June 2023: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin

 

Sollúntas na Trionóide Rónaofa
4 Meitheamh 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: 
Rúndiamhair na Tríonóide agus rúndiamhair na hEaglaise.
Céad Léacht
(Eacsadas). An Tiarna, an Tiarna, Dia na cineáltachta agus na trócaire. 
Dara Léacht (2 Corantaigh). Grásta an Tiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh.
Soiscéal (Eoin). Chuir Dia a mhac uaidh ar an saol chun go slánófaí an saol tríd.

 

Smaoineamh

Ag cur críoch lena chonradh le Iosrael, ba í gné dá phearsa ba mhian le Dia go meabhrofa a chneastacht agus a chineáltacht. Agus sin í teachtaireacht liotúirge an lae inniu: Ionann rúndiamhair na Tríonóide Rónaofa agus léiriú ar bheatha inmheánach Dhia na Glóire, a ghrá, a chineáltacht agus a chneastacht. Tá an bheatha sin roinnte aige leis na creidmhigh trí chomaoin an Spiorad Naoimh. Ni chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol, ach chun go slánófaí an saol tríd.

Léiriú í sin gur fhoilsigh Dia dúinn trí Íosa a bheatha inmheánach féin, teist don ghrá atá aige dúinn. Agus tá an grá sin le léamh go soiléir i leachtaí an lae inniu. Tá beatha inmheánach sin Dé tugtha dúinn mar eiseamláir den bheatha Chríostaí san Eaglais. Tugann sin chun cuimhne an méid a dúirt Íosa agus é ag impí ar a Athair roimh imeacht den saol seo dó (Eoin 17:20-24): ‘Ní ar a son sin amháin atáim ag guí, ach mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar, ionas go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa, go mbeidis seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mise … A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom, mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain’. Déanann an Spiorad Naomh i gcroíthe na bhfíréan feasach sinn gur clann mhac agus clann iníonacha sinn le Dia, glaoite chun maireachtáil de réir na honóra sin i rúndiamháir na hEaglaise. Ní thuigtear an Eaglais i gceart muna bhfeictear uirthi mar rúndiamhair, Corp Chríost, go bhfuil an Spiorad Naofa á stiúradh. Tá glaoite uirthi bheith feasach don dínit atá aici bheith aontaithe leis an Trionóid Naofa, le fianaise a thabhairt don domhan do ghrá Dé, tobar na beatha.

 

* * *

Sollúntas Chorp Chríost
11 Meitheamh 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: 
Teachtaireacht na hEocairiste dúinn inniu
Céad Léacht (Deotranaimi). Chothaigh sé thú le manna narbh eol duit féin ná do d’aithreacha.
Dara Léacht (1 Corantaigh). Ós aon bhuilín amháin é, níl ionainne, dá líonmhaire sinn, ach aon chorp amháin.
Soiscéal (Eoin). Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola.

 

Smaoineamh

An téama a bhí ann don Chomhdháil Eocairisteach Idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath i 2012 ná ‘An Eocairist: Comaoin le Críost agus lena chéile’. Tá sin ag teacht go hálainn le liotúirge Aifreann an lae inniu. Tá Críost beo san Eocairist mar fhoinse do chaidreamh, comaoin, phearsanta le Dia agus lena chéile, mar chlann mhac agus chlann iníonacha Dé, bráithre agus deirfiúracha Íosa.

Is rúndiamhair dhomhain í láithreacht réalta Chríost faoi ghnéithe aráin agus fíona, nach glactar lei ach trí chreideamh. Ní inné ná inniu a thosaigh an t-amhras faoi. Tar éis a sheanmóra i gCafarnáum air féin mar arán na beatha, bhí na Giúdaigh (nár chreid ann) ag aighneas le chéile á rá: ‘Conas is féidir don duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?’ Lean Íosa ar aghaidh lena théama faoi féin agus ar gclos na cainte dá lán dá dheisceabail dúirt siad: ‘Is crua an chaint í seo, agus cé a d’fhéadfadh éisteacht lei?’ Mar fhreagra dúirt Íosa: ‘An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh? Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine (Íosa féin) ag dul suas mar a raibh sé cheana?’ Tharraing a lán dá dheisceabail siar, agus níor leanadar é a thuilleadh (Eoin 6:52-65). Tuigimid rúndiamhair na hEocraiate níos fearr má dheinimid machnamh uirthi i gcomthéacs Íosa fior-Dhia agus fíor-dhuine, a dheascabháil chun na bhflaitheas agus é ar dheasláimh Dé. Tríd na haoiseanna síos ghlac an Eaglais le briathra Íosa ar an arán agus an fíon, tar éis a gcoisreacan, bheith go fíor, go réalta, mar a chorp agus a fhuil, agus as sin lean an deabhóid don sacraimint ró-naofa. Slíte a ba iad ina chuir na fíréin in iúl a gcreideamh do láithreacht réalta Íosa san Eocairist. Nuair a shéanadh an creideamh sin faoi láithreacht Chríost ag Berengarius, dhearbhaigh and Eaglais sa bhliain 1079 go ndéantar an t-arán agus fíon a athrú go substaintíul go Corp and Fuil Críost, a dhearbhaíodh arís i gComhairle Trionta, teagasc atá le fáil i gCaiticiosma na hEaglaise Caitlicí (alt 1413):Tríd an choisreacan cuirtear i gcrích tras-substaintiú an aráin agus an fhíona i gCorp agus i bhFuil Chríost’.

* * *

An tAonú Domhnach Déag Saor
18 Meitheamh 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: 
Is ríocht sagart, agus náisiún coisricthe lucht leanúna Chríost 
Céad Léacht (Eacsadas). Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe.
Dara Léacht (Rómhánaigh). Má rinneadh athmhuintearas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic, nach móide go mor go saorfar sinn trina bheatha. 
Soiscéal (Matha). Ghlaoigh sé chuige a dháreag deisceabal agus chuir uaidh iad.

 

Smaoineamh

Mar a deirtear i gcéad léacht an lae inniu, dúirt Dia le hIosrael dá mbeidís dílis dá ghuth agus don chonradh go mbeadh siad aige ina ríocht sagart agus ina náisiún coisricthe. Ba leis féin náisiúin uile an domhain, agus uathu sin roghnaigh sé Iosrael dó féin. Bhí sagartacht fheidhmeannach in Iosrael i gclannmhac Árón. Léirmhíníonn scoláire amháin téacs leabhair Exodus faoin ghealltanas go mbeadh Iosrael ‘ina ríocht sagart, ina náisiún coisricthe’ mar seo: léiríonn gach ceann den dá leagan cainte dhá thaobh d’Iosrael san ré atá rompu. Beidh siad ina náisiún le struchtúir shóisialta agus phoilitiúla; san am céanna trína náisiúntacht agus a struchtúir mar stát beidh siad tiomanta do Dhia Iosrael, faoi mar atá sagairt tiomanta do sheirbhís Dé. Deir Apacailipsis Eoin (1:5-6; 5:10) go ndearna Críost trína chuid fola ríocht agus sagairt dá Athair de chreidmhigh. Agus i dtéacs níos déanaí (20:6) deir Eoin fúthu siúd a bhfuil páirt acu sa chéad Aiséirí: ‘Ní bhaineann cumhacht an dara báis leo, ach beidh siad mar shagairt le Dia is le Críost agus rialóidh siad míle bliain.’ Déanann Céad Litir Pheadair dhá thagairt do phribiléid seo na gCríostaithe mar shagairt: an chéad cheann (2:5) ag glaoch ar chreidmhigh mar chlocha bheo bheith ina n-áras spioradálta, le bheith ina sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost. Agus tamall gearr ina dhiaidh sin (2:9) meabhraíonn sé dóibh gur cine tofa iad, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh siad éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorcadas amach iad chun a sholais iontaigh féin. Níl aon cheist anseo faoi shagartacht fheidhmeannach sa chiall níos déanaí de na briathra sin. Is iad na híobairtí a ofrálann siad ná beatha Chríostaí a fhógraíonn éachtaí móra slánaithe Dé.

Dearbhaíonn an Eaglais (Bunreacht ar an Eaglais, alt 10; Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí, alt 1547) go bhfuil difríocht bhunúsach idir sagartacht mhinistreach nó chliarlathach na n-easpag agus na sagart, agus sagartacht choiteann na bhfíréan, cé (mar a deir an Chomhairle) ‘go bhfuil siad araon páirteach in aon sagartacht Chríost, gach ceann acu ina dhóigh féin’. Agus míníonn an téacs cén chaoi sin.

 

* * *

An Dara Domhnach Déag Saor
25 Meitheamh 2023

 

Iointróid

Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: Is misineach an Eaglais uile
Céad Léacht (Irimia). Shaor sé anam an bhoicht ó láimh lucht déanta an oilc.
Dara Léacht (Rómhánaigh 5:12-15). Ní he an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é.
Soiscéal (Matha 10:26-33). Ná bíodh eagla oraibh rompu siúd a mharaíonn an corp.

 

Smaoineamh

Le linn a bheatha phoiblí sheol Íosa na haspail leis an Soiscéal a fhógairt do chaoirigh caillte theach Iosrael, agus tar éis aiséirí dó thug sé mar mhisean dóibh an soiscéal a fhógairt go himeall an domhain.. Agus i stair na hEaglaise bhí an bhéim go mór mór i gcraobhscaoileadh an chreidimh ag daoine tofa, grúpa faoi leith. Bhí an baol anseo go leigfí i ndearmad misean eile i bhfógairt an dea-scéil a bhí ann ó thosach, misean a bhí ag na creidmhigh go léir. Dúirt Críost lena lucht leanúna go léir, roimh na haspail a thogha dó, gurbh é salann na talún agus solas an tsaoil iad, agus dúirt sé leo a solas a bheith ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidis a ndeaghníomhartha agus go nglóireoidis a nAthair atá ar neamh. Ina litir siúd (1 Peadar 3:15-16) dúirt Peadar lena léitheoirí a bheith réidh i gcónai le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarann orthu bonn a thabhairt leis an dóchas atá acu, ach sin a dhéanamh le cneastacht agus le hurraim, Is gníomhaíocht mhisineach í sin. Mheabhraigh Peadar dóibh chomh maith (2:9) gur cine tofa iad, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh siad éachtaí an té sin a ghlaoigh ón dorchadas amach iad chun a sholas iontaigh féin.

An Eaglais, pobal Dé, bhí si misineach trína cuid sagart, na misinéirí, agu tríd an taca airgid agus na slíte eile a thug cabhair do na misin sin. Ach lenár linn féin, i gComhairle na Vatacáine agus ina diaidh, tháinig an Eaglais ar an dtuiscint go bhfuil misean ag an Eaglais go hiomlán, mar phobal Dé, do shaol ár linne féin. Mar a chuireann doiciméid na Comhairle ar an ngníomhaíocht mhisiníreachta é, is misineach an Eaglais ar talamh óna nádúr féin, agus sin toisc de réir phlean an Athar go bhfuil tús lei i misean an Mhic agus Spioraid Naoimh grá Dé don uile dhuine agus do gach cine a fhógairt, agus gur feasach í dá bhri sin go bhfuil saothar ollmhór misinéireachta fós le déanamh aici. Tá easpa creidimh i nDia ag treisiú agus tá gníomhaíocht láidir aindiachais ar an bhfód. Is misineirí na creidmhigh de bharr a n-eolas ar shaibhreas na hoidhreachta Críostaí atá acu agus trí bheatha a chaitheamh dá réir. Ba chóir gur feasach iad ar an mbunathrú atá ag teacht ar an saol go léir le teicneolaíocht agus eile, agus ansin iarracht a dhéanamh le nach mbeadh mná agus fir ár linne féin ag iompú ó Dhia trí bheith gafa an iomad le eolaíocht agus teicneolaíocht an lae inniu.

 

* * *