Leathanach don Cheiliuraí – April

Click here to download and print our April Irish Notes.

For more resources from our April issue, click here

 

2ú Aibreán 2017, Bliain A

An Tús

Céad fáilte romhat, a Rí an domhnaigh bheannaithe
A tháinig de chabhair chugainn tar éis na seachtaine
Corraigh mo chos go moch chun an Aifrinn,
Corraighmo bhéal chun na bréithre beannaithe

Smaoineamh

Is treise cumhacht an Spioraid Naoimh agus an ghrásta ionainn ná laige an nádúir. Uaireanta cuirtear i leith Íosa gur beag an tuiscint a bhí aige ar laige an nádúir dhaonna nuair a chuir sé bac iomlán ar an colscaradh. Is trom i slí an misean a leag sé ar a lucht leanúna nuair a sheolsé amach iad mar sholas an domhain agus mar shalann na talún. d’fhéach an eaglais óg ar an misean a bhí aici díreach mar arb thoil le hÍosa é. Ba sholas úrnua don domhan an eaglais, an comhluadar Críostaí, ina teagasc agus ina cleachtadh. Labhraíonn Pól go deas faoin misean uasal sin agus an laige dhaonna ag scríobh chuig na Corantaigh faoin ábhar dó (2 Corantaigh 4:6-7): ‘An dia a dúirt, ‘Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas’, is é an dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d’fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn. Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, d’onn a chruthú gur le dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í’.

Tá iarracht de shean-teagasc Pelagius ann inniu, agus sin an nádúr daonna gan a bheith ag tabhairt aird go leor ar a laige féin maidir le cúrsaí mórálta, agus neamhaird a dhéanamh den ghá atá le grásta Dé. Is fiú cluas a thabhairt fós ar theagasc Phóil.

Maidir le hagallamh le saol an lae inniu de, i diospóireachtaí faoi leasú na heaglaise agus a leithéidí de, agus ar leasú ar chuid dá cleachtadh a meastar bheith as dáta, agus in éadan shaoirse an duine mar a thuigtear saoirse inniu, ní dochar cuid dá bhfuil ráite thuasi ‘Smaoineamh’a mheabhrú:solas an tsoiscéil agus cumhacht an Spioraid Naoimh agus ghrásta Dé.

Guí an Phobail

Ceannasaí

Táimid fós sa Charghas, tráth ina iarann Íosa orainn bás a fháil dár laige agus dár nainmhianta féin le go mbeadh beatha Chríost beo ionainn. Mar sin cuirimis ár n-urnaithe suas chun Dé go lánmhuiníneach.

Fogróir

  1. Guímis ar son na hEaglaise go mbeadh sí ag fógairt trócaire Dé agus slánú Dé. A Thiarna …
  2. Guimis ar a son siúd a iompaigh ón Eaglais agus ó Chríost go dtugadhdia grásta dóibh filleadh thar nais. A Thiarna …
  3. Guímis ar son an Phápa Proinsias go bheadh toradh fónta ar a fhianaise ar son Chríost. A Thiarna …
  4. Guimís ar son rialtóirí stát go gcuiridis leas an phobail agus leas na mbocht chun cinn. A Thiarna …
  5. Guímis ar ár son féin agus ár gcairde ag cur intinní folaithe ár gcroíthe suas chun Dé. A Thiarna …

Ceannasaí

Iarraimid go humhal ort a dhia glacadh leis na hachainíocha seo a chuirimid suas chugat tri Chríost ár dTiarna.

An Phaidir

Toisc gur clann Dé sinn, clannmhac agus clann iníonacha Dé, agus an Spiorad Naomh dár spreagadh, tá sé de mhisneach againn glaoch ar dhia mar Athair, agus mar sin guímis: Ár nAthair …

Focail Scoir

A Íosa glan mo chroí-se
Go glé geal gach lá,
A Íosa cuir m’intinn
Faoi léir-smacht do ghrá.

Déan mo smaointe go fíorghlan
Agus briathra mo bhéil,
Is a Thiarna, ‘Dhia dhílis
Stiúraigh choíche mo shaol.

 

Domhnach na Pailme 9ú Aibreán 2017, Bliain A

An Tús

Ní rogha go rí na cruinne, Ní cabhair go trócaire Ní beatha bhithbhuan ach neamh Ní luach go hAifreann d’éisteacht

Smaoineamh

Ceansacht Chríost dár ngríosadh. Tá ábhar saibhir machnaimh i léachaí an lae inniu, agus den chuid is mó de labhraíonn siad uathu féin ach iad a léamh agus súil againn ar shaol agus chúinsí ár linne féin.

Sa chéad agus sa dara léacht tá giolla, seirbhíseach, an Tiarna agus Íosa féin curtha os ár gcomhair mar eiseamláir, an giolla a bhfuil teanga an aos léinn aige toisc gur fhoghlaim sé ón méid a fhulaing sé, agus a thug dó an tuiscint freagra a thabhairt do té atá traochta. Sin bua mór a bheadh le foghlaim ag saol an lae inniu – go bhfuil dínit sa bhrón,san fhulaingt, a thugann tuiscint do dhuine ar chora crua an tsaoil. déantar cur síos go minic i dtíortha áirithe ar ‘chineál na beatha’, ‘the quality of life’, amhail is nach mbeadh brí, ciall, leis an bheatha dhaonna muna mbeadh sí gan fhulaingt, gan fhadhb. Tógtar easba seo den ‘quality of life’ mar leithscéal do eotanáis. Tá a fhios againn go bhfuilscéal dá leithéid casta, ach mar sin féin is fiú a mheabhrú go bhfuil dínit ag baint le gach gné den saol daonna.

Ceacht eile a thagann chugainn ón chéad léacht agus ón soiscéal, faoi Pháis Ár dTiarna, ná ceansacht Chríost agus a gairm chugainn a bheith tuisceanach dá chéile. Leag an Pápa Prionsias béim ar a leithéid de sin agus thug na meáin chumarsáide an-aird dó. Tá teachtaireacht ag Giolla an Tiarna agus ag Íosa, a fuair bás ar ár son, don saolseo againne go fóill. Guímis go mbeadh toradh fóveritnta ar aspalacht an Phápa Proinéas.

Guí an Phobail Ceannasaí Mhair Íosa Mac Dé inár measc go huiríseal ceansa, le sampla a thabhairt a dúinn agus don domhan mór a lorg a leanúint agus síocháin a chothú eadrainn.

Fogróir

  1. Guímis ar son na hEaglaise go mbeadh sí ina lóchrann do thrócaire Dé. A Thiarna …
  2. Guímis ar son ár bPápa Proinsias go mbeadh toradh ar a aspalacht ag fógaiart trócaire Dé agus cneastacht Chríost. A Thiarna …
  3. Guímis ar a son siúd atá i mbun rialtais go mbeadh siad ag cothú tuisceana i measc pobal agus ag cothú na síochána. A Thiarna …
  4. Guímis ar a son siúd atá faoi leatrom agus géarleanúint go mbeadh taca agus cabhair le fáil acu. A Thiarna …
  5. Gúimis ar son ár muintire atá marbh go mbeadh radharc na Trionóide acu. A Thiarna …

Ceannasaí

Iarraimid ort, sa Thiarna, glacadh leis na hachainíocha seo a ofráilimid duit trí Íosa Críost do Mhac.

An Phaidir

Faoi mar ar mhúin Ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh, guímis: Ár nAthair …

Focail Scoir

A Íosa, a Aonmhic an Athar.

Ó isligh mo dhíoltas is m’fhearg is m’fhuath,
Is díbir na smaointe mallaithe uaim;
Lig braon beag ded’Naomh Spiorad beannaithe ‘nuas,
A scaoilfeas an croiseo ’tá ‘na charraig le cruas.
(Cathal Buí Mac Giolla Ghunna)

 

Domhnach Cásca 16ú Aibreán 2017, Bliain A

An Tús

Tá Críost i láthair lena Eaglais ina Bhriathar mar is eisean atá ag labhairt nuair a léitear na Scriopúir san Eaglais, go mór mór sa dara léacht inniu. Iarraimis ar an Spiorad Naomh solas agus méadú creidimh a thabhairt dúinn as éisteacht le Briathar Dé inniu.

Smaoineamh

Críost mar ceann na heaglaise agus croílár ár gcreidimh. Creidmhigh mar fhinnéithe dó. Tá ábhar saibhir machnaimh i léachaí an lae inniu, agus den chuid is mó de labhraíonn siad uathu féin ach iad a léamh agus súil againn ar shaol agus chúinsí ár linne féin. Sa dara léacht as an litir chuig na Colosaigh meabhraítear do chreidmhigh go bhfuil a mbeatha ‘folaithe mar aon le Críost i ndia’. Críost ar neamh ceann na hEaglaise, tá sé fós ag fogairt a shoiscéil mar a rinne sé dá mhuintir na Giúdaigh, ach chomh maith ag fógairtshoiscéil Phóil do na neamhGhiúdaigh, na pagánaigh, á meabhrú do gach creidmheach, nósanna pagánacha a chur díobh, nósanna a áiríonn sé: ‘Básaigí mar sin an taobh saolta (na hainmhianta pagánacha) díbh féin: an drúis, an neamhglaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint úd nach bhfuil inti ach íoladhradh’. Gan Críost bheith mar chroílár aici ní bheadh san eaglais dá fearr í ach cumann leasa shoisialigh, mar a mheabhraigh an Pápa Proinséas dúinn. Thuig ár muintir sin go maith, mar ar tugadh teagasc don ‘duine atá i dtúis a shaoil’sa dán ón mbéaaloidas: ‘Sara dtiocfaidh iomad ded’ aois, bíodh aithne ar Chríost agat’ – ní eolas faoi Chríost ach aithne phearsanta air.

Maidir le cúrsaí creidimh, tá Éire inniu ag crosbhóthar a staire. Sa daonáireamh sa bhliain 2011 shinigh 84% den daonra iad féin mar Chaitlicigh Rómhánacha, agus 4% gan creideamh ar bith, é seo bíodh go raibh feachtas aindiachtaí ann gan clarú mar Chaitlicigh. Ach tá meon saolta, meon dieaglaisiú, saecúlárach, ag teacht i réim, agus leisce, nó mífhonn, ar dhaoine freastal ar Aifreann nó na sacraimintí. Caitlicigh chultúir a bheadh iontu. Ach is é is creideamh ann ná cruthú, nó cinnteacht, gur ann do na nithe nach bhfeicimid. Tá feachtas nua tosaithe san eaglais chun daoine a thabhairt thar nais do Chríost. Sin teachtaireacht na Cásca dúinn, fianaise a thabhairt an lá atá inniu ann do Chríost ar dheis an Athar, agus sinne aontaithe leis sa bhaiste,sa chreideamh. Mar is léir ón dara léacht inniu tá Críost aiséirithe, ar dheaslámh an Athar, ag fógairt an tSoiscéil dúinn mar a rinne sé sa Seanmóir ar an Sliabh: ‘Is sibhse salann na talún. Is sibhse solas an domhain. Bíodh bhur solas ag taitneamh mar sin os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndea-ghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh’. Beannachtaí na Cásca orainn go léir.

Guí an Phobail

Ceannasaí

Táimid aontaithe le Íosa aiséirithe, é anois ar neamh, é ag caint linn go fóill, ár spreagadh. Guímis chuige an grásta a thabhairt dúinn éisteacht lena guth agus rud a dhéanamh air.

Fogróir

  1. Guímis ar son na hEaglaise go mbeadh sí ag éisteacht le guth Críost aiséirithe agus ina salann na talún agus ina solas an domhain. A Thiarna …
  2. Guímis ar son ar bPápa Proinsias agus easpaig na hEaglaise go mbeadh a gcreideamh láidir agus iad díograiseach teagasc Chríost a mhúineadh dá phobail. A Thiarna …
  3. Guímis ar son phobal Dé go mbeadh eolas ar a gcreideamh acu le bheith réidh do cheisteanna agus fadhbanna an lae inniu. A Thiarna …
  4. Gúimis ar a son siúd a thréig an creideamh nó go bhfuil amhras ortu faoi, go neartódh grásta Dé ina greideamh iad. A Thiarna …
  5. Guimís ar a son siúd atá tinn no faoi bhrón sa phobalseo. Go leagadh Críost a lámh chaoin mar bhalsam orthu. A Thiarna…

Ceannasaí

A Thiarna dia, tá do Mhac Íosa ag caint linn i gcónai. Éist go fabhrach leis na hachainíocha seo a chuirimid suas chugat ina ainm, agus déan rud orainn.

An Phaidir

De bharr treoir a bheith againn ó aitheanta Dé agus teagasc againn ó bhriathar Dé, tá sé de mhisneach againn a rá: Ár nAthair …

Focail Scoir

Beannacht leat, a Mhuire.
Beannacht leat, a Chríost.
Go gcumhdaí sibh ár n-anama,
Go dtagaimid arís.

Beannacht leat, a thigh Dé agus
Beannacht Dé ‘nár dteannta,
Nár scara uainn grásta Dé
Go bhfillimid chun a theampaill.

 

Dara Domhnach den Cháisc 23ú Aibreán 2017, Bliain A

An Tús

Cuímhnímis ar bhua an chreidimh i gCríost a mheabhraigh an tAspal Peadar dúinn i gcéad léacht an lae inniu. Is fíor i gcónaí é. Tugaimid grá do Íosa bíodh nach bhfacaimid é, Agus is lúcháireach sinn dá bharr le háthas dolabhartha agus muid ag slánú ár n-anama. Tá Íosa beo inár gcroíthe.

Smaoineamh

‘Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid’. Is cuimhin liom gur cuireadh ceist ar dhramadóir in agallamh tráth faoin eachtra ba mhaith leis bheith faighte aige i rith a shaoil. Fhreagair sé gur bhreá leis dá mbeadh buailte aige le hÍosa. Ní fios cén cheist a bheadh curtha aige ar Íosa ná ar reagra Íosa air. Cuireadh chun aithrí is dócha! Ní hionann an cás sa mhéid a bhaineann le creidmhigh de. Téimisthar nais go dtí an seomra uachtarach sin, le hÍosa agus Tomás, a chreid i ndiagacht Chríost agus é i láthair. I mbriathra Chríost, is méanar dóibh siúd a chreideann ann i ngach aois, i ngach áit, go deireadh an domhain. Ní beannaithe Tomás ná iad. Tríshúile an chreidimh tá Críost i láthair faoi mar a bhí do Thomás le súile aiceanta. Tá seo ag dul leis an méid a dúirt Íosa ina achainí don Athair ag an Suipéar deiridh: ‘Ní ar a son-san amháin [a lucht leanúna an tráth úd] atáim ag guí, ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar’ (Eoin 17:20). don luath-eaglais, agus don eaglaisi ngach aois, tá Íosa i ngar – níos gaire ná an doras – ag tabhairtsoláis, misnigh agus spreagtha. Meabhraíonn an chéad léacht inniu linn faoi mar a mhair an eaglais óg in Iarúsailéim faoi shimplíocht chroí, ag caitheamh a gcuid bia faoi áthas. Agus is mar seo a labhair Peadar faoi Íosa ina litir do Chríostaíthe a bhí ag fulaingt ar son a gcreidimh i gCríost, mar a deirtear sa dara léachtsan Aifreann inniu: ‘Thug sibh grá dósan (do Íosa) cé nach bhfaca sibh é. Ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas iontach dolabhartha’ (1 Peadar1:8). Is cuid dílis den Tiomna Nua agus den Chríostaiocht aithne phearsanta agus aithris ar Chríost. Tá sin go léir curtha go deasi ndán Gaeilge faoin chomhairle don duine óg atá tagaithe anuas chugainn sa bhéaloideas agus i scríbhinn: ‘A dhuine atá i dtúis do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat … Ná santaigh ráite baois’ ná an dream go mbíd acu;sara dtiocfaidh iomad den aois, bíodh aithne ar Chríost agat’.

Guí an Phobail

Ceannasaí

Glaotar orainn go léir fianaise a thabhairt do Chríost lenár mbeatha mar Chríostaithe. Iarraimis go humhal air neart a thabhairt dúinn sin a dhéanamh.

Fogróir

  1. Ar son na hEaglaise le go mbeadh sí láidir ina creideamh i gCríost agus cíocrach eolas níos fearr a chur ar theagasc na hEaglaise le bheith réidh aghaidh a thabhairt ar cheisteanna an lae inniu. A Thiarna …
  2. Guímis ar son an aosa óig go mbeadh aithne ar Chríost acu. A Thiarna …
  3. Guímis ar a son siúd atá caillte sa saol le drugaí agus eile. A Thiarna …
  4. Guímis ar son síochána san háiteanna den domhan ina bhfuil cogadh. A Thiarna…
  5. Guímis ar son ár ngaolta atá marbh. Go raibh glóir na bhflaitheas acu. A Thiarna …

Ceannasaí

A Athair ar neamh, cuirimid na hachainíocha seo suas chugat go lánmhuiníneach, trí do Mhac Íosa Críost.

An Phaidir

Guímis anois ar ár nAthair faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh. Ár nAthair …

Focail Scoir

Réir Dé go ndeineam, Agus beatha na naomh go dtuilleam, Solas na bhFlaitheas go bhfeiceam, Agus glóire na n-aingeal go gcloiseam.

(Seán Ó Riada)

 

Tríú Domhnach den Cháisc 30ú Aibreán 2017, Bliain A

An Tús

Thosaigh teacht an chreidimh go hÉirinn le glór na nGael, Éireannaigh d’aon ghuth, ag impí ar Phádraig: ‘Iarraimid ort, a bhuachaill naofa, teacht i leith agus bheith ag siúl athuair inár measc’. Shíul Íosa aiséirithe lena dheisceabail. Tá sé inár bhfochair ag caint linn go fóill, go mór mór san Aifreann. Éistimis lena ghlór, lena ghuth.

Smaoineamh

Críost linn i mbriathar agus i sacraimint. Ceann de na sleachta is iomráití sa Bhíobla léacht sin isoiscéal an lae inniu. Labhraíonn sé go tréan le daoine ó gach aois, a eiceann samhail díobh féin sa bheirt thaistealaí sin san aistear dóibh, an creideamh agus an dóchas caillte acu, an todhchaí a mheas siad a bheith acu, agus ag a mhuintir, titithe as a chéile, ach cara caoin anaithnid ag siúl an bhóthair leo le léargas úr a thabhairt dóibh, nó leis an saol nua a nascadh leis an saol ab aithne dóibh.

Is gnáthach sna saolta seo labhairt ar bheatha an duine aonair mar aistear, agus ar ndóigh is mar sin atá – aistear ó thaobh aithne ag an duine air nó uirthi féin, cá seasann siad, agus cad tá i ndán dóibh. Moltar siúl leo san aistear.

Go minic is ó thaobh comhairleoireachta a thugtar an moladh seo, gan tagairt do chúrsaí creidimh. Ach, faoi mar ab eol dár sinsir, tá Críost san aistear i gcónaí, Críost liom, Críost romham, Críost i mo dhiaidh agus mar sin de.

Fírinní eile ar fiú machnamh orthu inniu ná Críost i láthair san Aifreann, i léachtaí an Scrioptúir agus san Eocairist.

Ar éigin gur gá a mheabhrú arís firinne ina chuireann an Eaglais anbhéim inniu: go bhfuil Críost i láthair ina bhriathar, mar is é Críost a labhraíonn gach uair a léitear an scrioptúr sa liotúirge. Tugann léacht an Bhíobla an sean agus an nua le chéile dúinn, an bhrí ba chiall leis céaduair agus faoi mar is féidir sin a chur in oiriúint do thoscaí an lae inniu, nó fiú do cheisteanna fós le teacht. Ní teagmháil aigne, intleachtach lom amháin atá anseo, mar tá Críost i láthair lena Spiorad, lena ghrásta.

Agus, ar ndóigh, tá sé i láthair i modh faoi leith san Eocairist, i mbriseadh an aráin, gníomh a thugann chun cuimhne dúinn na bríonna iomadúla a bhí le briseadh an aráin do Íosa féin lena bheatha agus tar éis aiséirí do.

Guí an Phobail

Ceannasaí

Tá Íosa i láthair linn i slí faoi leith san Aifreann agus sa Chomaoineach. Tá sé linn mar shagart ag guí ar ár son. Cuirimis ár n-achainíocha suas chun Dé tríd.

Fogróir

  1. Guímis go méadódh dia tuiscint na hEaglaise go bhfuil dia lei agus go dtiocfaidh méadú ar a dóchasi ndia dá bharr. A Thiarna …
  2. Go gcuirfidh gach ball en Eaglais aithne phearsanta ar dhia agus eolas ar a gcreidreamh dá bharr. A Thiarna …
  3. Guímis go dtiocfaidh dia i gcabhair ar ar theifigh agus imircigh le tearman agus dídean a sholáthair dóibh. A Thiarna …
  4. Guímis go mbeidh tuiscint idir thíortha ag troid agus síocháin i réim arís. A Thiarna …
  5. Guímis suaimhneas síoraí ar anamacha na marbh. A Thiarna …

Ceannasaí

A Thiarna dia, tá do Mhac Íosa de shior ag guí ar ár son. Iarraimid ort éisteacht leis na hachainíocha seo a chuirimid suas chugat ina ainm.

An Phaidir

Is clann Dé sinn uile agus an t-aon Athair amháin againn ar neamh. Mar sin, mar a mhúin Críost dúinn, glaoimis air: Ár nAthair…

Focail Scoir

Críost liom. Críost romham, Críost i m’dhiaidh,
Críost os mo chionnsa, Agus Críost fúm.
Críost fós ó dheas díom, Críost ó thuaidh,
Ón Tiarna tig slánú, Ón Tiarna tig slánú,
Go raibh do shlánu a Thiarna inár measc go saol na saol.