July-August 2023: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin

 

An Tríú Domhnach Déag Saor
2 Iúil 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: 
Leanann misean Chríost ar aghaidh go dtí ár lá féin.
Céad Léacht (2 Ríthe). Is fear naofa le Dia an fear seo; ligeadh sé a scíth anseo.
Dara Léacht (Rómhánaigh). Comhadhlacadh sinn sa bhás le Críost tríd an mbaisteadh i dtreo go siúlfaimisne freisin i mbeatha úrnua.
Soiscéal (Matha). An té nach nglacann a chrois, níl sé díongbhála dom. An té a ghlacann sibhse, glacann sé mise.

 

Smaoineamh
Ba thoil le hÍosa go mbeadh leanúnachas idir i mhisean féin agus na glúnta ina dhiaidh tríd na haoiseanna síos. Ní hamháin sin ach go beadh a lucht leanúna feasach den rundiamhair mhór a bhain lena mhisean, óna Athair féin ar aghaidh. La Cásca nuair a chéad thaispeáin Íosa é féin dá dheisceabail dúirt sé leo: (‘Síocháin daoibh! Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin’ (Eoin 20:21). Sin díreach mar a deir Íosa i Soiscéal an lae inniu: Tosaíonn misean Íosa agus na hEaglaise leis an Athair, agus ba mhian le hÍosa go dtuigfeadh an Eaglais é sin – lanunachas ó chroí Dia an tAthair, trí Íosa agus a luch leanúna. Sin rúndiamhair an tslánaithe.

Tá an ceangal idir Íosa agus na glúnta ina dhiaidh, an leanúnachas, ann in dhá mhódh, i ngníomh agus maidir le teagasc. Tá sé ann i ngníomh, mar is léir ó léacht an tSoiscéil an lae inniu, gur admháil chreidimh in Íosa agus san Athair gach gníomh dá laghad é ar son forbairt ríocht Dé. Ionann fáilte roimh aoinne a chreideann i gCriost agus fáilte roimh Chríost agus an Athair. Leanúnachas i rúndiamhair an tslánaithe atá anseo.

Tá leanúnachs eile ann. Ní foláir bheith dílis dár dúirt Críost agus mar a thuig an luatheaglais a theagasc. Thuig an eaglais go luath go raibh gá leis sin — aire a thabhairt do spiorad Chríost agus a theachtaireacht agus don fhíorteagasc. Tugadh an ‘taisce’ air sin. Mar a deir an té a scríobh go Tiomóid in ainm agus is spiorad Phóil (1 Tiomóid 6:20): ‘A Thiomóid, cumhdaigh an taisce a fágadth i do chúram, agus seachain an chaint bhaoth dhiomhaoin agus ráite bréige an eolais úd nach bhfuil ann ach eolas in ainm’. Mar an gcéanna in 2 Tiomóid 1:12-14: ‘Táim cinnte de go bhfuil ar do chumas an taisce a d’fhág me faoi do chúram a ghardáil go dtí an lá úd. An teagasc folláin a chuala tú uaimse, coimeád agat mar threoir é agus lean den chreideamh agus den ghrá atá agat i gCríost Íosa’.

 

* * *

An Ceathrú Domhnach Déag Saor
9 Iúil 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: 
Cuing Íosa éadrom nó do-iompair?
Céad Léacht (Zachária). Féach, tá an rí ag teacht chugat agus é go ceansa.
Dara Léacht (Rómhánaigh). Ma bhásaíonn sibh gníomhartha na colainne le cúnamh an Spioraid, mairfidh sibh beo.
Soiscéal (Matha). Táim ceansa uiríseal ó chroí.

 

Smaoineamh
Ceist mhór in agallamh na hEaglaise le sochaí an lae inniu ná treoir Chríost agus na hEaglaise i gcúrsaí an tsaoil. Tá téamaí an agallaimh, nuair is ann dó, chomh leathan le teachtaireacht Chríost agus na hEaglaise féin. Deir Críost gur solas an domhain é. Ar uairibh, dar le líon nach beag dár gcomhaimsirigh meastar gur dorchadas don chine daonna teagasc na hEaglaise. Ach do ábhar machnaimh an lae inniu cloífimid le téama amháin den Soiscéal: cuing Íosa so-iompair agus a ualach éadrom.

An chuing atá i gceist ná a theachtaireacht agus a theagasc. Seoladh Íosa ón Athair le beatha a thabhairt don domhan agus í a thabhairt go fial. Ach tá a theagasc soiléir nach mór do dhuine bás a fháil dó féin leis an bheatha sin a ghnóthu. Agus deir Pól an rud céanna leis na Rómhánaigh, mar a chonacamar sa dara léacht inniu. Le bheith mar dheisceabail do Chríost ní mór do dhuine a chrois a thógaint agus Íosa a leanúint. Níl a leithéid de theagasc inghlactha ag duine gan creideamh, agus fiú bheadh ceisteanna ag roinnt creidmheach faoi. Mar a deir an file Seán Ó Riordáin faoi seo agus cuid eile de theagasc na hEaglaise: ‘Buarach ar m’aigne Eaglais Dé, Ar shagairt do glaofinn coillteáin’ – buarach, rópa nó corda ceangailte bó i stalla. Is fada sin ó bheith so-iompair nó éadrom.

An bhfuil réiteach ar an bhfadhb seo? Don chreidmheach a chreideann i gCríost, agus de réir sean-teagasc na nGael le aithne phearsanta a chur ar Chríost, agus sa Spiorad Naomh agus feidhmiú ghrásta Dé tríd – tá cuing Chríost so-iompair agus a ualach éadrom, chomh so-iompair agus éadrom agus a bhí sé ar Chríost féin. Is cuid mhór de oidhreacht theagasc mhorálta na hEaglaise sampla Chríost. Ní hionann an méid sin agus a rá nach mór an chuing sin a dhéanamh chomh so-iompair agus éadrom agus is féidir le teagasc Chríost a chur in oiriúint don saol atá anois againn, ach deimhin a dhéanamh de gur cuing agus ualach Chríost atá i gcónaí ann.

* * *

An Cúigiú Domhnach Déag Saor
16 Iúil 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: 
Spreagann Briathar Dé cíocras agus dóchas
Céad Léacht
(Íseáia). Cuireann an bháisteach eascar sa talamh.
Dara Léacht (Rómhánaigh). Tá an dúlra ag tnúth go díocasach le foillsiú chlann Dé.
Soiscéa
l (Matha). Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl.

 

Smaoineamh
Tá an téama seo ag rith trí na trí léachtaí inniu agus is fiú machnamh a dhéanamh air mar tá ábhar agallaimh ann do shaol ár linne féin. Bhí pobal Iosrael ar scríobh an fáidh ar a dtugaimid an Dara Íseáia chucu in íseal brí agus faoi lag-mhisneach sa Bhaibealóin gan mórán dóchais acu go raibh todhchaí ar bith i ndán dóibh. Mheabhraigh an fáidh seo dóibh nach mar sin a bhí in aigne Dé, a mhaireann a Bhriathar de shíor. Bhí ré nua i ndán dóibh, agus gan mhoill, gealltanas a thug díocas, ciocras, dóibh, agus ní briatrhra baotha folamha a bhí anseo ach dóchas bunaithe ar fhírinne agus dhílseacht Dé féin. Spreagadh chun gnímh iad dá bharr.

Mar an gcéanna le téacs Phóil chuig na Rómhánaigh, leis na tagairtí do chneadach an dúlra ag iarraidh saoirse agus foilsiu ghlóir chlann Dé. Ar uairibh sa Seantiomna féachtar ar an dúlra, ar gach ar cruthaíodh, mar bhrat glóire Dé. Brat glóire i slí é don chine daonna chomh maith, agus níl sé chomh foirfe sa ról sin agus a oirfeadh do ghlóir na gcreidmhach. Tá an dúlra easnamhach sa mhéid sin de. Dar le Pól sin toisc neach éigin, Dia is dócha, a rinne gan rath é.

Inniu tá an dúlra ag cneadadh arís le hathrú aeráide, le stoirmeacha, tinte agus eile, ag iarraidh ar an gcine daonna a ghlóir a thabhairt ar ais dó agus tá spéis faoi leith againn inniu san imshaol, sa timpeallacht, agus tá seo ag teacht go geal lena dúirt Pól. Is cuid dinn féin, brat an chine dhaonna, an timpealleacht.

Agus maidir le íomhá an tsíoladóra de, is cuid dhílis de stair poilitíochta agus réabhlóideach na hÉireann íomhá an tsíl agus an tsíoladóra – an síol á chur ag glúnta romhainn agus an fómhar á bhaint níos déanaí. Ach maille leis sin tá Briathar Dé ann agus guth Dé tríd na haoiseanna síos. Is síoladóir fós é Íosa. Agus is síoladóir gach duine againn a chreideann i nDia agis in Íosa, síoladóir le briathar, le guth agus sampla. Ná cuireadh sé isteach orainn má thiteann cuid den tsíol ar ithreacha éagsúla, ar charraigeacha, chlocha agus eile. Mar sin a bhí riamh. Ach leanann an síoladóir leis ina shaothar.

 

* * *

An Séú Domhnach Déag Saor
23 Iúil 2023

 

Iointróid

Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: Tús agus fás ríocht Dé agus na hEaglaise thar chuimse d’ainneoin laigí agus scannail.
Céad Léacht
(Leabhar na hEagna). Tugann tú maithiúnas i bpeacaí
Dara Léacht
(Rómhánaigh). Déanann an Spiorad idirghuí ar ár son le hosnaí nach gcuirtear i bhfocail
An Soiscéal
(Matha). Fágtar le hais a cheile ag fás iad araon go dtí an fómhar

 

Smaoineamh
Prionsabal, agus le tamall anuas aanois nath, i measc lucht léinn agus eile ná gur fhógair Íosa ríocht Dé agus gurb é a d’eascair as ná an Eaglais. Is fíor ar ndóigh gur chraobhscaoil Íosa ríocht Dé agus nár bhain sé úsáid as an téarna eaglais, ná nár fhág sé aon bhunreacht don eaglais a thiocfaidh níos déanaí. Ach d’fhógair sé ríocht Dé faoi mar ba thoil leis an Athair, agus sin agus é ungtha chuige ag an Spiorad Naomh agus ag gníomhú faoi stiúir an Spioraid Naoimh. Is faoi stiuir Chriost aiséirithe, agus an Spioraid Naoimh agus le toil an Athar, a mbeidh tus agus fás ag an eaglais. Mar sin, an méid a deir Íosa faoi riocht Dé is féidir linn sin a chur i leith na hEaglaise mar a oireann.

Is fíor sin ach go háirithe faoin a deirtear maidir le ríocht Dé i bparabail an lae inniu agus i bparabail eile. Bhí tús beag agus lag ag an eaglais ach fás thar chuimse agus anois tá náisiúin iomadúla an domhain ag glacadh fothaine, mar a déarfá, faoina scáth.

Agus ní forás seachtrach amháin atá i gceist. Tá grásta Dé innti mar a bheadh gabháil, giosta, le claochlú inmheánach chun na naofachta a dhéanamh uirthi, grásta an Spioraid Naoimh a hathrú ó ghlóir go glóir, mar a chuirfeadh an tAspal Pól é.

Sna meáin inniu ar éigin go mbíonn tagairt don Eaglais muna mbíonn scannal éigin reatha nó ón am a ghabh tharainn i gceist. Cuireann sin as go mór do chreidmhigh áirithe, ag cur ar chuid acu éirí as chleachtadh an chreidimh nó fiú drom láimhe a thabhairt don eaglais agus don chreideamh féin. Ní fhéachann siad Críost ann a thuilleadh. Do bhfiú dóibh machnamh a dhéanamh ar an parabal faoin síol maith a cuireadh agus faoin gcogal, an fhiaile. Gné den ríocht agus den eaglais iad sin, agus in mbriathra Chríost beidh sé mar sin go deireadh an domhain. Ní tionól nó buíon naomh í Eaglais Chríost, ach comhluadar ina mbeidh an t-olc agus an mhaith taobh le taobh, ag imirt ar a cheile. Ná déaradh scannail linn nach Eaglais Chríost í a thuilleadh an Eaglais. Beidh siad ann, agus ní chóir go gcuirfeadh siad isteach ar an fhás agus an naofacht is dual do ríocht Dé agus d’Eaglais Naofa Chríost.

 

* * *

An Seachtú Domhnach Déag Saor
30 Iúil 2023

Iointróid

Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: Creideamh i gCríost agus san Eaglais an péarla róluachmar
Céad Léacht
(1 Ríthe). D’iarr tú croí tuisceanach.
Dara Léacht
(Rómhánaigh). Cheap Dia sinn le bheith inár macasamhla dá Mhac
An Soiscéal (Matha). D’imigh sé ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.

 

Smaoineamh

Sna saolta seo agus an neamhshuim agus an nós is cuma liom i gcúrsaí creidimh, agus fiú i measc roinnt Caitliceach, tugann léachtaí an lae inniu ábhar machnaimh dúinn. Ba chuid dhílis dár gcreideamh an t-áthas agus féachaint ar á gcreideamh mar phéarla, mar stór, chiste, thaisce, folaithe. Tá téama an phéarla róluachmair le fail sna léachtaí go leir. Rinne an Rí Solamh achainí ar Dhia croí tuisceanach a thabhairt dó chun an mhaith a athaint thar an olc, croí le toil Dé a thuiscint. Cúis áthais dúinn a bhfuil sa dara léacht, cé chomh mór is atá Dia féin linn leis an ceann sprice is dual dúinn a bhaint amach. Cuireann Íosa sna parabail béim ar cé chomh gafa ba chóir dúinn a bheith le cursai ríocht Dé, sin le rá leis féin agus leis an Eaglais.

Prionsabal, agus le tamall anuas anuas anois nath, i measc lucht léinn agus eile ná gur fhógair Íosa ríocht Dé agus gurb é a d’eascair as ná an Eaglais. Is fíor ar ndóigh gur chraobhscaoil Íosa ríocht Dé agus nár bhain sé úsáid as an téarna eaglais, ná nár fhág sé aon bhunreacht don eaglais a thiocfaidh níos déanaí. Ach d’fhógair sé ríocht Dé faoi mar ba thoil leis an Athair, agus sin agus é ungtha chuige ag an Spiorad Naomh agus ag gníomhú faoi stiúir an Spioraid Naoimh. Is faoi stiuir Chriost aiséirithe, agus an Spioraid Naoimh agus le toil an Athar, a mbeidh tus agus fás ag an eaglais. Mar sin, an méid a deir Íosa faoi riocht Dé is féidir linn sin a chur i leith na hEaglaise mar a oireann.

Is fíor sin ach go háirithe faoin a deirtear maidir le ríocht Dé i bparabail an lae inniu agus i bparabail eile. Bhí tús beag agus lag ag an eaglais ach fás thar chuimse agus anois tá náisiúin iomadúla an domhain ag glacadh fothaine, mar a déarfá, faoina scáth.

Agus ní forás seachtrach amháin atá i gceist. Tá grásta Dé innti mar a bheadh gabháil, giosta, le claochlú inmheánach chun na naofachta a dhéanamh uirthi, grásta an Spioraid Naoimh a hathrú ó ghlóir go glóir, mar a chuirfeadh an tAspal Pól é.

 Sna meáin inniu ar éigin go mbíonn tagairt don Eaglais muna mbíonn scannal éigin reatha nó ón am a ghabh tharainn i gceist. Cuireann sin as go mór do chreidmhigh áirithe, ag cur ar chuid acu éirí as chleachtadh an chreidimh nó fiú drom láimhe a thabhairt don eaglais agus don chreideamh féin. Ní fhéachann siad Críost ann a thuilleadh. Do bhfiú dóibh machnamh a dhéanamh ar an parabal faoin síol maith a cuireadh agus faoin gcogal, an fhiaile. Gné den ríocht agus den eaglais iad sin, agus in mbriathra Chríost beidh sé mar sin go deireadh an domhain. Ní tionól nó buíon naomh í Eaglais Chríost, ach comhluadar ina mbeidh an t-olc agus an mhaith taobh le taobh, ag imirt ar a cheile. Ná déaradh scannail linn nach Eaglais Chríost í a thuilleadh an Eaglais. Beidh siad ann, agus ní choir go gcuirfeadh siad isteach ar an fhás agus an naofacht is dual do ríocht Dé agus d’Eaglais Naofa Chríost.

Ní dóigh liom gur gá dul níos faide eis seo mar mhachnamh. Is cuireadh na léachtaí dúinn ár gcreideamh agus ár ndíograis inár n-oidhreacht thraidisiunta a mhúscailt.

 

* * *

Féile Chlaochlú an Tiarna
6 Lúnasa 2023

Iointróid

Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: Claochlú Chríost agus claochlú na bhfíréan
Céad Léacht
(Dainéil).Maidir le Mac an Duine i Leabhar Dhainéil agus Íosa ina Chlaochlú, bhí a éidí ar lí an tsneachta
Dara Léacht (2 Peadar). Dúirt an tAspal Peadar: Chualamar an guth sin a tháinig anuas ó na flaithis
Soiscéal (Matha 17:1-9). Ag claochlú Chríost shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine

 

Smaoineamh
Teist, léiriú, ghlóir Chríost tar éis a aiséirí a bhí i gclaochlú Chríost ar an Sliabh. Bíonn an léargas sin de ghlóir Chríost againn i gcónai san Eaglais. Dúirt Criost féin an té a fheiceann é go bhfeiceann sé an tAthair. Foilsíonn Íosa an tAthair. Chuaigh an fhírinne sin i bhfeidm go mór ar an aspal Pól. Mar a scríobh sé chuig na Corantaigh (2 Corantaigh 4:6): ‘An Dia a dúirt: ‘Biodh solas ag lonradh as an dorchadas,’ is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d’fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn’. Chuir Pól níos soiléire é níos luaithe sa litir seo (3:8): ‘Is é Dia an spiorad agus an áit ina bhfuil an spiorad is ann atá saoirse. Agus sinne uile ag dearcadh mar a bheadh i scathán ar ghlóir an Tiarna táimid ár n-aistriú san íomhá céanna ó ghlóir (niamhracht) go glóir (niamhracht) faoi luí Spiorad an Tiarna.’ Is é is claochló, athrú, Críostaí, ann nádúr nua cruthaithe ag Dia –nádúr a bhíonn á shíornuachan ar dheilbh an té a chruthaigh é go dtí go mbeadh fíoraithne aige ar an té a chruthaigh é (Colosaigh 3:10), chun lán-eolas ar Mhac Dé, chun staid duine lánfhásta, chun miosúr airde iomláine Chríost (Colosaigh 4:13), (to the measure of the full stature of Christ; – Jerusalem Bible fully mature with the fullness of Christ himself).

Tá Íosa gnómhach trína ghrásta agus tríd an Spiorad Naomh. Tá sé ag lonradh trína theagasc sna soiscéil, sna Biáide, sa Seanmóir ar an Sliabh – Íosa mar eiseamláir agus sprioc ag Críostaithe mar a deir Pól in Eifeasaigh 4:13:Is aidhm le Dia go dtagaimis uile chun aontacht an chreidimh agus chun lán-eolas ar Mhac Dé, chun staid duine lánfhásta.Tháinig sé chun an bheatha a thabhairt dá lucht leanúna agus don saol, agus í a thabhairt go fial. Tugann an creideamh sin i gclaochlú Chríost, agus a lucht leanúna trí ghrásta fís dúinn, fís atá thar a bheith tábhachtach an lá atá inniu ann, agus físeanna eile nach Críostaí iad á mbrú isteach orainn.

 

* * *

Naoú Domhnach Déag Saor
13 Lúnasa 2023

Iointróid

Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: Urnai le teacht i gcabhair ar Eaglais shuaite
Céad Léacht
(1 Ríthe). Dúirt an Tiarna le Éilias: ‘Seas ar an sliabh os comhair an Tiarna’
Dara Léacht (Rómhánaigh). Níor mhiste dom bheith faoi mhallacht Dé ar son muintir mo chine féin
An Soiscéal (Matha). Dúirt Peadar le hÍosa: ‘Ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce’

 

Smaoineamh
Is as an Soiscéal a bhfuil de ábhar machnaimh againn i léachtaí an lae inniu, agus tá an chuid is mó dá bhfuil le rá mar mhachnamh tógtha as an léacht ón Soiscéal. Go traidisiúnta is íomhá den Eaglais an bád san fharraige cháite. Is sampla agus teachtaireacht don Eaglais guí, urnaí, Chríost. Ionann urnaí agus admháil chreidimh san Eaglais mar rúndiamhair, mar bhronntanas ó Dhia nach dtuigtear ach tri chreideamh, agus gur trí urnaí a thagann beocht agus borradh innti.

Tá an Eaglais caitliceach, uilí, domhanda, agus bíodh go bhfuil deacrachtaí aici go minic ní ionann iad i ngach áit, contúirtí aici ó ghéarleanuintí agus fiú díothú ón dtaobh amuigh in áit amháin, agus ó laigí agus scannail ón dtaobh istigh in áiteanna eile. Sa seandomhan, lena mbaineann muidne, is iad na príomhfhadhbanna inniu ná easpa creidimh, cur i gcoinne an chreidimh, foghanna ar inchreidteacht na hEaglaise toisc na laigí agus scannail taobh istigh di, agus fadhb ón gcreideamh lag nó easba creidimh i nDia atá ag éirí thar a bheith comónta.

Taobh leis sin tá an lagú atá tagaithe ar ghairmeacha don sagartacht agus don bheatha ruialta, a bhi riamh mar sheirbhís don Eaglais lena gcuid saothair agus mar chomhartha do phobal an chreidimh go bhfuil luachanna ann thar na luachanna daonna amháin.

Tráth freisin anois é nuair a ghlaonn an Pápa ar an Eaglais shuaite cíoradh a dhéanmh uirthi féin agus a fadhbanna iomadúla, agus sin go sionadach le iad sin go léir a mheas faoi sholas an tSoiscéil do ré nua do Eaglais Chríost.

Tráth cuí é le guí ar Mháistir an fhómhair go gcuireadh sé meitheal isteach ina fhómhar, agus an Spiorad Naomh a sheoladh isteach ina Eaglais le luachanna na ríochta a choimeád buan i gcroíthe na gcreidmheach. Tráth é glaoch ar na fíréin guí gan staonadh ar Dhia a Eaglais a ghlanadh ó pheaca agus ó scannal, ionnas go mbeadh sí tugtha do na dea-oibreacha a thabharfadh glóir don Athair ar neamh.

 

* * *

An Fichiú Domhnach Saor
20 Lúnasa 2023

Iointróid

Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: San Eaglais fáilte roimh chách, ach de réir téarmaí an chonartha
Céad Léacht
(Íseáia). Déanfaidh mé clann na n-eachtrannach a chinnireacht go dtí mo shliabh beannaithe
Dara Léacht (Rómhánaigh). Ní cúis aifeála choíche do Dhia a thíolaicí ná an rogha a bhíonn déanta aige
Soiscéal (Matha). Dúirt Íosa le bean phagánach: ‘Ó, is mór é do chreideamh, a bhean!’

 

Smaoineamh
Sa chéad léacht bhí trácht ar ré úr do phobal Dé, le oscailt do na neamh-Ghiúdaigh in dteach Dé, teach urnaí do na ciniocha go léir, ach de réir dea-ghníomhartha agus dílse don chonradh. Sa pharabal faoin bhainis agus an éadach bainise (Matha 22:1-15), nuair nár ghlacadh leis an gcuireadh chun na bainise, sheol an rí a sheirbhísigh amach chun na bóithre agus togadh isteach olc agus maith go raibh halla na bainise lán. Ansin tháinig an rí féin isteach agus chonaic fear nach raibh aon éadach bainise air, agus caitheadh amach é. An ceacht le tógaint as ná go bhfuil coinníollacha ag gabháil le cuireadh oscailte don fhleá mheisiasach. Bhi, agus beidh, teannas ann i gcónai idir cuireadh chun na hEaglaise, chun Teach Dé, agus an conradh le Dia agus misean na Eaglaise. De réir Chríost féin salann an talún agus solas an domhain iad lucht leanúna Chríost, agus chreid an luath-Eaglais sin agus mhair dá réir. As sin d’eascair an cheist cad a bheadh le déanamh le bheith dílis dó sin i gcás peaca nó laige dhaonna. Bhí comhthionól Mhatha dian go leor air an té nár thug maithiúnas do Chríostaí eile — é a dhíbirt ón Eaglais sin. Bhí Pól dian ar Chríostaí sa Choraint a bhí ciontach i gcúrsa gnéis. D’ordaigh sé don Eaglais é a dhíbirt go sealadach. Fadhb í seo a mhaireann linn i gconaí, maidir le gairm na hEaglaise bheith mar shalann agus sholas agus cleachtadh a théann ina choinne sin.

Tá stair fhada san Eaglais san ábhar seo, agus ar feadh i bhfad bhí pionós dian ann don duine a measadh a bheith imithe ar strae. Tá an cheist á cíoradh arís inár laethanta féin, go mór mór maidir leis an gChomaoineach naofa a thabhairt do dhaoine colscartha agus sa dara pósadh, agus maidir le Comaoineach do neamh-Chaitlicigh. Go bunúsach an tseancheist maidir le trócaire agus dílse don chonradh atá ann. Guímis go mbeidh réiteach éigin don nua-ré le fail ag an Eaglais.

 

* * *

An tAonú Domhnach Fichead Saor
27 Lúnasa 2023

Iointróid

Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn:  mór maireachtáil le rúndiamhair Dé.
Céad Léacht
(Íseáia). Leagaim eochair theach Dháiví ar a ghualainn
Dara Léacht (Rómhánaigh). Is uaidh agus tríd agus dó gach uile ní dá bhfuil ann
Soiscéal (Matha). Dúirt Íosa le Peadar: ‘Is tú Peadar, agus bhéarfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas’

 

Smaoineamh
Ceacht amháin atá le baint as an Dara Léacht inniu, ina bhfuil Pól ag caint leis na Rómhánaigh, ná nach mór maireachtáil le rúndiamhair Dé. Ní hé gur rúndiamhair ghlan, amach is amach, é Dia. A mhalairt ar fad is fíor. Mar a deir Eoin sa Cheathrú Soiscéal: ‘Ní fhaca aon duine riamh Dia, ach d’fhoilsigh Íosa, a aonghin, dúinn é’. Agus sin go léir le teann grá. Bhí grá sin Dé don domhan léirithe i mbás a Mhic Íosa ar an gcrois. Bhí sin go léir ar eolas do Phól Aspal, agus ba chuid lárnach dá shoiscéal é, agus lárnach do shoiscéal na hEaglaise trid na haoisenna. Ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil beith, nádúr inmheánach, Dé ídithe ansin. Fanann Dia fós gan teorainn, thar chuimse ár n-eolais, mar a deir Pól sa léacht chéanna. Tugtar sin chun cuimhne dúinn ar uairibh mar a tugadh do Phól. Ag teacht go deireadh a litre chuig na Rómhánaigh tá machnamh domhain aige ar an ábhar nár ghlac a mhuintir féin le Críost (caibidil 9-11) agus mar chrioch air scríobhann sé mar seo: ‘Cad é doimhneas ollmhmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus dorianta atá a bhealaí! Cé a thuig aigne an Tiarna? Nó cé bhí riamh ina chomhairleoir aige? Nó ‘Cé a thug rud riamh dó go bhfaighfeadh a chúiteamh?’ Mar is uaidhsean agus trídean agus dósan gach uile ní dá bhfuil ann. Gloir go deo leis. Amen.’

Gné eile de rúndiamhair seo Dé ná naofacht Dé. Tá bríonna éagsúla ag gabháil le naofacht Dé sa Bhíobla agus taobh amuigh de. Ach an ghné is bunúsaí leis ná naofacht mhorálta, grá Dé gan teora agus a mhalairt de gach gné peaca. Sa Seantiomna agus sa Nua trí Íosa Críost glaotar ar lucht leanúna Chríost bheith naofa mar atá a nAthair ar neamh naofa, le grá Dé agus grá don comharsa. Tá béim láidir sa naofacht seo sna Soiscéil agus i scribhinní an Tiomna Nua.