Leathanach Don Cheiliuraí – June 2018

Our Irish Notes this month are provided by Fr Mairtín O’Conaire, Sagart Paróiste, Inis Mór.

Click here to download a PDF of these resources. For more features and content from our June issue, click here.

 

Sollúntas Chorp Chríost –Corpus Christi – 3 Meitheamh

Ex 24:3-8. Ps 115: 12-13, 15-18.
Heb: 9:11-15. Mk 14: 12-16,22-26.

Iontraid

‘Sé an t-aifreann an phaidir mhór atá againn. Bailíonn muid le chéile mar Chorp Chriost, mar eaglais, aontaithe lena naomh sa bhflaithis.

Macnamh

Is féile é seo le macnamh a dhéanamh ar an íobairt a rinne Dia ar ár son, gur thug Sé suas a Mhac féin chun go mbeadh muid páirteach sa ndiagacht. Is muide Corp Chríost ina dtugtar cuireadh dúinn páirt a ghlacadh ina mhisiún. Thóg Dia íobairt a mhac a fuair bás ar an gcrois agus a d’aiséirigh sé ar an triú lá. Ar an lá seo téann Íosa isteach sna áiteanna sin atá marbh inár saol féin agus tugann sé beatha nua dúinn atá aontaithe lena bheatha Féin. Ní beile santach a ghlacann muid mar sin, ach béile a thugann Dia níos giorra dúinn ar fad agus muid páirteach le Dia agus lena chéile.

Guí an Phobail

  1. Go dtuga an Eocharist aontacht dúinn lene chéile, agus síochán Chríost don domhan. A Thiarna éist linn.
  2. Mar Phobal Dé go mbeidh muid fáilteach roimh chuile dhuine. A Thiarna éist linn.
  3. Do na sagairt a ofrálann suas an t-aifreann ar son an phobal – go dtuga Dia cúnamh dóibh agus ag déanamh freastal ar an bpobal. A Thiarna éist linn.
  4. Do na scoláirí atá ag staidéar ag an am seo; go dtuga Dia gach cabhair dóibh sna scrúdaithe. A Thiarna éist linn.

Ár nAthair

Tugann Dia bia ó neamh dúinn, mar sin tá sé do mhisneach againn a rá:

 

 

An Deichiú Domhnach Saor – 10 Meitheamh

Gen 3:9-15. Ps 129.
2 Cor4:13-5:1. Mk 3:20-25.

Iontraid

Tá Spiorad Dé inár measc. Áit ina bhfuil beirt nó triúr bailithe i m’ainm tá mise ina measc. Bailíonn sé le chéile muid mar phobal, mar theallach aontaithe inár nguí.

Macnamh

Cé go bhfuil an peaca i láthair tá grásta Dé i gceannas. Ní féidir linn an peaca a chúlú linn féinach tríbheith oscailte do ghrásta Dé is féidir linn maireachtáil mar chlann altrama Dé. I Litir chuig na Coirintigh, oll-cathair ina raibh cónaí gach cine agus cultúr agus tuiscint, iarann Naomh Pól ar an Eaglais ansin bheith oscailte do chuile dhuine cibé cine, gnéas aois agus nó meoin. Deireann Íosa linn gur bhfuil ‘Aon duine a dhéanann toil Dé – sin é mo dheartháir, mo dheirfiúr, mo mháthair.

Is féidir linne bheith dall trínár bpeacaí ach má tá muid ag iarraidh ár n-amharc ar ais is trí thrócaire agus grásta Dé a fhaigheann muid é seo.

Guí an Phobail

  1. Go n-osclaí an Eaglais í féin do chuile duine, cibé cine, gnéas nó meoin atá acu. Go ndéana muid áit dóibh i measc Phobal Dé. A Thiarna éist linn.
  2. Go méadaigh Dia ár gcroí le bheith carthanacht le chuile dhuine, go h-áirithe na boicht agus iad nach bhfuil teach ná dídean acu. A Thiarna éist linn.
  3. Ar son ár gcreidimh féin, go n-éistfidh muid le croí oscailte le glór Dé ag glaoch orainn. A Thiarna éist linn.
  4. Abhair cabhair agus misneach do na scoláirí ar fad a bheas a déanamh scrúdaithe sna laethanta seo romhainn. A Thiarna éist linn.
  5. Tabhair aire do na scolairí atá ag dul ar laethanta saoire an tsamhraidh. Coinnigh slán sábháilte iad i rith an tsamhraidh. A Thiarna éist linn.
  6. Go gtuga Dia solas na bhfalithis d’ar mairibh, go h-áirithe iad sin a bhfuil muid ag guí dóibh inniú … A Thiarna éist linn.

Ár nAthair

Déarfaidh muid le chéile an phaidir a mhúin Íosa dúinn…

* * *

An t-Aonú Domhnach Déag Saor – 17 Meitheamh

Ez 17:22-24. Ps 91;.
2 Cor 5:5-10. Mk 426-34.

Iontraid

Gan tusa a Dhia ní féidir linn tada a dhéanamh. San aifreann seo treoraigh muid chun Thú a scaoileadh isteach inár saol le muid a coinneal agus a threorú ar do chosán féin.

Macnamh

Tá ríocht Dé inár measc. Cuireann Íosa in iúil dúinn go bhfuil sé anseo linn. Tá sé le feiceáil againn sna eachtraí beaga a dhéanann muid i rith an lae. Má thugann muid am do Dhia tagann sé againn i rith na h-eachtraí fánacha seo. Labharann Íosa faoi Ríocht na bhFlaithis a bheith cosúil le síol an chrainn mustaird. Cé gurb é an gráinne is lú é go bhfásann sé ina chrann mór. Tagann bláthú ar an oibair bheag seo trí ghrásta Dé. Céard iad na síolta a bhíonn le cur againne? Tá macnamh le déanamh againn, sa gcaoi go mbeidh muid airdeallach ar na bealaí a thagann Ríocht Dé chugainn. Anois agus muid i lár an tsamhraidh feiceann muid ón nádúr an chaoi a fhásann gach rud. Nach ionatach an rundiamhar é a bheith ag breathnú ar an nádúr faoi bhláth. Is bronntanas iontach é seo ó Dhia! Ba chóir dúinn macnamh a dhéanamh ar na nádúr a insíonn dúinn go leor faoi Dhia an Cruthaitheoir.

Guí an Phobail

  1. Ar son na daoine bochta ; go mbeith muid aireach dá bhfuil uathu. A Thiarna éist linn.
  2. Ar son an aos óg; go n-aireoidh siad go bhfuil Dia leo chuil coiscéim ina saol. A Thiarna éist linn.
  3. Do chuile dhuine atá tinn, nó in ísle brí. A thiarna leag do lámh chinéalta orthu. A Thiarna éist linn.
  4. D’ár muintir atá imigh ar shlí na fírinne. Trí shlanú do Mhic lig isteach i do ríocht iad. A Thiarna éist linn.

Ár nAthair

Tá dóchas againn go bhfuil ríocht Dé inár measc agus tá misneach againn a rá ‘Ár naAthair…

* * *

 

Éile Bhreith Eoin Baiste – 24 Meitheamh

Is 49:1-6. Ps 138: 1-3, 13, 15.

Acta 13:22-26. Lucás 1:57-66, 80.

Iontraid

Ar an lá fhéile seo cuirtear ós ár gcomhair an cuireadh pearsanta a fhaigheann duine ó Dhia. ‘Óir is tusa a chruthaigh mé ar fad; d’fhigh tú mé i mbroinn mo mháthar’.

Macnamh

Nach gcuireann leanbh nua an taghlach bun ós cionn, go h-áirithe an chéad ceann! Tá saol Eiliosaibeit agus Zachárias iompaithe bun ós cionn le teacht an mac seo isteach ina saol. Is bóthar nua dóibh é seo mar chúpla, ceann atá lán le dóchas agus bród.Le teacht an linbh seo feiceann siad lámh Dé ag obair go láidir ina saol féin agus i saol an pháiste. Leis an saol nua seo amach rompu, tugtar ainm ar an bpáiste nach bhfuil ina shliocht agus insíonn sé seo dúinn go bhfuil bóthar nua le taistil, ní amháin ag na tuismitheoirí ach ag an leanbh freisin. Fágtar na seanbhealaí ina ndiaidh lén bóthar nua seo a thaistil.

Guí an Phobail

  1. Don eaglais, d’ár bpápa Proinnsias. Trí idirghuií Naomh Eoin Baiste go mbeidh tortha ar a chuid oibre. A Thiarna éist linn.
  2. Don teaghlach, go bhfeice muid lámh Dé ag obair in saol gach teaghlach. A Thiarna éist linn.
  3. Don bhailiú Domhanda don teaghlaigh. Go dtuga an Spiorad Naomh croí nua dúinn ar fad. A Thiarna éist linn.
  4. Do thuismitheoirí, go dtuga Dia cúnamh dóibh grá a bheith acu dá chéile agus go mbeidh tortha ar a ngrá. A Thiarna éist linn.
  5. Go b’fháilteoidh an tAthair roimh chuile dhuine atá imigh ar shlí na fírinne, go h-áirithe iad sin a bhfuil muid ag guí dóibh. A Thiarna éist linn.

Ár nAthair

Coinnigh faoi do stiúir muid a Thiarna agus muid ag rá an phaidir a mhúin Íosa dúinn.

* * *

Mairtín O’Conaire

Sagart Paróiste

Inis Mór