June 2021: Leathanach don Cheiliuraí

Fr Conor Kelly
An Rinn, Dungarvan, Co Waterford

Féasta Corp & Fuil Chríost
6 Meitheamh 2021

Iontróid
Gabhaimid buíochas don Tiarna Íosa as ucht bronntanas a chorp agus a chuid fola san aifreann naofa.

Smaoineamh
Sa chéad léacht, déanann Maois nasc an sean conradh idir Dia agus a phobal trí fuil an íobairt; táimid aontaithe freisin san conradh nua trí fhuil Chríost, a doirteadh mar íobairt ar an gcros naofa, ionas go glanfar ár nanamacha ó pheacaí marfacha agus go ndéanaimid seirbhís cuí don Dia beo.
Ag glacfadh an Sacrament Naofa san aifreann, deintear páirteach sinn sa Suipéir Déanach le Chríost. Tugadh duinn an Naomh Sacrimint seo mar comhartha go bhfuil Íosa, ár dTiarna, fós inár measc.
Cuimhnigh gur tugadh an Sacrimint Naofa duinn mar gealltanas ar an bheatha síoraí. Gach éinne a ghlacann le creideamh é, tá Neamh gealltaithe dó nó di.
Cuimhnigh go bhfaighaimid go léir grásta ón aon Chorp amháin, agus mar sin, caithaimid bheith aontaithe tríd an camaoineach a ghlacaimid, mar faigheann gach éinne an Chríost chéanna sa Camoineach chéanna. Faighimid neart spioraidálta chun ár saol a chaitheamh mar phobal Dé. Tá an aifreann an-thabhachtach dúinn mar tugann sí treoir agus fuinneamh dúinn ionas go mbeimid aontaithe mar Corp Chríost ar domhain. Is bia agus deoch spioraidálta dúinn é, ionas go mbeidh grá Dé beo istigh ionainn.

Guí an Phobail
1). Guímís ar son ár bPápa; Proinsias, ár nEaspag N, agus sagairt an Domhain go léir; – go mbeidís i gcónaí dílís don aifreann agus don Naomhsacrament.
A Thiarna Éist Linn.
2. Guímís ar son Críóstaithe, Corp rúndiamhar na hEaglaise; go raibh grá acu i gconaí don Tiarna, inár measc sa Sacrimint Naofa … A Thiarna Éist Linn.
3. Guímís orthu siúd atá éirithe as teacht chun na Sacraiminte seo; A Thiarna Éist Linn.
4. Tugaimid buíochas do Dhia ar son na Sacraiminte seo; as ucht an grásta a líonann agus a neartaíonn sinn … A Thiarna Éist Linn.
5. Guímís orthu siúd atá breoite, idir san Oispidéal agus sa Bhaile, go bhfaigheadh siad leighas tríd bheith páirteach san camoineach naofa, pé áit ina bhfuil siad. A Thiarna Éist Linn.

Guímís ar son na marbh go léir: go háirithe.

An Paidir
Sinne a ghlacfaidh Corp Chríost, táimid aontaithe leis freisin ag guí chun an Athair i bhfocail agus i Spioraid Chríost; Ar nAthair …

Focail Scoir
Is sinne teampall Dé mar tugaimís Chríost linn inár gcroíthe amach ar an saol. Beirimís Chríost chuigh gach duine sa seachtain amach romhainn.

* * *

An 11ú Domhnach Saor
13 Meitheamh 2021

Iontróid
Tagaimid le chéile chun onóir a thabhairt don Tiarna, agus chun go mbeadh Ríocht Dé ag fás ionainn trí cumhacht grásta Dé.
Smaoineamh
Sa soiscéal inniu, tá an Tiarna ag caint faoi Ríocht Dé, agus an slí a fhásann sí i gcroí an duine agus sa saol mór ar domhain. Baineann sé úsáid as an síl mar comhartha; fuaireamar go léir an creideamh mar síol, ag am ár mbaiste, agus ón am sin, bhí an síol ag fás istigh ionainn. Thar na mbliainta, bhíomar ag fás mar daoine, agus bhí ár dtuiscint ar Dhia ag fás freisin.
Chomhsúil leis an síl mustaird, a bhfuil chomh beag, ach tagann torradh mór as, tá sé de dhualgas orainn a chintiú go mbeidh torradh mór as an gcreideamh a tugadh dúínn ón Tiarna, ónár dtuismitheoirí agus ón phobal Chríostaí. Ní ar ár shon amháin a fuaireamar síl an creideamh – caithfear go bhfásadh ina crann é ar mhaithe gach éinne timpeall orainn, go háirithe éinne a bhfuil faoi bhrú de haon chúis. Díreach mar a fhaigheann na héanlaithe foscadh faoi craobhacha an crainn i bparabal an Tiarna, is trí gníomhra na córa agus trí ceannsacht agus dílseacht, foighne agus maithiúnas go bhfeicimid Ríocht Dé ag fás ar domhain. Déanann an creideamh maitheas dúinne cinnte, ach más fíor creideamh é, caithfear go ndéanann sé maitheas do dhaoine eile freisin.

Guí an Phobail
1. Guímís ar son na hEaglaise; go bhfrógaíonn sí soiscéal slánaithe Chríost gan staonadh. A Thiarna Éist Linn.
2. Guímís ar son pobail sa domhan ina bhfuil fulaingt uafasach ann; bochtanas, galar agus cogadh. A Thiarna Éist Linn.
3. Guímís ar son daoine atá gafa le drugaí agus le hólachán; go bhfaighe siad an cabhair atá uathu go luath. A Thiarna Éist Linn.
4. Guímís ar son ár muintir atá marbh, go háirithe; N & N, agus guímís go mbeidh suimhneas síoraí acu i Ríocht an Tiarna ar Neamh. A Thiarna Éist Linn.

An Paidir
Guímís go ndéantar toil Dé ár nAthair ar an dTalamh, go háirithe trí dea gníómhra phobail Dé agus grásta an Spioraid Naomh ag obair ionainn.

Focail Scoir
Le cabhair an Spioraid Naomh agus trí grásta an aifreann seo, go mbeidh Ríocht Dé ag fás inár measc sa seachtain seo chugainn, agus go mbeimid buíoch as na daoine a thug síl an creideamh dúinn ón dtús.

* * *

An 12ú Domhnach Saor
20 Meitheamh 2021

Iontróid
Tharaing grá Dé le chéile sinn, agus gabhaimid buíochas dó as ucht an cosaint buan a thugann sé dúinn.

Smaoineamh:
I ngrúcás ar loch Genesarat, tagann eagla ar na deiscabail agus glaochann said ar Íosa, ach tá Chríost ina chodladh. Is minic nuair a bhíonn fadhbanna againne, nuair a bhíonn eagla nó imní orainn, go gceapaimid go bhfuil sé fós ina chodladh, nó ar a laghad, nach bhfuil aon suim aige ionainn.
Ach is a mhalairt de scéal é; mar níl aon stad le grá Dé agus tugann sé cúram láidir dúinn go háirithe nuair a bhíonn eagla orainn. B’shin an cúis a dúirt Íosa: “An ea nach bhfuil creideamh agaibh?”
Ach ar a laghad, glaoch na haspail ar Chríost nuair a bhí an gaoth ina choinne, agus tugann sé treoir dúinn glaoch ar Chríost inár dtrioblódí. Níl sé bodhar donár bpaidreacha, agus níl neamhsuim air. Beidh ionadh orainn nuair a bhfeicimid cumhacht Dé ag obair ar ár shon, mar a bhí ar na deiscabaill an lá úd.

Guí an Phobail
Molann Briathar Dé dúinn ár muinín a chur i ngealltanais Dé. Mar sin, ofrálaimid ár bpaidireacha chuige:

1. I measc deacractaí an tsaoil tá Íosa san eaglais chun sinn a stiúriú agus a chosaint. Bíodh muinín againn as.
A Thiarna Éist Linn.
2. Dóibh siúd go bhfuil eagla nó amhras orthu i dtaobh an saol, an creideamh nó toil Dé. A Thiarna Éist Linn.
3. Go dtuga Dia slán gach éinne go mbíonn orthu dul ar an bhfarraige, go h-áirithe iascarí agus marnéalaigh.
A Thiarna Éist Linn.
4. Guímís dóibh siúd atá breoite, nó ag fulaingt in aon slí; go dtuga Dia solás agus leighas dóibh. A Thiarna Éist Linn.
5. Guímís ar son na marbh go léir; go háirithe N. & N, agus cosain ar do dheasláimh iad ar Neamh. Ar Dheis Dé go raibh siad … A Thiarna Éist Linn.

A Dhia, a chruthaigh an fharraige agus an ghaoth, taispeán dúinn do chumhacht, agus éist lenár n-urnaithe, trí Chríost, ár dTiarna. Amen.

An Paidir
I deacrachtaí an saol, glaochaimid ar an Tiarna sa paidir a mhúin sé dúinn … Ár nAthair.

Focail Scoir
Ní leor ár neart, ná ár naofacht ná ár neagna; ach i ngach grúcás sa seachtain seo, glaochimid ar an Tiarna, agus tiocfaidh sé i gcabhair dúinn.

* * *

An 13ú Domhnach Saor
27 Meitheamh 2021

Iontróid: Cuirimid fáilte roimh Chríost, agus é ag teacht chugainn chun sinn a leighas agus a shlánú.

Smaoineamh:
Tugann an Soiscéal duinn inniu beirt daoine a bhí creideamh láidir acu; Jairius agus an bean a raibh an rith fola uirthi. Thainig an beirt acu chun Íosa, d’anneoin gur dúirt na daoine eile nár ceart dóibh. Ach tugann an grá agus an creideamh neart dá chéile, agus lean siad ar aghaidh, chugadar chuigh Íosa, agus guí siad air an cabhair a bhí uathu.
Smaoinigh ar an foighne a bhí ag an mbean, mar bhí sí ag fulaingt le dhá bhliain déag anuas, ach fós níor chaill sí a muinín i nDia. Dúirt sí di féin; “Ma bhainim lena chuid éadaigh, fiú amhain, beidh mé slán”. Cad a deirfeadh sí duinn inniu, agus sinn in ann Corp Chríost agus a chuid Fola a ghlacadh? Má bhí chumhacht Dé ina chuid éadaigh, cén chumhacht iontach atá sa Sacrament Naofa, chun sinn a leighas agus chun cabhair a thabhairt duinn chun an beatha síoraí a bhaint amach mar phobal Dé?
Agus cad a deireadh Jairius duinn? Deireadh sé duinn gur cheart duinn an dóchas a choiméad beo ionainn, fiú nuair nach mbíonn dóchas ag éinne eile. Taispéanann an dá míoriúlt seo an trua is an taise ata i gcroí an Tiarna do éinne atá ag fulaingt.
Déanann Íosa rudaí iontacha ar son a phobal i ngach nóiméad denár saol.

Guí an Phobail:
1. Chruthaigh Dia sinn chun an bheatha shíoraí a bhaint amach. Guímís anois chuigh Údar na Beatha, go mbeadh meas againn ar saol an duine ón giniúint go dtí an bhás nádúrtha. A Thiarna Éist Linn.
2. Cabhairfidh linn, a thiarna, i measc deacrachtaí an tsaoil, go h-áirithe in am an bhreoiteacht. A Thiarna Éist Linn.
3. Bí taobh le gach duine go bhfuil cúram daoine breoite agus seandaoine orthu. A Thiarna Éist Linn.
4. Go dtuga Dia foighne duinn, agus creideamh láidir, ionas go mbeimid cinnte, pé méid ama a thógann sé, go tabhairfidh Dia leaghas agus cabhair agus maithiúnas duinn ina am féin. A Thiarna Éist Linn.
5. Go mbeadh páirt sa bheatha shíoraí ag ár muintir atá tar éis bás a fháil, go
h-áirithe: Ar Dheis Dé go raibh siad … A Thiarna Éist Linn.

A Dhia, go leighsfear sinn idir anam agus corp, agus sinn ag ofráil na húrnaithe seo, maraon le h-íobairt an aifreann, trí Chríost, ár dTiarna. Amen.

An Paidir
Guímís le chéile i bhfocail agus i Spioraid Chríost … Ár nAthair …

Focail Scoir
Sa seachtain seo romhainn, ná cailaimid ár ndóchas go dtiocfaidh Íosa i gcabhair dúinn ag an am cuí.

* * *