Leathanach don Cheiliuraí – December/January 2018

Leathanach don Cheiliuraí

Nollag 2018: An tAth. Brian Ó Fearraigh SC, Gaoth Dobhair
Eanair 2019: Colm Ó Gallchóir, Sagart, Na Cealla Beaga, Co Dhún na nGall

2 Nollaig 2018
An Chéad Domhnach
den Aidbhint

 

Réamhra

Inniu an Chéad Domhnach den Aidbhint agus bheir an aidbhint teacht ár Slánaitheora inár gcuimhne. Tiocfaidh Sé an athuair fá ghlóir ar an lá is faide anonn, cuidigh linne ullmhú dona theacht chugainn ins an aifreann seo inniu. Ar an ábhar sin, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne le go mb’fhiú sinn an tAifreann a cheuliúradh.

 

Smaoineamh

Fáiltíonn muid roimh thús bliain eile de chuid na hEaglaise inniu. Caitheann muid súil chun tosaigh ar an méid atá amach romhainn agus súil siar ar an méid atá curtha tharainn againn le bliain. Is am maith é seo, le súil caithe againn I dtreo na mainséara fuar, fólamh, machnamh a dhéanamh ar an ghrá domhain, dilis atá ag Dia dúinn, I bpearsa an linbh Íosa a luífidh sa mhainsear céanna seo. Líonfaidh Críost an máinsear le teas A ghrá. Ba chóir go gcuirfeadh grá Dé, áthas an domhain orainn agus muid ag ullmhú do fhéile na Nollag atá amach romhainn.Cuidigh linn cluas a thabhairt agus ár gcuid féin a dhéanamh de bhriathra Phóil chugainn inniu: ’Go meadaí an Tiarna go fial ionaibh bhur ngrá dá chéile agus bhur ngrá do dhaoine eile’ Caithfaidh laghdú a theacht ar an fhuath inár saol, agus le sin, is cinnte go dtiocfaidh meadú ar an ghrá, agus is seo ’an saol is mian le Dia.’ Má tá íobairt Eocairisteach na haltóra, sé sin, Sacraimint an Ghrá mar dhuthsraith againn inár mbeatha, is cinnte gur foinse láidir a leithid a chuideoidh linn tarraingt níos congraí, agus nasc a chothú le Dia. Nuair atá ceangal grá da leithid againn, le udár an ghrá féin, is cinnte go silfidh srutha an chinealtáis, na maitheasa, na measa, agus an ghrá ónár gcroí, agus gur fearr a bhéas ar ár gcumas an fód a sheamamh agus ár gcroí a dhiriú ar na nithe sin a bhfuil tábhacht fíor leo; Grá Dé agus grá na gcomharsan. Mar sin do,, molann an Eaglais dúinn inniu tús úr a dhéanamh inár saol, agus fáiltiú roimh ár Slánaitheoir tríd an urnaí.Bíodh ár gcuid súile foscailte leathán againn agus ár gcroí foscailte níos leithne aríst, ’Fanaigí in bhur ndúiseacht, agus bígí ag guí gan stad’ le go n-aithneoimid an Cuairteoir atá ag teacht inár measc; Iósa, Mac Dé.

 

Guí an Phobail

1. Go bhfaighe ar nAthar Ró-Naofa, an Pápa Proinsias agus ár nEaspag N. treoir ón Spiorad Naomh le pobal Dé a sheoladh ar lorg Chríost arb é an Bealach, an Fhírinne agus an Bheatha é.

2. Neartaigh ionainn an spiorad diúltú dár mian agus dár dtoil féin agus spreag an croí ionainn le teacht i gcabhair ar riachtanas na comharsan.

3. Go dtuga Dia de ghrása dúinn ullmhú ceart, fiúntach a dhéanamh i gcóir na Nollag, agus fáilte cheanúil a chur roimh an Leanbh Íosa.

4. Beannaigh agus neartaigh na daoine tinne, na seandaoine agus na daoine uaigneacha, agus cuir do bheannacht orthu sin atá go maith díofa agus a bios ag tabhairt aire dóibh.

5. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí d’anam na marbh – ár muintir féin, ár gcomharsan agus ár gcairde. Leaba I measc na Naomh go raibh acu.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá.

 

Focal Scoir

Seacht gcéad déag míle fáilte, naoi n-uair agus fiche

Roimh Mhac Dé na glóire agus na Maighdine Muire,

Gur thuirling ‘na broinn órga ‘na Dhia agus ‘na dhuine.

Is gur oíche Nollag Mór a rugadh Rí ceart na cruinne.

Ár bPaidreacha Dúchais, 511

 

* * *

8 Nollaig 2018
Lá Féile Ghiniúin Naofa gan Smál na Maighdine Beannaithe Muire

 

Réamhra

Inniu Lá Féile Ghiniúin Naofa gan Smál na Maighdine Beannaithe Muire, Máthair ár dTiarna Íosa Críost agus Máthair s’againn féin. Bhí Muire gan peaca, chan mar sin dúinn féin. Le cuidiú linn muid féin a dhéanamh réidh do cheiliúradh seo na haltóra, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne le go mb’fhiú sinn an tAifreann a cheuliúradh.

 

Smaoineamh

Ar fhéile seo na Giniúna naofa gan Smál, díríonn muid áird agus intinn ar Mhuire Máthair Chríost. Tá Muire maith, tá Muire ró-mhaith, tá Muire fianta maith agus má tá muidinne maith do Mhuire, Máthair Dé, is cinnte go mbeidh Muire, Máthair Dé maith dúinne fósta.

Sé do Bheatha, atá lán de ghrásta. Bhí Muire lán de ghrásta ó thus. Bhí sí gan smál peaca ón chéad bomaite da saol I mbroinn a máthra, go dtí an lá atá inniú féin ann. Tré ghrásta Dé, char phioc sí suas lochtaí nó laigheachtaí a tuismitheoirí, nó fiú, scáile beag ar bith de pheaca an tsinsir, nó smál an pheaca a bhaineann lenár ndaonnacht féin. Cialaíonn an ghrásta seo I saol na Maighdine Muire, agus a bronnadh uirthí ó thus, go raibh sé ar a cumas, Dia a aithint agus a fheiceáil ins an uile nidh.

Féach, mise cailín an Tiarna; déantar liom de réir d’fhocail. Míle moladh le Muire mar gheall ar an ról fíor thábhachtach a bhí aici inár slánú, nuair a ghlac sí le teachtaireacht an aingil agus gur lean sí toil Dé. Déanann muid machnamh inniú ag an ghrá, domhain, dílis atá aicí do Dhia agus don uile dhuine agus dheanfaidh muid ár seacht ndícheall an ghrá céanna sin a chelachtadh inár saol féin. Cosúil le Muire, tá an rogha againn fósta, glacadh le teachtaireacht naofa Dé, nó, diúltú dón teachtaireacht céanna sin. I rith seasúr seo na hAidbhinte, bheirtar am agus an spás dúinn le smaoineamh ar an teachtaireacht seo inár saol féin. Thig linn tús áite a thabhairt do thoil Dé, mar a rinne Muire, nó thig linn diúltú dó agus é a chur ar an mhéar fhada. Más cuidiú nó treoir atá uainn, toil Dé a aithint agus a leanstan, níl le déanamh againn ach iarraidh ar Mhuire cuidiú linn; ‘óir níl ní ar bith dodhéanta ag Dia’.

 

Guí an Phobail

1. A Shlánaitheoir an domhain, trí bhrí do chumas slánaithe choinnigh tú do Mháthair saor ó gach smál, coinnigh an peaca I bhfad uainne fósta.

2. A rí neimhe agus talaimh chuir tú an Mhaighdean Mhuire ar do dheaslámh mar Bhanríon na bhFlaitheas, tabhair dúinne bheith páirteach sa ghlóir chéanna.

3. Trí idirghuí na Maighdine Muire gan smál déan biseach do na daoine atá tinn, tabhair sólás díofa sin atá faoi mhairg, tabhair pardún do na peacaigh agus tabhair flúirse do ghrásta do gach uile dhuine.

4. Tabhair suaimhneas síoraí d’anam na marbh, ár muintir féin, ár gcomharsain agus ár gcairde agus go haithrid iad seo a bhfuiltear ag iarraidh guí an phobail díofa inniu.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá.

 

Focal Scoir

A Mhuire na nGrás, A Mháthair Mhic Dé,

gó gcuiridh tú ar mo leas mé.

Go sábhálaidh tú mé ar ‘ach uile olc,

go sabhálaidh tú mé idir anam is corp.

Go sábhála tú mé ar muir agus ar tír,

gó sábhala tú má ar lic na bpian.

Garda na naingeal os mo chionn,

Dia romham agus Dia liom.Áiméan.

Paidir Dúchasach

 

* * *

9 Nollaig 2018
Dara Domhnach
den Aidbhint

 

Réamhra

Bhí Eoin Baiste ar an té sin a d’ullmhaigh na daoine agus a rinne réidh an bealach do Shlánaitheoir an tsaoil, trí aithrí na peacaí a fhógairt. Le cuidiú linn muid féin a dhéanamh réidh do cheiliúradh an aifrinn seo, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne le go mb’fhiú sinn an tAifreann a cheuliúradh.

 

Smaoineamh

Ar an dara Domhnach seo den Aidbhint, téann muid in airicis Chríost, agus léanann muid orainn ag ardú ár gcroí, ag meadú an ghrá inár saol, dúinn féin, do dhaoine eile, dá bhfuil ar neamh, chomh maith le bheith ag diriú ár n-intinn ar Dhia agus ag cloí le nithe buana.Mar oilithrigh ar bhealach an tsaoil seo, iarrtar orainn’culaith álainn Dé’ a chur orainn, chomh maith le’clóca ionracas Dé’ Is aspail an ghrá an uile dhuine againn ar talamh abhus, agus cuirtear I gcuimhne dúinn gobhfuil bealach le díriú againn don Tiarna agus go bhfuil aithreachas le déanamh again.

I méasc an trup ‘s an torman atá thart orainn, an gcluinn muid gair agus glór Naomh Eoin Baiste ag glaoch go soiléir orainn; ’Réitigí bealach an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin.’ Muna gcluinn muid an ghair sin I ndoimhnecht ár gcroí agus níos tábhachtaí, muna dtugann muid cluas ghéar éisteachta do, tá cluas bhodhair a thabhairt againn don Tiarna, agus níos mó aird agus meas ar ghalántacht bhréige an tseasúir. An Tiarna atá ag teacht ag an Nollag, agus is airsan amháin is cóir dúinn ár súile a bheith dirithe, seachas ar an tinsil atá thart orainn. An Slánaitheoir a shoilsíonn solás an ghrá, seachas ná soilse bréige atá ag soilsiú thart orainn, eisean is tábhachtaí.

‘S muid ag ullmhú don Nollag le linn laetha seo na hAidbhinte, bíodh ár n-aird, ár n-intinn agus ár gcroí dírithe ar na nithe sin is fearr leis an Tiarna, sé sin, meas ceart a bheith againn agus claoi go dlúth le nithe na bhflaitheas, a chuirtear os ár gcomhair ins an mhainséar. na nithe neamhaí a mhaireann go buan, agus chan ar na nithe saolta nach maireann ach seasúr agus seal.

 

Guí an Phobail

1. Go bhfaighe ar nAthar Ró-Noafa, an Pápa Proinsias agus ár nEaspag N. treoir ón Spiorad Naomh le pobal Dé a sheoladh ar lorg Chríost arb é an Bealach, an Fhírinne agus an Bheatha é.

2. Neartaigh ionainn an spiorad diúltú dár mian agus dár dtoil féin agus spreag an croí ionainn le teacht i gcabhair ar riachtanas na comharsan.

3. Go dtuga Dia de ghrása dúinn ullmhú ceart, fiúntach a dhéanamh i gcóir na Nollag, agus fáilte cheanúil a chur roimh an Leanbh Íosa.

4. Beannaigh agus neartaigh na daoine tinne, na seandaoine agus na daoine uaigneacha, agus cuir do bheannacht orthu sin atá go maith díofa agus a bios ag tabhairt aire dóibh.

5. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí d’anam na marbh – ár muintir féin, ár gcomharsan agus ár gcairde. Leaba I measc na Naomh go raibh acu.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá.

 

Focal Scoir

Go lonraí Críost,

grian gheal na fíréantachta oraibh,

ag cur lúcháire ar bhur gcroí,

agus ag díbirt an dorchadais romhaibh.

Beannacht Tráth na hAidbhinte

 

* * *

16 Nollaig 2018
Tríú Domhnach
den Aidbhint

 

Réamhra

Le cuidiú linn ullmhú mar is ceart agus mar is coir do theacht Iosa, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne agus iarraimis maithiúnas iomlán ón Tiarna ár nDia, le go mb’fhiú sinn an tAifreann seo a cheiliúradh.

 

Smaoineamh

Inniu Domhnach Gaudete nó Domhnach na lúcháire. Tchí muid snáithe na lúcháire agus an áthais, fite fuaite go láidir agus go tuibh sna leachtaí don tríú Domhnach seo den Aidbhint. Is fíor go bhfuil an Tiarna cóngrach dúinn na laetha seo, ach ‘sí an chéist mhór dúinne, an bhfuil muidinne i ndeas don Tiarna ár nDia agus muid ag déanamh réidh le ceiliúradh a dhéanamh ar a theacht inár méasc ag an Nollag?

Mas rud é go bhfuil tú cóngrach do Chríost, is cinnte go mbeidh ‘lúchair agus áthas do chroí ort’ mar go mbeidh ’síocháin Dé, atá os ceann réim agus cuimse ár dtuigse, ag gardáil bhur gcroí agus bhur smaointe in Íosa Críost.’ Ar an ábhar sin, cáide atá le déanamh agamsa na laetha seo agus muid anois ag lár phointe na haidbhinte, lena chinntiú go bhfuil lúcháir an Tiarna Críost liom, agus mise leis an Críost? I measc rudaí eile, tá cruithneachta na catharanachta, chomh maith le síocháin croí le cothu agus le cur chun cinn, i mbriathra ár mbéil agus le bearta ár saoil. Sa mhullach ar seo, ní mór dúinn fuath a ghlacadh doneas-aontas, an éad, an troid, an aragáil agus coimhlintí, iad a dhódh ins an tine nach dtéid as a choice. Ar an doigh seo, cinnteoidh muid go bhfuil, síocháin Dé, ag gardáil ár gcroí agus ar smaointe in Íosa Críost.

 

Guí an Phobail

1. Ar son ár nAthar Ró-Noafa, an Pápa Proinsias agus ár nEaspag N. guímid go bhfaighe siad treoir ón Spiorad Naomh le pobal Dé a sheoladh ar lbhóthar a leasa.

2. Go gcuire Dia rath ar shaothar na ndaoine atá ag caitheamh a ndíchill ar son na síochána.

3. Go dtuga Dia de ghrása dúinn ullmhú ceart, fiúntach a dhéanamh i gcóir na Nollag, agus fáilte cheanúil a chur roimh an Leanbh Íosa.

4. Tabhair do phardún go hiomlán díofa sin atá ag saothrú an bháis I láthair n ahuaire seo.

5. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí d’anam na marbh – ár muintir féin, ár gcomharsan agus ár gcairde. Leaba I measc na Naomh go raibh acu.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá.

 

Focal Scoir

Go ndéana Críost,

a thug le chéile trína ionchollú

a bhfuil ar neamh agus ar talamh,

go ndéana sé sibh a líonadh lena lúcháir agus lena shíocháin.

Beannacht Tráth na hAidbhinte

 

* * *

23 Nollaig 2018
An Ceathrú Domhnach
den Aidbhint

 

Réamhra

Le cuidiú linn ullmhú mar is ceart agus mar is coir do theacht Iosa, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne agus iarraimis maithiúnas iomlán le go mb’fhiú sinn an tAifreann seo a cheiliúradh.

 

Smaoineamh

‘Sén teachtaireacht atá cúrtha os ár gcomhair i litir Phóil don ceathrú Domhnach seo den Aidbhint, nó an tábhacht atá le toil Dé. Chan mo thoilse, ach toil naofa Dé, go raibh déanta I mo shaol agus I mo bheatha. Seo an t-aon rud a bhfuil tábhacht ag baint leis, sprioc ár saol ar talamh anseo. ’Tá mé ag teacht le do thoilse a dhéanamh a Dhia’ Cáide an doigh a dtig liomsa toil Dé a aithint agus níos tábhachtaí toil naofa Dé, a dhéanamh I mo shaol féin? An bhfuil mé sásta an rod sin a shiúil I mo shaol-sa?

Glac mar shampla an ghrian go hard sa spéir. Is siombal an ghriáin de thoil naofa Dé, agus seasann na gathanna atá ag teacht ón ghrian, do toil Dé dúinne inár saol féin. Siúl I dtreo an ghath gréine a shoilsíonn go sonrach duitse agus ortsa, mar, sin an ghath a thugann solas an ród duitse I do shaol-sa. Creid le do chroí go hiomlán, gur ins an gath gréine sin, atá plean do shaolsa comhlíonta, go díreach mar a chreid Muire’… go gcomhlíonfaí an rud a bhí geallta dí i dteachtaireacht an Tiarna.’

 

Guí an Phobail

1. Ar son ár nAthar Ró-Noafa, an Pápa Proinsias agus ár nEaspag N. guímid go bhfaighe siad treoir ón Spiorad Naomh le pobal Dé a sheoladh ar lbhóthar a leasa.

2. Go gcuire Dia rath ar shaothar na ndaoine atá ag caitheamh a ndíchill ar son na síochána.

3. Go dtuga Dia de ghrása dúinn ullmhú ceart, fiúntach a dhéanamh i gcóir na Nollag, agus fáilte cheanúil a chur roimh an Leanbh Íosa.

4. Tabhair do phardún go hiomlán díofa sin atá ag saothrú an bháis I láthair n ahuaire seo.

5. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí d’anam na marbh – ár muintir féin, ár gcomharsan agus ár gcairde. Leaba I measc na Naomh go raibh acu.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá.

 

Focal Scoir

Toil Dé go ndéanaimid,

dlí Dé go leanaimid,

ár n-antoil go smachtaímid,

srian lenár dteanga go gcuirimid,

ar Pháis Chríost go smaoinímid,

gach contúirt pheaca go seachnaímid,

aithrí thráthúil go ndéanaimid,

bás naofa go bhfaighimid,

gnúis Dé go bhfeicimíd,

ceol na n-aingeal go gcluinimid,

ag moladh agus ag adhradh Dé go rabhaimid

anois agus ar feadh na síoraíochta.

Ár bPaidreacha Dúchais, 371

 

* * *

25 Nollaig 2018 –
Lá Nollag

 

Réamhra

Tháinig Críost Mac Dé, ar an tsaol seo ina Dhia agus ina Dhuine sa stábla I mBeithil. Bheireann sé maithiúnas na peacaí, le clán Dé a dhéanamh dúinn, ar an ábhar sin le cuidiú linn ullmhú dona theacht chugainn ins an aifreann seo inniu, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne le go mb’fhiú sinn an tAifreann a cheuliúradh.

 

Smaoineamh

Inniu Lá Nollag– ‘sé croí na féile, croí an t-Soiscéil agus croí an chreidimh nó, gur dearnadh’Feoil den bhriathar agus gur chonaigh sé inár measc agus chonaicmar a ghlór.’ Tá beannacht agus grásta Dé buaillte ar laigeacht na feola, agus nasc láidir, dobhríste, cruthaithe idir neamh thuas agus talamh abhus, ins an teacht chugainn seo atá a cheiliúradh againn agus atá dár misniú go láidir mar phobal naofa Dé inniu.

Seasann an fheoil dár mbeatha I gCríost. Gan Críost, níl ionainn ach creatlach, cnámha gan feoil gan féitheoga, gan beatha gan bhrí, gan usáid, a chaitheas seal ar an saol seo, ach, ‘Sé Críost an té sin, an Briathar, an solas fíor a shoilsíonn gach duine – Is fríd a rinneadh gach uile ní agus gan é ní dhearnadh aon ní dá ndearnadh. Tá an teampall déanta, ach níl conaí ar bith ann, tá sé mar theach tréigthe, tá sé sa dorchadas. Is an solas, an Críost a tháinig isteach sa saol inár measc, an fheoil sin a cuireadh ar ár gcnámha, an bheatha sin a tugadh duinn. Gan Chríost, níl muid ach leath bheo, ach le Críost, tá muid beo agus beidh go deo. Seo tús agus deireadh, bun agus barr míorúilt na mainséar I mBeithil atá a cheiliúradh le gairdeas croí ag Eaglais naofa Dé ar chraiceann na cruinne inniu. Dar ndoighe tá maidí na croiche céasta le feiceáil ins an Mhainséar céanna inniu fósta, ag cur I gcuimhne dúinn a bhfuil in ann don leanbh beag Iosa ar mo shonsa agus ar do shonsa. Lámha lága Chríost, fóscailte go fial flaithiúil ag tús a shaol, agus é sínte ar shlat a dhroma sa mhainsear. Seo ná lámha lága céanna a bhí fóscailte ag deireadh a shaol agus é sínte ar shlat a dhroma ar chrann na croiche le grá domhsa agsu duitse. Bíodh grá againn do Chríost inniú agus I dtólamh de bharr an méid a rinne Sé ar ár son.

 

Guí an Phobail

1. Beannaigh ár bPápa Proinsias, ár nEaspag N. agus pobal Dé go hiomlán. Seol ar bhealach a leasa iad, impímid ort, a Dhia.

2. Beannaigh agus neartaig na daoine tinne, na seandaoine, agus na daoine uaigneacha.

3. Tabhair do phardún go hiomlán díofa sin atá ag saothrú an bháis I láthair n ahuaire seo.

4. Tabhair suaimhneas síoraí d’anam ár muintir féin a fuair bás. Leaba I measc na Naomh go raibh acu.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá.

 

Focal Scoir

Le croí soilbhir seinnimid fáilte

Le Mac Muire do rugadh san stábla,

Is mura mbeadh turas an Linbh an lá sin,

Do bhiomarna uile ‘na dhorn ag Sátan.

Ár bPaidreacha Dúchais, 518

 

* * *

30 Nollaig 2018
An Teaghlach Naofa Íosa,
Máire agus Joseph

 

Réamhra

Inniu tá muid ag ceiliúradh Féile Teaghlach Naofa Íosa, Mhuire agus Iósaf. Chuir Teaghlach Naofa Nasarat, muinín i nDia agus lean said orthu ag iarraidh toil naofa Dé a thuigbheáil agus a chur i gcrích go hiomlán. Cuidigh linne ár muinín a chur I ngrásta Dé agus maithiúnas ár bpeacaí a lorg againn anois le go mb’fhiú sinn an tAifreann seo a cheiliúradh.

 

Smaoineamh

Cuirtear Teaghlach Naofa Nasarat agus gnéithe difriúla de shaol an teaghlaigh, os ár gcomhair inniu, mar shampla do gach teaghlach Críostaí. Roghnaíodh leachtaí an lae seo, le saol an teaghlaigh san aireamh – an leanbh agus an liath, ag moladh saol an teaghlaigh, I gcuideachta le Muire agus Iósaf agus iad ag tarraingt níos congraí do Dhia i lúb teaghlaigh s’acú féin. Cosúil linne, rugadh Iosa isteach sa t-saol seo agus tógadh é i lúb an teaghlaigh, mar ghasúr faoi smacht, a chónaigh mar fhear óg i measc a mhuintir féin.

Inniu lá, an Clann, an Pósadh Críostaí agus an Bheatha a cheiliúradh agus a chur chun cinn, chomh maith le guí ar son teaghlaigh. I gcroí an teaghlaigh Críostaí, foghlaimíonn muid faoi Dhia – níos mó tré shampla, sé sin, le bearta, seachas tré bhriathra.

Is fíor go mbíonn brú agus strús go leor, ar chóir a bheith achan teaghlach sa lá atá inniu ann, agus ar an chuid is mó, éiríonn go maith leis an chuid is mó de theaghlaigh an lámh in uachtar a fháil ar na deacrachtaí céanna agus teacht fríd an strús. Is fíor go dtig le buan ghrá laethúil, chomh miath le cinealtás agus curám, nach bhfuil rud ar bith speisialta faoi, go leor deacrachtaí a sharú, fadhbanna a réiteach agus go leor eile. Bheireann an féile seo deis dúinn smaointeadh ar Theaghlach Naofa Nasarat agus ar ár dteaghlach Críostaí féin agus mas gá, iarracht breise a dhéanamh, go háirithe ar ár dtinteán féin sa bhaile, cairdeas agus síocháin a chothú, a bhuanaú nó a bhunadh aríst inár dteaghlaigh má tá gá leis. I lúb an teaghlaigh Naofa, mhúin Críost dúinn, cineáltas agus daonnacht a theachtaireachta. Sin croí lár na féile inniú.

 

Guí an Phobail

1. Déan teaghlach na hEaglaise a dhaingniú I do ghrásts agus I do shíocháin.

2. Guimid dár gcuid dtuismitheoirí a thug aire ‘s cúram dúinne inár n-óige agus le linn dúinn bheith ag fás aníos.

3. A Naomh Íosaf, beannaigh aithreacha teaghlaigh, bronn orthu an neart, agus an stuaime atá gheobhail orthu leis an churaim agus an treoir cheart a thabhairt dá gclann.

4. A Mhuire Mháthair, beannaigh mathaireacha teaghlaigh. Cuir beannacht ó Neamh orthu agus cuidigh leo a bheith caoin, cinnealta, agus a gcuid paistí a thógail I ngrá Dé.

5. A Íosa, beannaigh aos ós agus baill teaghlaigh. Tóg faoi do choimirce iad, sábhail iad ar chontrúit a n-anama agus a gcolainne.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá.

 

Focal Scoir

Siúd ar mo mháthair

a thóg mé ar a brollach,

agus le m’athair a thóg mé

le saothar a chnámha.

Tá súil le Mac Dé agam,

nuair a ghabhfas siad dá láthair,

go mbeidh céad míle fáilte rompu

i bhFlaitheas na ngrásta.

Ar son Máthar agus Athar;
Ár bPaidreacha Dúchais, 232

 

* * *

6ú Eanáir 2019 –
An Eipeafáine

 

An Tús

Ag tús na hAithbhliana, tig muid le chéile mar chlann ionúin Dé le h-éisteacht le Briathar Dé sa dóigh is go rachaidh grá and maitheas Dé i bhfeidhm orainn féin agus ar ár saol.

 

Smaoineamh

De réir Naomh Lúcás ina shoiscéal, b’iad na sréadaithe, le tionlacan na n-aingeal, a nochtaigh breith Íosa do phobal na comharsanachta. De réir Naomh Matha, i soiscéal an lae inniu, b’iad saoithe ón aird thoir, le treoir réalta, a nochtaigh saolú Chríost don tsaol mhór. Is é seo Dia na Críostaíochta atá inár measc. Thart fá cheithre chéad bliain ina dhiaidh sin, ba é mac oifigigh in arm na Rómhánach, Pádraig Aspal na hÉireann, le beannacht an Phápa Ceilistín, a thug an Chríostaíocht go tír bheag iargúlta ar imeall na cruinne. Is iomaí athrú a tháinig ar an tsaol ó shoin. Anuraidh, ag deireadh an tsamhraidh, mhachnaigh agus mheabhraigh muid ar an athrú a tháinig ar an tír seo agus ar an chreideamh i gcaitheamh dhaichead bliain, ó thug an Papa Eoin Pól a Dó cuairt ar an tír seo go cuairt an Phápa Proinsias. Mhair cuid againn i rith an tréimhse sin go h-iomlán. Tá cuimhne i bhfad níos faide ag cuid eile againn. Agus cuid eile atá ibhfad níos óige, tá cuimhní suáilceacha agus duáilceacha araon acu. Is fiú machnamh ar ár ‘mbeathaistear’ féin agus ar shuairceas agus ar dhuairceas ár saoil i rith an ama sin. Ar shollúntas Éipeafáine an Tiarna, agus Íosa ag nochtú croí Dé don tsaol mhór, tugann sé léargas fosta dúinn ar ár gcroíthe féin, idir ghrá agus ghruaim. Is clann Dé muid, clann muirneach Dé. Fiú nuair atáimid in ísle brí, is clann ionúin Dé sinn.

 

Guí an Phobail

Cuirímis paidreacha ár gcroíthe i láthair Dé:

1. Go raibh síocháin Chríost i réim inár measc i rith na haithbhliana. A Thiarna, éist linn.

2. Go dtuigfimid i gcónaí go bhfuil Dia ina chónaí inár measc. A Thiarna, éist linn.

3. Go raibh fonn orainn misneach a thabhairt daofa sibh a bhfuil beag-uchtach orthu. A Thiarna, éist linn.

A Athair Shíoraí, go raibh solas an chreidimh ag lonrú inár gcroíthe inniu angus i gcónaí, trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Mar chlann mhuirneach Dé, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focal scoir

Is mé an créatúr lag faoi ualach throm,

Fá mhéid mo pheacaí is aithreach liom.

Admhaím creideamh Dé go síor le grá mo chroí agus dóchas fíor,

Ó chois na croiche glaoim suas,

A Thiarna Íosa, claon anuas.

 

* * *

13ú Eanáir 2019
Féile Bhaisteadh ár dTiarna

 

Tús

Táimid le chéile mar chlann mhuirneach Dé, buíoch go bhfuil Spiorad Dé ag lonnú inár gcroíthe agus inár measc.

 

Smaoineamh

Thuirling Spiorad Dé ar Íosa nuair a baisteadh é. Bhí sé deich mbliana is fiche d’aois i dtrátha an ama seo. Níl tásc ná tuairisc air sa tSoiscéal ó bhí sé dhá bhliain déag d’aois, nuair a fuarthas sa Teampall i Iarúsailéim é i measc na máistrí. Idir an dá linn bhí sé lena theaghlach i Nazareth ‘ag dul ar aghaidh in eagna agus i bpearsa agus i ngrásta i láthair Dé agus duine’. Indiaidh a bhaistithe, chuala sé glór ó na flaithis a’ rá, ‘Is tú mo mhac muirneach, is duit a thug mé gnaoi’.

Briathra cumasacha, cumhachtacha iad a neadaigh ina intinn agus ina chroí lá is oíche. Agus chuaigh beart le briathar. Bhí Spiorad Dé leis.

Thuirling an Spiorad seo air ní amháin ar mhaithe leis féin ach fosta le treoir, uchtach agus solas a thabhairt do phobal Dé. Lonnaigh Spiorad Dé ionainne nuair a baisteadh muid. Is clann Dé muid. Is clann muirneach Dé muid, dá dtugann Dia gnaoi. Thuirling Spiorad Naofa Dé orainne sa bhaisteadh ní amháin ar ár son féin ach ar mhaithe le pobal Dé uilig. Tá gairm ag gach Críostaí a dhul ar aghaidh in eagna agus i bpearsa agus i ngrásta i láthair Dé agus duine. Ciallaíonn sin gur chóir do Spiorad Dé a bheith le feiceáil inár ndearcadh agus inár n-iompar, i mbriathra ár mbéil agus i mbearta ár mbeatha. Ciallaíonn sé go bhfuil Spiorad Dé ag lonnú ionainne sa dóigh is gur féidir linne, cosúil le Críost, freastal a dhéanamh ar phobal Dé.

 

Guí an Phobail

Tá Spiorad Dé ag borradh beatha agus dóchais ar fud na cruinne. Faoi anáil an Spioraid sin, cuirímis ár bpaidreacha i láthair Dé:

1. Go raibh Spiorad Dé dár dtreorú i gcónaí ar bhealach an ghrá agus na maitheasa. A Thiarna, éist linn.

2. Go raibh faoiseamh agus cothrom na féinne acu sin uilig atá ag fulaingt. A Thiarna, éist linn.

3. Go raibh Spiorad an Tiarna dár ngriosú chun bheith rannpháirteach i saol an phobail. A Thiarna, éist linn.

A Dhia na beatha, cuidigh linn éisteacht leis an Spiorad Beannaithe atá ag borradh inár gcroíthe, tré Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Faoi scáth an Spioraid, guímis chun an Athar i bhfocail Chríost:

 

Focal scoir

Glaine ár gcroí,

Neart ár ngéag

Agus beart de réir ár mbriathair.

Trí tréithe na Féinne

 

* * *

20ú Eanáir 2019
An Dara Domhnach
den bhliain

 

Tús

Tá Dia maith agus tá máthair mhaith aige agus aithníonn siad beirt an maitheas ata ionainne agus inár saol.

 

Smaoineamh

Ar a chuairt go hÉirinn ag deireadh an tsamhraidh anuraidh, thug an Pápa Proinsias cuairt ar Ionad Lae na gCaipísíneach i gcroí lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Chuaigh cuid oibre an Bhráthar Kevin agus a fhoireann ar shon na cosmhuintire i bhfeidhm go mór air. Dúirt an Pápa gur léirigh siad gnúis Chríost daofa sin a bhí gan dídean. B’fhiú aird a thabhairt ar a raibh le rá ag an bhráthair cheanúil: ‘Sé’n príomh chúram atá ormsa ná meas agus ómós a thabhairt do gach duine atá ag freastal ar an ionad seo. Ní chuireann muid ceisteanna ar bith orthu mar measann muid go bhfuil sé deacair go leor acu theacht anseo lena gcuid páistí ar lorg bia. Dhéanann muid cinnte nach mbeidh ocras orthu’. Tá flaithiúlacht iontach sna focail sin. Tá an fhlaithiúlacht chéanna le fáil i soiscéal an lae inniu nuair nach raibh fíon ar bith ag an lanúin phósta dá gceiliúradh. B’ábhar mór buartha é ag ócáid speisialta mar sin. Ní amháin gur chuir Íosa an iomarca fíona ar fáil ach ba scoith na fíona a bhí ann. Gníomh flaithiúil a rinne Íosa agus tugtar le fios dúinn gur comhartha an fhlaithiúlacht seo go bhfuil Ríocht Dé inár measc. Dírítear ár n-aird ar fhlaithiúlacht Dé. De réir Shoiscéal Eoin, bhí tús á chur le obair Chríost i measc an phobail agus b’é flaithiúlacht Dé bunchloch a Shoiscéil. Is cuma cé comh briste, brúite is atáimid, tá ómós agus meas ag Dia orainne agus níl teora lena ghrá ná srian lena fhlaithiúlacht.

 

Guí an Phobail

Mar go bhfuil Dia fial, iarraimís air éisteacht lenár bpaidreacha i ngleann seo na ndeor:

1. Go raibh an tarrtháil is dual daofa ag imircigh agus ag dídeanaithe. A Thiarna, éist linn.

2. Go raibh daoine atá i ngrá maith dá chéile agus dílis dá chéile. A Thiarna, éist linn.

3. Go raibh maitheas Dé mar shnaidhm aontachta i measc lucht leanúna Chríost. A Thiarna, éist linn.

A Dhia an ghrá, cuidigh linn dóchas agus grá a chothú inár dteaghlaigh, i measc Chríostaithe agus inár saol, tré Íosa Críost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Meallta ag cineáltas agus flaithiúlacht Dé, guímis go raibh ríocht Dé inár measc:

 

Focal scoir

Fíon is flúirse

Ag bainis an iontais

Suáilceas is saoirse

Ag bord an mhuintearais.

Grá foighdeach is séimh

Lán de mhaithiúnas

Grá seasmhach, gan maíomh

Le dílseacht is dóchas.

 

* * *

20ú Eanáir 2019
An Tríú Domhnach
den bhliain

 

Tús

Is ábhar áthais agus dóchais dúinn theacht i láthair Dé agus i gcuideachta a chéile.

 

Smaoineamh

Tá Íosa é féin ag léamh an tsoiscéil sa teampall ina bhaile dhúchais. Is é flaithiúlacht Dé bunchloch a shoiscéil agus tá sé soiléir indiaidh a sheanmóra caidé mar is dual do ghrá thrócaireach Dé ceart agus cóir a thabhairt don chosmhuintir: ábhar áthais a fhógairt do na bochta, saoirse daofa sin atá faoi dhaoirse, radharc do dhalla. Is furast a shamhailt go bhfuil an chairt spioradálta seo dírithe ar dhaoine eile. Is cinnte go bhfuil ach ta sé dírithe orainne féin sa chéad áit. Tig linn uilig scrúdú coinsiasa a dhéanamh.

An bhfuil muid saibhir i súile Dé? Má’s amhlaidh atá, táimid bocht i spiorad agus mar sin beidh báidh fa leith againn le bochta uilig an domhain.

‘Bhfuil saoirse chlann Dé againn? Is iomaí rud is féidir muid a chur i ngéibheann. Is iomaí cinéal braighdeanais ann. Tá a scéal féin le
h-inse ag gach duine. Mar is fearr a admhaímid go h-umhal mar a rinne grásta Dé tarrtháil orainn, is amhlaidh is fearr atá dáimh againn leo siúd atá ag streachailt i láthair na h-uaire.

An bhfuil dearcadh folláin againn ar Dhia agus ar dhuine agus ar an tsaol chruthaíoch uilig? Cuireann Íosa fís Dé don chine daonna os ár gcomhair bunaithe ar fhlaithiúlacht agus ar thrócaire Dé. An bhfuil muid dall nó caoch maidir le fís Dé?

Má tá muid ábalta freagra ionraice a thabhairt ar na ceisteanna sin, is gaire a bhéas muid do chroí an tSoiscéil.

 

Guí an Phobail

Cuirimís mianta ár gcroíthe i láthair Dé agus dóchas Shoiscéal Chríost dár spreagadh:

1. Go raibh Soiscéal Chríost mar ábhar misnigh agus dóchais dúinn i gcónaí. A Thiarna, éist linn.

2. Go raibh meas ag pobal ár scoileanna, idir fhoireann agus daltaí, ar fhiúntas an tSoiscéil. A Thiarna, éist linn.

3. Go raibh meas againn ar dhaoine a bhfuil féin-mheas in easnamh ina saol. A Thiarna, éist linn.

A Dhia cheanúil, go raibh briathra ár mbéil agus smaointe ár gcroíthe taitneamhach i do láthair, tré Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Go raibh toil Dé greanta inár gcroíthe mar a bhí sé i gcroí Íosa nuair a dúirt sé an phaidir seo:

 

Focal scoir

Fuaiscailt na mbocht

Ag cosaint gach ceart.

Radharc na ndall

Ag teacht go mall.

Laigeacht le neart

Briathar le beart.

Céim ar chéim

Críost i réim.

 

Download PDF here