.’

Guí an Phobail
Mar aon phobal amháin i gCríost, tagaimd chun Dé lenár bpaidreacha:

1. Go maire muid dílis don Soiscéal agus do Íosa Críost a tháinig inár measc chun é a fhógairt.
A Thiarna, éist linn.
2. Go raibh muide atá páirteach i gCorp agus i bhFuil Chríost anseo inniu aontaithe le chéile agus le chuile dhuine a admhaíonn creideamh in Íosa Críost.
A Thiarna, éist linn.
3. Go bhfana muid dílis do na cinntí agus do na roghanna a rinne muid.
A Thiarna, éist linn.
4. Go raibh na daoine inár measc atá pósta dílis dá gcéilí agus dá ngealltanais.
A Thiarna, éist linn.
5. Go ndéana anamacha ár marbh mórtas as a fheabhas atá an Tiarna.
A Thiarna, éist linn.

Neartaigh muid sa gcreideamh atá againn ionat, a Aon Naofa Dé, agus muid ag guí chugat inniu agus i gconaí trí Íosa Críost do Mhac, trí shaol na saol. Amen.

An Paidir
Go bhfeice muid Ríocht Dé i láthair níos mó inár measc, guímid:

Focal Scoir
Tugann an creideamh brí do chuile ócáid – sona nó brónach. Patris corde 4

* * *

Domhnach 22 ‘Le Linn na Bliana’
28 Lúnasa 2021

Réamhfhocal
Is é an dlí a thug Maois d’Iosrael a cheanglaíonn an chéad léacht agus an Soiscéal inniu. Ná bíodh sé le rá go bhfuil muid cosúil leis na Fairisínigh sa Soiscéal inniu agus iad ag díriú isteach ar choinneáil an dlí.

Smaoineamh
Thug Maois na dlíthe ó Dhia do chlann Iosrael sa bhfásach, agus iad ar an mbealach go dtí an tír a gheall Dia dóibh – rud a rinne Dia d’Iosrael amháin, nár gheall sé d’aon náisiún eile. Más mar chomhartha buíochais (nó le go mairfeadh siad go sona sásta agus faoi shíocháin mar náisiún agus mar phobal, agus ‘le go mbeadh fad saoil’ acu), shílfeá go ndéanfadh clann Iosrael a ndícheall chun na haitheanta a chomhlíonadh agus a leanacht. Cabhróidh na haitheanta leo agus iad ag maireachtáil i gceart mar phobal, i dtiúin le Dia agus i dtiúin lena chéile, le dea-chaidreamh eatarthu. Gheall na haitheanta rath orthu, agus ar a ndéanfadh siad, mar dhaoine, mar phobal agus mar náisiún.
Sa Soiscéal inniu, tá sé soiléir go bhfuil Íosa mífhoidheach leis an gcaoi gur imigh na Scríobhaithe agus na Fairisínigh ar strae ó spiorad seo an dlí, mar ar chuir siad béim ar choinneáil an dlí.
Glactar leis anois nach n-oibríonn dlíthe agus rialacha go maith nuair a thagann sé go dtí cleachtadh an chreidimh. Theip ar an saghas sin reiligiúin a éilíonn rialacha a shásamh. Mar mhódh mhoráltachta, mar bhealach chun ár saol a chaitheamh, ní shásaíonn coinneáil rialacha muid.
Tá na haitheanta againn ó Dhia chun muid a threorú agus chun cuidiú linn; ní slat iad chun muid a choinneáil faoi smacht. Beidh ‘coinneáil na n-aitheanta’ i gcónaí folamh, i gcónaí bréagach, gan bheatha, gan ghrá, agus trom, is é sin, Fairísineach. Ná bíodh sé le rá go bhfuil muid cosúil leis na Fairisínigh.

Guí an Phobail
Guímis chun Dé atá in ann ár n-anamacha a shlánú:

1. Go dtuga na haitheanta cúnamh dúinn le maireachtáil i síocháin, i gceart agus le cóir, agus ar aon intinn le Dia sa teaghlach, sa bpobal, sa tír, agus sa domhan.
A Thiarna, éist linn.
2. Go raibh an creideamh a fhógraíonn muid ó bhéal anseo inniu le feiceáil inár mbeatha i rith na seachtaine seo.
A Thiarna, éist linn.
3. Go bhfása na daoine óga agus iad ag filleadh ar ais ar scoil in eagna agus i dtuiscint orthu féin, ar an domhan, agus ar Dhia.
A Thiarna, éist linn.
4. Go maire siad siúd atá imithe romhainn i ngrá Dé gan teorainn ar neamh.
A Thiarna, éist linn.

A Athair, a shoilsíonn ár gcroíthe le do Bhriathar, éist linn ag guí go ndéana muid fíorchleachtadh sa gcreideamh, trí Chríost ár dTiarna. Amen.

An Phaidir
Guímid chun Dé le muinín nach dtréigfidh sé muid.

Focal Scoir
Is minic nach mbíonn daoine a thugann breithiúnas ar dhaoine eile in ann glacadh lena laigí féin. Patris corde 2

An tAthair Seán Mac Aoidh SP
(Fr Seán McHugh PP)
Teach an tSagairt, An Spidéal, Co na Gaillimhe

* * *

To download this page click here