Leathanach don Cheiliuraí – August 2018

An 18ú Domhnach de Thráth Saor na Bliana  • 5 Lúnasa 2018

Réamhfhocal

Go ceann roinnt seachtainí san Aifreann beidh sleachta as Soiscéal Eoin á léamh againn agus muid ag éisteacht le caint ár Slánaitheora faoi Arán an Beatha.

 

Smaoineamh

Tar éis mhíorúilt an Aráin agus na nIasc, d’fhág Íosa an áit ach lean an slua é, mar chuaigh an mhíorúilt i bhfeidhm go mór orthu. Bhí súil acu, ní foláir, go ndéanfadh sé tuilleadh iontaisí, ach is iad nithe maithe an tsaoil seo a bhí ar intinn acu.

An mhíorúilt úd, áfach, ní raibh inti ach an chéad chéim ag Íosa chun aigne na ndaoine a ullmhú le haghaidh na geallúna a bhí le déanamh aige – go ndéanfadh sé míorúilt ba mhó fós – go dtabharfadh sé a chorp féin agus a chuid fola féin dóibh mar bheatha dá n-anam. Chuir an ráiteas sin mearbhall orthu.

Ansin, tráchtann sé faoi ‘arán ó Neamh’, an t-arán a thabharfadh beatha shíoraí dóibh. Níor thuig a lucht éisteachta é, dar ndóigh, ach thuig siad go raibh ár dTiarna ag caint faoi rud ró-iontach agus iarrann siad air an t-arán neamhghnách seo a thabhairt dóibh i gcónaí. Cuireann an chéad rud eile a deir Íosa iontas ba mhó orthu: ‘Is mise Arán na Beatha’!

Is fíorthábhachtach an focal sin ‘beatha’. Má ghlacaimid le teagasc ár dTiarna agus má thugaimid iarracht ar ár saol a chaitheamh dá réir, beidh an bheatha shíoraí againn.

Is é Íosa bia agus deoch dár n-anamacha. Is é Íosa an tslí, an fhírinne agus an bheatha.

 

Guí an Phobail

Cuirimis ár bpaidreacha faoi bhráid Dé mar bíonn sé réidh i gcónaí éisteacht lenár nguí.

1.   Guímis ar son ár bPápa Froinsias, go mbeidh de ghrásta agus de neart aige leanacht de bheith dár dtreorú ar an mbealach fíor chun na beatha síoraí. A Thiarna, éist linn.

2.  Guímis ar son phobal Dé, go bhfanfaidh siad dílis i gcónaí do theagasc ár dTiarna. A Thiarna, éist linn.

3.   Guímis ar son na n-easlán, go dtabharfaidh Íosa, ár lia neamhaí, sólás dóibh, agus más toil leis é, sláinte choirp agus anama. A Thiarna, éist linn.

4.  Guímis ar son na marbh,go ndéanfaidh Dia trócaire orthu agus iad a ghlacadh isteach i Ríocht na bhFlaitheas. A Thiarna, éist linn.

 

An Phaidir

Guímis anois mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh.

 

Focal Scoir

Sármholadh duit, a Dhia mhóir,

Ar son an Aifrinn Naofa chóir

A d’fhág tú ag do dhaoine bocht’

Lena gcoinneáil saor ó pheaca is locht.

Ár bPaidreacha Dúchais

* * *

An 19ú Domhnach de Thráth Saor na Bliana • 12 Lúnasa 2018

Réamhrá

Iad siúd a bhfuil creideamh acu, tiocfaidh siad go dtí Íosa agus creidfidh siad ann.

 

Smaoineamh

I soiscéal an Domhnaigh seo caite dúirt ár dTiarna gurbh é féin an t-arán a tháinig anuas ó neamh. Chuir sin mearbhall ar a lucht éisteachta. Nárbh eol dóibh gur as Nasair é Íosa? Cén chaoi a ndéarfadh sé gur ó neamh a tháinig sé?

Déir Íosa anois leo gur tabhartas ó Dhia an creideamh, agus deir sé arís gurb é féin arán na beatha. Níorbh ionann é agus an manna úd ar ar thug na daoine arán ó neamh. Chothaigh an t-arán sin an bheatha shaolta, beatha an choirp amháin; na daoine a d’ith an t-arán sin, tá siad marbh, ach an t-arán a thabharfadh seisean dóibh, chothódh sé an t-anam, chothódh sé an bheatha shíoraí. ‘Má itheann duine an t-arán seo,’ deir sé, ‘mairfidh sé go deo.’

Cuireann Íosa teannadh lena raibh ráite aige cheana, á rá uair amháin eile gurb eisean an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh. Ní thuigeann na daoine fós é. Tá mearbhall orthu. Is deacair dóibh glacadh le caint ár dTiarna. Ní fhéadfadh sé a bheith fíor.

Tuigimidne, áfach, gur don Eocairist a bhí Íosa ag tagairt. Meabhraítear dúinn an tabhartas iontach a d’fhág Íosa againn. Sa Naomhshacraimint tá Íosa féin ann. Mar a deirtí sa sean-chaiticiosma, tá sé ann idir chorp agus fhuil, idir anam agus dhiagacht. Críost ár dTiarna a bhíonn á ghlacadh againn nuair a ghlacaimid an Chomaoineach Naofa.

 

Guí an Phobail

Ofrálann Críost a chorp agus a fhuil ar son beatha an domhain. Iarraimis anois air arán na beatha síoraí a thabhairt dúinn.

1.   Iarraimis ar ár dTiarna an Eaglais a shaibhriú trí rúndiamhair na hEocairiste a cheiliúradh go fiúntach. A Thiarna, éist linn.

2.  Iarraimis ar Íosa cabhrú leis na sagairt, a bhfuil cúram na hEocairiste orthu, a ndualgaisí a chomhlíonadh le lúcháir agus le fíorghrá, A Thiarna, éist linn.

3.   Guímis ar son na n-easlán, go dtabharfaidh ár lia neamhaí sláinte choirp agus anama do gach duine a itheann arán na beatha. A Thiarna, éist linn.

4.  Guímis ar son na ndaoine atá imithe ar shlí na fírinnne. Go dtabharfaidh Dia dóibh páirt a bheith acu sa bheatha shíoraí. A Thiarna, éist linn.

A Dhia, tugtar corp agus fuil Chríost dúinn san Eocairist. Tabhair de ghrásta dúinn an tSacraimint seo a ghlacadh go fiúntach i gcónaí. Trí Chríost ár dTiarna. Amen.

 

An Phaidir

Éist linn, a Thiarna, agus muid ag guí mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn.

 

Focal Scoir

Bí, a Íosa, im’ chroíse, i gcuimhne gach uair.

Bí, a Íosa, im’ chroíse le haithrí go luath.

Bí, a Íosa, im’ chroíse le cumann go buan.

Ó, a Íosa, a Dhia dhílis, ná scar thusa uaim.

Dánta Dé

* * *

Féile Dheastógáil na Maighdine Muire • 15 Lúnasa 2018

Réamhrá

Comóraimid inniu lá fhéile Dheastógáil na Maighdine Muire. Sa bhliain 1950 d’fhógair an Pápa Pius XII mar chuid dár gCreideamh gur deastógadh an Mhaighdean Bheannaithe idir chorp agus anam chun na bhFlaitheas.

 

Smaoineamh

Ceann suntasach de na pribhléidí a bronnadh ar Mhuire is ea a deastógáil chun na bhFlaitheas. Tugann Gaeil ‘Lá Fhéile Muire Mór san Fómhar’ ar an lá seo. Ba ghné shuntasach dár gCreideamh riamh deabhóid chun na Maighdine Muire agus go háirithe inár dtír féin. Cén fáth go dtugaimid an oiread sin onóra do Mhuire? Ní deacair an cheist sin a fhreagairt. Is í Máthair Dé í. Mar seo a thráchtann Comhairle na Vatacáine ar an ábhar seo: ‘Is cóir onóir a thabhairt do Mhuire mar is í Máthair Dé, Máthair ár Slánaitheora í. Ghlac sí briathar Dé ina croí agus ina corp, agus thug sí beatha don domhan.’ Agus dúirt an Chomhairle: ‘Agus is léi an ardchéim seo: gurb í Máthair Mhic Dé í, iníon tofa an Athar, agus áit chónaithe an Spioraid Naoimh.’

Is í Muire Máthair na hEaglaise agus is í ár Máthairne freisin, ár Máthair neamhaí. Gach uair a deirimid an ‘’Sé do bheatha’, iarraimid ar Mhuire muid a chosaint i gcónaí ach go háirithe ar uair ár mbáis, nuair a fhágfaimid an saol seo agus nuair sheasfaimid os comhair an Uilechumhachtaigh, Breitheamh na mBeo agus na Marbh.

 

Guí an Phobail

Molaimis Dia, an tAthair, a thogh Muire mar mháthair dá Mhac, agus ar theastaigh uaidh go ndéarfadh an uile ghlúin gur méanar di.

1.   Rinne Dia nithe móra do Mhuire. Iarraimís air, trí idirghuí a Mháthar, nithe móra a dhéanamh dúinne. A Thiarna, éist linn.

2.  Bhí Muire lán de ghrásta. Iarraimís ar Dhia gach grásta dá bhfuil ag teastáil uainn a thabhairt dúinn. A Thiarna, éist linn.

3.   Iarraimis ar Dhia, trí idirghuí Mhuire, sláinte choirp agus anama a thabhairt dóibh sin atá ina gátar. A Thiarna, eist linn.

4.  D’ardaigh Dia Muire agus rinne sé Banríon Neimhe agus Talún di. Guímis ar son na marbh go dtabharfar isteach i Ríocht na bhFlaitheas iad. A Thiarna, éist linn.

A Dhia uilechumhachtaigh, a thóg chun glóire Neimhe, idir chorp agus anam, an Mhaighdean Bheannaithe, éist lena hidirghuí ar ár son, trí Chríost ár dTiarna. Amen.

 

An Phaidir

Guímis chun an Athar anois sa phaidir a mhúin ár dTiarna dúinn.

 

Focal Scoir

A Mhuire Mháthair,
is tú Máthair Mhic Dé,

Go gcuire tú ar mo bhealach mé.

Go mbreathnaí tú orm abhus agus thall

Agus go raibh tú liom gach uile lá.

Ár bPaidreacha Dúchais

* * *

An 20ú Domhnach de Thráth Saor na Bliana • 19 Lúnasa 2018

Réamhrá

Inniu leanaimid dá raibh á léamh againn an Domhnach seo caite nuair a dúirt Íosa go dtabharfadh sé a chorp féin mar bhia don domhan.

 

Smaoineamh

Níor chreid na daoine fós é. Níor chreid siad fós gur ó Dhia a bhí sé tagtha, gurbh é Dia é. Dar leo, ba ghnáthfhear é, cén chaoi a dtabharfadh sé a chorp féin dóibh mar bhia! Ní fhreagraíonn Íosa a gceist. Ina ionad sin, dearbhaíonn sé a raibh ráite aige cheana. Chaithfidís a chuid feola a ithe dá mb’áil leo an bheatha shíoraí a bheith acu. Má dhéanann siad amhlaidh beidh an bheatha shíoraí acu.

Uair amháin eile, cuireann ár dTiarna an t-arán a thabharfaidh seisean dóibh agus an manna a d’ith a sinsir san fhásach i gcodarsnacht le chéile. Chothaigh an manna an bheatha shaolta ach rud eile ar fad a bhí i gceist ag Íosa anois. Is í an bheatha shíoraí a gheofar as an arán neamhaí seo.

Ba chóir dúinn inniu machnamh a dhéanamh ar an ngrá iontach a bhí ag Íosa don chine daonna a léiríodh nuair a d’fhág sé é féin againn sa Naomhshacraimint. An tabhartas deiridh a thug sé dúinn an oíche sula bhfuair sé bás ar an gcros chéasta. D’oscail sé na flaithis romhainn agus níor fhág sé uaigneach muid. Tá sé gar dúinn i gcónaí sa tabarnacal agus é ag fanacht linn agus ag éisteacht linn, agus tugann sé é féin dúinn i slí mhíorúilteach gach uair a ghlacaimid an Chomaoineach Ró-Naofa.

 

Guí an Phobail

Guímis chun Dé go lán-mhuiníneach as a ghrá dúinn.

1.   Guímis ar son ár bPápa Froinsias agus ar son ár nEaspaig, A., agus ar son easpag uile an domhain. A Thiarna, éist linn.

2.  Guímis ar son lucht rialtais ar fud an domhain, go rialóidh siad go cóir agus go cothrom na daoine atá faoina gcúram. A Thiarna, éist linn.

3.   Guímis go bhfaighidh na heasláin faoiseamh óna bpianta trí chúram a gcomharsana. A Thiarna, éist linn.

4.  Guímis ar son na marbh, ár ngaolta agus ár gcairde féin, agus go háirithe orthu siúd nach bhfuil aon duine ann chun guí ar a son. A Thiarna, éist linn.

A Dhia uilechumhachtaigh, éist lenár

n-urnaithe a dhéanaimid in éineacht le hurnaithe an Aifrinn, trí Chríost ár dTiarna. Amen.

 

An Phaidir

Agus muid ag gabháil buíochais le Dia as ucht a chuid grásta, guímis i mbriathra ár dTiarna.

 

Focal Scoir

Mo ghrá-sa, mo Dhia, mo gharda, mo lia,

mo ghrá geal, mo Thiarna trócaireach,

mo ghrá mhilis Críost – grá an uile chroí,

mo ghrá ar fad tú, a Rí na Glóire.

Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin

* * *

An 21ú Domhnach de Thráth Saor na Bliana • 26 Lúnasa 2018

Réamhrá

I soiscéal an Aifrinn inniu tagaimid go dtí an chuid dheiridh d’aitheasc ár dTiarna faoin Eocairist.

 

Smaoineamh

Le cúpla Domhnach anuas, bhíomar ag léamh faoi chlamhsán an tslua faoina raibh á rá ag Íosa agus ag argóint eatarthu féin faoi. Ní fhéadfaidís glacadh leis go dtabharfadh sé a chuid feola agus fola féin mar bhia dóibh. Anois, áfach, is iad a dheisceabail féin atá ag gearán, daoine a bhí á leanúint ar feadh tamaill mhaith go dtí sin. Bhí a fhios ag Íosa nár chreid siad fós, gur mheas siad nach raibh ann ach gnáthdhuine daonna. D’imigh cuid acu uaidh agus níor shiúil siad a thuilleadh leis.

Ansin labhair ár dTiarna díreach leis na haspail. An bhfágfaidís sin freisin é? Labhair Peadar ar a son: ‘Cá rachaimid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí!’ Is cinnte nár thuig Peadar ná na haspail an ní a bhí á gheallúint ag Íosa ná an chaoi a gcomhlíonfadh sé an gheallúint sin, ach bhí creideamh aige agus ghlac sé le caint Íosa.

Easpa creidimh an chúis gur imigh cuid díobh siúd a bhí ag leanúint Íosa go dtí sin. Gabhaimisne buíochas le Rí na Glóire go bhfuil an creideamh againn. Creidimid, nuair a bhíonn an Chomaoineach Naofa á glacadh againn, gurb íad feoil agus fuil Chríost atá ag teacht chugainn, mar gurb é Mac Dé atá á rá linn é. Dearbhaímid ár gcreideamh gach uair a deirimid ‘Amen’ i ndiaidh na bhfocal ‘Corp Chríost’.

 

Guí an Phobail

Guímis chun ár nAthar Uilechumhachtaigh a éisteann leo siúd a bhfuil muinín acu as.

1.   Guímís go dtabharfaidh Dia tuiscint dúinn ar a bhfuil déanta aige dúinn. A Thiarna, éist linn.

2. Guímis go líonfar ár gcroíthe den fhírinne agus go bhfanfaidh ár dTiarna Íosa Críost i ngar dúinn i gcónaí. A Thiarna, éist linn.

3.   Cothaítear an Eaglais leis an manna nua ó neamh; guímis go ndéanfaidh Corp Chríost san Eocairist muid a naomhú i gcónaí. A Thiarna, éist linn.

4. Guímis go bhfearfaidh Dia fáilte sna flaithis roimh ár ngaolta agus ár gcairde atá imithe ar shlí na fírinne. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Íosa Críost, thug tú cuimhneachán do Pháise dúinn sa Naomhshacraimint ró-naofa. Cuidigh linn rúndiamhair do Choirp agus do chuid Fola a onórú mar is cóir. Tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol. Amen.

 

An Phaidir

Ó mhúin ár dTiarna féin an phaidir seo dúinn, leomhaimid a rá: Ár nAthair atá ar neamh …

 

Focal Scoir

Fáilte dhuitse, a Choirp an Tiarna,

a tháinig ón Ógh dhiaga ghlan;

gurb é do bhás ar chrann na páise

a shábháil síol Ádhaimh ar gach coir.

Dánta Diadha Uladh

 

An tAthair Séamas S. de Vál
 Bun Clóidí, Co Loch Garman