Leathanach don Cheiliuraí – March 2017

Fr Oliver Crilly
Caisleán na Finne
Co Thir Chonaill
Email olivercrilly@gmail.com

Click here to download or print our March Leathanach don Cheiliuraí. 

For more resources from our March issue, click here.  

An 1ú Domhnach den Charghas
5 Márta 2017, Bliain A

Tús
Ullmhú don Cháisc atá sa Charghas. I gcéadta tosaigh na hEaglaise ba ullmhú don Bhaisteadh é. Bhí próiseas fada curtha i gcrích ag na Catacúimeanaigh agus tháinig sé chun foirfeachta le linn an Charghais sa dóigh is go raibh siad réidh do Shacraimint an Bhaiste ag Bigil na Cásca. Tarlaíonn ullmhú mar sin go fóill, go háirithe i gcás daoine fásta, ach don ghnáth-Chríostaí is ullmhú saoil atá i gceist: bímid ag guí le linn an Charghais go mbeimid in ann ár saol a chaitheamh go hionraic ionas go mbeimid réidh leis an Cháisc a cheiliúradh mar is ceart, agus brí iomlán a bhaint as bás agus aiséirí Chríost agus maireachtáil dá réir.

Smaoineamh
Sa chéad léacht inniu tá scéal Adhaimh agus Éabha agus peaca an tSinsir: an gá le slánu. Sa soiscéal tá Íosa an Slánaitheoir. Tugann sé a aghaidh ar chathuithe an Diabhal, ar chathú comónta an duine daonna. Tá an trí chathú an-spéisiúil:

  1. Aicearra a ghlacadh. Glacann sé próiseas fada le arán a dhéanamh: ón chruithneacht go dtí an t-oigheann, ón chuibhreann go dtí an bord. Is iomaí aicearra a ghlacann an duine daonna, gan plean Dé a chur san áireamh.
  2. Baoth-dhóchas: ár mian féin a dhéanamh, agus ag an am céanna bheith ag súil go dtiocfaidh Dia i gcabhair orainn le sinn a shabháil inár n-ainneoin féin. 
  3. Cumhacht gan taise gan trócaire: tá a chomhartha sin le sonrú go forleathan i saol an lae inniu: éifeacht an chogaidh – teifigh, bochtanas, daoine gan dídean – saibhreas ag méadú agus na milliúin daoine ar an ghannchuid agus ar an anás. Bealach frith-chultúrtha bealach an Charghais, bealach an tslánaithe.

Guí an Phobail
Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

  1. Guímid ar ár son féin, go mbeimid in ann ár saol a chaitheamh go hionraic, agus ullmhú ceart a dhéanamh do cheiliúradh na Cásca. A Thiarna, éist linn.
  2. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.
  4. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir
Is peacach bocht mé faoi ualach trom is méid mo pheacaí is aithreach liom, ach admhaím creideamh Dé do shíor le grá óm chroí is le dóchas fíor. Ó bhun na croiche glaoim suas: a Íosa, a Thiarna, claon anuas.
Ár bPaidreacha Dúchais, 144
* * *

An 2ú Domhnach den Charghas
12 Márta 2017, Bliain A

Tús
Tá claonadh ionainn smaoineamh i línte díreacha, siúl ar aghaidh coiscéim i ndiaidh choiscéim eile. Ní hionann sin agus raon radhairc Dé. Bíonn achan rud i láthair Dé ag an am amháin. Agus ní hionann é agus raon radhairc na liotúirge. Bímid ag dúil leis go mbeidh cur síos ar chasán na péine agus na croise ar dtús agus ina dhiaidh sin cur síos ar ghlóir an aiséirithe. Sin an leagan amach a bheadh againn ar liotúirge an Charghais. Ach ní mar sin atá: seo an dara Domhnach den Charghas, agus féach – cheana féin tá glóir Chríost le feiceáil ag triúr dá dheisceabail. réamh-ullmhúchán atá ann ar ndóighe do scannradh na Páise.

Smaoineamh
Tá Abráhám, athair chreideamh Iosráel, againn sa chéad léacht inniu, agus sa soiscéal in éineacht le hÍosa tá Maois agus Éilias agus iad ag caint leis, ag cur in iúl go bhfuil creideamh Iosráel á chomhlíonadh ag Íosa.

Léiríonn Íosa é féin faoina ghlóir diaga dá dheisceabail: do Pheadar, do Shéamas agus d’Eoin. Deirtear linn i gcuid de na soiscéil go raibh Íosa ag iarraidh na deisceabail a ullmhú dá Pháis, le go dtuigfeadh siad go raibh glóir an aiséirithe le fáil ar an taobh eile de dhorchadas agus de phian an bháis. Tá sé spéisiúil gurb iad an triúr deisceabail céanna a bhí leis ar shliabh Tábor a thug sé leis mar innéithe ar fhulaingt agus ar allas fola Ghairdín na nOlóg.

Dúinne atá inár ndeisceabail ag Íosa anois, tá an teachtaireacht chéanna ag an liotúirge dúinn. Ní mór dúinn leanstan le pionós an Charghais i ndóchas ghlóir na Cásca.

Guí an Phobail
Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

  1. Guímid ar ár son féin, go mbeimid in ann ár saol a chaitheamh go hionraic, agus ullmhú ceart a dhéanamh do cheiliúradh na Cásca. A Thiarna, éist linn.
  2. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.
  4. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir
A Íosa mhilis a d’fhulaing an Pháis
ar chrann na croiche ’s tú cloíte ag an bhás;
ba mhór do dheacair go dtáinig an lá.
Is daor a cheannaigh tú peacaigh Shíol Ádhaimh.
Ár bPaidreacha Dúchais, 399
* * *

Lá Fhéile Pádraig
17 Márta 2017

Tús
B’fhéidir go bhfuil teachtaireacht ar leith ag scéal Naoimh Pádraig don mhuintir óg, agus fosta dá dtuismitheoirí, a bhíonn buartha fúthu amannaí. Deir Naomh Pádraig linn ina Fhaoistin go raibh an creideamh Caitliceach caillte aige, nó gur shíl sé go raibh sé caillte aige, nuair a bhí sé sé bliana déag d’aois. Ach b’fhéidir gur ina chodladh a bhí an creideamh sin a seachadadh óna thuismitheoirí chuige. Nuair a bhí sé fuar deileoir ar shliabh Mis agus é ina sclábhaí, deir sé linn gur ‘oscail an Tiarna céadfa mo ainchreidimh’ agus gur thosaigh sé athuair ag glacadh chuige creideamh a óige, agus gur thosaigh sé ag guí go dian dúthrachtach.

Smaoineamh
In aimsir Phádraig bhí na rómhánaigh sa Bhreatain, ach bhí oileán na hÉireann taobh amuigh de Impireacht na róimhe. I dtuiscint an ama sin bhí Éire scaite amach ón saol mór sibhialta. Bhí Éire imeallach, gan tábhacht. Thogh Dia an áit imeallach seo don phlean a bhí aige don Eoraip agus don domhan mór, do na céadta bliain a bhí le teacht, do shaothar misinéireachta ní amháin san Eoraip ná sna meánaoiseanna, ach lá a b’fhaide anonn san Aifric, san Oirthear chianda, agus san 20ú aois agus fiú san 21ú aois.

In aois a shé déag bhí a chreideamh caillte ag Pádraig. Déagóir gan treoir a bhí ann. Ní raibh aithne aige ar Dhia. Is ar éigin a raibh aithne aige air féin. Ní chuirfeadh duine ciallmhar ar bith muinín ann, déarfá. Mar a dúirt Seosamh Mac Grianna fá fhear a casadh air tráth i mBaile Átha Cliath agus a raibh droch-amhras air faoi: ‘Ina dhiaidh sin agus uile, char mhaith liom mo chuid airgid a chur ina bhocsa’. B’annamh an duine a chuirfeadh a chuid airgid i mbocsa Phádraig Mac Calproinn agus é ina stócach anabaí gan creideamh gan ciall. Thogh Dia an stócach anabaí sin, agus thug sé go dtí tír imeallach é agus go dtí cnocán fuar dearóil i dtuaisceart Éireann, agus rinne sé naomh as, agus misinéir éifeachtach.

Guí an Phobail
Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

  1. Guímid ar son na nÉireannach go léir atá thar sáile: ar imirce, ag obair, gan paipéirí b’fhéidir, ar sheirbhís leis na Náisiúin Aontaithe, nó ar oilithreacht ar son Chríost. A Thiarna, éist linn.
  2. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.
  4. Guímid ar son na marbh. (ainmneach) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir
Éirím inniu
i gcumhacht na bhFlaitheas,
i soilse gréine,
i ngile na gealaí,
in áilleacht tine,
i mire lasrach,
i luas gaoithe,
i ndoimhneacht farraige,
i mbuanseasmhacht talún,
i ndaingneacht carraige.
Is leis an Tiarna an Slánú.
Aiméan.
Lúireach Phádraig
* * *

An 3ú Domhnach den Charghas
19 Márta 2017, Bliain A

Tús
Bliain ar leith í Bliain A i liotúirge an Charghais: bliain na léachtaí móra, bliain na dtéamaí arcitípeacha – solas an domhain, uisce na beatha síoraí. Bhí dúil mhór ag ár sinsir i luath-Eaglais na hÉireann i soiscéal Eoin. Céasadh Chríost as soiscéal Eoin atá greanta ar na hArdchrosa go dtí an 10ú aois. Léirítear an spúinse ar thaobh amháin d’Íosa, agus ar an taobh eile an tsleá agus an fhuil agus an t-uisce ag sileadh anuas as cliathán Chríost. I soiscéal Eoin ceanglaítear an t-uisce leis an Spiorad Naomh: féach scéal Nicodémas i gcaibidil 3 agus an bhean ag an tobar i gcaibidil 4.

Smaoineamh
Do chatacúimeanaigh na luath-Eaglaise, ullmhú don Bhaisteadh a bhí sa Charghas. Ar an tríú Domhnach den Charghas bhíodh an chéad cheistiú – céim thábhachtach ar an bhealach chuig Bigil na Cásca agus an Baisteadh féin. Níl amhras ach go bhfuil léachtaí Bhliain A thar a bheith fóirstineach don ullmhú sin, nó i mBliain A ar an tríú Domhnach den Charghas bíonn Soiscéal na mná Samaratánaigh ag Tobar Iacób, agus siombalachas an uisce: geallann Íosa di uisce na beatha síoraí.

Is sa Bhaisteadh a chomhlíonann Íosa an gheallúint sin, ní amháin don bhean úd as an tSamáir, ach dúinne go léir a baisteadh mar Chríostaithe. Bronnann sé orainn uisce na beatha síoraí; bronnann sé orainn an Spiorad Naomh. Tá comhartha álainn den cheangal sin idir uisce agus an Spiorad Naomh i searmanas an Bhaiste san Eaglais inniu: chomh luath agus a bhaistear leanbh le huisce, in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, déanaimid an leanbh a ungadh ar bharr a c(h)inn le criosma – comhartha go n-aithnímid go bhfuil an Spiorad Naomh i láthair, lonnaithe sa leanbh nua-bhaiste.

Dúinne atá baiste cheana féin, is athnuachán gheallúintí ár mbaiste a bhíonn i gceist ag Bigil na Cásca, agus ag Aifreann Dhomhnach Cásca.

Guí an Phobail
Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

  1. Guímid ar ár son féin, go mbeimid in ann ár saol a chaitheamh go hionraic, agus ullmhú ceart a dhéanamh do cheiliúradh na Cásca.
  2. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.
  4. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir
A Íosa, a Mhic Mhuire,
’Aonmhic na hÓighe,
leatsa a ním mo ghearán
ar maidin is tráthnóna.
Déan mo threorú ar an bhealach,
cuir mé ar an eolas
isteach chun na bhFlaitheas
a chaitheamh na glóire.
Ár bPaidreacha Dúchais, 9
* * *

An 4ú Domhnach den Charghas
26 Márta 2017, Bliain A

Tús
I soiscéal an lae inniu, castar orainn an dall: fear a bhí dall ón lá a rugadh é, agus a thig os comhair Íosa ag iarraidh leighis. Sna soiscéil, nuair a gheibh dall radharc na súl, ní radharc fisiciúil amháin a bhíonn i gceist. Seasann an radharc fisiciúil ar an saol do radharc eile. Is siombal é radharc na súl do amharc ar an saol spioradálta: bheith in ann an réaltacht spioradálta a fheiceáil agus a thuiscint. I mbeannacht Naoimh Fursa ón 7ú céad tugtar ‘amharc mhuintir neimhe’ ar an ábaltacht sin.

Smaoineamh
Tá macalla ó scéal Chruthú an Domhain i dtús an Bhíobla sa soiscéal inniu. Mar a thóg Dia cré ón talamh le Ádhamh a chruthú, tógann Íosa cré ón talamh, déanann sé láib de le seile, agus sméarann sé an láib ar shúile an daill lena leigheas. Shílfeá gur críochnú ghníomh an chruthaithe a bhí i gceist. Ní raibh cruthú an daill críochnaithe i gceart go dtí gur thug Íosa amharc na súl dó.

Tá an dara siombail ann sa scéal seo: siombail an uisce – siombail an Bhaiste, fiú amháin. Dúirt Naomh Ambrós uair amháin le Críostaithe a bhí díreach tar éis Shacraimint an Bhaiste: ‘D’imigh sibh, nigh sibh, tháinig sibh chun na haltóra, agus chonaic sibh an rud nach raibh amharc agaibh air roimhe. Osclaíodh bhur súile in Umar an Tiarna, agus trí scéal Pháis an Tiarna a chluinstin. Bhí sibh dall ó chroí roimhe, agus anois tá amharc agaibh ar an solas.’

Guí an Phobail
Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

  1. Guímid ar ár son féin, go mbeimid in ann ár saol a chaitheamh go hionraic, agus ullmhú ceart a dhéanamh do cheiliúradh na Cásca. A Thiarna, éist linn.
  2. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.
  4. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir
A Íosa, a Mhic Dháiví,
a thug dúinn amharc ar an lá;
go mbeire tú ár n-anam leat slán
go Cathair na nGrást.
Ár bPaidreacha Dúchais, 12