June 2025: Leathanach don Cheiliúraí

Máirtín Mac Conmara MSC

Blackrock, Dublin

 

 

1 Meitheamh 2025
Deascabháil Ár dTiarna

Tá Dia láidir. An nath Gaeilge seo is lár-phointe den dara léacht as an litir chuig na hEifísigh é. Bhí cumhacht as cuimse Dé ag feidhmiú in aiséirí Chríost agus ina dheascabháil go deaslámh an Athar agus tá an chumhacht chéanna sin ag obair fós ionainn, creidmhigh. Ba chóir go dtabharfadh sin uchtach agus meanma dúinn agus meas ar an oidhreacht chreidmh ata againn. Tá Íosa ar neamh ag idirghuí ar ár son, agus ar son na hEaglaise go léir. Mar adeir téacs eile den litir chéanna (Eifísigh 4:8-13): Ag dul in airde (ina dheascabháil) thug Íosa tabhartais do daoine. Na tabhartais a luaitear ná aspail, fáithe, soiscéalaithe, aoirí agus múinteoirí. Bhí mar aidhm leis sin corp Chríost, an Eaglais, a thógáil le go mbeimid go léir tagaithe go aontacht chreidimh, gan a bheith inár naoináin feasta dár luascadh imeasc na dtonn. Leantar leis an éagsúlacht tabhartas sin ó Dhia san Eaglais fós.

 

Cuireann cuid den téarmaíocht a bhaintear úsáid aisti ag cur sios ar an bhFéile seo, agus i dtéacsanna gaolmhara, as do mhórán daoine: mar shampla ‘tógadh Íosa suas ar neamh’, ina shuí ar dheaslámh Dé agus a leithéid. Agus ní sa Bhíobla, ná sa diagacht, amháin atá sin le sonrú. Thugadh Gaeil ‘An Fear atá inairde’ ar Dhia, agus fós cloistear faoi ‘‘the Man above’. Bhí, agus fós tá, sort ceannairce i gcoinne a leithéid de théarmaíocht, a théann ar uairibh thar cheist téarmaiochta go tuiscint mheitifisiciúil agus chreidimh. I gcuid den chur síos ar an bhfadhb féin iarrtar orainn a leithéid de théarmaíocht agus tuiscint agus ‘Dia thuas ansin’, ‘God up there’ a chaitheamh uainn, agus coinceapanna nua amhail Dia mar ‘bunchloch, dúshraith, ár mbeith ann’, ‘the Ground of our Being’ a thabhairt isteach, nó fiú diagacht shaolta, secular theology, agus ‘eitic ocáide’, situation ethics. Ní hí seo an áit na ceisteanna seo a phlé, ach is fiú iad a ardú, agus machnamh a dhéanamh orthu i gcomhthéacs na Féile seo.

 

* * *

 

8 Meitheamh 2025
Domhnach Cincíse

Cruthaíonn an Spiorad Naomh muintearas idir na creidmhigh in Íosa, Íosa féin agus an Athair síos tríd an stair. Tugann sé le tuiscint dóibh gur clann don Athair iad. Foilsíonn sé dóibh glóir Íosa, fís den bheatha is dual don duine daonna, agus spreagann sé an Eaglais bheith deimhin de sin, bheith bunaithe sa chreideamh, bheith deimhin den bhféiniúlacht Chríostaí.

 

Tá féiniúlacht chine ann leis agus ar uairibh ionann í agus féiniúlacht chreidimh, nuair a bhíonn an creideamh céanna ag an cine go léir agus an cine faoi bhrú ón dtaobh amuigh. I gcás mar sin tógtar an creideamh mar chuid den chine agus ní bhionn aon teannas idir Eaglais agus an stát. Is mar sin a bhí in Éirinn roimh neamhspleáchas dí agus i mblianta tosaigh an stáit nua. Is mar sin atá fós sa Ghréig. Baol mór atá ag gabháil leis seo ná go leigtear i ndearmad gur rúndiamhair go bunúsach í an Eaglais agus nach eagras cine, agus nach bhfuil daoine réidh teacht i ngleic le athraithe i meon daoine nó sa t-sochaí.

 

In Éirinn anois tá an ré sin thart agus ní mór do phobal na hEaglaise abhus féiniúlacht chreidimh a chothú, eolas níos fearr a chur ar a n-oidhreacht chreidimh agus meas a bheith acu uirthi, faoi stiúir an Spioraid Naoimh, an tAbhcóid, Spiorad na fírinne a thabharfaidh glóir do Chríost trí chreideamh beo na hEaglaise.

 

* * *

 

15 Meitheamh 2025 (C)
Solúntas na Tríonóide Rónaofa

Ceiliúraimid inniu féile na Tríonóide Naofa nó mar a thugtar uirthi go hoifigiúil Solúntas na Tríonóide Naofa. I slí is rud teibí an Tríonóid. Ar éigin go gcloisimid riamh ar dheabhóid don Tríonóid Naofa. Ach dáiríre is í an rúndiamhair is mó agus is doimhne de na rúndiamhra Críostaí í an Tríonóid. Thóg sé na céadta bliain, le earráidí, eiriceachtaí agus cur síos i ndroch-fhoirmlí le go dtiocfadh an Eaglais ar na foirmlí faoin rúndiamhair seo atá againn inniu. An creideamh sa Tríonóid is creideamh é in aon Dia amháin i dtrí phearsa. Mar a cuirtear an teagasc sa Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (altanna 253-260) is Aon an Tríonóid. Ní admhaímid trí déithe ach aon Dia amháin i dtrí phearsa sa ‘Tríonóid chomhshubstainteach’. Ní roinneann na pearsana diaga an aon diagacht amháin eatorthu, ach is Dia go hiomlán gach ceann díobh. Tá na pearsana diaga sin go hiomlán dealaithe óna chéile.

 

Tá sin go léir sáthach deacair le tuiscint, ach tabharfaidh forbairt na ceiste tuiscint níos fearr dúinn faoi cad tá i gceist. Bheadh ar aon fhorbairt tárlu taobh istigh den chreideamh Giúdach ar an aondiachas, monadiachas, is é sin le rá nach bhfuil ann ach an t-aon Dia amháin. Sa Tiomna Nua, agus sa Giúdachas chomh maith, d’fhéadfaí ‘Athair’ a thabhairt ar an Dia sin. Ansin tháinig Íosa agus d’fhógair sé teacht ríocht Dé. Uair amháin chuir sé ceist ar a dheisceabail faoi thuairim an phobail, agus faoína dtuairim féin, faoi. Thar cheann an Dáréag d’fhreagair Peadar gur mheasadar gurb é an Meisias (an Críost) é (Marcas; Lúcás, ‘Críost Dé’; Matha, ‘Críost Mac Dé Bheo’). D’oscail an t-aiséirí agus a lean é ré nua i gcreideamh na gCríostaithe. Ba mhó ná duine daonna Íosa anois. Bhí sé ina shuí ar dheis Dé mar Thiarna, is é sin le rá an té a sheolann an Spiorad Naomh ar an Eaglais.

 

* * *

 

22 Meitheamh 2025
Solúntas Chorp Chríost

Ba í an Eocairist foinse agus ceartlár na Críostaíochta tríd na haoiseanna síos, agus fós is mar sin atá. Tugann machnamh ar an rúndiamhair chun cuimhnimh an t-éileamh a dhéanann sí beatha Chríostaí dá réir a chaitheamh, mar a dhéanann machnamh ar Íosa Críost féin. Mar a luadh thuas, ba é an Suipéar Déanach an béile deiridh a ith Íosa lena mhuintir féin, agus tugann sé chun cuimhne intinn Íosa sna béilí sin, ag ithe leo siúd a bhí san imeall agus a leithéid. Tugann Íosa i Soiscéal Marcas cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar bhríonna iomadúla na hEocairiste. Tar éis mhiorúilte iolrú an aráin, in aistear farraige trasna Mhuir na Gailíle, luann Marcas go raibh dearmad déanta ag na hAspail arán a thabhairt leo, seachas aon bhuilín amháin. Tugann Íosa foláireamh dóibh bheith aireach faoi ghabháil, giosta, éagsúla. Mheas na hAspail gur ag tagairt a bhí sé don easpa aráin a bhí acu, ach meabhraíonn Íosa dóibh an mhiorúilt ar iolrú an aráin, agus tugann le cuimhne dóibh an easpa tuisceana atá acu ar an mhiorúilt sin (Marcas 8:14-21).

 

Téacs deacair le tuiscint é sin, ach dealraíonn sé go bhfuil Íosa ag tabhairt cuireadh don Eaglais agus dúinn uile machnamh a dhéanamh ar a bheatha agus a shaol faoi mar ar thug sé bia don chorp leis an arán a iolraigh sé, bia don anam san Eocairist, a chúram orthu siúd atá sna himill agus faoi mhíchumas de shaghas ar bith. Tugann an Eocairist na fírinní sin go léir chun cuimhne.

 

* * *

 

29 Meitheamh 2025
Naoimh Peadar agus Pól Aspail. Sollúntas

Ar uairibh, go háirithe ó aimsir an Reifirméisin i leith, ba nós feiceáil ar Pheadar mar choimeadaí agus ar Phól mar fhorásach, amhail is dá mbeadh Peadar agus a oidhreacht (go háirithe Eaglais na Róimhe) coimdeádach, agus Pól agus a oidhreacht siúd forásach, forchéimnitheach, tugtha don dul chun cinn. Ar ndóigh, ní mar sin fianaise an Tiomna Nua in aon chor. Tá a fhios againn an comhrac mór a throid Pól le go mbeadh an dea-scéal ag na Gintlíthe, na neamh-Ghiúdaigh, gan timpeallghearradh ná dlí Mhaois. Nuair sa mheas sé ná raibh Peadar ag cloí leis an chleachtadh mar ba dhual in Antíoc chuir sé ina choinne go poiblí agus cheartaigh sé é. Ach ní hé sin an íomhá de Pheadar a thugann an Tiomna Nua dúinn, ach de dhuine umhail tar éis do Íosa a shéanadh faoi thrí, duine a thuig agus a lean treoir an Spioraid Naoimh. Eisean a chéad thug isteach san Eaglais pagánaigh gan timpeallghearradh ná dlíthe Giúdacha an bhia, sul ar thosaigh Pól ar a chuid misinéireachta. Chosain sé modh misinéireachta Phóil. Tá umhlaíocht agus tionchar smaoineamh agus theagasc Phóil le sonrú san litir faoi ainm Pheadair sa Tiomna Nua. Chraobhscaoil Peadar an dea-scéal sa Róimh mar aon le Pól, agus thugadar araon fianaise do Chríost lena gcuid fola. Bhí Pól chomh daingean céanna do thaisce na chreidimh agus a bhí Peadar, agus tá siad beirt fós ag cainnt linn i ré seo an eacuiméanachais dul ar aghaidh mar is dual, agus mar is ceadaithe, leis an dílseacht is dual don bheirt laoch sin, dhá eite den chreideamh céanna.

 

* * *

 

All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume