June 2019: Leathanach don Cheiliuraí

Leathanach don Cheiliuraí
Canónach Tomás Ó Luanaigh SP
Fosadh na Féinne, Cill Áirne

Deascabháil an Tiarna Chríost
2 Meitheamh 2019

Réamhrá

Cad chuige a seassan sibh ag amharc suas ar neamh óir is céim suas dúinne Deascabháil Chríost? Imigí abhaile agus fógraígí an dea-scéal.

Smaoineamh

B’é an tAthair Donnchadha Ó Floinn a d’aistrigh Lúcás sa bhliain 1964. Nach breá an leagan a chuireann an Corcaíoch ós ár gcóir amach inniu ina aistriúchán cruinn ó’n nGréigis – ‘Scar sé linn agus tógadh suas ar neamh é.’

Tá finn-scéal ann a deireann gur fháiltigh an tArdaingeal Gaibréal roimh Íosa Aiséirithe tré geataí Glóire ar an nDeardaoin úd. Seo leanas an cómhrá a bhí idir an bheirt.

‘Fáilte abhaile, a Thiarna, tar éis bheith clipithe cráite thíos ar thalamh’ Ní raibh sé ró-olc san in aon chur’ a d’fhreagair Íosa’ ‘Cogar a Thiarna’, abair liom c’én sórt córas oibre atá eagraithe agat thíos chun do shaothar slánaithe a chur chun chinn’ ‘B’shin an rud is éasca ar fad mar do bhailíos le chéile buíonn cáirde á mhíniú dhóibh an cineál ghrá atá ag m’Athair dóibh de shíor. D’ordaoís dóibh imeacht libh chun an scéal sin a fhógairt agus a rá leo go mbeidh mé ina dteannta choíche.’ Bhí díomá an Domhain ar ghnuais Ghaibriéil agus é á rá leis ‘Níl puinn seans agat a Thiarna’ – Tá 2.3 billiún Críostaithe ar an Domhan sa lá atá inniu ann.

Guí an Phobail

Guímis go dóchasach inniu mar is céim suas dúinne Deascabhbáil Íosa Aiséirithe.

1 Guímís ar son na hEaglaise. Chuir do Bheannacht ar ár bPápa Proinsias, ar ár nEasbag …, agus ar ghach éinne go bhfuil údarás aca i gcúrsaí Eaglasta nó saolta. A Thiarna, Éist linn.

2. Cuir do bheannacht ar theaghlaigh an Pharóiste agus ar na daltaí a go bhfuil scrúdaithe idir lámha aca sna laethanta romhainn amach. A Thiarna, Éist linn.

3. Beannaigh, A Thiarna, iad siúd a bheidh atá óirndnithe mar shagairt i mbliana agus iad go léir atá ag dul ar aghaidhleis an sagartóireacht. A Thiarna, Éist linn.

4. A Thiarna, leigheas tú na h-easláin, Cabhraigh linn sólás a thabhairt do dhaoine atá breoite, bocht, uaigneach nó i gcrauchás de bharr drugaí agus deoch mheisciúil. A Thiarna, Éist linn.

5. Cuir do Bheannacht ar ár mhisiniéirí go léir idir cléir is tuath agus ar an bpobal a glacann leo. A Thiarna, Éist linn.

6. Tabhair suaimhneas síoraí ar n mairbh go léir. I bPárthas na nGrás go rabhadar. A Thiarna, Éist linn.

A Athair Naofa, sheól tu do mhac inár meas chun do ghrá dúinn a léiriú. Cuirimíd ár bpaidreacha chugat le lán-mhuinín ionat tríd an Chríost céanna ár dTiarna. Amen.

 

Domhnach Cincíse
9 Meitheamh 2019

Réamhrá

Déanaimís machnamh ar na h-éachtaí a chruthaigh Dia ar mhaithe sinne go léir tré bhuanna agus torthaí an Spioraid Naoimh.

Smaoineadh

‘Ailliliú na gamhna ag damhnsa ar na bánta’’ É sin amhrán tradisiunta ag cheiliúradh fómhar na feime agus díreach an chúis go bhfuil na mílte san ard-Chathhair ar an chéad Domhnach Cincíse. Bhí de nós ag na Giudaigh teacht le chéile mar pbobal le h-aghaidh comóradh na talún.Tá Muire agus agus compánaigh Chríost faoi ghlas sa seomra atá ar chíos aca. Is ann a cheiliúradar an tSéire Deireannach, níochán na gcos, cúpla cuairt ó Íosa Aiséirithe ach táid aroan eaglach, foighneach, dóchasach ag súil le gealltanas Íosa. Tá sé comhlíonta le fórsa Dé tré theacht an Spioraid le tormán, gaoth an-láidir, teangacha lasta agus pobal idináisiúnta agus teangacha idirnáisiúnta á dtuiscint aca. Is é seo lá breithe na hEaglaise. Téann siad amach ar fúd na cruinne – Eoin agus Muire go dtí an Tuirc, Peadar ar an ród go dtí an Spáinn, Séamus i dtreo na Spáinne agus Tomás go dtí an Ind.

Léiríonn an dán ‘Obair’ ó pheann Mhichíl De Liostúin dúshlán na Cincíse roimh gach spailpín ag saothrrú ar na bánta mór-thimpeall orainn. B’shin díreach a dhein Naomh Colmcille mar ‘Perigrination pro Christo’ thar lear ar Oileán Í san Alban. Ceiliúrtar a fhéile sollúnta ar an 9ú lá de Mheitheamh gach bliain.

Guí an Phobail – ag ceiliuradh lá Breithe nahEaglaise

Cuirimís ár nguí chun an Tiarna, á iarriadh air an cine daonna agus á muintir féin a chur ar bhóthar a leasa.

1. Tabhair chun cuimhne, a Thiarna, d’Eaglais, a cheannaigh tú duit féin le do chuid fola: go bhfógraí sí ans soiscéal don chruthaoíocht; go dté sí i méad inár gcroí, inár muintir féin, agus ar fuaid an domhain; go raibh sí dilís do do bhriathar. A Thiarna, Éist linn.

2. A Íosa, guímíd ar son na gCríostaithe uile ionas go mba aon sinn go léir, faoi mar atá an tAthair ionatsa agus tusa san Athair. A Thiarna, Éist linn.

3. A Íosa, guímíd ar son sagairt na Tíre comh maith leis na fir is na mná rialta go bhfuil Iubaile á cheiliúradh aca sa bhaile nó i gcéin. A Thiarna, Éist linn.

4. A Iosa thabair áthas do lucht an bhróin, leigheas na daoine breoite, scaip an fuath, cothaigh an réiteach agus ísligh lucht an díomais. A Thiarna, Éist linn.

5. Tabhair suaimhneas síoraí, a Thiarna, d’á bhfuil imithe ar shlí na fírinne agus glac chugat féin iad i gcathair na glóire. A Thiarna, Éist linn.

Cuir anuas ó’n Athair, a Thiarna, an Spiorad Naomh ar fud na cruinne. Na héachtaí a dheonaigh tú a dhéanamh nuair a bhí an soiscéal á chraoladh i dtosac, déan arís iad a gcroithe do-chreidmheach. Go mba aon do phoball le h-aontacht an Athar, an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.

 

An Tríonóid Rónaofa
16 Meitheamh 2019

Réamhrá

Táimíd teacht le chéile faoi choimirce Aon Dia i dtrí pearsan ar Aifrinn Dé inniu.

An Smaoineamh

Tá an Credo ag Críostaithe na cruinne mar bhun-chloch buan againn ó 325 A.D. anuas. ‘Creidim in aon Dia amháin … Creidim sa Spiorad Naomh … an té a ghluaiseann ó’n Athair agus o’n Mac’ Ach lean díospóireacht i dtaobh ceist Dé ar feadh céad bliain eile i gcroí na h-Eaglaise. Sa bhliain 431 ad agus tar éis Comhairle Eaglasta sár-conspóideach rith na diaghairí trí sráideanna naofa Ephesus ag béicigh ‘Theotokus, Theotokus, Theotokus’ Sin teagasc Chríostaí o’n nGréigis a chiallaíonn ‘S’í Muire Máthair Dé’ An Bhliain dar gcionn d’fhill Pádraig Aspal go hEirinn le soisceal grá dúinn. Tháinig sé inár measc ath-uair chun clannmhac agus iníonacha n nGael a iompú chun seirbhís Dé Thrí-Aonta. (Preafáid La ‘le Pádraig). De réir an tradisiúin bhain Pádraig feidhm as an tseamróg ghlas chun a thuiscint agus a theagasc idtaobh na Tríonóide a chur i n-iúl dár sinsir. Ó shoin i leith tá dea-scéal Phádraig againn go léir mar fhoinse agus mar bhun-chloch buan dár gCreideamh. Ar Aifreann Phádraig Naofa guímíd ‘A Thirana, neartaigh sinn i dtreo is go ndéanfaimíd an Creideamh a theagasc, a admháil agusa fhógairt trínár modh maireachtala’ Seo díreach cuireadh, dúshlán agus misean á mBaiste:

‘Go dtuirlinge beannacht an Athar, an Mhic agus Spioraid Naoimh anuas orainn i gcónaí. Go sealbhaí siad in ár measc anois, de shíor agus de ghnáth’ (Saltair L.63).

Guí an Phobail

Guímís tríd an triúr is Beannaithe in Aon Dia.

1. Guímís ar ár nAthair Naofa, an Pápa Proinsias, ar na hEasbaig, ar na Sagairt, ar na misinéirí, ar son siúd uile a dheineann fónamh sa’n Eaglais agus ar son Pobal Naofa De go léir. A Thiarna, Éist linn.

2. Guímís ar son an t-aos óg – go sroisfidh siad barr a maitheasa. A Thiarna, Éist linn.

3. Coimeád slán sábháilte gach duine atá ag obair i bfhomhar na feirme agus i bfhómhar na farraige. A Thiarna, Éist linn.

4. Guímís ar son daoine atá tinn, bocht nó im umar na h-aimleise. Go dtuga Dia sólás dóibh agus comhar na gcomharsan. A Thiarna, Éist linn.

5. Tabhair suaimhneas síoraí ar na mairbh go léir. A Thiarna, Éist linn.

Cothaigh sinn le do ghrásta ó neamh, a Athair na Trócaire. Iarraimíd e seo trí Chríost á dTiarna.

 

Sollúntas Choirp Chríost
23 Meitheamh 2019

Réamhrá

Tá Féile Choirp Chríost á cheiliúradh againn. Tagaimíd le chéile go bord na Sacraimte le chroí bhuíochas inniu.

Smaoineamh

Tá nós ársa im iomaí Paróistí ar fúd na cruinne san Mórshiul Sollúnta ar Fhéile chorp agus Fola rónaofa Chríost. Tá Pobal Dé ag siúl na bóithre mar mhacalla ar thuras Mhaois sa Díseart agus ar bhealach na Croise ar Aoine Chéasta fadó. Léiríonn Lúcás meon agus toil Íosa i dtaobh a cháirde araon chun obair á ordú. ‘Tugaigí sibhse rud le n-ithe dos na daine ochrach.

Ina litir chuig na Coirintigh agus dúinne taispeánann Pól an nasc idir Séire Deirannach agus bás Chríost. Seo scéal ia dtaobh múinteoir nua agus macléinn in a rang. Thug sé faoi ndeara go raibh sé de nós ag an ndéagóir seo áirithe bonn bán a chasadh go rialta ar a gheansaí agus, ar disco na scoile, agus i gcúrsaí spóirt comh maith. Mar bhean fhiosrach cheistigh sí an t-ógánach. ‘’Cad chuige an bonn speisialta’ D’fhreagair sé mar leanas: ‘Is léir nach bhfuil fhios agatsa gur chailleadh m’athair dhá bhliain sar ar tháinig tú anso: Bhuel an oíche sar a bhfuair sé bás sa bhaile díarr sé orm teacht chuige á rá go raibh bronntanas speisialta aige domhsa sa chaibinéad lena ais. An maidiin dár gcionn chailleadh Daid. Dáimsíos an bhronntanas scoir seo – an réalt bhán a bhí ag m’athair dúinne. Beidh se agam mar chuimhneacháin buan i gcónaí.’

Ar Dhéarrdaoin na Seachtaine Móire d’fháil Íosa Críosta bhronntanas scoir ar Phobail Dé á rá ‘Bígí á dhéanamh seo do mo chomóradhsa’ Sin díreach atá á dhéanamh againn sa Mhórshiúl agus ar Aifreann Dé.

Guí an Phobail

Cuirimís paidreacha ár gcroíthe i láthair Dé.

1. Chuir do bheannacht ar ár bPápa Proinsias agus ar phobal Dé atá fén a chúram. A Thiarna, Éist linn.

2. Chuir do bheannacht ar ghach dalta a ghlac an Chéad Chomaoin i mbliana agus ortha siúd atá ag freastal inár measc mar Mhinistéirí na hEocraiste. A Thiarna, Éist linn.

3. Tabhair solas an chreidimh do gach duine ar fud an Domhainn. A Thiarna, Éist linn.

4. Go bfhóire Dia ar ainniseoirí uile a chlainne idir pheachaigh agus bhochta agus lucht galair. A Thiarna, Éist linn.

5. Tabhair suaimhneas síoraí dos na bhfiréin agus sólás dá muintir. A Thiarna, Éist línn.

Cuirimíd ar bpaidreacha chugat le lán-mhuinín ionat. Tríd an Chríost ár dTiarna. Amen.

 

Domhnach XIII 30 Meitheamh 2019

Réamhrá

‘Táim lán de dhiograis agus de dhúthracht do Thiarna na Slua’ Rithe 19.10.

Smaoineamh

Tá an fáidh cáiliúil Éilias faoi bhrú de bharr diúltú agus naimhdais a mhuintir. Mar sin rith sé go h-eaglach, éadóchas uatha. Ar Chnoc Sionáí cloiseann sé glóir Dé á rá leis ‘Seas ar an sliabh ós comhair an Tiarna’ Chuaigh an Tiarna thar bráid ach níor athin Éilias é sa ghaoth láidir, nó sa chrith talún nó sa tine ach amháin san fuaim chogair bhig. Thugsé sin misneach dó agus lean sé ina ghairm ath-uair.

Is féidir a rá ‘Aithníonn fáidh, fáidh eile’ Chuir Éilias an treabhadóir d’árbh ainm Eiliseá faoi gheasa mar fháidh. Leagann sé a chlóca air mar shiombal dá shlí bheatha nua. Ansan mar shearbhónta Dé chuireann a cheachta trí thine agus tar éis bheithígh a mharú dáileann sé béile ar an mheitheal. Tréigeann Éiliseá a mhuintir ‘s a fheirm chun claise nua a threabhadh in ainm Dé.

B’shin díreach a dheineann Íosa ar an ród contúirteach go Iarusailéim. Tá a cheardlann dúnta agus tá a mháthair, an Bhaintrach Muire ina h-aonar i Nazarat mar tá clais nua le treabhadh ag a Mac. Níor thaithn diúltiú rialta na Samáirigh le Eoin agus Séamus ach múineann Íosa cosán na síochána dóibh. Glaonn Íosa triúr a thagann ‘na threo ach nílid lán-thoilteannach dúshlán dána Dé a glacadh.

Tá seanfhocal a deireann ‘Sí síol na hEaglaise, fuil na martíreach’ Ar an Sathairn ceiliúrimís Lá Peadar ‘s Póil, Ar an nDomhnach tugtar aird ar Mhairtírigh na Róimhe agus ar an Luain beidh beatha agus bás ár laoch féin Oilibhear Pluincéid á chomóradh againn in Éirinn. Is fiú machnamh a dhéanamh ar an Gearmánach Dietrich Bonhoeffer. Mairtíreach abéa e faoi lámha na Nazis. Chruthaigh sé an saothar Críostaí tabhachtach ‘The cost of discipleship’ i dtaobh an costas atá i gceist do’n té atá toilteannach bheith ‘Lán de dhíograis agus de dhúthrach’ i seirbhís Chríost. Sin díreach an dualgas a éiríonn as clóca an fháidh fadó agus as clóca bán ar mBaiste féin comh maith.

Guí an Phobail

Cuirimís ár ár n-urnaithe i láthair Dé tré Chríost an Chroí Rónaofa.

1. Ar son ár bPápa Proinsias agus na Críostaithe atá faoi chois. A Thiarna, Éist linn.

2. Tar éis Féile an Chroí Rónaofa guimís ar son readóirí na tire, ar son na daltaí a chuaigh faoi lámh an Eagbaig i mbliana agus ar son éinne atá i gcruachás de bharr ólachán nó mhí-úsáid drugaí. A Thiarna, Éist linn.

3. A Íosa tabhair áthas do luch an bhróin, leigheas na daoine breoite, scaip an fuath, cothaigh an réiteach agus ísligh lucht an díomais. A Thiarna, Éist linn.

4. A Íosa neartaigh le lucht síochána a dhéanamh agus beannaigh iad siúd atá faoi ghéarleanúint mar gheall ar d’ainm. A Thiarna, Éist linn.

5. G dtugaimíd fáilte Uí Cheallaigh roim cuairteoirí go léir. Go dté siad slán abhaile. A Thiarna, Éist linn.

6. Ar son ár bhfiréin araon – leaba imeasc na naomh ‘s na mairtíreach go raibh aca. A Thiarna, Éist linn.

Sin e á nguí tríd an Chroí Rónaofa Íosa Críost ár dTiarna. Amen.

To download this page click here.