Leathanach don Cheiliuraí – February 2018

Click here to download or print a PDF of these Irish Mass resources. 

An Cúigiú Domhnach Saor, B

4 Feabhra 2018

 

Fáilte

Faigheann muid sampla den urnaí ón Tiarna féin inniu. Anois agus sinn cruinnithe le chéile ar an Domhnach seo, lig dúinn ár gcroíthe a shocrú agus a shuaimhniú fá choinne an tréimhse seo i gcuideachta an Tiarna agus i gcuideachta a chéile.

 

Smaoineamh:

Tagann leigheas mháthair céile Pheadair go luath i ndiaidh an ghairm a fuair sé, a bheith ina dheisceabal ag Íosa. Is léir go bhfuil sé go fóill ina dheisceabal, ina dhalta ar bhealach an Tiarna. Ní dhiúltaíonn an Tiarna an mhaith a dhéanamh, ach díreach ina dhiaidh sin tugann sé sampla bunúsach do Pheadair agus da dheisceabal go léir. Téann sé go dtí áit uaigneach le guí, agus ón ghuí sin socraíonn sé a mhisean a leathnadh amach ar fud na Gailíle. Tá patrún soiléir le sonrú ins an chéad chaibidil de Shoiscéil N. Marcais: tosaíonn misean an Tiarna i ndiaidh daichead lá de throscadh agus urnaí ins an fhásach, agus ón tús seo, leanann sé air ag seanmóireacht ‘le h-údarás’ ins an tsionagóg. I ndiaidh an tseanmóireacht, leigheasann Sé na h-easláin agus díbríonn Sé na deamhain. Mar an gceanna anois: téann sé ag guí, leathnaíonn sé misean a sheanmóireachta, leigheasann sé, agus díbríonn Sé na deamhain. Níos déanaigh, insíonn Sé da dheisceabail go bhfuil cor droch spioraid ann nach féidir a dhíbirt, ach le hurnaí amháin (cfr. Mc 9: 29). Is mór an cheacht í do Pheadair agus dúinn uilig chomh maith: ‘sé ón urnaí, ó chumarsáid domhain leis an Tiarna, a thagann gach cumas maitheasa, gach údarás agus an lámh in uachtair ar dheamhain, sé sin, ar gach rud atá istigh ionainn faoi thionchar an pheaca agus atá ag streachailt le mí-shuaimhneas dheighilt an chroí.

 

Guí an Phobail:

Cuirimid ár n-osnaí agus ár nguí suas chun an Tiarna Dia.

1.  Ar son na h-Eaglaise; go ndéana sí an pobal a stiúradh i mbealach na hurnaithe. A Thiarna éist linn.

2.  Ar son siúd atá ag brath a saol a thiomnadh don Tiarna san sagartacht agus an bheatha rialta; go bhfaighe siad uchtach agus neart an chreidimh tríd an urnaí. A Thiarna éist linn.

3.  Ar son na n-easlán; go bhfaighe siad faoiseamh agus neart óna gcreideamh agus ón urnaí. A Thiarna éist linn.

4.  Ar son na mairbh; gur i síocháin agus solas an Tiarna a mhairfidh siad ar feadh na síoraíochta. A Thiarna éist linn.

 

A Dhia ár n-Áthair, tabhair dúinn go caoin an méid a iarraimid ort de réir do dhea-thola féin, tré Chríost an Tiarna. Amen.

 

An Phaidir

Guímid mar a mhúin an Slánaitheoir dúinn a dhéanamh:

 

Focal Scoir

Ó a Chríost a céasadh Dé hAoine

Do dhoirt do cuid fola dár maitheamh ‘s dár saoradh

Grásta an Spioraid Naoimh inár gcroí ‘s inár n-intinn

Gach achainí dá n-iarraimid, Mac Dé dá réiteach.

 

* * *

 

An Séú Domhnach Saor, B

11 Feabhra 2018

 

Fáilte

I leachtaí an Aifrinn inniu, tchí muid an lobhar a chaitheamh féin síos os comhair an Tiarna, ag lorg leighis. Lig dúinne anois sinn féin a chuir i láthair an Tiarna ar an gcumas céanna, ag lorg maithiúnais ár bpeacaí agus ár mbéal lán de mholta Dé.

 

Smaoineamh

Feiceann muid samplaí go leor de dhaoine ag ceistiú an Tiarna sna soiscéil. Nuair a chuirtear ceist air Íosa mar chleas, tugann sé freagra a fhágann a lucht éisteachta gan focal. Ach nuair a chuirtear ceist air ó chroí, freagraíonn sé ó chroí, mar atá déanta aige i soiscéal an lae inniu: is áil leis an Tiarna an lobhar a ghlanadh. Cé go dtaispeánann seo an mian domhain atá ag an Tiarna sinne a léasú, léiríonn an eachtra chomh maith, an cheangal agus an chumarsáid spioradálta a bhí idir an lobhar agus an Tiarna. Is léir ón mbrú atá an lobhar ag cuir ar an Tiarna, go bhfuil sé ag lorg toil an Tiarna. Tá a fhios aige gur mian le h-Íosa an mhaith, ach téann sé i gcomhrá leis. Cé go bhfuil sé ag iarraidh toil an Tiarna a dhíriú air féin, tá sé féin ag cloí le toil Dé: tuigeann sé an méid atá i gcroí an Tiarna: gur mian leis an mhaith, ár slánaithe agus ár síocháin. Is é seo an comhrá fíor idir an anam agus Dia: ag lorg toil Dé, is cinnte gur mian leis an Tiarna ár slánaithe.

 

Guí an Phobail

Le croí umhal agus dóchas fíor, cuirimid ár nguí i láthair an Tiarna Dia.

 

1.  Ar son na h-Eaglaise, go háitrithe an Pápa Prionsias; go dtreoraí an Tiarna é ar shlite an tsoiséail agus go dtreoraí sé sinne faoina chúraim. A Thiarna éist linn.

2.  Guímid orthu sin atá faoi chúram sláinte; go dtuga an Tiarna leas agus uchtach creidimh dóibh. A Thiarna éist linn.

3.  Ar son an aos óig; go dtiocfaidh siad isteach ar an urnaí agus go bhfaighidh siad uchtach and treoir uaidh da mbeatha. A Thiarna éist linn.

4.  Ar son na mairbh; go ndéanfar toil Dé go h-iomlán iontu ar feadh na síoraíochta i láthair an Tiarna. A Thiarna éist linn.

 

A Thiarna chaoin, éist lenár nguí agus tabhair dúinn an méid a iarrann muid agus atá de réir do dhea-thola féin, tré Chríost ár dTiarna. Amen.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focal Scoir.

A Íosa a cheannaigh mé,

A Íosa a bheannaigh mé,

Le saol na saol go raibh leat i bhflaitheas mé.

 

* * *

 

An Chéad Domhnach den Charghas, B

18 Feabhra 2018

 

Fáilte

Ag tús an Charghais, iarraimid ar an Tiarna grásta a thabhairt dúinn a bheith leis san fhásach seal, san urnaí, san ionracais croí agus i dtroscadh. Ag féachaint ar ghnéithe dar saoil dúinn, iarraimid maithiúnas air le rúndiamhair an Aifrinn son a cheiliúradh mar is ceart agus mar is cóir.

 

Smaoineamh

Cé na gcuireann N. Marcas síos ar an cineál cathú a d’fhulaing Íosa Críost, scríobhann sé ar dhóigh ‘lom’, beacht. Insítear dúinn gur promhadh Íosa, agus gurbh é an diabhal a bhí i mbun na 
h-oibre seo. Is focal láidir í seo, promhadh mar atá againn ins an aistriúchán Gaeilge. Le rud a phromhadh, ciallaíonn sé scrúdú dian, domhain, b’fhéidir do-fheicthe. Cuireann an laghad briathra a mbaineann Marcas úsáid astu, in iúl dúinn gur áit uaigneach, cruaidh a bhí ag Íosa san fhásach. Nuair a insítear dúinn nach raibh ann ach é féin agus na beithígh allta, cuirtear an chéad fear i gcuimhne dúinn, Ádhamh, agus é uaigneach ina aonair ins an ghairdín sular chruthaigh Dia Eabha do. Nuair a promhadh Ádhamh, theip air; bhí an diabhal ábalta é a mhealladh le go mbeadh a chroí deighilte. Tá an mealladh ceanna seo a chuir os comhair an Tiarna sa tSoiscéal. Ach, níl croí an Tiarna deighilte ina choinne féin, mar níl sé deighilte i gcoinne Dhia. Is i bpearsa an Tiarna Íosa, atá an dá mhór aithne slán: Grá do Dhia lena chroí go h-iomlán, lena anam go h-iomlán agus lena mheoin go h-iomlán; agus da bhrí sin, Grá don chomharsan. Ba dhoiligh dúinne promhadh an diabhail a sháradh. Is ag Críost amháin atá an cumas sin – fáth a chuireann séasúr an charghais rúndiamhair an bhaistigh romhainn uilig, trína bhfuil muid inár mic ag Dia san Aonmhac, ina bhfaigheann muid cumas promhadh an diabhail a sháradh.

 

Guí an Phobail

Lán chinnte de chineáltas an Tiarna, fágfaidh muid ár n-urnaí anois os a chomhair:

 

1.  Ar son na h-Eaglaise ar fud an domhain, agus go háitrithe ar son ár n-Easpag N. agus ar son pobal na Deoise lena mbaineann muid; go dtreoraí sé sinn go fíor ar chosán an tSoiscéil. A Thiarna éist linn.

2.  Díobh siúd a bhfuil promhadh an tsaoil seo doiligh; go bhfaighidh siad sólás ghrásta Dé le ualach an tsaoil a iompair. A Thiarna éist linn.

3.  Ar son lucht rialtais na tíre; go lorgóidh siad an cheart agus chóir san dualgais atá fágtha faoina gcúram. A Thiarna éist linn.

4.  Ar son na mairbh; go dtuga an Tiarna suaimhneas síoraí na bhflaitheas dóibh. A Thiarna éist linn.

 

A Thiarna Dia, cuidigh linn inár laigeacht agus treoraigh sinn le do ghrásta, tré Chríost ár dTiarna. Amen.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focal Scoir

A Rí na rí, a Rí na cruinne

A Rí do bhí, do bheas ‘s atá,

Go maithir dúinne agus da bhfuil uile

Gabh mo ghuí, a Rí na ngrást.

 

* * *

 

An Dara Domhnach den Charghas, B

25 Feabhra 2018

 

Fáilte

Ag tnúth le glóir na haiséirí, iarraimid maithiúnas go h-umhal ón Tiarna ar son ár bpeacaí go léir.

 

Smaoineamh

Tá an Tiarna ag ullmhú na dtrí deisceabal a thug sé leis suas go mullach an tsléibhe. Tá sé a n-ullmhú, ní hé amháin ar mhaithe leo féin, ionnús nach ndéanfaidh scannal na croise a gcreideamh a scrios go h-uile agus go 
h-iomlán, ach tá Sé a n-ullmhú mar fhinnithe chomh maith, ar an chreideamh a athlasfar i ndiaidh a aiséirithe. I ndáiríre, ainneoin a bheith ina bhfinnithe ag chlaochlú an Tiarna, teithfidh na trí deisceabail seo ón Tiarna, tiocfaidh uafás na croise orthu agus beidh an n-eagla in uachtar iontu. Thuig an Tiarna an méid seo, agus sin an fáth gur dhúirt sé le Peadar, gan mhoill ina dhiaidh seo, ‘ach táim tar éis guí ar do shonsa chun nach gclisfeadh do chreideamh; agus, ón uair amháin a bheidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre’ (Lc 22:32). Bhí a fhios ag Íosa go dteipfeadh ar Pheadair; bhí a fhios aige go dtaispeánfadh sé É féin do Pheadair; agus chuir sé de dhualgas ar Pheadair creideamh na gcreidmheach a neartú ón fianaise agus an dílseacht atá ag an Tiarna é féin dúinn. Dhéanann an Tiarna Peadar a ullmhú le bheith ina fhinne ar an aiséirí; ní bhíonn ciall leis an gclaochlú ach amháin i gcomhthéacs na haiséirí. I dtráth seo an charghais, ullmhaíonn an Tiarna sinn, ní mar gheall ar ár gcumas an pheaca a shéanadh, ach mar gheall ar ár gcumas glacadh leis an aiséirí agus an fianaise a éiríonn ón rúndiamhair céanna sin: fianaise dílseacht agus bua an Tiarna, ainneoin ar laigeacht dhaonna.

 

Guí an Phobail

I láthair an Tiarna ró-ghlórmhar, cuirimid ár n-osnaí os comhair an t-Athair ró-gheanúil:

 

1.  Ar son na h-Eaglaise ar fud an domhain, go gcuire sí áilleacht agus glór Dé i láthair na gcreidmheach mar chúis iontais agus dóchais. A Thiarna éist linn.

2.  Ar son na gCríostaithe go léir atá ag fulaingt géarleanúna ar fud an domhain; go gcoinneoidh siad greim buan ar a gcreideamh, le solas buan na glóire os a gcomhair amach a neartú. A Thiarna éist linn.

3.  Ar son an leanbh sa bhroinn; go gcosnóidh agus go gcaomhnóidh an uile Críostaí beo uaisleacht na beatha, ó thús go deireadh saoil, ó ghiniúint go bás nádúrtha. A Thiarna éist linn.

4.  Ar son na mairbh; go raibh siad fa shíocháin i solas glórmhar na bhflaitheas i measc na n-aingeal agus na naoimh uile. A Thiarna éist linn.

 

A Thiarna Uilechumhachtaigh, lonraigh inár gcroithe le solas na fírinne agus an dóchais, agus tabhair dúinn a méid a dhéanfaidh muid a threorú go solas na síoraíochta ar an lá is faide anonn. Tré Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir:

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focal Scoir

Moladh glóir agus onóir

‘Bheirim go deo duit, a Fhíor mhic Dé.

Daor do cheannaigh tú an ghlóir,

Le d’fhuil uasail onóraigh féin. 

 

* * *

Mgr Kevin Gillespie

St Eunan’s Cathedral

Letterkenny