Leathanach don Cheiliuraí Iúil-Lúnasa 2018

Iúil: Ruth Forrest Craan, Gorey, Co Wexford

Lúnasa: An tAthair Séamas S. de Vál Bun Clóidí, Co Loch Garman

 

An 13ú Domhnach de Thráth Saor na Bliana • 1 Iúil 2018

Réamhrá

Spreagann Íosa muid machnamh a dhéanamh ar ár ndualgais agus a theachtaireacht a scaipeadh go forleathan, toisc go bhfuil an Soiscéal faighte cheana againn. Ar an mbealach seo, tiocfaidh beocht nua ar ais inár gcroíthe, inár smaointe agus inár n-iompar ar fad.

Smaoineamh

Nuair a bhí Iosa ag caint leis an slua, tar éis dó a lámh a chur ar bheirt a bhí tinn ar chúiseanna éagsúla, mhínigh sé cén fáth ar tháinig leigheas orthu. Dúirt sé le duine acu, ‘A iníon, do chreideamh a shlánaigh thú. Imigh leat faoi shíochán agus bí slán ó do ghearán.’ Leis an duine eile, a raibh cuma an bháis uirthi, dúirt sé, ‘A chailín bhig, deirim leat, éirigh!’

Cé chomh minic is a bhíonn galar, buairt, nó cúis gearáin de shaghas éigin againn agus go leanann muid go héadóchasach gan teacht chuig Iosa leis an bhfadhb? Má ghlacann muid go bhfuil an leigheas aige agus má chreideann muid ann, cén fáth nach ngabhfaimis taobh leis, cosúil leis an mbean sa soiscéal?

Chun é sin a dhéanamh, agus chun teacht ar réiteach na faidhbe, ní mór dúinn bheith sásta bogadh in a threo, bheith umhal in a láithreacht, agus a soiscéal a scaipeadh tar éis dúinn teacht ar ais chun sláinte. Toisc gur leag sé lámh leighis orainn, tá a rian orainn. Ní ceart go gcoimeádfaimis an t-eolas, an bheannacht agus an grást ghabhann leis, dúinn féin. Ba cheart go mbeadh muid mar dheisceabail agus an scéil á scaipeadh againn. Mar a luaitear in Eagan 2:23-2, ‘Chruthaigh Dia an duine chun nach bhfaigheadh sé bás go deo. As dheilbh a nádúir féin a rinne sé é.’

Guí an Phobail

  1. Don domhain i gcoitinne: Go dtaga biseach ar na galair uilig – iad siúd go háirithe a bhfuil an milleán orainn go bhfuilid ann – cogaidh, dúnmharú, deighilt agus araile. Go leaga tú do lámh orainn i dtreo is go gcasfaimid i dtreo na sláinte. A Thiarna, éist linn.
  2. Ar son na hEaglaise: go mbeadh dóibh siúd atá mar thaoisigh in ann bheith umhal i do láithreacht, in ann a dtinnis a chur ós do chomhair le dóchas, agus tar éis sin, do ghrást a thaispeáint le grá dóibh siúd nach féidir leo amhlaidh a dhéanamh. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid ar son éinne atá tinn ar aon bhealach ar bith. Go mbeidh tú leo in am a bpian. Go dtuga tú faoiseamh dóibh agus dá mhuintir is go dtuga tú ionspioráid dóibh siúd atá ag iarraidh len iad a mhealladh ar ais ar bhóthar na sláinte spioradálta. A Thiarna, éist linn.
  4. A Thiarna, leag do lámh orainn i dtreo is go mbeimid líonta le do ghrást sula bhfágfaidh muid an séipéal seo ionas go dtógfaimid do theachtaireacht linn. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir

Mar dhaoine umhla i do láthair, guímis briathra an tSlánaitheora…

Focail Scoir

Líonta le ghrásta Dé, imeoimid ag scaipeadh scéalta faoin gcabhair a thugann Dia dúinn teacht ar ais agus saoil sláintiúil a chaitheamh ar an mbóthar spioradálta.

 * * *

An 14ú Domhnach de Thráth Saor na Bliana• 8 Iúil 2018

Réamhrá

Nuair a ghlaonn muid ós ard ar Dhia, cloiseann Dia ár nguthanna agus freagraíonn Sé muid. Nuair a thugann sé geallúint dúinn, cloíann Sé leis. Go mbeadh muid mar a gcéanna.

Smaoineamh

‘Nuair a bhí Íosa ag labhairt sa tsionagóg, mhínigh sé, ‘Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin agus i measc a ghaolta féin agus ina theaglach féin.’ Rinne sé íonadh dá ndíchreideamh.

Ceisteanna dúinn féin … an bhfeiceann muid cumhacht agus féidearthacht an ghnáthdhuine inár ndúiche féin bheith in ann rudaí íontachta a dhéanamh? An mbíonn muid i gcónaí ag déanamh breithiúnais ar dhaoine bunaithe ar a n-áit dhúchais, a gcúlra sóisialta agus an cineál fostaíochta atá acu? Dá dtiocfadh Íosa in ár measc, an aithneodh muid é? Cén saghas fáilte a bheadh curtha roimhe?

Baineann an cheist seo le bheith umhal agus muid i láithreacht an duine atá i gcónaí ag iarraidh éisteacht agus cabhrú linn, ar cibé bealach is fearr agus is oiriúnaí.

B’fhiú smaoineamh air seo agus bheith buíoch díbh siúd a thagann le teachaireacht agus soiscéal De in ár measc, ag iarraidh orainn a threorú ar bhóthair an tsláinte spioradálta tar éis leigheas de chineál éigin a thabhairt dúinn. Mar a dúirt Dia linn sa dara léacht, ‘Is leor duit mo ghrásta, mar is tríd an laige a thagann an neart chun foirfeachta.’

Go gcuimhnímid air sin…

Guí an Phobail

  1. Don domhain i gcoitinne: A Thiarna, dúirt tú go n-éisteann tú leo siúd atá i bpian d’aon chineál. Tabhair misneach dúinn glao amach mar a dhein Clann Iosrael sa chéad léacht. A Thiarna, éist linn.
  2. Ar son na hEaglaise: In amanna nuair a mhothaíonn muintir na hEaglaise i bpian, go leaga tú do lámh orthu i dtreo is go mothóidís do ghrásta. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid ar son éinne atá tinn ar aon bhealach ar bith. Go raibh tú leo in am a bpian, go tuga tú faoiseamh dóibh agus dá mhuintir agus go dtuga tú ionspioráid dóibh siúd a bhfuil á n-iarraidh teacht ar ais chun na sláinte. A Thiarna, éist linn.
  4. Go dtaispeána muid meas is go gcuire muid fáilte roimh chách sa dúiche – go háirithe dóibh siúd atá nua-tagtha. Go bhfeice muid an mhíorúilt atá i ngach éinne. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir

Mar chlann lán de dhóchas, guímid…

Focail Scoir

Beannaigh muid. Beannaigh ár gclainne. Beannaigh iad siúd a chasann muid orthu. Go n-aithní muid Grásta De ina n-aghaidheanna.

 * * *

An 15ú Domhnach de Thráth Saor na Bliana• 15 Iúil 2018

Réamhrá

Nuair a thosaigh na deisceabail ar an turas, chaith siad amach mórán deamhan agus rinne siad mórán othar a ungadh le hola agus leigheas siad iad. (Marcas 6)

Smaoineamh

Scaití, cuireann muid ceist orainn féin – cad é mo mhisean sa saol seo?

Deirtear i leabhar Amóis, go raibh sé ag obair mar aoire i dtús báire ach go raibh misean ní ba thábhachtaí ag Dia dó. B’shin bheith mar fháidh. Níor glacadh leis agus níor cuireadh fáilte roimhe ach oiread. Is cinnte go raibh sé deacair air tabhairt faoin gcineál oibre seo. Ach lean sé leis de dheasca na ndúshlán ar fad agus bhí rath ar a chuid oibre.

Cuireadh na deisceabail amach chuig na bailte agus comhairle tugtha ag Íosa dóibh gan fanacht in aon áit nár chuir na daoine fáilte rompu. Rud tábhacht a mhol Íosa dóibh gan aon rud nach raibh gá leis a thabhairt leo. Ba rud maith é seo. Toisc go raibh na deisceabail ag maireachtáil ar shlí gan aon chuma de shaibhreas, bhí na daoine sna bailte sásta éisteacht leo, go bhfeicfidís cén teachtaireacht a bhí ag na fir. Sa deireadh, fuair muintir na mbailte leighseanna ar go leor rudaí a bhí ag cur isteach orthu.

An éisteann muidne le ghuth Dé agus é ag taispeánt ár misean dúinn? Fiú má thuigeann muid céard é an misean, an nglacfaidh muid leis? An bhfuilimid in ann soiscéal Dé a scaipeadh ar bhealach umhal pé post atá againn?

Nuair a mhaireann muid ar a bhfaigheann muid, is ea is dóchúla go mbeidh rath ar ár gcuid oibre.

Guí an Phobail

  1. Don domhain i gcoitinne: Go mbeidh fáilte i ngach áit do shoiscéal Dé agus dóibh siúd a thógann an teachtaireacht leo ó áit go háit. A Thiarna, éist linn.
  2. Go bhfreagraí muintir Dé a ghlaoch chun misean na heaglaise a dhéanamh ar chibé bealach atá roghnaithe ag Dia. A Thiarna, éist linn.
  3. Go dtaga leigheas de shaghas éigint ar ghach duine atá ag fulaingt. Go dtuga Dia misneach, foighne agus tuiscint doíbh siúd agus dá mhuintir. A Thiarna, éist linn.
  4. Go dtuige muid nach gá go mbeidh saibhreas, mar a thuigeann roinnt duine é, againn chun toil Dé a dhéanamh. Go leana muid córas Amóis agus, níos deireanaí, na deisceabail. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir

Ag iarraidh misean Dé agus ár róil ann a thuiscint, guímid …

Focail Scoir

Go gcabhraí Dia linn bheith cosúil leis na deisceabail ag déanamh a thoil go humhal, go háirithe i rith na seachtaine seo. Guímid ort, a Thiarna.

 * * *

An 16ú Domhnach de Thráth Saor na Bliana• 22 Iúil 2018

Réamhrá

‘Tagaigí sibhse go dtí áit uaigneach ar leithligh agus glacaigí bhur suaimhneas tamall.’ Sin a mhol Íosa dá dheisceabail.

Smaoineamh

Tá téama láidir sna léachtaí an tseachtain seo. Feictear arís an tábhacht le ról an aoire agus é ag thabhairt aire dá chaora.

Sa chéad agus sa dara léacht, geallann Dia nach ligfeadh sé dá chaora bheith scartha óna chéile nó ón aoire – go mbaileodh sé iad ar fad, fiú dá mbeadh siad caillte, agus go dtabharfadh sé féin aire dóibh.

I soiscéal Naomh Mharcais, múineann Iosa do na deisceabail gur gá dóibh dul go háit uaigneach i dtús báire i dtreo is go mbeadh suaimhneas acu. An ndéanann muidne é seo? An gcuireann an chiúnas isteach orainn scaití mar aoire, tá an chiúnas sin ag teastáil chun glór na gcaorach a chloisteáil, go háirithe má tá ceann dóibh ar straé.

Nuair a tháinig Íosa ar ais tar éis dó bheith i mbád leis na deisceabail, bhí slua ag an trá ag fanacht air. Cheap sé go raibh cuma orthu amhail is a bhíodar mar chaora caillte. Mar sin, shuigh sé síos agus thosaigh sé ag múineadh na ndaoine.      Ar bhealach, d’fhéadfaí go bhfuil an dá ról sin againn mar Chaitlicigh – an t-aoire agus na caora. Caithfimid, mar aoirí, aire a thabhairt dóibh siud a bhíonn caillte ar an mbóthar scaití. Ag an am chéana, ba cheart dúinn bheith sásta bheith umhal mar caoirigh, réidh le héisteacht le teachtaireacht agus moltaí Íosa, ár nAoire.

Guí an Phobail

  1. A Íosa, threoraigh muid ar an mbóthar ceart chugatsa. Tóg go áit suaimhneach sábháil muid. A Thiarna, éist linn.
  2. Dóibh siúd atá caillte, guímid go mbeidh siad ar ais linn arís, fé chúram Íosa, ár nAoire. A Thiarna, éist linn.
  3. A Íosa, go múine tú dóibh siúd atá ag plé le cúrsaí polaitíochta domhanda conas daoine a thabhairt le chéile, le grá, le cineáltacht agus le tuiscint a léiriú, is cuma cé chomh héagsúil óna chéile is atá muid go léir. A Thiarna, éist linn.
  4. Dóibh siúd atá imithe ar Shlí na Firinne cheana, go stiúra tú iad go páirc na bhFlaitheas, áit a mbeidh suaimhneas ann i gcónaí. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir

Guímid briathra an tSlánaitheora…

Focail Scoir

Go n-éiste muid le focail Dé go géar. Go dtuga muid aire dóibh siúd atá caillte ar a mbealach. Go dtaga cách le chéile mar chlann arís an tseachtain seo chugainn. Sin é ár bpaidir chugat trí Chríost ár dTiarna. Áiméan.

* * *

An 17ú Domhnach de Thráth Saor na Bliana• 29 Iúil 2018

Réamhrá

Má chuireann muid ceist ar Dhia cabhrú linn ar aon bhealach, éisteoidh Sé linn agus tabharfaidh Sé dúinn cibé rud atá ceart dúinn.

Smaoineamh

De réir an méid atá scríofa in Ephesians, Caibidil a Ceathair, is daoine muid a bhfuil sé de dhualgais orainn cabhrú lena chéile agus cúram a thabhairt dá chéile. Is mian le Dia é seo.      Déanann Íosa é seo ar bhealach atá drámatúil sa soiscéal inniu.

Nuair a thagann sé chuig an áit a bhfuil na céadta duine ann chun bualadh leis agus le héisteacht leis, tuigeann sé go bhfuil sé seo tábhachtach ach go bhfuil rud eile níos bunúsaí ag teastáil uathu – bia. Is ansin a chuireann sé níos mó aráin ar fáil dóibh ná an mhéid a bhí sa chiseán sa chéad áit. An miorúilt nó an draíocht atá i gceist? An bhfuil sé seo tabhachtach?

B’fhéidir gurb é an rud is tábhachtai ná go dtuigeann Íosa ceard a bhí in easnamh i saol na ndaoine ag an am agus thug sé níos mó ná sin dóibh sa deireadh. Agus chomh maith leis sin, bhí bulláin bhreise fágtha tar éis an tslua, a ndóthain ithe acu. Ar an mbealach sin, thuigeadar nach mbeadh orthu a thuile.

Tugann Íosa an méid atá ag taisteáil dúinn, agus níos mó ná sin, fiú. An t-aon rud gur gá dúinn a déanamh, ná teacht chuige agus cabhróidh sé linn.

Guí an Phobail

  1. Don Eaglais: Go dtuga Dia inspioráid do mhuintir na hEaglaise i dtreo is go mbeidh siad in ann beannachtaí Dé a scaipeadh go forleathan, cosúil le bia spioradúil a thabharfadh beatha buan don té a ghlacfadh leis. A Thiarna, éist linn.
  2. Do thaoisigh timpeall an domhain: go raibh siad cosúil le hÍosa, ag tabhairt aire orthu dóibh siúd atá i gcruachás, faoi mhí-bhuntáiste nó scartha amach ón tsochaí ar fáthanna éagsúla. A Thiarna, éist linn.
  3. Dóibh siúd atá tinn: Go bhfaighe siad leigheas an Tiarna trí chumhacht na bpaidreacha, len iad a threorú ar bhóthar na sláinte arís, má tá sé sin in ann dóibh. A Thiarna, éist linn.
  4. Dúinn ar fad: Go gcuimhní muid ar chorp Íosa atá mar bhia dúinn go buan, agus nach mbeimid riamh ocrach go spioradálta má chasann muid Air díreach mar a dhein an slua sa Soiscéal. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir

Comóraimid go bhfuil cuireadh againn i gcónaí bheith ag an mbéile le hÍosa.

Focail Scoir

Go nglaca muid i gcónaí leis an mbia síoraí a thug Dia dúinn, agus go roinne muid é le cách a chasfaidh muid orthu…