Leathanach don Cheiliuraí – December

Click here to download a PDF version of these resources.

 

An Chéad Domhnach den Aidbhint 

2 Nollag 2017 

Réamhrá
Is dath dorcha é an dath corcra. Is é an dath as a mbainimid feidhm san Aidbhint – séasúr an aithrí agus an ullmhúcháin. 

Smaoineamh
I séasúr na hAidbhinte táimid ag fanacht agus ag ullmhú. Chun cabhrú linn sna seachtainí amach rómhainn dhéanfaidh muid teagmháil le beirt fhear agus le bean amháin. Sa chéad áit cuirfimid aithne ar Isaiah an Fáidh a bhí lán de dhóchas agus a thug réamhaithris fá thús nua dá mhuintear. Labhair sé leo faoi Dia atá lán de thrua agus de thrócaire. Agus is eisean ar dtús a dúirt go raibh Dia trócaireach agus grámhar do mhuintear an dómhain mhór agus ní do mhuintear Israel amháin.

Ina dhiaidh sin tá Eoin Baiste again, an taon faidh a d’fógair go raibh an Messiah tagtha isteach sa tsaol.

An triú duine a bhéas linn ná Muire máthair Íosa, an té a d’iompar an leanbh ina broinn agus a d’fhan go foigheach lena theacht ar feadh naoi mí.

I dtrí léachtaí an lae inniu táimid ag fanacht le hidirghabhail dhiaga. Sa chéad léacht tá easpa dóchais agus díoma ag cur as do mhuintear Israel. Agus iarann an soiscéal orainn sinn féin a choinneál ar ár bhfaichill do theacht an Tiarna athuair. 

Guí an Phobail
Sagart: Guímid go mbeidh an Tiarna comhgarach dúinn agus sinn go síor ag fanacht leis.

  1. Guímid ar son lucht leanúna Chríost ar fud an domhain. Agus go háirithe díofa siúd uile atá ag fulaing géarleanúint mar gheall ar a gcreideamh. A Thiarna, éist linn.
  2. Guímid ar son ár bPápa, ár nEaspag agus ar son gach duine atá ag obair i seirbhís Chríost. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid ar son ár gcáirde agus ár ngaolta atá tinn, go háirithe dóibh siúd a diarr orainn cuimhne orthú inár bpaidreacha. A Thiarna éist linn.
  4. Guímid ar son na síochana inár dtír féin, sa Mheánoirthear, agus ar fud an domhain. A Thiarna, éist linn.
  5. Guímid ar son na marbh, go háirithe orthú siúd a fuair bás le déanaí nó trí thubaiste. A Thiarna, éist linn.

Sagart: Oscail ár gcroíche do do laithreacht a Thiarna agus ár gcluasa chun do bhriathar a chloisteáil. In am seo na hAidbhinte, go rabhamar lán de dhóchas agus sinn ag fanacht go foighdeach le do theacht. Sin é ár nguí chugat trí Chríost, ár dTiarna. 

An Phaidir
Guímid chuig ár nAthair faoi mar a mhúin Críost dúinn a dhéanadh. 

Focal Scoir
Dóchas, creideamh agus grá
Bíodh go brách ‘na stiúr do mo chroí
Agus cur leosan foighid, a Dhé
Ba chabhair thréan do’n triúr é
Ár bpaidreaca Dúchais

 

* * *

 

Giniúint Gan Smál na Maighdine Beannaithe Muire

8 Nollag 2017 

Réamhrá
Cé nár thuig sí go cruinn cad a bhí sa slí amach roimpí ghlac Muire go hiomlán le cuireadh ó Dhia a bheith ina máthair ag a mhac muirneach. Sin an fáth go bhfuil sí chomh tábhachtach sin i saol na gCríostaithe. 

Smaoineamh
Níl aon thuaraise sna soiscéail ar ndóigh faoi ghiniúint gan small na Maighdine Muire. Díríonn soiscêal an lae inniu ár n-intinn ar an chaidreamh a tharla idir í agus an aingeal Gabriel nuair a dúirt sí go simply ‘go ndéantar liom mar a dúrais’. Is de thairbhe an flaithiúlacht iontach a léirigh sí ag an am sin go raibh Dia in ann a mhac a chur chugainn trí Mhuire.

Tá sé tabhachtach, mar sin, go n-admháilímid go bhfuileamar uile (agus Muire inár measc) mar pháirt de nádùr titime an chine dhaonna (an chéad léacht) agus go mbraitheann slánú ár 
n-anamacha go hiomlán ar Chríost (an dara léacht). Is trí cheiliúradh giniúint gan smál na Maighdine Muire an slí go ndearbhaíonn an Eaglais a humhlaíocht go iomlán do thoil Dé, rud a rinne sí trí ghrásta Dé.

An bhféadfadh sí diúltú do thoil Dé? D’féadfadh sí go cinnte diúltú dó. Cosúil le gach duine uile ar domhain bhí an saorthoil céadna aici chun a cómhairle féin a dhéanamh.

 

Guí an Phobail
Sagart
: Ar lá Fhéile na Maighdeana Muire guímid ar ár son féin agus ar son pobal Dé ar fud an domhain. 

  1. Guímid ar son lucht leanúna Chríost ar fud an domhain, gur féidir leo briathar Dé a ghlacadh ina saol le creideamh, mar a rinne Muire. A Thiarna, éist linn.
  2. Guímid ar ár son féin, go dtugaidh teacht an Tiarna inár gcroi misneach dúinn saol maith Chríostúil a chaitheamh. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid ar son gach duine atá faoi bhrón, gur féidir leo sólas a fháil ó Mhuire a chonaic a mac féin ag fail bháis. A Thiarna, éist linn.
  4. Guïmid ar son gach bean atá ag iompar clainne ag an am seo. A Thiarna, éist linn.
  5. Guímid ar son na marbh. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh go deo. A Thiarna, éist linn.

Sagart: Sin é ár nguï chugat a Athair Bheannaithe trí Chríost ár dTiarna. 

An Phaidir
Guímid chun an Athar faoi mar a mhúin a mhac dúinn a dhêanamh. 

Focal Scoir
A Mhuire na ngrást, a mháthair mhic Dé
Go gcuire tú ar mo leasa mé.

 

* * *

 

An Dara Domhnach den Aidbhint

10 Nollag 2017 

Réamhrá
Ba ullmhaitheoir maith é Eoin Baiste. Rinne sé a dhícheall na daoine a chuir faoi réir do’n Tiarna nuair a tháinig sé. Caithfidh muidinne mar a gcéanna a dhéanamh. 

Smaoineamh
Tá séasúr na hAidbhinte le feiceáil go soiléir i léachtaí an lae inniu.

Rinne Isaiah tairngreacht go nochtfadh Dia é féin do’n phobal agus go dtaispeánfadh sé a ghlóir dóibh le fuineadh. Tá dhá theachtaireacht ag Eoin Baiste dúinn. Sa chéad áit tá sé ag seanmóireacht faoi’n tábhacht atá le aithrí a dhéanamh agus baisteadh a lorg chun peacaí a mhaitheamh. Sa dara háit tá sé cinnte go bfuil duine ina measc cheana féin atá i bhfad níos cumhachtaigh ná é féin – duine a bhéadh a mbaisteadh amach anseo leis an Spiorad Naomh.

Castar Eoin Baiste orainn go luath ‘sna soiscéail agus imíonn sé as radharc go tapa. Ach ní sin le rá nach bhfuil páirt thábhachtacht aige i mbeatha Chríost nó i bplean Dé. Tá sé i gceart lár an tSoiscéal – tá sé ansin nuair atá an dea scéal faoi theacht Íosa a inse do’n chêad uair agus is ag iarraí ar na daoine aithrí a dhéanamh a phríomh theachtaireacht.

Dar le Eoin muna bhfuil fhios ag daoine gur peacaigh iad a bhfuil maithiúnas Dé de dhith orthú, conas gur féidir leo fios a bheith acu go bhfuil slánaitheoir ag teastáil ina saol. Ní bheadh aon suim acu ann da bhrí sin. Ta an deacracht céanna again i saol an lae inniu! 

Guí an Phobail
Sagart: Cuirimid ár bpaidreacha i láthair Dé uilecumhactaigh le grá agus le meas mar go bhfuil fhios again go dtugann sé cluas ghéar dúinn i gcónaí.

  1. Guímid ar son gach duine a bhfuil cúram orthú san Eaglais ag an am seo. Go dtreoraí siad sinn ar fad ar bhealach ár leasa. A Thiarna, éist linn.
  2. Guíimid ar son ceannairí na tíre a bhfuil sé de dhualgas orthu pobal a chothú saor ó bhochtanas agus ó’n éagóir. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid go bhfaigh Críost spas i gcroí gach duine ag an am seo de’n bhliain agus go mbeidh siad i ndan grá, maithiúnas agus trocaire Dé a léiriú ina saol. A Thiarna, éist linn.
  4. Guímid ar son gach duine atá in ísle brí. Go neartaítear iad trí chabhair lucht léighis agus cabhair a dteaghlaigh. A Thiarna, éist linn.
  5. Guímid ar son na marbh a fuair bás ag tnuth leis an aiséirí. Go raibh siad anois i síocháin Chríost sna flaitheas.

Sagart: Éist leis na paidreacha atá do phobal tar éis ofráil duit a Thiarna agus tabhair dúinn gach a bhfuil de dhíth orainn. Trí Chríost, ár dTiarna. 

An Phaidir
Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá: 

Focail Scoir
Críost i gcroí gach duine ag cuimhneamh orm
Críost i mbéal gach duine a labhraíonn liom
Críost i ngach súil a fhéachann orm
Críost i ngach cluas a éisteann liom
Ár bpaidreacha dúchais

 

* * *

 

An Triú Domhnach den Aidbhint

17 Nollag 2017 

An Tús
‘Tá i bhur measc duine nach bhfuil aithne agaibh air: Tugann guth árd Eoin Baiste cuireadh dúinn an cheist sin a chur orainn féin. An bhfuil aithne agamsa ar an té atá ag teacht. 

Smaoineamh
Agus sinn ag buaileadh níos gaire do’n Nollag cuirtear i gcuimhne dúinn inniu go bhfuil aghaidh Chríost ag meathú ó’n saol seo. Is iomaí áit sa domhan a sheasann sé inniu gan aithne ag éinne air. Agus go minic fiú má tá aithne air níl meas na urram air féin nó ar a theagasc. Is cosúil go síleann go leor nach bhfuil aon áit sa domhan dó ach taobh istigh de bhallaí séipéil – séipéil a bhfuil níos lú agus níos lú daoine ag tarraingt orthú.

‘Tá spiorad an Tiarna tagtha orm mar gur ungaidh sé mé Chuir sé amach mé le dea- scéal do na daoine bochta agus leigheas dóibh siúd atá croíbhriste.’

Bhí tionchar mór ag an abairt sin ó Isaiah ar Íosa. Chabhraigh sé lena thuiscint faoin obair a bhí le déanamh aige. Inniu, tugann sé cuireadh dúinn an abairt sin a ghlacadh chugainn féin. Ar dtús, caithfimid aithne a bheith againn ar Íosa. Ansin, caithfimid é a léiriú do dhaoine eile tríd an saghas beatha a chaithimid, na rudaí atá tábhachtach dúinn, an breithiúnas a dhéanaimid ar chúrsaí an tsaoil agus an grá, an dóchas agus an sonas a thugann ár gcaidreamh le Críost dúinn.

Gan sin, fanfaidh sé inár measc gan aithne, gan aird ón chuid is mó de na daoine. Ní bheidh aon leigheas i ndán dóibh siúd atá croíbhriste agus ní bheidh an dea scéal a fhógairt do na bochta.

Guí an Phobail
Sagart: Iarraimid cabhair ó Dhia ár 
n-Athair chun na rudaï sin atá de dhith orainn dúinn féin agus do Eaglais Dé ar fud an domain a thabhairt dúinn.

  1. Guímid ar son Críostaithe ar fud an domhain a chreideas go daingean i ngrá Dé agus atá ag déanamh a ndícheall saol maith a chaitheadh mar gheall ar sin. A Thiarna, éist linn.
  2. Guímid ar son na daoine nach gcreideann i gCríost agus a chaitheann a saol ag diúltú a ghrä. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid ar son gach duine atá gortaithe ag an eaglais agus a bhfuil deacrachtaí móra acu grá Dé nó grá Chríost a ligean isteach ina saol. A Thiarna éist linn.
  4. Guímid ar son daoine atá ag fulaingt de thairbhe cogaidh nó deoraíocht. A Thiarna, éist linn.
  5. Guímid ar son na marbh agus go háirithe ar son anam … A Thiarna, éist linn.

Sagart: A Thiarna Dia, éist go cineálta leanár bpaidreacha a ofrailimid duit le muinín trí Íosa Críost, ár dTiarna. 

An Phaidir
Guímid chuig ár nAthair a éisteann i gcónaí lenár bpaidreacha. 

Focal Scoir
‘Tá i bhur measc duine nach bhfuil aithne agaibh air’. An aithníonn siad é ionamsa?

 

* * *

 

An Ceathrú Domhnach den Aidbhint

24 Nollag 2017 

Réamhfhocal
Ó tharla go bhuilimid an-ghar do cheiliúradh breith ár dTiarna, ní aon iontas é go bhfuil Muire a mháthair linn i soiscéal an lae inniu. 

Smaoineamh
Is lá deacar go leor é seo chomh fada agus a bhaineas leis an liotúirge. Beidh Aifrinn na hAidbhinte again ar maidin, aifrinn na Nollag tráthnóna, san oíche, agus arís ar maidin dár gcionn. Mar sin de, tá cúpla lá gnòthach amach rómhainn. Tá seans maith go mbeidh seanmóirí an lae inniu níos giorra ná mar is gnath!

Tá sé thar a bheith tábhachtach gan an dá shéasúr a mheascadh ar maidin. Nílimid go fóill ag ceiliúradh na Nollag. Táimid fós san Aidbhint.

Tá fanacht fhada mhuintir Israel le teacht an Messiah beagnach thart. Tá tairngreacht na bfháidhe ar tí a bheith comhlíonta agus tá an rud a bhí siad ag tnuth leis ar feadh na cianta ar tí tarlú.

Ar fud an domhain inniu tá an cine daonna ar lorg rudaí nach bhfuil siad go minic i ndan a chur I bhfocal. Tá siad ag tnúth le dóchas agus muinín sa saol atá amach rompú; tá siad ag tnúth le athdhearbhú; tá siad ag tnúth le freagraí a bhaineas le beatha agus le bás. Tá siad ag tnúth le grá. Go híorónta, tá na freagraí le fail ón té atáimid ag fanacht leis, Íosa Mac Dé. 

Guí an Phobail
Sagart:
 Ar an lá deirneach seo den Aidbhint, iarraimid ar Dhia cluas a thabhairt dár bpaidreacha.

  1. Guíimid ar son ár bPápa Proinsias, ár nEaspag agus ceannairí na hEaglaise a bhfuil sé de dhualgas orthú trí bhriathar agus dea-shampla an Críost a léiriú dúinn.
  2. Guímid ar son lucht leanúna Chríost. Go raibh siad oscáilte i gcónaí le toil Dé a dhéanamh mar a rinne Muire. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid ar son an mhuintir atá tinn agus go háirithe dóibh sin atá san ospideál agus do na daoine a diarr orainn paidir a ófráil ar a son. A Thiarna, éist linn.
  4. Guímid ar son ár bpobal féin go dtuga teacht Chríost neartú dúinn inár gcreideamh san grá iontach atá ag Dia dúinn. A Thiarna, éist linn.
  5. Guímid ar son ár ngaolta agus ár gcáirde atá imithe uainn as an saol seo. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

Sagart: A Dhia na trócaire, cuirimid ár bpaidreacha chugat le dóchas agus le muinín. Trí Chríost ár dTiarna. 

An Paidir
Guímid chuig an Athair a chur a mhac féin chugainn mar shlánaitheor. 

Focal Scoir
Tá Dia láidir agus tá máthair mhaith aige

(sean fhocal)

 

* * *

 

Aifreann Lá Nollag

25 Nollag 2017

Réamhfhocal
Ag tús shoiscéal Naomh Eoin, tá iomann iontach againn ag tabhairt moladh agus aitheantas do Bhriathar Dé – an Briathar céanna a chónaí le Dia ariamh agus atá anois tagtha isteach sa saol seo mar dhuine cosúil linn uile. 

Smaoineamh
Tá ceithre aifreann again do’n Nollaig. Bigil, Mean-oíche, maidin agus Aifreann an Lae. Sa chéad trí Aifreann clúdaíonn na soiscéail an gnath scéal faoi bhreith an linbh sa mhainséar 7rl. In Aifreann an lae, táimid ag éisteacht le soiscéal Naomh Eoin. Tógann seisean breith an Tiarna chuig leibhéal eile.

Aithníonn sé Briathar Dé sa leanbh nua, an Briathar a bhí ann ó thus ama agus an Briathar trínár cruthaíodh gach uile ní dár cruthaïodh riamh. Bhí sé go deo i láthair Dé mar gurb Dia é agus tháinig sé sa saol seo chun solas agus beatha a bhronnadh orainn. Árdaíonn sé sinn a ghlacann leis chun staid nua mar go ndéanann sé Clann Dé dúinn.

Cuirtear i gcuimhne dúinn gur labhair Dia linn ar feadh na cianta ar bhealaí éagsúla. Ach ó seo amach beidh sé ag labhairt linn trína mhac féin. Mar is eisean scáil ghlóir Dé agus lorg chruinn beatha Dé. An té a chonaic é chonaic sé Dia, an té a chuala é chuala sé Dia. Tá iomláine Dé ina chónaí ann. 

Guí an phobail
Sagart: Tháinig Briathar Dé isteach sa saol seo mar naíonán bheag chun sinn a threorú chuig an Athair. Go mbeidh sé in aice linn in am seo na Nollag.

  1. Guímid ar son gach duine a tháinig ‘na bhaile do’n Nollaig. Go mbainfidh siad sult as a laethanta saoire lena muintir. A Thiarna, éist linn.
  2. Guímid ar son na daoine atá leo féin ag an am seo agus go gcuireann an Nollaig isteach go mór orthú. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid ar ár son féin, go dtugaimid glóir agus buíochas do Dhia as a mhaitheasai ar fad. A Thiarna, éist linn.
  4. Guímid ar son gach duine atá tinn agus dóibh siúd a thugann aire dóibh. A Thiarna, éist linn.
  5. Guímid ar son na marbh go háirithe iad sin a fuair bás le déanaí. A Thiarna, èist linn.

Sagart: A Thiarna Dia, agus sinn ag ceiliúradh teacht do Bhriathar isteach sa saol seo, deonaigh dúinn go mbeidh cónaí air inâr gcroí go deo. Sin é ár nguí chugat, trí Chríost ár dTiarna. 

An Paidir
Guímid chuig an Athair faoi mar a mhúin a mhac féin dúinn a dhéanamh. 

Focal Scoir
Céad fáilte romhat, a linbh a gineadh sa Mhárta,
Céad fáilte romhat a linbh a rugadh sa stable
‘Aoinmhic Mhuire, céad mile moladh leat,
is dia bheatha do shláinte.

Ár bpaidreacha dúchais

 

* * *

 

Féile an Teaghlaigh Naofa

31 Nollag 2017

Réamhfhocal
Fásann an duine suas taobh istigh dá theaghlach. Faigheann muid gach rud atá maith as ár dteaghlach – fírinnteacht, macántacht, ionracas, maitheas, ceartas, creideamh agus, dár ndoigh, grá. Cothaítear iad sin ar fad dúinn – agus a thuilleadh chomh maith leo. Is bronntanas ó Dhia dúinn ár dteaghlaigh. 

Smaoineamh
Roghnaigh an Pápa Proinnsias Éire mar ionad do Chruinniú Domhanda de Theaghlaigh a bhéas ar siúl anseo i mí Lúnasa san bhliain seo chugainn. Mar théama do’n chruinniú phioc sé: ‘Soiscéal an Teaghlaigh, Áthas an Domhan.’ Inniu táimid ag ceiliúradh Lá Fhéile an Teaghlaigh Naofa. Íosa, Muire agus Iósaf. Go traidisiúnta dhearc muid ar theaghlach mar athar, máthair agus páiste nó páistí. Pósta san Eaglais agus chuile rud i gceart. Tá go leor leor mar sin go fóill. Ach tá gach sort eile ann freisin i dteaghlaigh nua-aimseartha an lae inniu. (Is féidir cúpla sampla a thabhairt). Agus ní mór dúinn gach teaghlach a cheiliúradh ar an bhliain seo chugainn. Más rud é nach ndéanaimid é sin beidh muid ag fágail go leor daoine leis an smaoineamh nach bhfuil fáilte rompú san Eaglais agus ba mhór an taisme é sin.

Mar is cuma cé’n chruth atá ar an teaghlach as a dtáinig muid, is páirt sin uile den theaghlach Críostaí. Tá Dia again mar Athar, Íosa ár ndeartháir, agus Spiorad a ngrá ár naontú le cheile mar chlann amháin.

Guí an Phobail
Sagart: Is sinne pobal Dé. Guímid chun an Athar ar son a bhfuil de dhíth orainn féin agus ar son a phobal ar fud an domhan.

  1. Guímid go dtuigfidh an saol mór an gaol láidir atá ag an chine daonna lena chéile da bhrï go bhfuil Dia mar Athar acu. A Thiarna, éist linn.
  2. Guímid go mbeidh tacaíocht le fail i gcónaí ag teaghlaigh ó rialtais agus ó cheannairí eile. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid go mbeidh tuismitheoirí i gcónaí ina ndea-shampla dá gclann. A Thiarna, éist linn.
  4. Guímid ar son ár dteaghlaigh féin, go raibh siad i gcónaí gar dá chéile. A Thiarna, eist linn.
  5. Guímid ar son na marbh. Go raibh síochán go deo acu i bhflaitheas Dé. A Thiarna, éist linn.

Sagart: Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna. 

Focal Scoir
A Íosa, a Mhuire agus a Iósaef,
go ré sibh dom an bother
nár ghabhas fós ann

(ár bpaidreacha dúchais 178)

 

* * *

 

An Eipeafáine

6ú Eanáir 2018 

Réamhrá
An raibh do chara riamh caillte i slua. Cuimhnigh ar an imní a bhraitheann tú i do chroí agus an t-áthas a bhraitheann tú nuair a fhaigheann tú do chara . Sa Fhéile inniu, cuimhnear triúr fear a chuaigh i mbun cuardach duine, an duine a thugann fíor-áthas.

Smaoineamh
Ag tús an Soiscéal don Eipeafáine, chuala muid go bhfuil na trí saoithe ag lorg Rí. Tá siad ag lorg Críost. Ach cá bhfuil sé le fáil? Éilíonn Herod ar na fir ciallmhar ‘imigí agus cuirigí fiafraí ghéar ar an leanbh’ dó.

Glacann sé iarracht agus samhlaíochta chun Críost a fháil. Tá a fhios againn go bhfuil sé le fáil i measc na daoine bochta, daoine scothaosta, daoine tinne, ach ní mór dúinn an iarracht a dhéanamh agus uaireanta bíonn an turas fada.

Foghlaimimid nach bhfuil sé leis na daoine a mbeadh súil agat. Agus ní bhfuarthas amach nuair a bhíonn ríthe nua á n-úsáid de ghnáth. Thagann sé seachas seirbhísigh, saibhreas agus cumhacht a fheiceáil, feiceann siad asal, le tuí agus foscadh simplí. Tá Muire agus Iosaf ann, teaghlach simplí, le haoirí. Tá Críost le fáil i measc na ndaoine, daoine a dheantar dearmad orthu go minic. Ba cheart dúinn iarracht a dhéanamh níos mó a Críost a fheiceáil i dteaghlaigh agus muid ag tosú ag ceiliúradh Cruinniú Domhanda na dTeaghlach. Is é an t-aonad teaghlaigh simplí an áit ina bhfuil Críost le fáil. 

Guí an Phobail
A Chairde, sroicheann grá Dé go deireadh an domhain. Ós rud é gur thug an Slánaitheoir na trí ríthe, lig dúinn dul i ngleic leis an Tiarna agus tabhair ár bpaidreacha dúinn. A Thiarna, éist linn.

  1. Do iad siud a threoraíonn an Eaglais, go leanfaidh siad le creidimh agus le muinín. A Thiarna, éist linn.
  2. Do ceannairí domhanda, go mbeidh meas acu ar dínit agus beatha gach saoil. A Thiarna, éist linn.
  3. Do Críostaithe ar fud an domhain, go dtabharfaidh siad solas Chríost dá dteaghlaigh agus dá gcairde: A Thiarna, éist linn.
  4. Do na na mairbh go háirithe ár mbaill teaghlaigh, paróistí agus cairde, go mbeidh a fhios acu síochána shíoraí.a A Thiarna, éist linn.

Dia an dóchais agus an t-áthas, éisteacht le paidreacha do dhaoine a bhailigh chun ceiliúradh a dhéanamh ar do ghrá mór trí Chríost ár dTiarna.

An Phaidir
Neartaigh linn ár n-arán laethúil agus muid ag cuardach duit agus guímis faoi mar a mhúin ár Slánaitheóir dúinn a dhéanamh: 

Focal Scoir
‘Lorgaigí an Tiarna, fad a chuireann sé é féin air fáil; glaoigí air, fad atá sé i ngar’.

Íseáia 55:6-9 

 

* * *

 

An Domhnach tar éis na hEipeafáine

7ú Eanáir 2018

Féile Bhaisteadh ár dTiarna 

Réamhrá
De réir mar a chruinnímid chun Féile Bhaisteadh ár dTiarna a cheiliúradh cuimhnímid freisin an bronntanas a tugadh dúinn inár Baisteadh féin. 

Smaoineamh
Tagann daoine ó gach chearn chun baiste a fháil ag lámha John. Bhí an baiste seo ar cheann de aithrí agus uaigneas. Mar sin, mar a aithníonn Eoin gurbh é Íosa an Slánaitheoir, leanann sé go nach mbeadh sé sásta é a bhaisteadh.

Tugann sé sampla dúinn dá dhlúthpháirtíocht chugainn. Ba mhaith leis a bheith cosúil linn i ngach rud ach peacaigh.

Is breá leis an Athair in Íosa, ‘Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.’ agus is duinn a thug se gnaoí freisin. Aithníonn an t-Athair gur mian leis an Mhac cloí leis i ngach rud. Is féidir leis na focail seo tagairt a dhéanamh freisin do bhua na n­-Aiséirí agus inse dúinn cén chaoi a mbeimid ag maireachtáil chun an tAthair a dhéanamh, ag iompar mar Íosa. 

Guí an Phobail
Ar an lá seo, d’oscail na spéartha mar a tháinig an Spiorad ar Chríost ag a Bhaisteadh. Ag urnaí, iarraimid ar an Athair tobair a bheannachtaí a chur ar an domhan.

  1. Ar son an Eaglais, cosúil le a Tiarna, is féidir go dtiocfaidh a chuid taitneamhach i gcónaí ar a son. A Thiarna, éist linn.
  2. Ar son an Phápa agus gach easpaig, cléire agus reiligiúnach, go bhféadfaidh siad leanúint le cuidiú le daoine eile a bheith ag eagrú ar a gcreideamh trí theachtaireacht Íosa: A Thiarna, éist linn.
  3. Ar son na ndaoine a tháinig chun críche ina gcreideamh, déanfaidh an Spiorad a thugtar ina mbáistint creideamh agus grá ina gcroí: A Thiarna, éist linn.
  4. Ar son sinn féin agus ár bpobal, is féidir linn glaoch Chríost a leanúint go fonnmhar ar ár mbáisteadh agus fíor-cheartais a bhunú ar an talamh: A Thiarna, éist linn.

Athair Uile-chumhachtach, de réir ár baiste a ghlac tú linn mar do mhac agus d’iníonacha. Éist le ár bpaidreacha trí Chríost ár dTiarna.

An Phaidir
Ag seasamh le chéile mar mhac agus iníonacha muirneacha guímis faoi mar a mhúin ár Slánaitheóir dúinn a dhéanamh:

Focal Scoir
Míle fáilte romhat, a Rí an Domhnaigh; do thabhartas ar gach fíorbhocht. Saor sinn ón bpeace agus beir ár n-anam go Cathair Íosa.

Taispeáint agus Beannacht 
na Naomh-Shacraiminte

 

* * *

 

An Dara Domhnach den bhliain

14ú Eanáir 2018

Réamhrá
Oscail ár súile ionas go bhfeicfimid Úan Dé. 

Smaoineamh
Seasann muid inniu ar an teorainn idir na Nollag agus an gnáth-ama. Tá na crainn Nollag imithe, táimid clúdaithe i glas don timthriall gnáth-ama. Ach leanann na léachtaí, go háirithe an Soiscéal, le mistéireach na Nollag. Rugadh Íosa mar leanbh, tháinig sé isteach ar fud an domhain, agus léiríodh é. Léirigh sé é féin ar fud an domhain.

Is fear a bhí áthas ar Eoin, a bhí ag spreagadh agus ag tabhairt dúshlán do dhaoine. Tarraingíonn sé ár n-aird ar Íosa. ‘Seo é Uan Dé’. Leis an bpointe seo comhlíonann sé brí a shaol féin. Féachann gach duine againn brí sa saol agus é a fháil ar bhealaí éagsúla. Ach is beag a aithníonn brí a saol chomh soiléire le Eoin. Tá sé ann le haghaidh aon rud amháin, le rá ; ‘Seo é Úan Dé ‘. Is é sin pointe ard a shaol, a bhfuil an t-áthas is mó aige. 

Guí an Phobail
Cuirimid ár riachtanais os chomhair an Athar.

  1. Ar son ár nAthar Rónaofa, am Pápa, ar son ár nEaspag agus Easpaig uile na hEaglaise go bhfaighe said treoir ón Spiorad Naomh. A Thiarna, éist linn.

 

  1. Ar son máithreacha teaghlaigh an phobail soe agus cuidigh leo a gclann a thógáil I ngrá Dé. A Thiarna, éist linn.
  2. Ar son na daoine tinne, na seandaoine agus na daoine uaigneacha and do na daoine atá go maith dóibh agus a bíos ag tabhairt aire dóibh. A Thiarna, éist linn.
  3. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí d’anam na marbh agus go haithrid iad seo a bhfuiltear ag iarraigh ghuí an phobail dóibh inniu. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna, glac leis na paidreacha seo a chuirimid suas chugat go humhal mar aon le paidreacha an Aifrinn ar ár son féin agus ar son an chine dhaonna go léir, trí Chríost ár dTiarna. Amen. 

An Phaidir
Mar phobal Dé guímis chun an Athar:

Focal scoir
A Rí n agile ‘s na gréine, agat féin atá fios ár bhfeidhme, bí linn gach lá’s oiche.

Taispeáint agus Beannacht 
na Naomh-Shacraiminte

 

* * *

 

An Triú Domhnach den bhliain

21ú Eanáir 2018 

Réamhrá
Síneann Íosa cuireadh dúinn sa Soiscéal, chun a theachtaireacht a scaipeadh. Is cuireadh é a cloisimid ag deireadh an tAifreann leis na focail; ‘Imígí, tá an tAifreann thart’. 

Smaoineamh
Tugann an Soiscéal dúinn ar ais go dtí an gá atá le hathrú. Iarrann Íosa a chéad leanúna chun teacht leis. Iarrann Íosa dúinn é a leanúint chomh maith. Ní mór dúinn go mbeadh an teagmháil phearsanta leis an Tiarna ag leibhéal áirithe, cé nach mbeidh sé ar an gcaoi chéanna leis na lucht leanúna níos luaithe a bhí in ann teagmháil a dhéanamh leis, chun é a chloisteáil, chun é a fheiceáil. Táimid ag siúl trí chreideamh. Ach glaoimid orainn, de réir creideamh, teagmháil a dhéanamh leis, é a chloisteáil agus é a fheiceáil. Chun seo a dhéanamh, ní mór dúinn athrú. Is é an t-athrú a theastaíonn uainn ná beo trí chreideamh agus teagmháil a dhéanamh le creideamh agus le creideamh a fheiceáil.

Féadfaidh Íosa féin ár gcroí teagmháil a dhéanamh leis an lá inniu ionas gur féidir linn teagmháil a dhéanamh leis. Féadfaidh Íosa féin ár súile a oscailt inniu ionas gur féidir linn é a fheiceáil. Féadfaidh Íosa Féin teacht isteach inár gcroí inniu chun ár gcreideamh a neartú. Cabhair liom, a Thiarna Íosa!

Guí an Phobail
Cuireann Dia spiorad an Ghrá ionainn uilig. Dá bhrí sin, guímis.

  1. Déan d’Eaglais naofa féin a choimheád, a chosaint agus a threorú I ngach áit. A Thiarna, éist linn.
  2. Cuir do bheannacht ar lucht dea-thola, go haithrid iad sin a bhfuil cúram ceannais agus rialtais orthu, ionas go n-éireoidh leo ceart agus cóir a chur I bhfeidhm I measc náisiúin an domhain. A Thiarna, éist linn.
  3. Cuir do bheannacht ar ár gcuid páistí agus coinnigh slán ó gach contúirt iad. A Thiarna, éist linn.
  4. Tabhair do phardún go hiomlán dóibh sin atá ag saothrú an bháis I láthair na huaire seo. A Thiarna, éist linn.
  5. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí d’anam na marbh. A Thiarna, éist linn. 

Iarraimid ort, a Dhia, as do chineáltas, éist lenár n-urnaithe agus toradh ár nguí agus ár n-achainithe a thabhairt dúinn. Iarraimid sin trí Chríost ár dTiarna. Amen.

An Phaidir
Bailíodh le chéile guímid mar iad siúd a glaoitear: 

Focal scoi
A Íosa, is tusa an t-arán a thagann ó neamh. A Íosa, arán na beatha, bí tusa mar bhia againn.

Taispeáint agus Beannacht 
na Naomh-Shacraiminte

 

* * *

 

An Ceathrú Domhnach den bhliain

28ú Eanáir 2018

Réamhrá
Bhí sé a dteagasc mar a bheadh duine a mbeadh údarás aige. 

Smaoineamh
Tá an nasc idir an chéad léamh inniu agus an Soiscéal an-láidir. Insíonn Maois, sa chéad léamh, ó Leabhar Deotrnaimí, na daoine go dtógfaidh Dia féin fáidh dóibh, duine a bhfuil a ngaolta féin agus duine ar chóir dóibh éisteacht. Tagann muid siúd a leanann Íosa le tuiscint go bhfuil É, Íosa, ag comhlíonadh an tuar seo – agus fiú níos mó ná mar a d’fhéadfadh muid a bheith cruthaithe. Is é ár gcoibhneas é, duine mhaith linn i ngach rud seachas peaca. Scaireann sé ár ndaonnacht le linn agus labhraíonn sé linn faoi Dhia. Is é an dúshlán – agus seo a thagann ó Deotrnaimí , éisteacht leis agus é a leanúint.

Múineann Íosa le údarás agus aithníonn na daoine sin láithreach. Íosa Íosa biotáille neamhghlan agus tá siad ag cloí leis. Sáraíonn sé seo na daoine agus níl siad cinnte go dtagann Íosa ó Dhia. Tháinig siad i dtaithí ar chleachtas sábháilte a gcreideamh agus tosóidh gníomhartha Íosa le dúshlán a dhéanamh ar a mothú slándála.

Guí an Phobail
Anois cuirimis sinn féin agus Pobal Dé go huile i láthair an Athar.

  1. Tugaimis buíochas do Dhia ar a son sin uilig a thug sé dúinn le sampla na naofachta agus an tsonais a thabhairt dúinn.
  2. Ar son ár dtir, ar lucht ceannais agus rialtais na tíre ionas go n-éireoidh leo ceart agus cóir, agus síocháin bhuan a chur I bhfeidhm gan mhoill.
  3. Ar son lucht cumha agus uaignis. Tabhair faoiseamh dóibh.
  4. Tabhair suaimhneas síoraí d’anam na marbh. Go ndéana Dia a mhaith orthu agus gura móide teaghlach na glóire a n-anam. 

A Dhia, a Athair uilechumhachtaigh agus a Athair an chine dhaona go léir, dean pobal mór amháin dínn i mbaclainn d’AonMhic Iosa Críost agus cuir do Spiorad Naofa ionainn ionas go molfaimid thú anois agus go síoraí. Trí Chríost ár dTiarna.

An Phaidir
Le áthas inár croí tá sé de mhisneach againn a rá:

Focal scoir
Molaimid Íosa Críost, molaimid de shíor is de ghnáth.
Taispeáint agus Beannacht 
na Naomh-Shacraiminte