Leathanach don Cheiliuraí

You can download and print the December/January Leathanach don Cheiliuraí here.

 

An Dara Domhnach den Aidbhint – 4 Nollaig, 2016

Réamhrá

Fáilte romhaibh chuig an Aifreann. Tá teachtaire Dé ag teacht ós ár gcomhair sa liotúirge inniu. Sin é Eoin Baiste. Sé a deir sé linn ná: ‘Ullmhaigí bóthar an Tiarna.’ Déanaimid é sin trí aithrí a dhéanamh.

 

Smaoineamh

Tá an Nollaig amach romhainn agus caithimid ullmhúchán a dhéanamh. Tá na tithe agus na sráideanna sna bailte móra á maisiú. Tá na siopaí gléasta cheanna féin agus tá said lán de rudaí deasa. Tá daoine ag ceannach bronntanas dá ngaolta agus dá gcáirde. Is maith an rud é sin mar is comhartha ghrá atá sna mbronntanais. Féile ghrá Dé is ea an Nollaig: go raibh grá chomh mór sin ag Dia dúinn gur sheoil sé a mhac chughainn chun é sin a léiriú. Thug Dia an bronntanas is mó riamh nuair a thug sé a mhac dúinn.

Nuair a fhágaimid na siopaí, áfach, agus nuair a théimid isteach sa séipéal, tá atmaisféar difriúil ar fáil. Tá sé ciúin ansin agus tá an liotúirge níos simplí ná mar is gnáth. Fiú amháin, tá éidí corcra ar an sagart. Is amhlaidh go bhfuil ullmhúchán de shaghas eile ar siúl anseo. Caithimid ár n-aigní agus ár n-anama a ullmhú chomh maith. Sna léachtaí bualaimid be beirt fáidh chun cabhrú linn.

Tugann Ísáia fís dúinn den todhchaí: cén sort domhain a bhféadfadh a bheith ann. Fís na síochána atá ann. Fís Ríochta Dé atá ann mar beidh Searbhónta Dé mar rí agus beidh Spiorad an Tiarna ag lonnú air: ‘spiorad na heagna agus na tuisceana, spiorad na comhairle agus na cumhachta, spiorad an eolais agus eagla an Tiarna.’ Tá an liosta sin ar eolas againn. Chualamar é nuair a chuamar faoi lámh an easpaig. Iartar orainn bronntanais an Spioraid Naoimh a léiriú in ár saol anois chun fáiltú roimh Críost in ár measc, chun a ríocht a chur i bhfeidhm ar domhain.

An fáidh eile is ea Eoin Baiste. B’eisean an teachtaire a tháinig díreach roimh an Tiarna féin. Cad atá le rá aige dúinne inniu? ‘Ullmhaigí bóthar an Tiarna,’ a deir sé, ‘déanaigí díreach a chasán.’ B’fhéidir go bhfuil rudaí casta in ár saol. Tugann Dia deis againn na rudaí sin a dhíriú, go h-áirithe má tá fadhbanna againn le daoine eile.

Múineann Eoin Baiste ceacht eile dúinn sa tslí ina mhair sé féin. Bhí a shaol dírithe ar Dhia. Bhí Dia i dtosach áite aige. Múineann sé dúinn go bhfuil ullmhúchán níos tábhachtaí le déanamh againn ná an siopadóireacht agus an maisiú tí. I dtús báire ba cheart dúinn ár n-aigní a dhíriú chun Dé agus sa dara h-áit na fadhbanna idir dhaoine a réiteach. Ullmhaímis ár gcroíthe i gcomhair Mhac Dé.

 

Guí an Phobail

Tugaimís ár bpaidreacha ós comhair Dé.

1.   Guímid ar an bPápa, na h-easpaig agus orthu siúd go léir a dheineann freastal ar Phobal Chríost, go neartaí Dia iad ina saothar. A Thiarna éist linn.

2.   Guímid orthu siúd go léir a bhfuil an cúram poiblí acu, go stiúra Dia iad an ceart agus an tsíocháin a chur chun cinn. A Thiarna éist linn.

3.   Guímid ar dhaoine óga: go dtuga Dia a ghrásta dóibh agus iad ag tabhairt aghaidh ar an saol. A Thiarna éist linn.

4.   Guímid ar na daoine atá tinn, orthu siúd atá uaigneach agus orthu siúd atá i gcrua-chás ar bith. A Thiarna éist linn.

5.   Guímid ar ár ngaolta agus ar ár gcáirde atá imithe romhainn ar shlí na fírinne. A Thiarna éist linn.

A Dhi , ár nAthair, sin iad ár n-achainíocha. Aontaímid iad le íobairt Chríost san Aifreann seo. Trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Ullmhaímis bóthar an Tiarna leis an phaidir a mhúin Íosa dúinn.

 

Focal Scoil

Go raghaidh Mac Dé an casán fada romhainn,

Go ngeobhaimís buíochas leis i Ríocht na bhFlaitheas.

Go dté sibh slán faoi shíocháin Chríost.

* * *

 

Giniúint gan Smál na Maighdine Beannaithe Muire – 8 Nollaig, 2016

Réamhrá

Fáilte romhaibh go léir inniu chuig an Aifreann agus Féile na Maighdine á cheiliúradh againn. Tugaimid buíochas do Dhia ar son Mhuire a ghineadh gan smál.

 

Smaoineamh

Nuair a thaispeáin Muire í féin do Bhernadette i Lourdes na Fraince, d’iarr an cailín óg sin uirthi a h-ainm a insint di. Faoin am seo bhí Bernadette tar éis an bhean uasal áilinn a fheiscint roinnt uaire agus fuair sí teachtaireacht uaithi iarraidh ar na sagairt séipéal a thógáil. Dúirt an sagart paróiste ceist a chur chuig an bhean cérbh í. Níor thug an bhean freagra ar dtús, ach ansin d’árdaigh sí a shúle agus a lámha chun na bhflaitheas agus dúirt sí: ‘Is mise an Ghiniúint gan Smál.’ Níor thuig Bernadette cad ba bhrí le sin agus tá sé suimiúil gur thug Muire ceann dá teidil in ionad ainm pearsanta. B’fhéidir gur theastaigh uaithi an béim a chur ar an bpáirt a bhí aici i bplean slánú Dé.

I bplean Dé bhí páirt ar leith ag Muire. Máthair Dé, Máthair an tSláinitheora a bhí inti. Nuair a thugann Dia obair ar leith do dhuine, tugann sé don duine sin na grástaí a bhaineann léi. Bhí naofacht thar barr ag baint le bheith ina máthair do Mhac Dé. Mar sin thug Dia naofacht neamh-ghnách do Mhuire. Coimeád sé í soar on bpeaca ó thus a saol, fiú amháin ón neomait ina ghineadh í. Bhí Muire soar ó pheaca ár sinsear trí thuillteanas a mhac.

Tugadh grásta ar leith do Mhuire, ach ag an am chéanna, bhí uirthi comhoibriú leis an ngrásta sin. Níor chuireadh iachall uirthi. Sa soiscéal a chualamar inniu is féidir a thuiscint gur ghlac Muire le toil Dé. Bhí saoirse aici. Táimid go léir i bhfiacha di. Bhí a toilteanas riachtannach chun go mbainfí amach slánú an domhain.

Cé go raibh an naofacht aonair ag Muire a cheiliúraimid inniu, ní h-ionann sin is a rá go raibh saol éasca aici, ná nach raibh uirthi creideamh a bheith aici. Bhí a saol mar ba ghnáth ag bean sa tréimhse sin. Bhí uirthi obair an tí a dhéanamh. Chaith sí seal mar dhídeanaí san Éigipt nuair a bhí ar an Teaghlach Naofa teitheadh ó shaighdiúirí Hearóid. Nuair a chailleadh Íosa i Ieriusailéim, d’fhulaing sí an sort imní a bhíonn ag gach tuismitheoir. Nuair a fhás Íosa suas agus nuair a thosaigh sé ar a shaol poiblí, d’fhuaing sí míthuiscint na gcomharsan. Agus, ar ndóigh, lean Muire a mhac ar Aoine an Chéasta agus d’fhulaing sí a páis féin an lá sin.

Cad é an cheacht a fhoghlaimímid ó Mhuire agus go h-áirithe ón bhféile a cheiliúraimid inniu? An chéad rud , is dóigh liom, ná go dtugann Dia Mhire dúinn mar eiseamláir. Tá páirt ag Dia do ghach duine againn ina phlean. Ghlaonn sé ar ghach duine againn comhoibriú leis chun ár slánú féin agus slánú an domhain a bhaint amach. Taispeáineann Muire dúinn conas an ghlaoch sin a fhreagart le grá agus le muinín i ngrásta Dé.

 

Guí an Phobail

Tugaimís ár bpaidreacha ós comhair Dé.

1.   Guímid ar son na síochána agus ar son an athmhuintiris, ar fud an domhain agus in ár dtír féin. A Thiarna éist linn.

2.   Guímid ar mhuintir Chríost, go mbeadh Muire gan Smal mar eiseamlár againn i gcónaí. A Thiarna éist linn.

3.   Guímid ar mhisinéirí: go dtuga Dia neart agus misneach dóibh a bhriathar a chraomhscaoileadh. A Thiarna éist linn.

4.   Guímid ar na daoine atá tinn, orthu siúd atá uaigneach agus orthu siúd atá i gcrua-chás ar bith. A Thiarna éist linn.

5.   Guímid ar ár ngaolta agus ar ár gcáirde atá imithe romhainn ar shlí na fírinne. A Thiarna éist linn.

A Dhia, ár nAthair, sin iad ár n-achainíocha. Aontaímid iad le idirghuí na Maighdine Muire agus na naomh go léir. Trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Le h-áthas chroí ghlaoimid Athair ar Dhia. Mar sin, aontaithe le clann Dé ar fad guímis:

 

Focal Scoir

Faoi bhrat Mhuire go raibh sibh.

Go dté sibh slán faoi shíocháin Chríost.

* * *

 

Triú Domhnach den Aidbhint – 11 Nollaig, 2016

Réamhrá

Fáilte romhaibh chuig an Aifreann. Sé an teidil atá ar Aifreann an lae inniu sa Laidin ná ‘Gaudete’. Ciallaíonn sé sin: ‘Déanaigí lúcháir.’ Déanaimid lúcháir toisc go bhfuil slánú Dé ag teacht. Ní fada uainn an Tiarna.

 

Smaoineamh

Nuair a fhéachaimid ar an nuacht ar an dteilifís aon oíche is droch-scéalta is mó a bhíonn inti. Tá sé deacair a bheith dóchasach nó áthasach faoi staid an domhain. Bhí sé mar an gcéanna in am na bhfáithe. Bhí a naimhde ag bagairt ar Iosrael. Bhí cogaí ar siúl agus bhí mícheart á dhéanamh. Ach ag an am chéanna bhí na fáithe, cosúil le Ísáia in ann dóchas a thabhairt do Phobal Dé. Bhí dea-scéal acu agus bhí an scéal sin níos láidre ná an droch-scéal. Bhí rud nua chun tárlú. Ní raibh Dia tar éis dearmad a dhéanamh ar a phobal. Thiocfadh sláinitheoir, Seirbhíseach an Tiarna, a chuirfeadh síocháin agus ceart i bhfeidhm. Bheadh radharc ag na daill, fiú amháin, agus siúl a gcos ag bacacha.

Bhí na fáithe in ann na rudaí ag bhí ag tárlú a thuiscint i gcomhthéacs níos fairsinge, sé sin plean Dé don domhain agus thuig said gur plean dearfach a bhí ann, mar go raibh grá ag Dia dá phobal agus don domhain. Is féidir linn ceacht a fhoghlaim ón nádúr ag an am seo den bhliain go h-áirithe. Sa gheimhreadh tá cuma ar an talamh go bhfuil na plandaí go léir marbh, ach tiocfaidh an t-earrach agus beidh gach rud ag fás arís. Is toisc go bhfuil a fhios againn go bhfuil an t-earrach ag teacht gur féidir linn an gheimhreadh a fhullaingt. Tugann fís an todhchaí misneach agus dóchas dúinn. Luann Naomh Séamus an feirmeoir. Tá sé foighneach, mar tuigeann sé go dtiocfaidh an fómhair agus an t-earrach.

Nuair a cuireadh Eoin Baiste i bpríosún, bhí sé deacair dó plean Dé a thuiscint. Cad a bhí ag tárlú? Sheoil sé a dheiseabail chuig Íosa chun a fháil amach. Thaispeáin Íosa dóibh go raibh na rudaí a bhí luaite ag Ísáia ag tárlú. ‘Tá radharc ag dalla, tá súil a gcos ag bacacha, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin.’ Ach caithfí creidiúint. Má tá radharc an chreidmhí again, feicfimid a lán rudaí maithe ag tárlú.

Fiú amháin sa saol atá ann faoi láthair, tá an dea-scéal níos láidre ná an droch-scéal. Tá fuath agus éad ann, ach tá grá agus cinnealtáltas ann chomh maith agus tá said níos láidre. Tá tíortha ina bhfuil cogadh agus foréigean, ach tá níos mó tíortha ann ina bhfuil síocháin. Tá daoine ag obair chun Ríocht Dé a chur chun chinn agus tá ag éirí leo. Beidh an bua ag Críost an Tiarna sa deireadh. Mar sin is féidir linn a bheith lúcháireach. Dea-scéal a bheidh i stair an domhain, nuair a bheidh an scéal go léir le cloisint againn agus nuair a bheidh plean Dé le feiscint againn go h-iomlán. Tárlóidh sé sin nuair a thiocfaidh Críost athuair.

 

Guí an Phobail

Tugaimís ár bpaidreacha ós comhair Dé.

1.   Guímid ar an bPápa, na h-easpaig agus orthu siúd go léir a dheineann freastal ar Phobal Chríost, go neartaí Dia iad ina saothar. A Thiarna éist linn.

2.   Guímid orthu siúd go léir a bhfuil an cúram poiblí acu, go stiúra Dia iad an ceart agus an tsíocháin a chur chun cinn. A Thiarna éist linn.

3.   Guímid ar dhaoine óga: go dtuga Dia a ghrásta dóibh agus iad ag tabhairt aghaidh ar an saol. A Thiarna éist linn.

4.   Guímid ar na daoine atá tinn, orthu siúd atá uaigneach agus orthu siúd atá i gcrua-chás ar bith. A Thiarna éist linn.

5.   Guímid ar ár ngaolta agus ar ár gcáirde atá imithe romhainn ar shlí na fírinne. A Thiarna éist linn.

A Dhia, ár nAthair, sin iad ár n-achainíocha. Aontaímid iad le íobairt Chríost san Aifreann seo. Trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Ullmhaímis bother an Tiarna leis an phaidir a mhúin Íosa dúinn.

 

Focal Scoil

Go raghaidh Mac Dé an casán fada romhainn,

Go ngeobhaimís buíochas leis i Ríocht na bhFlaitheas.

Go dté sibh slán faoi shíocháin Chríost.

* * *

 

An Ceathrú Domhnach den Aidbhint – 18 Nollaig, 2016

Réamhrá

Fáilte romhaibh chuig an Aifreann. Is léir dúinn sna léachtaí atá againn inniu nach fada uainn Féile na Nollag anois. Tá an ógbhean ag iompar agus saolóidh sí mac. Deir an t-aingeal le Iosaif: ‘Ná bíodh eagla ort.’

 

Smaoineamh

Thogh Dia beirt comhoibrithe ar leith chun a Mhac a shaolú. Sheoil sé aingeal go dtí Mhuire chun iarraidh uirthi a bheith ina máthair dá Mhac. Bhí páirt sár-thábhachtach aici i bplean Dé. Ach bhí duine eile chomh maith a raibh páirt an-speisialta aige. Ba é sin Naomh Iosaif. Thogh Dia é chun a bheith ina chosantóir ar a Mhac agus ar Mhuire. Níos mó ná sin, thóg sé áit an athar a thógaint don Leanbh Íosa.

Caithimid smaoineamh ar an mbuaireamh chroí a bhí ar Iosaif nuair a fuair sé amach go raibh Muire ag iompar clainne. Bhí a leithéad as an ghnáth ar fad don bhean óg sin. An uair sin ní bhíodh mórán chaidrimh idir fear agus bean roimh a bpósta. Bhí ar Iosaif an fhadhb seo a réiteach dó féin. Fear ionraic a bhí ann agus níor theastaigh uaidh go gcuirfí an dlí i bhfeidhm ar Mhuire, mar d’fhéadfaí í a dhaoradh chun báis. Bhraith sé ar Dhia agus bhí sé ag machnamh cad ba cheart a dhéanamh. Fuair sé an freagra i mbroinglóid ón Tiarna. Is amhlaidh go raibh creideamh láidir ag Iosaif agus gur chuir sé a mhuinín i nDia. Ar aon nós, tugadh síocháin aigne dó.

Ní thugann na Soiscéil mórán eolais dúinn ar óige Íosa, ach buailimid le Iosaif cúpla uair eile. Bíonn ar an Teaghlach Naofa teitheadh go hÉigipt toisc go bhfuil an Rí Héaród ag iarraidh an Leanbh a mharú. Arís faigheann sé comhairle i mbrionglóid. Ina dhiaidh sin cuireann said fúthu i Nazarat. An chéad uair eile a chloisimid faoin dteaghlach, tá said ar oilithreacht go dtí Iarúsailéim cosúil le aon teaghlach Giúdach eile. Mar is eol dúinn cailltear Íosa ar feadh trí lá. Nuair a fhaigheann a thuismitheoirí é sa teampall, deir Muire: ‘A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí d’athair agus mé féin do do lorg go cráite.’ Thóg sí ‘athair’ ar Iosaif, mar ba é sin an pháirt a ghlac Iosaif don Leanbh Íosa.

Bhí bean rialta a bhí ina séiplíneach ar phríosún. Nuair a tháinig Lá na Máthair, bhí na príosúnaigh go léir ag lorg cártaí chun iad a sheoladh go dtí n-a máithreacha agus ní raibh go leor cártaí aici. Mar sin, nuair a bhí Lá na nAthair ag teacht, cheannaigh sí bosca mór cártaí chun go mbeadh go leor aici. Ach níor iarr éinne cárta uaithi. Nuair a bhí sí ag machnamh ar cad a thárla, dúirt sí léi féin go mb’fhéidir gurbh é sin an fáth go raibh na fir sin i bpríosún. Ní raibh aithreacha acu, nó b’fhéidir go raibh, ach níor samlaí matha a bhí ionta.

In Éirinn tá an-mheas again ar máithreacha agus is maith an rud é sin. Ba cheart dúinn béim níos mó a chur ar aithreacha. Tá tábhacht ar leith ag baint leo. Mhúin Iosaif a lán rudaí don Leanbh Íosa. Bhí sé ann an t-am ar fad in óige Íosa mar dhuine láidir. Ní raibh mórán le rá aige, ach ba dhuine é ar féidir braith air.

 

Guí an Phobail

Tugaimís ár bpaidreacha ós comhair Dé.

1.   Guímid ar thuimitheoirí, go mbeidh said in ann grá Dé a léiriú dá gclann. A Thiarna éist linn.

2.   Guímid orthu siúd go léir atá ag fullaingt de bharr chogaidh. Go dtuga Dia síocháin um Nollag seo. A Thiarna éist linn.

3.   Guímid ar dhaoine óga: go dtuga Dia a ghrásta dóibh agus iad ag tabhairt aghaidh ar an saol. A Thiarna éist linn.

4.   Guímid ar na daoine atá tinn, orthu siúd atá uaigneach agus orthu siúd atá i gcrua-chás ar bith. A Thiarna éist linn.

5.   Guímid ar ár ngaolta agus ar ár gcáirde atá imithe romhainn ar shlí na fírinne. A Thiarna éist linn.

A Dhia  ár nAthair, sin iad ár n-achainíocha. Aontaímid iad le íobairt Chríost san Aifreann seo. Trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Ullmhaímis bother an Tiarna leis an phaidir a mhúin Íosa dúinn.

 

Focal Scoil

Go dtuga Dia cúnamh dúinn agus go gcuire sé ar ár leas sinn.

Go dté sibh slán faoi shíocháin Chríost.

* * *

 

Sollúntas Bhreith Ár dTiarna – 25 Nollaig, 2016

Réamhrá

Tá an lá mór tagtha. Ceiliúraimid breith ár dTiarna. Tá fáilte romhaibh go léir go dtí an Aifreann. Cuirim fáilte ar leith roimh na daoine atá thagtha abhaile um Nollag.

 

Smaoineamh

Mar a dúirt mé i dtosach, cuirim fáilte ar leith roimh na daoine atá tar éis teacht abhaile chun bheith lena dteaghlaigh chun an Nollaig a cheiliúradh. Is maith le gach duine a bheith sa bhaile um Nollag. Uaireanta bíonn slí fada le taisteal. Ag an am seo den bhliain bíonn cruatan le fullaingt mar gheall ar an aimsir agus an méid sin daoine a mbíonn ag taisteal ag an am chéanna. B’fhéidir go raibh ort bád nó eitileán a thógaint agus ansin bus nó teacsaí a fháil. Ach braithimid gur fiú é chun a bheith aontaithe len ár muintir don lá speisialta seo.

De réir an chuntais a thugann Naomh Lúcás dúinn, bhí ar Iosaif agus Muire taisteal chomh maith. Bhí said ag dul abhaile. Ach ní bhfuair said fáilte ró-mhaith óna ngaolta féin. Bhí orthu cur fúthu i stábla. Ní raibh slí dóibh san ósta. Bhí cruatan le fullaingt acu. Is dócha gur cheap said go raibh sé mí-ámharach ortha a bheith ag taisteal agus Muire ag iompar clainne. Ag an am is dócha nár thuig said cén fáth gur thit rudaí amach sa tslí sin. Ní bhfuair said compord an tsaoil seo agus ní bhfuair said an fáilte a raibh said ag tnúth leis. Ach bhí an rud go léir beartaithe ag Dia chun ceacht a mhúineadh don domhain.

Nuair a saolaíodha Mhac bhí beartaithe ag Dia go mbeadh an rud is tábhachtaí aige. Ba é sin an ghrá. Bhí grá Mhuire agus Iosaif aige. Bhí sé sin níos fearr ná a bheith saolaithe san óstán is galánta ar domhain. Cuireadh fáilte roimhe ag na h-aoirí. Ní do na h-oifigigh sa chúirt ríoga i Iarúsailéim, ná fiú amháin do na sagairt sa teampall, a chuaigh an t-aingeal leis an dea-scéal, ach do dhaoine bocha a bhí ag fullaingt cruatan agus a bhí ar an dtaobh amuigh den saol compordach a bhí ag na daoine sa bhaile mór. Bhí a gcroíthe oscailte chun fáilte a chur roimh Mac Dé.

B’fhéidir gurb é sin an ceacht a theastaigh ó Dhia a mhúineadh don domhain. Ba mhian leis go mbeadh an breith is fearr ag a Mhac agus go gcuirfí an fáilte is fearr roimhe. Agus is mar sin a thárla. Saolaigh Muire é le cion thar barr. Bhí Iosaif mar cosantóir grámhar aige agus bhí daoine bochta, daoine macánta ann chun fáilte a chur roimhe. Nuair a dhein Muire machnamh ina croí ar chonas a thit rudaí amach, thuig sí go raibh gach rud i gceart mar ba thoil Dé é.

 

Guí an Phobail

Tugaimís ár bpaidreacha ós comhair Dé.

1.   Guímid ar Phobal Dé, go dtuga Dia grásta dúinn breith Chríost a fhógairt don domhain. A Thiarna éist linn.

2.   Guímid ar son na síochána ar fud an domhain, agus ar rialtais an domhain go n-oibrí said ar son na síochána agus an chirt. A Thiarna éist linn.

3.   Guímid ar theaghlaigh, go mbeadh grá Dé ina measc i gcónaí. A Thiarna éist linn.

4.   Guímid ar na boicht, go h-áirithe orthu siúd atá gan dídean um Nollaig. A Thiarna éist linn.

5.   Guímid ar na marbh, go mbeadh said i bhfochar Íosa, Muire agus Iosaif ar neamh. A Thiarna éist linn.

A Dhia, ár nAthair, tá lán-mhuinín again as an ngrá atá agat dúinn. Mar sin cuirimid na h-achainíocha seo ós do chomhair trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

D’oscail Íosa dúinn slí isteach i gcroí ár nDé: mar sin tá sé de mhisneach again Athair a ghlaoch air.

 

Focal Scoir

‘Sé do bheatha, a Linbh a rugadh sa stábla.

‘Sé do bheatha, a Mhuire, ós tú a Mháthair.

Céad mile moladh leat, a Rí na nAingeal.

Go dté sibh slán faoi shíocháin Chríost.

* * *

 

Féile an Teaghlaigh Naofa – 30 Nollaig, 2016

Réamhrá

Tá fáilte romhaibh go léir go dtí an Aifreann inniu agus Féile an Teaghlaigh Naofa á cheiliúradh again. Smaoinímid ar ár dteaghlaigh féin agus ar teaghlaigh an domhain.

 

Smaoineamh

Uaireanta smaoinímid go bhfuil na scéalta agus na cúntais sa Bhíobla mar gheall ar rudaí a thárla fadó, fadó. I slí amháin tá sé sin fíor, ach i slí eile tá na scéalta sin mar gheall ar rudaí atá ag titim amach faoi láthair. Cuir i gcás an soiscéal atá cloiste againn san Aifreann seo. Tá cúntas ann faoi theaghlach a bhfuil orthu teitheadh as a dtír féin toisc go bhfuil eagla orthu. Teitheann said i lár na h-oíche agus ní féidir leo aon rud a thógaint leo. Téann said go dtí tír eile, fiú amháin mór-roinn eile, mar níl aon rogha acu. Nach bhfuil an rud céanna le feiscint gach oíche ar an dteilifís? Agus, fiú amháin, tá na daoine atá ag teitheadh anois ag imeacht as an réigiúin chéanna as ar theith an Teaghlach Naofa.

Um Nollag agus sna féilte eile a cheiliúraimid ag an am seo den bhliain, is é an Ionchollú atá á cheiliúradh againn. Ciallaíonn sé sin gur thóg Dia an daonnacht chuige féin. Chaith Mac Dé saol daonna agus mar chuid de sin ghlac sé leis an gcruatan a bhaineann le saol an duine sa saol seo. Bhí sé ina theifeach agus ina dhídeanaí, mar ba é sin an sort domhain inar saolaíodh é. Bhí mícheart á fhullaingt ag daoine agus bhí sé mar an gcéanna ag Mac Dé.

Bhí ar Mhuire agus Iosaif gnáth-shaol a chaitheamh. Bhí said cosúil le tuismitheoirí eile. Bhí bochtaineacht le fullaingt acu agus baol ó na rudaí a bhí ag tuitim amach sa pholaitíocht. Bhí imní orthu faoi na rudaí sin. Cosúil le gach duine eile bhí ar Mhuire agus Iosaif creideamh a bheith acu. Ní raibh gach rud soiléil dóibh. Nuair a chailleadh Íosa ar feadh trí lá i Iarúsailéim, bhí imní orthu cosúil le aon tuismitheoir i gcás mar sin.

D’fhás Íosa suas. Chuaigh sé ar scoil. Bhí air rudaí a fhoghlaim cosúil le aon pháiste eile. D’fhoghlaim sé ceird na siúinéireachta ó Iosaif agus d’obair sé mar shiúinéir go dtí go raibh sé thart ar thriocha bliain. Chaith sé I bhfad níos mó ama ag obair mar ghnáth-oibrí ná mar a chaith sé ina shaol phoiblí ag múineadh agus ag laigheas. Múineann sé sin dúinn an tábhacht a bhaineann leis an ghnáth-shaol atá againn go léir. In ár saol le chéile sa teaghlach, san obair a dhéanaimid gach lá: is ansin a bhuailimid le Dia. Mar a dúirt Naomh Treasa, siúlann Dia i measc na bpotaí sa chistin.

 

Guí an Phobail

Tugaimís ár bpaidreacha ós comhair Dé.

1.   Guímid ar son na síochána ar fuaid an domhain. A Thiarna éist linn.

2.   Guímid ar ár bPápa, ar na h-easpaig, na sagairt agus urthu siúd go léir a bhfuil cúram Phobal Dé acu. A Thiarna éist linn.

3.   Guímid ar thuismitheoirí: go mbeidh said in ann grá Dé agus creideamh Chríost a léiriú dá bpáistí. A Thiarna éist linn.

4.   Guímid ar na daoine atá tinn, orthu siúd atá ag saothrú an bháis agus orthu siúd atá i gcrua-chás ar bith. A Thiarna éist linn.

5.   Guímid ar ár ngaolta agus ar ár gcáirde atá imithe romhainn ar shlí na fírinne. A Thiarna éist linn.

A Dhia , ár nAthair, tá lán-mhuinín again as an ngrá atá agat dúinn. Mar sin cuirimid na h-achainíocha seo ós do chomhair trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

D’oscail Íosa dúinn slí isteach i gcroí ár nDé: mar sin tá sé de mhisneach again Athair a ghlaoch air.

Focal Scoir

Faoi bhrat Mhuire agus faoi choimirce Naoimh Iosaif go raibh sibh.

Go dté sibh slán faoi shíocháin Chríost.

* * *

 

Sollúntas Mhuire Beannaithe Máthair Dé – 1 Eanáir, 2017

Réamhrá

Nuair a saolaítear leanbh smaoinímid go h-áirithe ar an máthair chun comhgháirdeachas a dhéanamh léi. Sin é brí na féile seo. Seo é an lá ar bhronnadh a ainm ar Íosa. Chomh maith le sin tá tús na bliana á cheiliúradh againn agus táimid ag féachaint ar aghaidh le dóchas.

 

Smaoineamh

Nuair a shaolaítear leanbh bíonn na tuismitheoirí lán dóchais. Bíonn súil acu go mbeidh sláinte agus sonas ag an leanbh agus b’fhéidir go mbíonn said ag smaoineamh ar chén sort duine a bheidh ann mar dhuine fásta. Uaireanta phiocann said ainm a chiallaíonn rud éigin agus a chuireann in iúl an dóchas nó an fís atá acu don leanbh. Ní raibh aon deacracht ag Muire agus Iosaif ainm a phiocadh don leanbh mar thug an tAingeal Gaibriél an t-ainm Íosa dó sular saolaíodh é. Ciallaíonn an t-ainm sin ‘Slánaíonn an Tiarna.’ Tháinig Íosa ar domhain chun Ríocht Dé a bhunú. Bhunaigh sé réimse Dé ina phearsa féin agus ansin bhunaigh sé an Eaglais mar tús na Ríochta.

Tá tús na bliana beagáinín cosúil le breith. Uaireanta samhlaítear an tAthbhliain mar leanbh. Feictear é sin go minic sna nuachtáin. Ar an lá seo bímid ag féachaint ar aghaidh, ag smaoineamh ar chén sort bliana a bheidh againn. Cad é an fís atá againn don domhain san athbhliain seo? Tá a fhios againn an fís atá ag Dia don domhain. Glaotar ‘Ríocht Dé’ ar an bhfís sin: ríocht an fhírinne agus an chirt, ríocht an ghrá, ríocht na síochána. An leanbh a ainmnítear inniu is Sláinitheoir an Domhain é. Tá teidil eile aige. Is Prionsa na Síochána é agus is Banríon na Síochána í a mháthair.

D’iarr an Pápa Beannaithe Pól a Sé go mbeadh an lá seo ina Lá Domhanda Síochána. Ceapann roinnt daoine nach féidir an tsíocháin a bhaint amach ar talamh. Ach mar Chríostaithe caithimid creidiúint gur féidir, mar is toil Dé é go mbeadh síocháin agus ceart ar talamh. Ní bheidh Ríocht Dé foirfe go dtí go dtiocfaidh Críost athuair, ach idir an dá linn, tá sé de dhualgas orainn oibriú chun í a bhunú agus luachanna na Ríochta a chur i bhfeidhm chomh fada agus is féidir linn.

Ghlaoimid ar Mhuire, Máthair Dé agus Banríon na Síochána, stad a chur leis an bhfoiréigin agus athmhuintearas a bhunú idir dhaoine. Caithimid muinín a bheith againn i gcomhacht na n-urnaí. Nuair a bhí an choimhlint in ár dtír féin bhíodh daoine ag guí ar son na síochána. Freagraíodh na paidreacha sin. Tá an tsíocháin againn anois. Is féidir an rud céanna a thárlú sna tíortha eile ina bhfuil cogadh agus coimhlint faoi láthair.

 

Guí an Phobail

Tugaimís ár bpaidreacha ós comhair Dé.

1.   Guímid ar son na síochána ar fuaid an domhain sa bhliain atá romhainn. A Thiarna éist linn.

2.   Guímid ar ár bPápa, ar na h-easpaig, na sagairt agus urthu siúd go léir a bhfuil cúram Phobal Dé acu. A Thiarna éist linn.

3.   Guímid ar thuismitheoirí: go mbeidh said in ann grá Dé agus creideamh Chríost a léiriú dá bpáistí. A Thiarna éist linn.

4.   Guímid ar na daoine atá tinn, orthu siúd atá ag saothrú an bháis agus orthu siúd atá i gcrua-chás ar bith. A Thiarna éist linn.

5.   Guímid ar ár ngaolta agus ar ár gcáirde atá imithe romhainn ar shlí na fírinne. A Thiarna éist linn.

A Dhia, ár nAthair, tá lán-mhuinín again as an ngrá atá agat dúinn. Mar sin cuirimid na h-achainíocha seo ós do chomhair trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Le lán-dóchas i ngrá Dé dúinn, guímis chun an Athar mar a mhúin Íosa dúinn.

 

Focal Scoir

Críost i gcroí gach duine atá ag cuimhneamh orainn,

Críost i mbéal gach duine a labhraíonn linn,

Críost i ngach súil a fhéachann orainn,

Críost i ngach cluas a éisteann linn.

Go dté sibh slán faoi shíocháin Chríost.

* * *

 

Sollúntas Eipeafáine an Tiarna – 6 Eanáir, 2017

Réamhrá

Má fhéachaimid ar an mainséar inniu feicimid grúpa nua ann. Tá triúr ríthe ón Oirthear tar éis teacht chun omós a thabhairt don Leanbh Íosa. Eachtránaigh atá ionta, Gintligh cosúil linn féin. Is dea-scéal breith ár dTiarna, ní amháin do mhuintir Iosrael, ach don domhain go léir.

 

Smaoineamh

Rugadh Confucius sa séú aois roimh Chríost sa tSín. D’oibrigh sé sa stat-seirbhís mar fhear óg. Nuair a bhí sé seasca bliain d’aois d’éirigh sé as agus d’oscail sé scoil chun cabhrú le daoine saol níos fearr a bheith acu, s’é sin le rá, maireachtáil i gceart. Mhol sé dá lucht leanúna omós a thabhairt do thuismitheoirí, meas a bheith acu ar ghach duine agus bheith macánta agus ionraic. Sna céadta ó shin tá na mílte milliún Sínigh tar éir teagasc Confucius a leanúint agus fuaireadar míniú sa saol dá bharr.

Rugadh Sidarta Gautama sa séú aois roimh Chríost chomh maith. Prionsa den Nepal a bhí ann agus bhí saol éasca aige. Thart ar aois a thriocha, d’éirigh sé braon de shaol na cúirte agus thosaigh sé ag taisteal timpeall na tíre. Bhuail se le n-a lán daoine a bhí ag fullaingt i slite éagsúla. Chonaic sé galair, gorta, sean-aois agus bás. Thosaigh sé ag smaoineamh an bhféadfaí slí a fháil éaló as na rudaí sin. Dhein sé amach slí spioradálta chun an fhullaingt a shárú trí smacht a chur ar ár ndúile. Tugann a lucht leanúna an Buddha air. Ciallaíonn sé sin ‘an duine a chonaic an tsolas.’ Tá na mílte milliún díobh in India agus i dtíortha eile na hÁise.

Smaoiním ar an mbeirt sin, Confucius agus an Buddha, inniu mar ba dhaoine iad a bhí ag lorg míniú sa saol. Bhí an fhírinne á lorg acu agus lean said an tsolas a thugadh dóibh. Bhí said cosúil leis na saoithe a lean an réalt agus a fuair an Chriost lena mháthair agus Iosaf i Beithil. Ní Giúdaigh a bhí ionta. Níor labhair Dia lena sinsir mar a dhein sé do Mhaois agus do fháithe Iosrael. Ach ag an am chéanna níor fhág Dia sa dorchadas ar fad iad. Thug sé ciall dóibh. Thug sé comharthaí dá eagna agus dá áilleacht dóibh sa nádúr. Chuir Dia ocras i gcroí ghach duine ionas go mbeimid á lorg.

Mhúin Dara Comhairle na Vatacáine go bhfuil maitheas sna reiligiúin eile agus gur féidir lena lucht leanúna an slánú a bhaint amach má leanann said a gcoinsias go h-ionraic. Tá gaol de short éigin acu leis an Eaglais. Tá Dia á stiúradh i slí is eol dó féin amháin. Ag an am chéanna is é Íosa Críost Sláinitheoir an uile dhuine agus tá léiriú Dé ar fáil ann go h-iomlán. Tá lán na fírinne ar fáil ann, an fhírinne atá á lorg ag na reiligiúin eile. I reiligiúin an Oirthir tá an duine ag lorg Dé, ach sa nGiúdachas agus sa Chríostaíocht léiríonn Dia é féin don duine.

Tháinig na saoithe ar oilithreacht Rí na nGiúdach a lorg. Ní raibh said in ann a gceann scríbe a bhaint amach gan cabhair a fháil ó na Giúdaigh, na daoine a raibh na Scrioptúir acu, na daoine ar labhair Dia leo go pearsanta. Tá Críost ag feitheamh leis na daoine a leanann Confucius agus an Buddha chun é féin a léiriú dóibh. Beidh orthu cabhair a fháil uainne a bhfuil an Soiscéal again. Nuair thárlóidh sé sin osclóidh said a gcistí mar a dhein na saoithe i mBeithil agus tabhairfidh said a mbronntanais don Tiarna. Tabhairfidh said dó saibhreas a gcultúr agus a spioradáltacht féin.

 

Guí an Phobail

Tugaimís ár bpaidreacha ós comhair Dé.

1.   Guímid ar Chríostaithe atá ag fullaingt géarleanúina, go h-áirithe na Críostaithe sna tíortha as ar tháinig na Trí Ríthe. A Thiarna éist linn.

2.   Guímid orthu siúd go léir atá ag lorg na fírinne, go gcuire said aithne ar Chríost ár dTiarna. A Thiarna éist linn.

3.   Guímid ar thuismitheoirí: go mbeidh said in ann grá Dé agus creideamh Chríost a léiriú dá bpáistí. A Thiarna éist linn.

4.   Guímid ar na daoine atá tinn, orthu siúd atá ag saothrú an bháis agus orthu siúd atá i gcrua-chás ar bith. A Thiarna éist linn.

5.   Guímid ar ár ngaolta agus ar ár gcáirde atá imithe romhainn ar shlí na fírinne. A Thiarna éist linn.

A Dhia, ár nAthair, tá lán-mhuinín again as an ngrá atá agat dúinn. Mar sin cuirimid na h-achainíocha seo ós do chomhair trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

D’oscail Íosa dúinn slí isteach i gcroí ár nDé: mar sin tá sé de mhisneach again Athair a ghlaoch air.

 

Focal Scoir

Go léirítear an Leanbh Naofa dúinn i bhfochair a Mháthar Bheannaithe.

Go dté sibh slán faoi shíocháin Chríost.

 

An Canónach Edmond Ó Cuilleanáin,

Tigh an tSagairt,

Sráid Lúcás Wadding, Port Láirge

* * *

 

Baisteadh an Tiarna – 8ú Eanáir 2017

Fáiltiú

(B’fhéidir in aonacht le beannú le uisce coisricthe).

Teachtaireacht ón Athair inniu dúinn-ne san Aifreann, a spreagann sinn, mar a spreag sé Íosa féin: ‘Is sibhse mo pháistí muirnigh, clúdaím sibh le mo fábhar agus mo ghrá.’

 

Smaoineamh

Inniu deireadh oifigiúil séasúir na Nollag. Cuairteoirí agus clann imithe ar ais – thar lear nó ar scoil arís. Gach éinne gnóthach arís lena gcuid féin. Lár an gheimhridh. Aimsear beagáinín uaigneach b’fhéidir, íseal agus folamh tar éis áthas agus comhluadar na coicíse atá thart. Ach mar ba chóir, tagann an tAifreann, agus go mórmhór Briathar Dé i gcabhair orainn, má osclaímid ár gcluasa agus má chloisimid Dia ag labhairt linn go pearsanta. Go ceann trí nó ceithre seachtainí atá romhainn, tá an Briathar lán de mhisneach, tacaíocht pearsanta, glaoch agus freagra, misiún agus comhlíontacht. Ár nDia taobh linn.

Inniu cloiseann Íosa glór an Athar. ‘Is tusa mo mhac muirneach! Is duit a thug mé gnaoi!’ Tháinig an beannacht agus fáiltiú céanna sin anuas ar gach duine again-ne ar lá ár mBaisteadh, agus aon uair go mbraithimid an misneach lag, nó easpa muinín ionainn féin, ba choir dúinn an soiscéal seo a léamh agus a ghuí. Áiteanna in gContae Chorcaí, in ionad an ceist a chur ort ‘Conas tá tú?’, fiafraíonn said ‘Conas tá an misneach?’ Inniu, fiafraíonn an tAthair dínn ‘Conas tá an misneach, a mhic (a iníon), agus má tá sé aon phioc lag, éistimis le glór an Athar ag rá: ‘Is tusa mo pháiste, a gineadh le mo ghrá, atá taitneamhach liom. Is tusa mo shearbhónta, a bhfuil mé ag tabhairt tacaíocht duit, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe agat. Mise do Athair a ghlaoigh ort san fhíréantacht, a rug mé mo lámh ort, a mhúnlaigh mé thú…’ Conas nach bhfaighimís sólás agus tacaíocht ó Bhriathar Dé inniu? Ach b’fhéidir gurb é ar Ísáia, nó ar Chornelias nó ar a mhac féin amháin, a bhí an teachtaireacht sin dírithe? Má chreidimid san, is amhlaidh nár thuigeamar riamh an Nollaig, nó an Cháisc, nó an t-Ionchollú.

 

Guí an Phobail

Baistithe agus beannaithe, agus neartaithe le Briathar an Tiarna, táimid bailithe ar scáth a chéile chun ár
n-achainíocha a chur ós a chomhair:

1.   Guímís ar son na hEaglaise inniu. Doirt anuas do spioraid a Thiarna ar gach duine atá baistithe chun go mbeidh siad mar dheisceabail ag do Mhac sa domhain inniu. Tabhair misneach dóibh in aghaidh dúshláin agus easpa creidimh timpeall orthu.

2.   Guímís ar son ár ndaoine óga atá tar éis filleadh ar scoil. Cabhraigh leo creideamh ionatsa agus iontu féin. Bí lena dtuismitheoirí agus lena múinteoirí i rith na bliana seo chugainn.

3.   Smaoinimid ar faillí an domhain ina mhairimid: gorta, ionsaithe, cogaidh. Éist le glór do phobail nach féidir glaoch ná gáir a chur asta toisc iad a bheith bocht, brúite agus balbh.

4.   Paidir anois dóibh siúd atá breoite inár bparóiste, éinne go bhfuil gá acu le cúram, sláinte, nó grá. A Thiarna, cabhraigh linn ár lámha a shíneadh amach d’éinne atá in aon ghá.

Ar son anamnacha na bhfíréan a d’imigh romhainn. Beirimid buíochas duit a Athair as ucht gach a thug siad dúinn: sampla, creideamh nó comhairle. Tabhair dóibh solas na bhflaitheas.

 

Focal Scoir

Déanaimis Comhartha na Croise arís I gcomaoineadh ar ár mBaisteadh, ár gcoisreacan, ár slánú ón olc, trí ghrásta Chríost doirtithe anuas orainn. Go raibh an Tiarna…

* * *

 

Dara Domhnach den Bhliain – 15 Eanáir 2017

Téama: Glaoch agus Freagra.

Fáiltiú

A Phobail Dé, táimid anseo toisc go bhfulimid Baistithe, glaoite, beannaithe, coisricthe. Táimid bailithe mar chlann uasal Dé. Osclaímis ár gcroíthe roimh Íosa atá inár measc…

 

Smaoineamh

An tseachtain seo chaite chualamar faoi ghlaoch Íosa, agus glór Dé á neartú mar a mhac ionúin. Inniu, tá Ísáia fáidh á ghlaoch ag an Tiarna chun bheith ina urlabhraí agus a shearbhónta. Stadann glór an Tiarna é sar a dtagann lag-mhisneach air, sara ndeireann sé ‘Ní féidir liom!’; geallann an Tiarna tacaíocht dó. Ar gheall an Tiarna tacaíocht duitse n’fheadar, nuair a ghlaoigh sé thú? Ar mhothaigh tú riamh tacaíocht ón Tiarna? Ar mhothaigh tú riamh an Tiarna ag rá leat ‘Is Féidir leat!’?

Tugann ár gcreideamh tuiscint iontach dúinn faoi cé hé sinn, agus cad as a thánamar. Sinn-ne mic agus iníonacha Dé, cruthaithe agus múnlaithe ina íomhá féin sa bhroinn. Táimid tofa, roghnaithe, coisricthe, agus seolta amach sa domhain mar fhinnéithe don soiscéal. Cén sort finné é mise nó tusa? Conas a léirímid an diúté sin gach lá? Tá sé deacair sa saol inniu. Bíonn daoine a chreideann in Íosa, agus a théann ar Aifreann go rialta, go minic fé bhrú. Cloisimid daoine ag magadh fúinn. Díreach mar a bhí ag Ísáia. Ná caillimis misneach. Ná déanaimis dearmad ar Fhocail Dé inniu – ‘dhealbhaigh sé on mbroinn mé chun bheith ina shearbhónta’.

Aon smaoineamh amháin eile: D’aithnigh Eon Baiste Íosa nuair a chonaic sé an Spioraid, mar cholm, ag tuirlingt air. Rinneadh finné poiblí do Íosa as Eoin Baiste le cumhacht an Spioraid sin. Thurlaing an Spioraid céanna ar gach aon duine again anseo ar lá ár mBaisteadh. Aithneofar sinn-ne mar fhinnéithe do Chríost má bhraithimid go dlúth ar an Spioraid sin chun sinn a stiúrú.

Bíonn sé an-deacair uaireanta a rá, mar atá sa bhfreagra ar an Salm: ‘Féach táim ag teacht, a Thiarna, chun do thoil a dhéanamh!’, go mórmhór nuair a bhíonn cruatanas sa saol, ach féach an tacaíocht atá ar fáil in mBriathar Dé, inniu agus I gcónaí, má éistimid, má dhéanaimid macnamh air, agus má dhéanaimid iarracht é a ghuí agus é a tharraingt inteach mar ionspráid inár ngnáth-shaol. Tá an Briathar beo, má mhairimid é.

 

Guí an Phobail

Spreagann Spioraid Dé chun urnaithe sinn nuair a ghlaoimid air. A Spioraid tar anuas orainn anois!

1.   Ar son na hEaglaise: A Thiarna stiúraigh do phobal mar dheisceabail Chríost sa domhain inniu. Cabhraigh linn an dea-scéal a fhógairt sa tslí ina mhairimid.

2.   Ar son na síochána: A Thiarna, tá áiteanna ar fud an domhain loitithe agu scriosta le cogaidh, aighneas agus sannt. Tabhair tacaíocht dóibh siúd atá ag cothú na síochána.

3.   Ar son Phobail Dé bailithe anseo: A Thiarna, glaoigh orainn arís, mar a ghlaoigh tú orainn ar lá ár mBaisteadh. Lig dúinn bheith I do shearbhóntaí gach lá, agus do ghrá a scaipeadh.

4.   Ar son ár n-intinní féin: Smaoinímid ar éinne a d’iarr orainn smaoineamh orthu nó tacaíocht a thabhairt dóibh. Ar dhaoine atá breoite, lag, no croíbhriste.

5.   Ar son na bhfíréin a d’imigh romhainn: Tabhair dóibh solas síoraí na bhflaitheas.

 

Focal Scoir

Ar chualamar an dea-scéal inniu? Táimid glaoite, coisricthe, beannaite. Is Pobal Dé sinn, ag dul amach mar fhinnéithe anois, neartaithe le Briathar agus le Corp Chríost. Ná caillimis misneach!

* * *

 

Tríú Domhnach den Bhliain – 22ú Eanáir 2017

Téama: Leanaigí Íosa. Fógraígí an dea-scéal

Fáiltiú

A chlann Dé, Fior-fáilte romhaibh. Tá scoilteanna ag éirí I measc lucht leanúna Chríost sa Dara Léacht inniu, ag tabhairt droch-shampla agus scannal. Sara dtosnaímid ar an Aifreann anois, guímis aontas an Spioraid Naoimh agus Síocháin Chríost a thurlaingt anuas orainn-ne atá bailithe anseo agus sinn ag tabhairt ár lochtanna chun cuimhne…

 

Smaoineamh

Ar chlár teilifíse le déanaí, cuireadh aoire isteach i seomra a bhí dorcha, gan solas ar bith. Tugadh isteach fiche caoire chuige. As an bhfiche caoire, ba leis féin cúig cinn díobh. Bhí sé in ann, tar éis a lámh a chur orthu, a chúig caoire féin a aithint, fiú amháin sa dorchadas, agus ainm a chur orthu. Chuirfeadh sé ionadh ar éinne é a fheiscint. Cé nár clár spioradálta a bhí ann, nocht sé go soiléir roinnt tréithe Dé; an Dia a d’fhéach ar dhorchadas an domhain, a aithnigh a phobal, agus a thug trua dóibh, agus a dhírigh a Mhac chúchu mar Sholas an Domhain chun grá dé a fhógairt sa dhorchadas.

Is sinn-ne deisceabail Chríost sa saol atá inniu ann. Ag an Aifreann, tugtar cothú dúinn – Corp agus Fuil Chríost. Ach tugtar Briathar Dé dúinn chomh maith, agus tacaíocht comhluadar dhaoine atá ar aon intinn linn. Éistimis le hÍosa anois ag rá linn ‘Tagaigí I mo dhiaidh and déanfaidh mé iascairí ar dhaoine asaibh!’ Conas a tharlóidh sé sin? Níl ach corr-dhuine glaoite chun sagartóireachta nó chun an clochair – agus is é sin an tuiscint a chuirimid ar an soiscéal sin go minic. Ach cé tá faoi mo churam? Cad chuige go bhfuil glaoite ag íosa ormsa? Cad iad mo líonta? Freagra deifriúil ag gach duine a chloiseann an soiscéal seo inniu.

Léiríonn Íosa féin dá nua-dheisceabail conas na líonta a chur amach, agus solas a thabhairt isteach sa dorchadas. Téann sé ar fud na Gailíle go léir. Múineann sé an dea-scéal go foirmeálta, ach go praicticiúil, fograíonn sé go soiléir é ag leigheas galair agus gach éagruas I measc an phobail.

Ní gá dom bheith I mo dhochtúir chun daoine a leigheas. Tá grá Dé agus solas Dé mar lasair, mar bhindealán, mar pheallaire leighis istigh ionam. Tá trócaire ionam le doirteadh amach. Ta focal cóghardais nó bacla nó póg do pháiste croíbhriste nó gortaithe, paidir I mo chroí do dhuine éigin… Líonadh gach duine isteach a bhearnaí féin go praicticiúil.

 

Guí an Phobail

Bailithe mar chlann Dé, déanaimis ár bpaidreacha anois le dóchas croí:

1.   Guímis ar son Phobail Dé ar fud an domhain. Cabhraigh le gach Críostaí maireachtaint ar nós Íosa, agus solas an chreidimh a roinnt le héinne atá sa dorchadas.

2.   Guímis ar son dochtúirí agus éinne atá ag obair in óspidéil, nó tithe altrama; aon áit ina bhfuil cúram á thabhairt do na heasláin. Tabhair bua an leighis dóibh uile.

3.   Guímis go mbeidh níos mó aontais, comh-oibriú agus fíor-mheas idir phríomh-reiligiúin an Domhain, chun go gcuirfear deireadh le galair, ocras agus cogadh.

4.   As son daoine a mhaireann le easpa féin-mheas, le lag-mhisneach agus le croíbhrú. A Thiarna, cabhraigh leo a thuiscint an méid grá atá agat dóibh.

5.   Ar son na marbh. Lig isteach I do ríocht gach duine go raibh tionchur acu orainn, agus a stiúirigh ár slite, le críonnacht agus cneastacht. Gabhaimid buíochas leat as na daoine sin.

 

Focal Scoir

Ní gá ach focal beag tacaíochta nó miongháire amháin, chun solas agus sólás a bhronnadh ar dhuine éigin inniu. Imigí anois le solas Dé in bhúr gcroíthe.

* * *

 

Ceathrú Domhnach den Bhliain – 29ú Eanáir 2017

Téama: Tréithe Ríocht Dé.

Fáiltiú

Nílimid bailithe ar thaobh an chnoic mar a bhí na mílte sa soiscéal inniu, ach s’é an Tiarna céanna a bheidh ag labhairt linn inniu, ag múineadh agus ag tabhairt misneach dúinn. Osclaímis ár gcluasa agus ar gcroíthe roimh a theacht:

 

Smaoineamh

Tá brú uafásach ar gach éinne sa saol inniu bheith láidir agus cumhachtach. Bíonn meas ag gach éinne ar na h-uaisle agus ar dhaoine cáiliúla. Téann Briathar Dé an Domhnaigh seo go mór I gcoinnibh an tuairim sin. Ní h-iad siúd tréithe Ríocht Dé. Féachann Dia isteach go díreach so chroí, agus feiceann sé go soiléir an fhírinne, an cineáltas, an ceannsacht agus an cneastacht. Tréithe nach mbíonn mórán meas ag an saol orthu, ach tréithe nach féidir a cheannach le h-airgead, nó cumhacht nó tionchar.

Bochtanas ó spioraid. Cén sort rud é? Chun bheith umhal, ní gá bheith I gcónaí ag laghdú ar an meas atá againn orainn féin; a mhalairt – dá mhéad a chreideann duine in ngrá Dé dúinn, agus cumhacht Dé ionainn, agus sinn múnlaithe ina chrot féin, s’é is mó a bheimid buíoch do Dhia as ár ndea-tréithe, ár gcumas agus as gach rud a bhainimid amach lena chabhair.

Uaireanta b’fhéidir go gceapaimid go bhfuil Ríocht Dé thuas ar neamh, áit éigin amuigh ansin, ach b’é príomh theachtaireacht Íosa ná go raibh ríocht Dé in achmaireacht. Ar mhothaigh éinne riamh go raibh ríocht Dé i ngar dóibh? (Ná bac le haon uair go raibh tú I mbaol bháis!) B’fhéidir go bhfuair duine éigin grásta speisialta leanú ar aghaidh nuair a bhí an misneach lag, trí thacaíocht ó chara éigin; b’fhéidir gur mhothaíomar trócaire iontach ó dhuine a ghortaíomar go mór. Nuair a bhímid i láthair daoine atá glan ó chroí, saor i gcoinsias, mothaímid blas beag ar chonas a bheidh Ríocht Dé go h-iomlán nuair a bheimid i láthair Rí an Ghrá go deo. Tosnaíonn ríocht Dé sa saol seo – leatsa agus liomsa, ag léiriú grá gach lá.

Bhí meas mór fiú amháin ag Mahatma Gandhi ar an sliocht seo ó shoiscéal Chríost. Bhí fhios aige go dtiocfadh athrú mór ar an domhain dá ndéanfadh gach duine iarracht é a mhaireachtaint. Mhair sé féin sna tréithe seo, agus thug Gandhi glór do dhaoine bochta na hInd. Conas is féidir liomsa aon rud beag a athrú inniu le ceannsacht cineáltas nó trócaire?

 

Guí an Phobail

A Rí na bhFlaitheas, go dtaga do ríocht! Éist anois le guí do phobail, bailithe faoi scáth do ghrásta:

1.   A Thiarna, doirt anuas do ghrásta ar do Eaglais inniu. Cabhraigh le Críostaithe uile an soiscéal a chraobhscaoileadh sa domhain agus do ríocht a léiriú sa slí ina mhairimid.

2.   Guímid ar son na daoine a theaspáineann grá Dé dúinn gach lá. Beirimid buíochas duit as an tacaíocht, ionspioráid agus misneach a thugann siad dúinn.

3.   Tabhair cabhair dúinn a Thiarna, ár lámha a shíneadh amach do na boicht, do na heasláin, agus d’éinne atá ar an imeall. Léirímis dóibh gur leo siúd ríocht Dé.

4.   A Thiarna bhronn tú orainn bua iontach an chreidimh. Tá mórtas orainn as Iosa ár Slánaitheoir. Bí linn inniu agus I rith na seachtaine seo chugainn. Stiúraigh ár gcoiscéimeanna. Ná lig dúinn riamh titim I laige.

5.   Lig isteach I do ríocht go hiomlán ár muintir atá marbh. Tabhair dóibh maireachtaint go deo I do láthair sa bheatha shíoraí.

 

Focal Scoir

Sinn-ne pobal ríocht Dé. Lorgaímis an ríocht inniu pé áit ina bhfuil sé le fail.

 

Déaglán Ó Móinbhial

Paróiste Bhaile Nóra,
Tobar an Iarla, Co. Chorcaí

 

* * *

 

Click here for more resources from Intercom magazine.