July-August 2022: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

Iúil: Seán Ó Coigligh
Dún Dealgan, Co Lú

Lunasa: Pól Ó hEoghusa
Droichead Átha
15 Lunasa: Pól Ó Conchúir

 

An Ceathrú Domhnach Déag Saor
3 Iúil 2022

 

Réamhrá
Tá clú agus cáil ar mhuintir na hÉireann mar phobal atá fial, flaithiúil agus fáilteach. Táimid bródúil as an ‘céad míle fáilte’ a fhearraimid roimh na mílte cuaiteoir a thagann ar saoire chugainn gach bliain. Tá téama an fháilte le feiceáil i léachtanna an Aifrinn inniu,’sé sin an fáilte a fhearraimid roimh Briathar Dé. Go dtuga Dia cluas éisteachta dúinn inniu chun go mbeimis in ann fáilte croíúil a chur roimh teachtaireacht ár dTiarna.

 

Smaoineamh
Tá fírinne an tseanfhocail a mhaíonn go bhfuil dhá thaobh ag gach bonn le feiceáil i léachtanna an Aifrinn an lae inniu. De réir Ísáia tá sonas agus aoibhneas an pháiste atá ag súgradh gan dua i mbaclainn na máthar i ndán don té a chuireann a mhuinín i nDia.

     Níl compórd agus sonas an linbh le brath i bhfocail Naomh Lúcás faraor. Tá faobhar ar a chuid focal. Ní teachtaireacht sona í teachtaireacht an tSoiscéil. Seachaintear í uaireanta faoi mar a sheachaintear an fhírinne. Agus uaireanta cuirtear go láidir ina coinne.

     Tugann Íosa foláireamh dúinn go bhfuil crógacht agus misneach ag teastáil chun luachanna Ríocht Dé a chraobhscaoileadh. Tá an rabhadh seo go iomlán éagsúil ó chompoird agus sonas an pháiste a chloisimid i bhfocal Ísáia . Ach is é seo an rabhadh a chuala agus a ghlac Rudy Romano leis i rith a shaol mar shagart in Ord an tSlánaitheora i bPoblacht na bhFilipíneacha, a fuadaíodh in Iúl 1985 agus atá ar iarraidh ó shin; mar gur chuir sé a mhuinín i bhfocal Íosa agus é ag obair i measc na mbochtán sa tír sin.

     Ní chuirtear fáilte fial i gcónaí roimh focail ár dTiarna. Spreagann teachtaireacht na síochána agus na cothromaíochta naimhdeas agus fonn troda i gcroíthe daoine áirithe. Tá sin le feiceáil thart orainn inniu. Tá teachtaireacht ár dTiarna comh luachmhar agus comh práinneach sin nár chóir dúinn ár n-am a chur amú ag iarraidh í a roinnt leo siúd atá doicheallach agus a thugann an chluas bhodhar dó.

 

* * *

An Cúigiú Domhnach Déag Saor
10 Iúil 2022

Réamhrá

Feictear an faobhar a bhí le brath i léachtanna an Domhnaigh seo caite arís inniu nuair a fheicimid Lúcás ag cur síos ar eachtra a tharla nuair a bhuail Íosa le hoide dlí a bhí ag iarraidh tuiscint a fháil ar an saol agus ar an mbeatha síoraí. Feicimid nach féidir ár gcaidreamh le Dia agus lenár gcomharsan a scarúint óna chéile. Mar sin tá dúshlán spioradálta agus praiticiúil i gceist sa Chríostaíocht. An dúshlán a chuirtear roimh an oide dlí agus romhainne sa Soiscéal inniu.

 

Smaoineamh

Thosaigh Seosamh Mac Grianna scéal a bheatha Mo Bhealach Féin le ráiteas a bhainfeadh geit as an léitheoir. Scríobh sé nach amháin go raibh an fhírinne searbh, ach go raibh sé garbh agus b’shin é an fáth a sheachaintear í. Nuair a bhí an
t-oide dlí ag imeacht tar éis dó a bheith ag plé iompar an tSamáraigh le hÍosa thuig sé go raibh an fhírinne searbh agus garbh. Seo fear léannta a tháinig chun tosaigh chun dul i ndíospóireacht le hÍosa agus chun bob a bhualadh air. Ach thuig Íosa croí an oide dlí seo agus ar bhealach simplí, daonna mhínigh sé dó nárbh leor an fhreastail reiligiúnda a bhí leagtha síos sa Torah, dlí na nGiúdach. D’inis sé scéal a thuig gach duine sa lucht féachana agus, ag an am chéanna, chuir Íosa chreideamh an oide dlí i gcomparaid le hiompar an tSamáraigh, duine nach raibh meas madra ag na Giúdaigh air. Ní nach ionadh go raibh an t-oide dlí náirithe agus é ag fágáil slán le hÍosa agus neart ábhar machnaimh aige. Thuig sé go raibh giota maith eile siúl aige sula mbeadh a iompar reiligiúnda ar aon dul leis an chaighdeán a leag Íosa amach dó.

     Is scéal é parabal an tSamáraigh Fhónta a théann go croílár na Críostaiochta. Is scéal é a chothaíonn míchompórd.

 

* * *

An Séú Domhnach Déag Saor
17 Iúil 2022

Réamhrá
Cuirtear béim go minic ar an bhfreastal a dhéanann an Críostaí ar riachtanais dhaoine eile, go háirithe iad siúd atá ar an ngannchuid. Agus cé go bhfuil seo tábhachtach feicimid inniu go gcaithfear am a chaitheamh i bhfochair Dé chun éisteacht lena a bhriathar agus machnamh a dhéanamh air. Mar is é briathar Dé a chothaíonn an Críostaí.

 

Smaoineamh
Níor eitil éan riamh le sciathán amháin. Seachtain ó shin chonaiceamar Íosa ag plé tábhacht an ghrá dár gcomharsan le hoide dlí. Bheadh an grá seo le feiceáil i ngníomhartha a lucht leanúna. Chuir an treoir seo díomá ar an oide dlí. Inniu feicimid Íosa ag cur comhairle ar Mharta, atá gnóthach ag freastal ar riachtanais Íosa. Tá sí comh dáiríre faoin gcúram a thugann sí dó go ndéanann sí gearán nuair a fhecieann sí a deirfiúr díomhaoin. Iarrann sí air Íosa a rá le Máire éirí agus cuidiú léi.

     Ach comhairlíonn Íosa gur féidir le duine a bheith róghnóthach ina cuid gníomhaíochta dá comharsan agus a bheith faillíoch ina héisteacht le focal Dé. Ní mór dúinn filleadh ar an tobar le huisce a fháil. Ní mór don Chriostaí seal a chaitheamh ag éisteacht le focal Dé chun freastal ar a chomharsan. Mar is é focal Dé a spreagann ár ngníomhaíocht.

     Mar sin tá an coimheá idir an urnaí agus an machnamh ar bhriathar Dé ar láimh amháin agus an freastal a dhéanaimid ar riachtanais ár gcomharsan an-thábhachtach. Níor chóir dearmad a dhéanamh go gcaithfear seal a chaitheamh gach lá ag éisteacht le briathar Dé a thabharfaidh treoir dúinn

agus sinn ag iarraidh a bheith dílis dó. Nach é seo an treoir a thugtar dúinn sa Phaidir. Deirimid ‘go taga do ríocht, go ndéantar do thoil ar an dtalamh mar a ndéantar ar neamh’ sula n-iarraimid ar Dhia ár n-arán laethúil a thabhairt dúinn uilig, go háirithe dóibh siúd atá ar an ngannchuid.

 

* * *

An Seachtú Domhnach Déag Saor
24 Iúil 2022
Domhnach na Seantuistí agus na Seanórach

Réamhrá
Inniu tugaimid buíochas do Dhia do sheantuistí agus do sheanóirigh ár bpobal. Glacann na daoine seo páirt thábhachtach i saol clainne agus i dtógáil na bpáistí. Bíonn cead acu rudaí deasa a dhéanamh ar son na ngarpháistí nach bhfuil ag tuistí. I bhfocal, bíonn cead ag na seantuistí na páistí a mhilleadh! Ach is ó na seantuistí a bhraitheann na páistí an grá speisialta nach féidir le duine ar bith eile a thaispeáint. Agus tugann an grá seo nod dúinn faoin ghrá atá i gceist i Soiscéal an lae inniu; grá gan teora a luíonn ag croílár na Críotaíochta.

 

Smaoineamh
Samhlaigh lánúin ag iarraidh morgáiste a fháil chun teach a cheannach. Tá a gcroíthe istigh sa teach áirithe seo. Tá an paipéarachas agus na doiciméid uilig bailithe le dul faoi scrudú an bhainisteora bainc. Tá súil acu go bhfuil gach rud I gceart agus go mbeidh siad in ann an t-airgead a aisíoc. Tuigeann siad an baol go gcaillfidh siad gach rud má theipeann orthu an iasacht a íoc ar ais. Tuigeann neart daoine an imní seo.

     I Soiscéal an lae inniú tugann Lúcás a chuntas féin ar an Phaidir, an modh a thug Íosa dúinn chun urnaí a dhéanamh do Dhia. Braithimid laithreach go bhfuil sé éagsúil ó leagann a thugann Maitias dúinn, an leagan a déarfaimid le chéile nios moille san Aifreann seo. Díríonn Lúcas ar dhearca agus ar ghníomhartha a lucht leanúna agus iad ag foghlaim faoi chiall fhocail Íosa. Faoi mar a d’fhoghlaim an oide dlí i soiscéal na seachtaine seo caite tá i bhfad níos mó i gceist i leanúint Íosa ná an focal beannaithe. Tá gníomhartha i gceist.

    Ag croílár ár gcreideamh Críostúil tá an grá dár gcomharsan agus an cíocras chun freastal air. Is grá gan teora é. Níl idirbheataíocht i gceist. Ní bhíonn coinníollacha gnó nó aisíoc á leagadh síos. Is grá é a chuireann riachtanais na gcomharsan sa chéad áit. I súile lucht gnó an lae inniu is rud díchéillí a iarrann Íosa orainn. Is cinnte nach bhfaighfimis an dearcadh soineanta, simplí, réabhlóideach sin in oifig bhainisteora bainc!

 

* * *

An tOchtú Domhnach Déag Saor
31 Iúil 2022

Réamhrá
Tugann Luinneog don Iontróid nod dúinn faoi théama na léachtanna inniu, ‘sé sin nach bhfuil rud ar bith níos tábhachtaí i saol an Chríostaí ná grá agus cabhair Dé. Deir sé ‘Crom chugam le cúnamh’ agus ‘brostaigh’. ‘Cabhraigh liom’ mar ‘ is tú mo lámh cúnta agus m’fhuascailteoir’. Go dtuga Dia meon agus tuiscint dúinn glacadh leis an gcúnamh agus an grá a thugann sé dúinn go ráidh.

 

Smaoineamh
Le roinnt seachtaine anuas tá Lúcas ag iarraidh slat tomhais a leagadh síos dá lucht éisteachta chun go dtuigfidís an creideamh seo in Íosa atá á hinsint aige. Ba dhream saibhir iad seo a bhí ina suí go teo. Bhí eolas agus tuscint acu ar thábhacht an airgid agus an rachmais. Ach tá an chuma ar an scéal gur bac é an saibhreas chun áit a fháil i ríocht Dé!

     Tá seanchoincheap i ndiagacht an nGiúdach a léiríonn an meas atá ag Dia ar na bochtáin. Aithníonn Íosa dearca na Anawim, na bochtáin a chuir a muinín go hiomlán i gcúnamh Dé agus chreid siad go hiomlán nach dtréigfí iad, fiú in am an ghátair. Is é seo an dearca a mholann sé é dá lucht leanúna.

     Tá spiorad an anawim ionainn agus feicimid é ó am go ham; nuair a chuirimid ár lámha isteach inár bpócaí chun cuidiú leo siúd atá ar an ngannchuid; an fonn chun cuidiú le muintir na hÚcráine nuair a tháinig siad faoi ionsaí an Rúise agus an fáilte a chuireamar roimh na teifigh a d’éalaigh ón Úcráin. Tréith an anawim a mholann Íosa arís agus arís eile. Lá i ndiaidh lae.

     Ní hé go bhfuil Íosa in éadan an rachmais agus an tsaibhris. Níl, ach aithníonn sé an baol a bhaineann leis an ábharachas agus na deacrachtaí a chruthaíonn sé. Dallann saibhreas an dearcadh catharnach a luíonn ag croílár theachtaireacht Íosa agus an gá go mbeimis i gcónaí airdeallach ar riachtanais iad siúd atá bocht, atá ag bun an dréimire. Tugann Íosa ‘a dhuine gan chiall’, amadán, ar an duine a luaitear sa Soiscéasl inniu. Amadán, duine díchéillí, nach dtuigeann na rudaí is tábhachtaí sa saol agus a chaitheann an iomarca ama ar thóir na seafóide! Duine atá sásta a bheatha a chur i mbaol mar gheall ar an rachmas agus an airgead.

     Teastaíonn ó Íosa go mhairfeadh spiorad an anawim ionainn ionainn go rialta. Tréith a shainíonn an Críostaí os comhair an domhain.

Seán Ó Coigligh
‘St Colman’s’, Bóthar Naomh Alfonsus,
Dún Dealgan, Co Lú

* * *

An 19 Domhnach Déag Saor
7 Lunasa 2022

 

Sa soiscéal seo,ar dtús, tugann Íosa sórt órdú dúinn gan a bheith eaglach, ach muinín a chur i nDia a thabhairfaidh an ríocht dúinn. Ceapadh duine go raibh sé ag iarraidh scáth a chur orainn, ach cuireann sé in iúl dúinn go mbeidh ár gcroíthe san áit céanna ina bhfuil ár saibhris.

     Nuair a dhéanann sé tagairt do máistrí agus sclábhaithe is léir go raibh sé ag úsáid sampla a bhí oiriúnach don aois sin, ach tá sé fuirist go leor dúinne a thuiscint cad a bhí á rá aige.

     Tá léacht an-tábhachtach ann go gcaithimid bheith réidh mar tá Mac an Duine ag teacht ag uair gan choinne.Is féidir a rá go gcathaimid Íosa a aithint i gcruthanna éagsúla gach lá, gach seachtain sa tslí ina bhfuil meas againn ar dhaoine.

     Sa lá atá inniu ann, maireann daoine saolta níos faide I gcomparáid lena ngaolta fadó, toisc, mar shampla, go bhfuil caighdeán maireachtála níos fearr againn.

     Dá bhrí sin,is féidir a argóint go gceapann daoine, uaireanta, nach bhfuil aon ghá le cleachtadh an chreidimh. Táimid chomh tugtha le cúrsaí an tsaoil, nach bhfuil am nó suim againn machnamh ar cad atá romhainn tar éis bháis.

     N’fheadar an bhfoghleoimid ceacht ó Covid, cé chomh héasca agus a bhí sé don domhain tionchar a bheith ag an víreas?

     Cuireann focla Íosa in iúl dúinn nach bhfuil againn ach saol amháin agus níl fhios againn cathain nó cén chaoi a bheith deireadh lenár saol.

     Is ait an rud é a rá má bhfuilimid sásta glacadh le réaltacht an bháis, go bhfaighimid foirm saoirse,mar thoradh.

     Is féidir le seo sinn a spreagadh chun saol torthúil a chaitheamh, i i seirbhís de dhaoine eile.

     Mar a déarfadh mo mháthair,’ Caithfidh an sean bás, go bhfaighidh daoine óga bás.’ Bigí réidh!

Pól Ó hEoghusa
Droichead Átha

 

* * *

An 20 Domhnach Déag Saor
14 Lunasa 2022

Má bhí cruithúnas de dhíth orainn riamh gur teachtaireacht radacach í teachtaireacht Íosa, tá sé soléir dúinn sa scrioptúr seo. Úsáideann sé tine mar íomhá – tá sé cumhachtach agus contúirteach.

     Tá sé ag fanacht le deireadh a mhisín sa saol seo. Níos tháinig sé chun coimhlint a chothú, ach bhí fhios aige go ndéanfadh a theachtaireact amhlaidh.Má leanaimid Íosa, tá fhios againn, freisin,go mbeidh difríochtaí gcreidimh, fiú amhàin idir teaghlaigh,seachas na difríochtaí a bhíonn ann i ngach teaglach. An bhfuilimid sásta iarracht a dhéanamh chun fearg agus coimhlint a sheachaint?

     B’fhéidir go raibh Íosa ag caint faoi seo nuair a rinne sé tagairt do athair in aghaidh mac, máthair in aghaidh iníon. Is ait an rud é go raibh Íosa ag caint mar seo, mar is gnáth dó a bheith ag seanmóireacht faoi síocháin.

     Ach, níl sé éasca Íosa a leanúint i gcónaí. Tá sé deacair an soiscéal a chosaint sa lá atá inniu ann. Ba mhaith le chuid mhór des na ceannairí atá againn neamhaird a dhéanamh ar theagasc eaglaise, nuair a bhíonn siad ag iarraidh dlithe a chur i bhfeidhm.

     Tá an soiscéal á rá dúinn go gcaithimid sinn féin a athchruthú, i gcónaí, chun a bheith ina leantóir fíor.

     An ndéanann mo chreideamh fíor difríocht domsa, agus don chineál saol atá agam?

     Sin ceist nach mòr dom freagra a fháil trí mo shaol.

Pól Ó hEoghusa
Droichead Átha

* * *

Lá Fhéile Deastógála na Maighdine Beannaithe Bealtaine
15 Lunasa 2022
 

Réamhrá
Le chéile mar theaghlach Dé molaimid agus gabhaimid buíochas leis go mb’fhéidir go mbeimid ag súil leis an áit a ndeachaigh an Mháthair Mhuire.
 

Smaoineamh

Breis is 500 bliain roimh bhreith Íosa, an iarsma is luachmhaire i stair Iosrael, d’imigh Áirc an Chúnaint. Creidtear gurbh í cathair na trócaire i láthair Dé ina raibh na táibléid cloiche a tugadh do Mhaois ar Shliabh Shíonái an Áirc a bhí in éineacht leis na daoine tríd an bhfásach agus a d’iompair i mórshiúl ag treibh tiomnaithe na sagart, na Léivítigh nuair a chuaigh clann Iosrael isteach. cath. Fiú nuair a ghabh na Filistínigh é, thug siad ar ais é mar gur chreid siad go ndearna an Áirc droch-ádh orthu agus mar sin nuair a thóg Solamh a Theampall mór ba é an Áirc croí na tógála naofa. Is nuair a thug na Bablónaigh ionradh ar Iosrael, scrios siad Teampall Sholaimh agus gur ghabh siad na daoine nach gcloistear a thuilleadh don Áirc. Chreid na raibí gur ghlac an fáidh Iremiah an Áirc agus chuir sé i bhfolach í ar Shliabh Nebo áit a dúirt sé go bhfanfadh sé go dtí an t-am a chruinnigh Dia a mhuintir le chéile arís agus go nochtfadh sé a thrócaire. Ba é filleadh na hÁirce an comhartha gur fhill Dia ar a mhuintir.

     Mar sin nuair a labhair Naomh Eoin sa léamh cáiliúil ón Apocalypse faoi na Spéartha á oscailt agus Áirc an Chúnaint á fheiceáil arís bhí áthas ar na daoine an nuacht iontach seo a chloisteáil. Ach ar ndóigh ní raibh Seán ag caint ar an Áirc ársa, an bosca álainn órga ina raibh an Seanchúnant de thaibléid chloiche briste – bhí sé ag labhairt ar Áirc nua an Chúnaint a nocht sé mar an bhean a raibh an Cúnant Nua i bhfolach ina corp, an manna nua ó neamh. Ina cuid taispeánann Eoin go raibh tairngreacht Jeremiah faoi fhilleadh Dé comhlíonta ag Muire, an Áirc nua ag cabhrú lena mac Íosa an Maois nua chun muintir Dé a thabhairt le chéile agus iad a threorú chuig an Iarúsailéim nua, an chathair neamhaí.

     Insíonn Naomh Pól dúinn gurbh é Críost céadtorthaí gach duine a thit a chodladh agus gur chreid an eaglais ó na hamanna is luaithe gur ghlac Muire, Áirc Nua an Chúnaint lena mac corp agus anam chun roinnt agus ríoghacht a dhéanamh sa nua seo. Ríocht. Bhí a glao ar a lucht leanúna, bhí a leanaí i gcónaí chun éisteacht leis agus é a leanúint. Agus sinn ag ceiliúradh lá breithe neamhaí Mhuire, go n-éistfimid agus go leanfaimid chomh dílis agus is féidir linn ionas go leanfaimid le cabhair uaithi í chun na glóire neamhaí.

Pól Ó Conchúir

 

* * *

An 21 Domhnach Déag Saor
21 Lunasa 2022
 

Nuair a scríobh Luke an soiscéal seo, bhí fhios aige gur cheap na Giùdaigh,go rabhadar san chéad áit, mar a déarfa, ó thaobh dul isteach ar neamh Ach, dhiúltaigh siad Íosa mar a shlánaitheoir.

     Bheadh ríocht Dia oscailte do dhaoine as gach náisiún. Mar sin féin, ba chóir do dhaoine iarracht a dhéanamh más mian leo slánú a bhaint amach.

     Tiochfaidh slánú nuair a ghlacaimid Íosa, agus nuair a chothaimíd fírinne agus maitheas inár saol.

     Chomh maith leis an gcaidreamh a bhíonn againn le daoine èagsúla tríd ár saol- teaglach agus cairde,ní leor dúinn a cheapadh gur rud nádúrtha é a bheith macánta le daoine agus cothrom na féinne a chleachtadh inár gcumasáid leo.An bhfuil mo chroí san áit cheart i mo shaol?

     Caithimid a bheith cinntithe inár dturas, cé go bhfuil deachrachtaí ag baint le seo ó am go ham.

     An rud is tábhachtaí ná iarracht a dhéanamh ar a bheith i do dhuine a thugann meas agus grá do dhaoine eile.

     Gan dabht, ní eíríonn linn é seo a bhaint amach an t-am ar fad, ach, gach aon lá, bíonn seans againn tús nua a dhéanamh – iarracht ‘dul isteach an doras caol.’

     Ní leor bualadh le hÍosa ar bhonn ocáideach,ag Aifreann an Domhnaigh, mar shampla.Tá Íosa le feiceáil inár dtimpeallacht i go leor bealaí i rith an lae.

Má bhíonn sé beo i i mo chroí ,feicfidh mé é ins na ‘giotáin agus píosaí de gach lá.’

     Ní mór dúinn cuimhneamh ar fhocla Íosa, ‘Tá cuid acu ar deireadh a bheidh ar dtús,agus cuid eile ar dtús a bheith ar deireadh.’

     Tá an doras cúng, bí cinnte gur féidir leat dul isteach.

Pól O hEoghusa
Droichead Átha

 

* * *

An 22 Domhnach Déag Saor
28 Lunasa 2022

Is fíor a rá sa lá atá inniu ann , go bhfuil béim curtha ar shaibhreas agus stádas. Cé go bhfuilimid beo i ré ráthúla, agus, go ginearálta, tá daoine níos saibhre ná a dtuismitheoirí,ach an bhfuileadar níos sona, dá bharr?

     Cuirtear béim inniu ar conas is féidir sont a bhaint amach trí saibhreas agus an tábhacht a bhaineann leis. Tríd an íomhá a théann leis an féasta bainise, tugann Íosa léargas dúinn ar bhaint atá againn lena chéile. Má cheapaimid go bhfuilimid fíor thábhachtach,tá seans ann gur bealach é do féinscrios.

     Tá sé deacair a bheith foighneach ag an aois seo, mar shampla  – ba mhaith linn na suíocháin is fearr, an mhargadh is fearr a fháil, bheith ar an gcéad duine sa scuaine don ceolchoirm.

     Cuireann fógraíocht in iúl dúinn gurb é an bealach le hiompar.

     Nuair a bhainimid úsáid as ár gcuid buanna chun freastal ar dhaoine eile, feicimid maitheas Dé ionainn féin agus inár dtimpilleacht.

     Deirtear go bhfuil sé deas a bheith tábhachtach, ach tá sé níos tábhachtaí a bheith deas.

     Má chreidimid é seo, bainfimid taitneamh as caidreamh níos fearr le daoine,agus feicfidh siad tréithe ionainn atá fíor.

     Thaispeáin daoine ar fud an domhain meas agus flaithiúlacht an-mhór do dhaoine ón Úcráin, le déanaí. Tá sé léirithe againn go gcreidimid nach bhfuilimid níos tábhachtaí ná mar atá siad.

     Caithimid é seo a chleachtadh i rith ár saol, mar a léirigh Íosa düinn sa soiscéal seo.

     Is sampla maith é an Pápa mar dhuine a bhfuil árdú air, ar an mbealach go bhfuil meas aige ar dhínit daoine eile.

     Is mór umhlaíocht a chleachtadh nuair a cheapann an domhain ar fad gur iontach thú!

Pól Ó hEoghusa
Droichead Átha