Leathanach don Cheiliuraí – July

An Tríú Domhnach Déag
2 Iúil 2017

Réamhfhocal
Inár mbaisteadh tumadh sinn i gCríost, rannpháirteachas le páis, bás agus aiséirí Chríost. Bás Chríost – ciallaigh sin bás do ord peacúil an tsaoil seo. Agus le haiséirí Chríost tháinig ord nua spioradálta neamhaí i réim. riarann Críost beatha nua aiséirí orainn. Inár saol Chríostaí mar sin bheirimid iarracht maireachtáil i ngrásta agus I gcumhacht ár mbaiste. De réir Phóil sin grá Dé léirithe i gCríost.

 

Smaoineamh
Is misinéirí Íosa sinn agus is mian leis go mbeimis réidh é a leanúint fiú go pointe an bháis. Gealltanas iomlán mar sin atá uaidh agus sinn i mbun ár misin. Caithfidh an deisceabal bheith réidh fiú glacadh le géarleanúint mar chuid den aspalacht. Deir Íosa, ‘An té a ghlacann sibhse, glacann sé mise, agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé’. Cuireann Íosa béim ar an suáilche a bhaineann go mór le grá agus le meas – ‘sé sin flaithiúlacht a thaispeáint do thoscairí Dé. nach deas na focla seo ag Íosa faoin a dheisceabail agus an obair is mó ar siúl acu, ‘sé sin beatha Dé a riaradh ar an domhan! ‘Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán de fhíoruisce don mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil’.

 

Guí an Phobail
Is é ár dTiarna Íosa Críost a ghlaodhann orainn leanúint lena mhisean agus deascéal an tslánaithe a fhógairt do na náisiúin.

  1. A Thiarna tabhair dúinn do Spiorad chun ár misean a chomhlíonadh.
  2. Tabhair suaimhneas intinne dúinn agus neartaigh ionainn croí na féile chun cuidiú leis na mílte gan bhia gan dhídean.
  3. Bailigh Críostaithe le chéile i gcorp spiroradálta amháin go gcreidfidh an domhan i gCríost ár Slánaitheoir.
  4. Líon croíthe ár gcairde le do ghrá, agus tabhair ceansacht Chríost dúinn go léir.
  5. Tabhair sólás do na daoine atá ag fail bháis agus taispeán do thrócaire do na mairbh – go bhfuighidh siad síocháin shíoraí i gCríost.

A Athair, ós páistí do chlainne sinn glaoigh tú orainn go léir saothrú sa tsaol seo ar son na bochta agus lucht dearóile. Misean ar leith é. Iarraimid do ghrásta trí Chríost ár dTiarna. Áiméan.

An Phaidir
Agus ‘go dtaga do ríocht ‘ á rá againn go mbí toradh ar ár gcuid oibre agus misean ar siúl againn an ríocht sin a fhógairt.

 

Focal Scoir
Moladh, glóir agus onóir bheirim go deo dhuit, a Fhíor Mhic Dé, Daor do cheannaigh tú an ghlóir le d’fhuil uasail onóraigh féin.

***

An Ceathrú Domhnach Déag
9 Iúil 2017

Réamhfhocal
Is faoi réir an Spioraid na fíréin agus ní faoi réir na colainne. Tá Spiorad Dé lonnaithe ionainn agus sinn in aonchorp le Críost. Tugtar neart dár n-anamacha. Tá dualgas orainn mar sin bua a fháil ar pheaca nó is Clann Dé sinn.

 

Smaoineamh
Nach álainn na focla seo Íosa agus é ag guí, ‘Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na neithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d’oilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é’. Tá an tAthair agus an Mac ar chomhchéim. Bheir an Mac buíochas don Athair as an creideamh a bhronnadh ar a dheiscedabail. Ansin tugann Íosa cuireadh dá dheisceabail bheith páirteach ina bheatha mar Mhac an Athar. Agus féach an gealltanas mór a thugtar dóibh. ‘Tagaigí ar scoil chugamsa, mar táim ceansa uiríseal ó chroí agus gheobhaidh sibh faoiseam do bhur n-anamacha. Cad é is eagna ann mar sin? Pearsa an Mhic agus a theagasc is ea í. Faightear i ‘scoil’ Íosa í.

 

Guí an Phobail
Tá uirísle agus ceansacht le foghlaim i ‘scoil’ Chríost. Iarraimid ar an Athair na buanna sin a bhronnadh orainn agus tromualach agus saothar a thógáil dínn.

  1. Guímís ar son ár bPápa Proinsias agus ar son Easpaig na hEaglaise. Tabhair an eagna dóibh muintir an domhain a threorú ar bhealach Íosa agus carthannacht, grá agus athmhuintearas a chothú.
  2. Go mbí muinín mhór ionainn go gcuirfidh ár mbriathra agus ár ngíomhartha grá fial Íosa in iúl.
  3. Guímis ar son daoine atá ag fulaingt thinnis go bhfuighidh siad faoiseamh agus sólás ón mhuintir atá ag tabhairt aire dóibh.
  4. A son síochána ar fud an domhain: iarraimid ar Chríost ár ndeartháir umhlaíocht agus comhaontas a bhronnadh ar na náisiúin.
  5. Ar son iad sin uilig a fuair bás ar na mallaibh, go bhfaighe siad aoibhneas síoraí agus glóir i ríocht Dé.

A Athair ar neamh gheall do Mhac muirneach faoiseamh a thabhairt dúinn agus saothar agus tromualach ina luí orainn. Deonaigh go mbeimid i gcónaí réidh a bhealach a leanúint agus muinín mhór bheith againn as. Áiméan.

 

An Phaidir
Spiorad Íosa ár dtreorú agus ag foglhlaim óna theagasc tá sé de mhisneach ionainn a rá …

 

Focal Scoir
A Mhuire, a mháthair a’ rí, Déan mo shíocháin le do Mhac, A ghnúis is gile na an ghrian ná fulaing m’anam i bpian.

***

An Cúigiú Domhnach Déag
16 Iúil 2017

Réamhfhocal
nach álainn na focla seo sa Chéad Léacht faoi bhriathar Dé: ‘is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, ní fhilleann orm gan toradh, gan an rud a b’áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur i gcríoch’. Inniu agus sinn ag éisteacht leis an bhriathar go nglacfaimid isteach inár gcroíthe agus inár n-intinní é le creideamh agus le háthas.

 

Smaoineamh
Tá ceithre chineál éisteoirí ann a deir Íosa. An chéad ghrúpa a éisteann leis an bhriathar ach ní thuigeann siad é agus baintear díobh é ag dream atá naimhdeach ina aghaidh. An dara grúpa a éisteann go díograiseach leis ar dtús ach ó níor chuir sé fréamh imíonn sé in am an bhuairimh. An treas grúpa, cluineann siad an briathar ach bíonn meascán mearaí ag cur isteach ortha. An ceathrú grúpa, tuigeann siad an briathar, glacann siad isteach ina gcroí é agus bíonn toradh ar a ndianseasmhacht. Ós deisceabail Íosa sinn dhéanfaimid ár ndícheall ionad diongbháilte a thabhairt do bhriathar Dé in ár gcroíthe.

 

Guí an Phobail
Gach aon Domhnach ceiliúraimid Lá an Tiarna. Go ndéanaimid sin le creideamh agus le hurraim. Iarraimid cabhair ar Dhia éisteacht go haireach lena bhriathar.

  1. Ar son Eaglais Dé ar fud an domhain go dtite beannachataí Dé uirthi mar chith sólásach.
  2. Bíonn stoirmeacha uaireanta ann agus an Eaglais ag tabhairt aghaidh ar an teagasc saolta A Dhia tabhair neart di.
  3. Go gcuire tuismitheoirí in iúl dá bpáistí an t-áthas atá le sonrú i ngrá Dé dúinn.
  4. Cuimhnímid ar dhaoine atá tinn. Go mothaí siad cneasú Chríost agus é ag tabhairt dóchais dóibh.
  5. Ar son ár ngaolta agus ár gcairde agus na mairbh uilig, suaimhneas síoraí dá nanamacha.

A Athair ar neamh cuidigh linn úsáid cheart a bhaint as na tíolaicí a thug tú dúinn. Sin iad ár n-urnaithe, trí Chríost ár dTiarna.

Áiméan.

 

An Phaidir
A Athair ar neamh bíonn tú i gcónaí ag obair in ár measc agus ríocht do grásta á tógáil agat. Cuidigh linn an obair sin a dhéanamh leat. Iarraimid sin ort trí Chríost ár dTiarna.

Áiméan. 

 

Focal Scoir
Sár-mholadh dhuit, a Dhia mhóir
Ar son an Aifrinn naofa chóir
A d’fhág tú ag do dhaoine bhocht’
Le’r gcongbhail saor ó pheacadh ‘s locht
Ná tréig do chlann, ná diúltaigh sinn
Ach in ár gcontúirt, cuidigh linn
Go moltar choíche ar gach taoibh
An tAthair, Mac‘s an Spiorad naomh.

***

An Séú Domhnach Déag
23 Iúil 2017

Réamhfhocal
Cuidíonn an Spiorad linn i dtaca le hurnaí de. ní thig linn an ghlóir atá i ndán dúinn a shamhlú ach san am chéanna caithfimid bheith ag guí go bhfeicfimid í. Cuidíonn an Spiorad linn inár laige. Is sa Spiorad a aithnímid Dia mar ár nAthair. Faoi thionchar an Spioraid tuigfimid de réir a chéile caidé an chiall atá le bheith ina pháiste ag Dia.

 

Smaoineamh
Tá Dia i mbun na staire. Slánú i dtrócaire Dé atá i gceist. Tá Dia foighdeach le drochdhaoine. Sin é a neart. Tá seacht gcúraimí an tsaoil air. nach cóir dúinn, a pháistí, aithris a dhéanamh air agus gan dóchas a chailleadh a choíche? Bheir Dia faill dúinn i gcónaí aithrí a dhéanamh. Tá ceacht le foghlaim againn uaidh.

Comhartha nirt é cineáltacht agus trócaire a dhéanamh ar ár gcomhchréatúirí. Caithfidh gráin bheith againn don pheaca ach san am chéanna grá bheith againn don pheacach. Is é Mac an Duine an breitheamh. Fágfaimid mar sin an breithiúnas faoi ag deireadh an tsaoil.

 

Guí an Phobail
Cuirimid ár bpaidreacha roimh an Athair tríd ár dTiarna Íosa Críost.

  1. Guímid ar son na hEaglaise – go n-aithní na baill toil Dé agus fianaise a thabhairt do na nithe atá naofa agus taitneamhach i súile an Tiarna.
  2. Guímid go mbeidh deireadh le foréigean sa domhan, go mbeidh ceannairí ionraic agus críonna sna roghanna a dhéanann siad agus réidh na daoine soghonta a chosaint.
  3. Ag deireadh bliain na scoileanna agus na gcoláistí guímid go mbeidh an Spiorad naomh ag cuidiú leis na daltaí an rogha ceart a ghlacadh don saol rompu.
  4. Ar son daoine atá tinn go dtuga Dia misneach agus neart dóibh in am a gcruacháis.
  5. Cuimhnímid ar an mhuinir a d’imigh romhainn – suaimhneas síoraí dá nanamacha.

A Athair, éist le paidreacha do chlainne atá cruinnithe le chéile anseo i do láthair. Tabhair dúinn inniu na riachtanais atá uainn. Iarraimid seo trí Chríost, ár dTiarna.

Aiméan.

 

An Phaidir
Guímid ar son teacht na ríochta, ríocht na fírinne agus an chirt, ríocht an ghrá agus na síochána, sna briathra a theagasc Íosa ár Slánaitheoir dúinn.

 

Focal Scoir
Má rinne tú caraid ariamh de Mhuire,
Tiocfaidh sí chugat ar uair do bháis
Agus gabhfaidh sí go cruaidh do leithscéal
Go bhfágha sí maitheamhnas ó rí na grást.

***

An Seachtú Lá Déag
30 Iúil 2017

Réamhfhocal
Is í an eagnaíocht an tíolacadh is luachmhaire faoin domhain. Iarrann Solamh í agus é ar oilithreacht i nGibeón. Ba ábhar sásaimh é don Tiarna gur iarr Solamh í. Baineann an tíolacadh seo go mór le tairbhe do dhaoine eile. Is é Íosa an eiseamláir is fearr di. Iarrfaimid eagnaíocht ar Dhia dúinn féin san Aifreann seo.

 

Smaoineamh
Tá fhios againn gur thug Íosa suas gach rud ba mhilis leis – a chlann, a bhaile, a shábháilteacht le toil a Athar a dhéanamh agus ríocht Dé a chur ós ard. Thuig sé nach raibh stór níos mó ann ná toil a Athar. Thug sé suas gach rud eile chun toil a Athar a chomhlíonadh. Sa deireadh thug sé suas a bheatha féin. Ba dheacair dá dheisceabail sin a thuiscint. Ina bhás choinnigh Íosa greim ar a stór!

Tá ár stór féin roimh ár súile má tá an eagnaíocht againn ár mbochtáin gaoil a aithint. Bíonn faill againn gach aon lá eiseamláir Íosa a leanúint. Tá na gealltanais sa tSean-Tiomna comhlíonta i gCríost. Roinneann sé a stór linn – tá meas mar sin ag na pobail Chríostaí ar an Sean-Tiomna agus ar na dea-scéala ó Íosa. Fágtar rangú daoine faoi Dhia féin. Caithfimid ár ngrá a leathnú amach don uile chine. Nach fíoreagnaíocht é sin?

 

Guí an Phobail
Cuirimid ár n-achainíocha roimh ár nAthair ar neamh.

  1. Guímid ar son ceannairí na hEaglaise ar fud an domhain: go mbeannaí an Tiarna an Pápa Proinsias, na hEaspaig agus ceannairí Críostaí eile.
  2. Guímid ar son misinéirí atá scaipthe I measc na náisiún, go mbeannaí an Tiarna an obair mhór atá ar siúl acu agus iad faoi inspioráid an tSoiscéil.
  3. Guímid ar son inimircigh inár measc go mbeidh fáilte rompu agus muid réidh cuidiú a thabhairt dóibh.
  4. Guímid ar son síocháin i measc na náisiúin, go n-éistear le guthanna na bhfáidh atá ag pléadáil linn ár ndícheall a dhéanamh í a chur chun cinn.
  5. Guímid ar son na marbh, iadsan a bhfuil cuimhne againn orthu agus iadsan nach bhfuil cuimhne ag aon duine orthu, go dtiocfaidh siad isteach sa ríocht atá ullmhaithe ag an Athair dóibh

A Dhia na mbeannacht taispeáin do thrócaire dúinn anois agus ar uair ár mbáis.

Áiméan.

 

An Phaidir
Spiorad Íosa ár dtreorú agus Eagnaíocht an tSoiscéil ag tabhairt soilsiú dúinn deirimid …

 

Focal Scoir
Fáilte romhat chugam-sa, a Íosa
Tá tú agam anois, go bhfanaidh tú agam go bráth
Ó a neamh ar talamh, maith agus mórshláinte
Go ndéanaidh tú do mo anam.

Raymond Murray
raylmurray@tiscali.co.uk