June 2022: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

 

Fr Conor Kelly
PP Ring

 

Domhnach Cincíse
5 Meitheamh 2022

 

Iontróid

Agus sinn aontaithe le chéile mar clann agus mar phobal Dé, guímís tríd an Spioraid Naofa atá tugtha dúinn uille.

 

Smaoineamh

Tógaimís ceirthe comhartha do saol beo leis an Spiorad Naomh.

     Sa chéad léacht, tugtar dúinn an chéad comhartha: aontas. D’anneoin gur thánaigh daoine as méid mór de tírthe, thuig siad go léir cad a bhí á rá ag na hAspail. Is iompú díreach é ó cad a tharla i leabhar Genesis, ag túir Babel– anois tá Spiorad Dé, ag tarraingt daoine le chéile arís, ag déanamh aon pobal amháin naofa astu.

     An comhartha a thagann ón dara léacht, is ea comhartha an seirbhís. Nuair a fuair na hAspail an Spioraid, d’fhág siad an seomra a bhí mar prisún dóibh, agus chugaigh siad amach ag seanmóin, ag tabhairt fiannaise do Aiséirí Chríost agus do Grá Dé. Is amhlaigh an scéal linne; spreagann an Spiorad naofa sinn chun seirbhís a thabhairt dá chéile, agus don Soiscéal.

     Faighaimid an triú comhartha sa Soiscéal; an maithiúnas. Anois go bhfuil an Spioraid naofa tugatha dúinn, ta dulgas orainn peacaí a mhaitheamh. Má tugaimid maithiúnas in ainm Íosa, beidh na peacaí sin maithe; ach muna thugaimid maithiúnas, níl siad maithe, agus tá an lucht orainn ansin.

     Tagann an comhartha deireanach ó saol Chríost agus an aithne a thug sé dúinn ag an suipéar deireanach; is é sin an grá.

     Is tríd an grá sin a thagann fuinneamh chun na h-aithne eile a choiméad. Tabhairfidh an grá aontas dúinn; spreagann an grá spiorad an tseirbhís ionainn, chun cabhair a thabhairt do daoine eile, tugann an grá dúinn bua na tuiscenna, ionas go bhfuil fhios againn conas an cabhair ceart a thabhairt dóibh. Agus is ar son grá Dé gur féidir linn maithiúnas a thabhairt do daoine an ain-córa, daoine a gcionntaíonn inár naghaidh.

     Iarraimid grásta an Spiorad Naomh anuas orainn mar sin, agus ar baill uille na hEaglaise: go mbeidh na ceirthe comhartha sin le feicáil i saol gach duine dúinn a bhfuil páirteach i gCorp Chríost: An tAontas, an Seirbhís, an Maithiúnas agus an Grá. Ma tá siad siúd le feicáil ionainn, creidfidh gach duine go bhfuil Íosa féin beo ionainn, agus caithfaimid ár shaol le neart agus eagna an Spiorad Naomh.

 

* * *

 

Domhnach an Trínóide Ró Naofa
12 Meitheamh 2022

Iontróid

Tugadh páirt dúinn tríd an mbaiste i mbeatha síoraí Dé; mar sin guímís chun an Athair, in aontacht iomlán le Chríost, trí cumhacht an Spioraid Naomh.

 

Smaoineamh

Sa Domhnach seo, cuireann an Eaglais romhainn an rúndiamhar go bhfuil aon Dia amháin ann, agus go mhaireann an Dia sin i trí pearsan. Ní thuigimid conas is féidir le Dia bheith ina trínóide agus fós aon Dia amháin, ach níl aon ionadh ansin; is rúndiamhar é. Chun an fhírinne a rá, ní thuigimid sinn féin, mar sin conas ab fhéidir linn Dia a thuiscint, a rinne gach a bhfuil ann, agus sinn féin mar páirt don cruthaíocht?

     Ach, dannaeoin nach dtuigimid mistéir na Trínóide go hiomlán, thaispáin Íosa duinn go bhfuil saghas chomhthionól i nDhia. I gceart-lár an Té is airde, tá gaol grámhar ag forbairt ar aghaidh an t-am go léir.

     Ar an Domhnach seo, tá dhá beart le déanamh againn; sa chéad áit go mbeadh ionadh agus gliondar inár gcroíthe roimh Dia i Tri Pearsan, agus sa dara áit, go mbeimid réigh ár gaolta a neartú eadarinn féin sa phobal seo, agus i gach chomhthionól a bhfuilimid páirteach ann. Leanfaimid an dea-shampla a cuireadh ós ár gcomhair; déanfaimid serbhís dá chéile, agus trí easpa an bród, agus an formad, agus le cumhacht grá Dé, go mhairimid mar dhreatháir agus dhreifúir do gach duine. Ag caitheamh ár shaol mar seo, beidh saghas tuiscint againn ar saol Dé, mar beimid aontaithe tríd an Spioraid, Beidh Mac Dé Íosa Chríost le feicáil inár gcomharsan, agus beimid go léir ag tabhairt serbhís, adhradh agus grá do Dhia, ár nAthair ar neamh. Go mbeadh scáil Dé ionainn inniu agus go bráth, agus sinn ag guí; Glóir don Athar, agus don Mhac, agus don Spioraid Naomh …

 

Paidir an tsagairt le haghaidh Gairmeacha Crábhaidh

A Dhia, a Athair,

Is mór linn an caoinchuireadh a thug tú dúinn Lá ár mBaiste, Íosa do Mhac Muirneach a leanacht ar bhealach an ghrá is na seirbhíse.

Le cabhair is neart do Spioraid Naoimh, go bhfanaimid dílis i gcónaí d’ár ngairm naofa.

Inniu ach go háirithe, guímid ar son ár ndeisceabal óg atá ag saothrú leo go dian dícheallach i ngáirdín an Tiarna ar fud an domhain. Tabhair dóibh uile, a Thiarna, an misneach is an diongbháilteacht leanacht ar aghaidh ag craobhscaoileadh do Shoiscéil pé áit a mbíonn siad.

A Dhia, a Athair, iarraimid ort do chaoinchuireadh chun seibhíse a thabhairt inniu do dhaoine óga, idir fhir is mhná, mar go bhfuil An fómhar fairsing agus an meitheal beag.

Beannaigh ár dteallaigh agus ár bparóistí. Cuidigh linn Ríocht Dé a thógáil is a mhaisiú ar fud an domhain.

A Thiarna, éist linn.

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

 

* * *

 

Sollúntas Corpas Christi
19 Meitheamh 2022

Iontróid

Inniu, agus Sollúntas Chorp Chríost á gceiliúradh againn, gabhaimid buíochas do Dhia as ucht an deontas is fearr ar Domhain a thugann sé dúinn: is é sin an Sacraimint Naofa.

     Creidimid gur fíor Chorp agus Fuil ár dTiarna é, agus ag ghlacadh an Sacraimint i rith an aifreann seo ar maidin, go bhfuilimid ag failtiú an slánaitheoir ionainn i slí an-speisialta ar fad.

 

Smaoineamh

Ar an féasta seo, déanaimid adhradh don Tiarna sa Sacraimint Naofa; tugaimid ómós dó agus gabhaimid buíochas leis i gcuimhne a bhás agus a aiséirí ar ár son. Tugaimid i gcuimhne arís agus arís eile an grá iontach a thugann sé dúinn gach lá dár shaol, agus ag guí ós comhair an Sacraimint Naofa, guímíd le dóchas mar gheall ar an bheatha síoraí ar dheas-láimh Dé atá i ndán dúinn mar clann Dé.

     Ach tá brí eile leis an sollúntas seo; mar sinne a ghlacann an camaoineach naofa le creideamh Chríostúil: is sinne Chorp Chríost ar Domhain. Ghlacaimid Corp Chríost, ionas go ndéanfar Chorp Chríost dínn. Tarraingíonn an Spiorad Naofa le chéile sinn, agus tugann an Eocairist aontacht croí dúinn le hÍosa féin. Agus nuair a bhfuilimid aontaithe le chéile, is féidir linn obair Dé a dhéanamh le chéile, agus tugaimid fíaníse don saol go bhfuil Íosa Chríost beo ionainn.

     Is é seo an brí is tábhachtaí a bhaineann leis an Sollúntas seo de Chorp agus Fuil Chríost: go mbeimid aontaithe tríd an sacraimint seo mar aon Chorp Chríost ar Domhain, agus go mbeimid réigh gach bua a fuaireamar ón Spiorad Naomh trínár mBaiste agus ár gCóineartú a úsáid chun Ríocht Dé a chur chun cinn: inár teachlaigh féin, inár cheantar féin, pé áit ina mbeimid ag obair nó ag déanamh aoibhneas, cé acu slán nó breoite sinn, fear nó bean, óg nó aosta – tugaimid fínnise don Tiarna trí chomh-oibriú le chéile ar mhaithe cách.

     Is Corp Chríost é an Eaglais go léir – agus tá gach duine riachtanach má táimid chun Ríocht Dé a chur chun cinn. Ní féidir linn an obair a fhágaint do daoine eile, caithaimid teacht le chéile i Spioraid Íosa, mar a thánaigh an eaglais óg, agus ag ghlacadh gach duine mar dhreatháir nó dhrifiúr Chríost, geobhaimid tuiscint nua ar an saol, agus beidh torradh iontach spioradálta as an slí a gcaithaimid ár shaol mar Chorp Chríost le cheile.

 

 

* * *

 

An 13ú Domhnach Saor sa bhlian
26 Meitheamh 2022

Iontróid

Cuireann íosa fáilte romhainn ina thig naofa, ionas gur féidir linn fáilte a chur roimhe inár gcroíthe.

 

Smaoineamh

Tá Íosa ar a dtruas, ar a oilithreacht go hIarusalim. Tá a fhios aige cad atá roimhe ann, agus glacann sé le toil Dé le gach céim ar an mbóthar.

     Tagann daoine, agus iarrann siad air bheith ina cuideachta, nó tugann sé cuireadh dóibh é a leanúint. Ach leis na daoine seo, chomhsúil linne, bhféidir, ba mhaith leo é a leanúint de réir a thola féin, ina ama féin, nó i slí atá roghnaithe acu in ionad an slí atá leagatha amach ag Dia.

     Mar a dúirt Naomh Pól sa dara léacht, tugtar saoirse dúinn chun go ndéanamís seirbhíse dá chéile le teann grá, ach bheith cúramach nach mbeadh an tsaoirse sin ina leithscéal againn chun na collaíochta. Is é toil Dé é, Chríost a leanúint le croí iomlán, agus lenár neart iomlán agus lenár anam iomlán. Ní féidir linn é seo a dhéanamh muna bhfuilimid réigh chun toil Dé a chur roimh ár dtoil féin.

     Caithimid bheith réigh chun íobairt a dhéanamh dínn féin. Dúirt an Tiarna nach raibh áit ag Mac an Duine ar a leagfadh sé a cheann. Dúirt sé freisin go raibh ar gach Chríostaithe a chros a iompar gach lá chun Íosa a leanúínt. Níl de rogha again é a dhiultú, más fíor deiscabaill sinn.

     Ach sin í an ceist; an fíor deiscabaill sinn? An é Eagna Dé atá á leanúint againn, nó eagna daoine, rud éigin cumtha againne atá níos éasca ná toil an Athair? Ní raibh Élisha sa Chéad Léacht, ná na daoine sa Soiscéal ach an oiread, mí-réasúnta, ach caithimid bheith réigh toil an Athair a dhéanamh láithireach, gan aon leithscéal. Leanamís dea-shampla Mhuire; ‘Féach mise, banóglach an Tiarna; go ndéantar liom de réir d’fhocail’.

     D’fhoglaim Íosa ó Mhuire conas toil Dé a chur chun cinn ina shaol. Guímís inniu go bhfaighimís grásta ón Spioraid Naomh chun ár shaol a chaitheamh amhlaigh.