July/August 2025: Leathanach don Cheiliúraí
Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin
6 Iúil 2025
Ceathrú Domhnach Déag Saor
Is mór an chabhair agus an inspioráid chun gnimh do náisiún nó don duine aonar fís faoin ré atá thart nó fós le teacht. Chum impearachtai de aoiseanna i bhfad ó shoin, nó níos gaire dár linn féin, sean-stair fúthu féin, gur ard-litríocht ar uairibh é, stair nó físeanna a chabhraigh leo a gceart chun concais a bhrú ar dhaoine. Ach ní dul thar ár stair agus ár litríocht féin le tábhacht na físe nó na haislinge a thuiscint. Thug an spéirbhean uchtach do phobal faoi bhroid agus dóchas don ré le teacht. Bhain físeanna agus aislingí den samhail seo le réimse an tsaoil seo, agus tig linn casadh uaidh sin go stair an Bhíobla agus stair an tslánaithe mar a thugann fís ó Dhia na glóire uchtach don saol casta atá linn agus dóchas faoi ré nua le teacht. Ón chéad léacht inniu is féidir linn a fheiscint faoi mar ar thug fís dhiaga, ó Dhia féin, ar ré ghlórmhar le teacht, uchtach do Iosrael i gcora crua an tsaoil. D’fhógair Íosa, agus dúirt sé leis na misinéirí a sheol sé amach a fhógairt, go raibh ríocht Dé in achmaireacht, in aice linn. Dúirt Íosa go raibh an ríocht sin ann cheana féin ina phearsa, cumhacht Dé ag feidhmiu tríd. Tá ríocht Dé ann cheana i slí i gCríost agus san Eaglais, le fís Dé i leith an chine dhaonna, agus leis an grásta, an chumhacht, an fhís sin a thabhairt i gcrích ach aird a bheith tugtha ar a deir Íosa agus an eaglais. Is sacraimint, rúndiamhair, í an eaglais. Ba chóir dúinn inniu fís seo na hEaglaise a athmhúscailt, agus gan ró-aird a thabhairt ar na guthanna iomadúla nach bhfeiceann ach ar a laigí. Is sacraimint uilí an tslánaithe í an eaglais, Ba choir go mbeadh léargas ag an domhan tríthi ar Dhia agus ar Chríost ag fógairt dea-scéala an tslánaithe do shaol ár linne féin.
* * *
13 Iúil 2025
Cúigiú Domhnach Déag Saor
Tugann léachtaí an lae inniu cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar ár
n-oidhreacht Chríostaí agus a bheith mórálach aisti. Sa chéad léacht ghlaoigh Maois ar phobal Iosrael machnamh a dhéanamh ar bhronntanas mór an chreidimh a thug Dia dóibh, Dia pearsanta a raibh a ghuth de shíor ag labhairt leo. Bhí gairm acu bheith mar fhinnéithe Dé don domhan. Cuireann an dara léacht síos ar ghradam agus ardcheannas Íosa, ceann na heaglaise, le misean ó Dhia athmhuintearas idir Dhia agus an domhan a chothú.
Is mór idir an fhís seo agus saol an lae inniu ina bhfuil fórsaí láidre ag iarraidh cosc a chur ar ghuth na heaglaise, agus ar ghuth gach creidimh Chriostai agus gach reiligiún, a dhíbirt ón saol poiblí. Mar aon leis sin tá mórán den aos óg fuarchúiseach i leith chleachtadh an chreidimh. Mar a dúradh sa mhír ar ‘machnamh’ an Domhnaigh seo caite:
‘Ní mór fís, aisling gheal, leis an bheatha Chríostaí a chothúi’. Ní dochar an mhir seo a léamh arís an Domhnach seo.
* * *
20 Iúil 2025
Séú Domhnach Déag Saor
Tugann léachtaí an lae inniu cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar an dínit atá againn toisc go bhfuilimid inár mbeatha sa ré seo ina bhfuil na gealltanais comhlíonta, agus gur cóir dúinn lúcháir a bheith orainn dá bharr, lúcháir fiú i measc na dtrioblóidí a ghabhann le gnáthchúrsaí na beatha Críostaí. Bhí áthas ar Phól bheith mar thimire leis an dea-scéala, dea-scéala an Bhriathair, a fhógairt, an dea-scéala go raibh an rúndiamhair foilsithe, nochtaithe. Bhí lúcháir ar Íosa go raibh an tsicréid, na rúndiamhra a bhí folaithe leis na cianta, foilsithe ag an Athair anois trí Íosa do na ‘naíonáin’, seachas do lucht na heagna agus na tuisceana (Matha 11:25-30). Mar gheall air seo rinne Íosa gairdeas sa Spiorad Naomh (Lúcás 10:21-22), faoi mar a dhéanfaidh Pól níos déanaí. Ba í an rúndiamhair i gceist ná beartas shlánaithe Dé trí Chríost, rúndiamhair a fhéadfaí a chur i bhfocail éagsúla. Sa litir chuig na hEifisigh b’ionann an rún agus seo: nuair a bheadh an t-am cuí tagaithe, beartas Dé gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt le chéile faoi cheannas Chríost (Eifisigh 1:9-10). Do Phól sa litir seo chuig na Colasaigh is é atá ann ná ‘Críost ionaibh, in bhúr measc, dóchas na glóire’.
* * *
27 Iúil 2025
Seachtú Domhnach Déag Saor
Tugann an léacht ón Soiscéal inniu cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar áit na hurnaí inár saol féin inniu, i dtimpeallacht atá éirithe saolta. Ní ó mheon saolta amháin a eascair roinnt de na hathraithe i gcúrsaí paidreoireachta. Níl aon bhaint ag cuid de na hathraithe le cúrsaí creidimh. Ní ró-fhada ó shoin ó bhí paidir éigin ann do mhórán cúrsaí an lae, amhail ‘Bail ó Dhia ar an obair’, ‘Bail ó Dhia anseo’, atá imithe i ndearmad le fada. D’fhan altú roimh bia, agus tar éis bia i bhfad nios faide, agus i slí is ann i gcónai dóibh. Chuir eolas ar chursai aimsire críoch le paidreacha poiblí do fhearthainn nó do dhea-aimsir agus soineann. Uaireanta measann creidmhigh léannta nár chóir ghuí do thoradh fónta ar agallamh do phost, toisc sin a bheith i gcoinne seans iarrathóirí eile don phost. Laige lena leithéid de thuairim dá leithéid ná nach draíocht an urnai ach iarratas ar Dhia, Dia a thuigeann cás gach aoinne.
Ach le filleadh ar an meon saolta: tá mórán cúiseanna a thógann ár n-aire ón urnaí na laethanta seo nach féidir dul go mion isteach iontu anseo: fuarchúis i leith cleachtadh an chreidimh, ceisteanna faoi bheith ann do Dhia agus na haragóintí a bhaineann leis, nó deacracht ‘teagmháil’, ‘ceangailteacht’ a dhéanamh le Dia, neach nach feictear. Ach fanann an cuireadh machnamh a dhéanamh ar an urnaí.
* * *
3 Lúnasa 2025
Ochtú Domhnach Déag Saor
An cnuasach atá deanta agat, cé aige a mbeidh sé? Sa téacs dírach roimh an ceann seo bhí Íosa ag múineadh a chuid dheisceabal. Sa léacht seo iarrann duine as an slua, nach deisceabal é, ar Íosa páirt a ghlacadh i roinnt oidhreacht a chlainne. Mar is iontuigthe, diúltaíonn Íosa don iarratas. Ní dá leithéid misean Íosa. Ansin deir an téacs gur labhair Íosa ‘leo’, lena dheiseabail is dócha, agus b’fhéidir go bhfuil an slua i gceist chomh maith. Tugann sé rabhadh faoin tsaint, agus an dochar a dhéanann sí don té a chleachtann í. Ní ionann raidhse agus sonas. Míníonn Íosa cad tá i gceist aige le parabal a labhraíonn sé ‘leo’ – arís leis na deisceabail, agus b’fhéidir leis an slua chomh maith. Tá an parabal seo i dtraidisiún eagnaíocht Iosrael, mar atá téacs Cohelet sa chéad léacht. An duine santach amháin atá mar chroílár an pharabail, an chead phearsa uatha, ‘mé’, go minic ann. Mar fhoircean ar an bparabal tá ábhar machnaimh ar thoradh na sainte agus faoi bhrí na beatha daonna. Is é freagra Lúcáis ná saibhreas a thaisceadh i lathair Dé seachas saint sa saol seo.
* * *
10 Lúnasa 2025
Naoú Domhnach Déag Saor
Tugann an dara léacht as an Litir chuig na hEabhraigh cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar conas dul in agallamh le gluaiseacht gníomhach daonnachtach aindiach ár linne féin. Ceist mhór leathan í seo ionas nach féidir ach roinnt phointí bunúsacha a thabhairt anseo. Bhí imlitir ar an ábhar beagnach réidh ag an Pápa Benedict XVI sular éirigh sé as oifig. D’fhoilsigh a chomharba an Pápa Proinsias í (faoin dteideal Lumen Fidei¸’Solas an chreidimh’) i Meitheamh 2013. Tá leagan Béarla di ar fáil san idirlíon, Google, faoin dteideal sin. Deir an Pápa (alt 6) gur ionann labhairt ar ‘sholas an chreidimh’ agus bheith ag feitheamh le agóidí, cur ina choinne, ó roinnt mhaith de lucht ár gcomhaimsire. Sa saol atá inniu ann d’fhéadfaí a mheas go n-oirfeadh an solas sin ceart go leor do dhaoine ó ghlúin agus sochaí eile atá thart, ach nach meastar go bhfuil aon tairbhe ann dár linn féin, don chine daonna atá in aois, mórtasach as chumas a réasúin agus cíocrach a thodhchaí a scrúdú i slíte nua.
Féachadh ar an gcreideamh ag daoine áirithe mar sholas mearbhlach, ag cur mearbhall ar dhaoine, ag cur cosc ar na gcine daonna aghaidh a thabhairt go dána ar lorg an eolais, mar dhúléim, léim sa dorchadas, le tógaint nuair nach raibh solas ar fáil, á dtiomáint ag mothúchán caoch, nó mar sholas subiachtúil, a bhí in ann b’fhéidir ola a chur ar an gcroí agus sólás pearsanta a thabhairt, ach nach rud é a fhéadfaí a thairiscint do dhaoine eile mar sholas obiachtúil a thabharfadh treoir don ród seo romhainn. Sin ráite aige, deir an Pápa go bhfuil gá ann arís féachaint ar an gcreideamh mar sholas, mar uair amháin go múchtar lasair an chreidimh, tosaíonn gach solas eile ag dul i léig. Is don todhchaí cíoradh a dhéanamh ar phointí ag eascair as seo. Is leor dúinn anseo a mheabhrú, ar aon dul leis an dara léacht, nach tuairim ná áitiús, tuairim láidir dhaonna, é an creideamh. Is bronntanas diaga é, suáilce dhiaga, a thugann dúinn bheith dearfa de na rudaí go bhfuiltear ag súil leo, bheith cinnte faoi nithe nach bhfeictear.
* * *
15 Lúnasa 2025
Toimhde na Maighdine Beannaithe Muire
Bean a bhí maisithe leis an ghrian ina seasamh ar an ngealach. (Apocalypse 11:19; 12:1-6,10). Le céad bliain anuas tá an bhean sa sliocht seo a thuiscint mar Mhuire, máthair an Meisias, agus tá tionchar ag an tuiscint seo léirithe reiligiúnacha ar an téacs, i dealbha agus pictiúir. Ní dhéanann an tuiscint seo ar bhunchiall an téacs ceartas dá léamh. Agus i dtráchtaireacht Ghaeilge an ochtú haois ar an téacs tuigtear gurb í an Eaglais an bhean a bhfuil an ghrian uirthi. Chun tuiscint a fháil ar bhrí bhunaidh an téacs is fearr é a chur le cúlra leabhar an Apocalypse ina iomláine. Sa téacs seo, mar atá in áiteanna eile, tá Seán ag tarraingt ar shaibhreas íomháineachais thraidisiúnta, bhíobla, Ghiúdach agus neamh-Ghiúdach.
Mar chúlra láithreach don téacs seo tá fís ag Eoin de Theampall Dé ar neamh a osclaíodh agus Áirc an Chúnaint le feiceáil laistigh de, ag léiriú láithreacht neamhaí Dé á dhéanamh infheicthe don fhíseach Eoin le haghaidh nochta ar domhan. Is é an comhartha mór a bhí le feiceáil ar neamh a chur in iúl arna léiriú ag bean maisithe leis an ghrian. Is dócha gurb í an bhean Iosrael neamhaí, muintir Dé, ar tí breith a thabhairt don Meisias. Féadfaidh an choróin dhá réalta déag ar a ceann dhá threibh dhéag Iosrael a léiriú. Bhí sí ag iompar clainne agus i mbun saothair, leis na léanta eschatological a bheadh i dtraidisiún an Bhíobla agus Giúdach roimh theacht an Meisias.
Is féidir aithint bhean an téacs le Muire a fheiceáil mar chríoch le forbairt fhada. Bhí sí mar chuid den naimhdeas sin idir an nathair agus an daonnacht, an Meisias agus a mháthair, Iosrael nó Muire. Tá a Deastógála mar chuid de bhua deiridh Dé ar an nathair ársa, atá le feiceáil i léiriúcháin ealaíne Mhuire mar shatailt ar an nathair.
* * *
17 Lúnasa 2025
Fichiú Domhnach Saor
Tugann léachtaí an lae inniu ábhar saibhir machnaimh dúinn. Sinne, Críostaithe an lae inniu, is oidhrí sinn ar néal finnéithe, slua mór finnéithe mar scamall. Ó thús a staire bhí aithne ag lucht leanúna Chríost ar ghéarleanúint de shaghas amháin nó de shaghas eile. Go luath ina shaol misinéireachta bhí Pól agus a chomhaspal ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, mar, ar sé, ‘ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé’ (Gníomhartha 14:22). Béim láidir sa litir chuig na hEabhraigh a léadh inniu ná an bhuanseasmhacht. Is mar sin atá inár laethanta féin. Cuireadh chun agallaimh an méid a dúirt Íosa i soiscéal an lae inniu faoin bhaint idir é féin agus easaontas, fiú easba síochána. Prionsa na síochána le gairm chun na haontachta é Íosa. Is eol go maith a bhriathra gurb é an sáraoire, agus go raibh caoirigh eile ann nach dá chró iad agus narbh fholáir iad sin a thabhairt isteach chomh maith le go mbeadh aon tréad amháin agus aon aoire amháin ann (Eoin 10:14-16). Luaitear go minic na briathra sin. Ach níl dul thar an easaontas a bhaineann le pearsa Íosa de bharr na héilimh a dhéanann sé agus an rúndiamhair a bhaineann leis agus leis an Eaglais. Fíu díreach i ndiaidh na briathra sin uaidh faoi eisean mar sháraoire, d’éirigh aighneas idir na Giúdaigh mar gheall ar a bhriathra. Tháinig Íosa chuig a mhuintir fein agus níor ghlac a mhuintir leis. Mhéadaigh ar an easaontas idir Críostaithe Giúdacha agus eile le fás na hEaglaise. Idir Chríostaithe féin d’éirigh easaontas agus scoilteanna de réir mar ar mhéadaigh eolas ar rúndiamhair Chríost agus a ghaol leis an Athair. Tá iarsmai scoilteanna an Reifirméisin linn go fóíll. Baineann na samplaí sin le diospóireachtaí idir Chríostaíthe. An lá atá inniu ann tá easaontas i bhfad níos doimhne idir Chríost agus dá sheasann sé agus cuid mhaith den saol comhaimsireach, mar shampla aindiachas, daonnachas agus liobrálachas, saol gur mhian leis cúrsaí an domhain, agus cúrsaí pearsanta, a riaradh gan aird ar ghuth Dé ná Íosa. Ní mór dul in agallamh, más féidir, leis an saol seo. Agallamh atá i gceist, ní cáineadh. Tá léargas, fís, iomlán, cuíosach absalóideach ag Críost agus an daonnachas ar an saol agus na cúrsaí a ghabhann leis. Bac ar dhul chun cinn an creideamh de réir daonnachais fhealsanta. Críost slánaitheoir an domhain dar le Críost féin agus a lucht leanúna. Ní mór na h-aragóintí atá ag lucht an díchreidimh a thógaint ina cheann agus ina cheann agus freagra cuí a thabhairt orthu. Níor chóir go mbeadh eagla ar chreidmhigh faoin a leithéid d’agallamh. I slí is dílseacht do Chríost agus dá oidhreacht é.
* * *
24 Lúnasa 2025
Aonú Domhnach Fichead Domhnach Saor
I soiscéal an lae inniu, agus i mórán áiteanna eile sna soiscéil, bhí teachtaireacht shoiléir ag Íosa dá chomhaimsirigh agus dá mhuintir féin. Ba mhór an rud na gealltanais do na patrarcaí, agus d’fhéadfadh fiú Giúdach deabhóideach a mheas go raibh Iosrael slán, go raibh Dia ceangailte dá ghealltanais, ba chuma freagra Iosrael ar theachtaireacht Dé chucu trí Íosa. Thug Íosa rabhadh dóibh nárbh amhlaidh a bhí. Agus fíoradh an rabhadh sin ag a bhás, a aiséirí agus teacht an Spioraid Naoimh. Ceacht tábhachtach dúinn as seo ná nach leor traidisiún i gcúrsai creidimh in Íosa ná san Eaglais. Tá a fhios againn faoi mar ar chaill móran den tsean-domhan an creideamh. Gluaiseann an Eaglais ar aghaidh go tíortha nua. Is éasca a rá go mbaineann seo le ‘teacht in aois’ agus piseoga agus scéalta sí a fhágaint inár ndiaidh. Leithscéal atá anseo. Baineann an creideamh le buntomhas eile: cinnteacht gur ann do nithe nach bhfeicimid. Ní mór an creideamh a chothú, san anam, sa chroí agus eolas faoi san intinn. Ní leor a mheas gur slán sinn toisc gur mhaireamar sa creideamh agus gur fhulaingíomar ar a shon. Ní mór creideamh beo, i nDia beo, ag éisteacht le hÍosa ag labhairt linn in gcónai. Tá ábhar saibhir machnaimh dúinn anseo, agus ábhar agallaimh eadrainn féin faoin fhreagra le tabhairt don staid ina bhfuilimid.
* * *
31 Lúnasa 2025
Dara Domhnach Fichead Saor
Go minic leagtar ar Shainsailéir na Gearmáine Otto von Bismarck (19ú céad) an ráiteas nach féidir le náisiún ar bith a pholasaí eachtrannch a rith de reir na Seanmóra an an Sliabh. Ar an dtaobh eile de, leagtar ar státaire eile mór le rá gur chóir tosú leis an domhan a chur ina cheart tar éis phraiseach an dara chogaidh dhomhanda leis an Seanmóir ar an Sliabh. Tá macallaí na Seanmóra sin, agus luachanna an tsoiscéil, le mothú síos tríd an stair le dha mhíle bliain. Tugann soiscéal an lae inniu deis agus spreagadh dúinn machnamh a dhéanamh ar sin.
Is soiléir, measaim, nach féidir le stát, nó fiú le hOrd Rialta, an méid a deir Íosa sa dara cuid den léacht sin a chur i bhfeidhm maidir leo siúd ar chóir cuireadh chun béile a thabhairt dóibh. Ach maireann ceacht na léachta linn i gcónaí. Is do na boicht sin, de gach saghas, ríocht na bhflaitheas. Is méanar dóibh. Más cairde le Dia iad, cuid lárnach den soiscéal cúram a dhéanamh díobh. I rith na staire spreagann an Spiorad Naomh daoine faoi leith aird a thabhairt dá ndúirt Íosa faoi na boicht agus faoin bhochtanas, amhail Naomh Proinsias agus Pápaí dár linne fein. Agus maidir le umhlaíocht agus simplíocht an tsoiscéil de, tá luachanna na ríochta dulta i bhfeidhm go mór ar theagasc an Tiomna Nua agus na hEaglaise. Spreagann luach na ríochta comhionnanas soisialta. Mar adeir Pól le Críostaithe na Róimhe (Rómhánaigh 12:16): ‘Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle’. Tá litreacha Phóil, agus scríbhinní eile an Tiomna Nua, lán den a leithéid de theagasc, le Íosa féin mar eiseamláir agus muinteoir taobh thiar de. Bhí tionchar mór ag na luachanna sin ar mheon an Iarthair. Is cuid den teagasc Críostaí iad, agus anois nuair nach mian len alán inniu aird a thabhairt ar aon oidhreacht Chríostaí is cuid den eitic iad, fiú ag daonnachtaithe agus lucht an díchreidimh, aindiachaithe.
* * *
All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume