Leathanach don Cheiliuraí – May

This months Leathanach don Cheiliuraí were provided by Father Micheál Ó Muircheartaigh. 

Click here to download or print a pdf of the Irish Notes for May.

For more resources from our May issue, click here.

 

An Ceathrú seachtain

I séasúr na Cásca

An Tús

Tugann an Pápa Proinsias aird ar leith arís ar an aoireacht lena ráiteas tipiciúil saolta faoi ‘bholadh an tréad’.

Smaoineamh

Tháinig Críost ar an saol seo ionas go mbeadh an bheatha againn agus í ina iomlán. Is é Íosa, ina ocail féin, ‘an tréadaí maith’. Is é bun agus barr an scéil sa teagasc seo ná go gcreidimid I nDia, nochtaithe ina Mhac Críost, a bhfuil cion agus grá aige dá phobal féin. Aithníonn an tréadaí iad siúd atá faoina chúram, tugann sé aire dóibh, cosnaíonn sé iad agus seolann sé iad ar Shlí na Saoirse. Mar an gcéanna le Críost, teastaíonn uaidh a phobal féin a chosaint agus iad a threorú as gleann an dorchadais go dtí flúirse agus iomláine na beatha agus an tsolais, áit nach mbeidh a dhath de dhíth ar éinne.

Santaíonn Críost, ar nós tuismitheora ar bith, an rud is fearr dá phobal, dá pháistí, dá thréad. Ba mhaith leis go mbeadh deis againn flúirse an tsaoil a bhlaiseadh, aoibhneas a bhaint as na bánta glasa, faoiseamh agus suaimhneas a fháil agus ardú meanman a thabhairt dúinn. Ní leor ár ndóthain a bheith againn ach ba mhaith leis fleá a dhéanamh dúinn agus cupán na beatha ag cur thar maoil le beogacht. Glaonn sé ar gach duine againn. Tuigeann sé gach duine againn. Aithníonn sé gach duine againn. Ar nós tréadaí sa Tír Bheannaithe bíonn sé I gcónaí ar thosach na buíne. Ar ndóigh, tá guthanna eile, ceannairí eile, gealltanais eile ann. Tá sé éasca dallamullóg a chur orainn. Iad siúd nach bhfuil leas an phobail ina gcroíthe tugtar gadaithe, sladaithe agus rógairí orthu. An t-aon cuspóir atá acu ná gadaíocht, dúnmharú agus scrios a dhéanamh ach mealltar daoine mar sin féin. Cuireann Críost na heiseamláirí seo I gcodarsnacht le hiompar an tréadaí mhaith. Laghdaíonn an gadaí iad siúd a théann I dteagmháil leis. Cuireann an tréadaí maith leis an saol agus le caighdeán an tsaoil.

Guí an Phobail

  1. Guímid ar son an Phápa agus do na tréadaithe uilig a oibríonn i seirbhís Chríost. A thiarna éist linn.
  2. Guímid ar son na ndaoine sin a bhfuil dualgas trom na ceannaireachta orthu inár sochaí. A thiarna éist linn.
  3. Guímid ar son bua na críonnachta agus bua an bhreithiúnais chóir. A thiarna éist linn.
  4. Gabhaimid buíochas le Dia ar son na mbuanna sin a bhronn an saol orainn. A thiarna éist linn.

Focail Scoir

Guímid I bhfocail an Tréadaí Mhaith. An té nach bhfuil bólacht ar chroic aige, bíonn suaimhneas ar shop aige.

Micheál Ó Muircheartaigh
Dunleer
Co Lú

* * *

An Cúigiú seachtain

I séasúr na Cásca

An Tús

Tugtar foláireamh dúinn ‘gan eagla a bheith orainn’ nó ráitis den chineál céanna go mion minic sna Scríbhinn Dhiaga. Amharc ar Google!

Smaoineamh

Mhothaigh Íosa go raibh sé riachtanach sólás a thabhairt dá dheisceabail agus dá lucht leanúna I gcónaí. Insíonn sé dóibh arís agus arís eile gan eagla a bheith orthu agus a muinín a chur ann. Inniu, deir sé leo agus linn fosta, ‘ná bíodh imní ar bhur gcroíthe, cuir do mhuinín I nDia agus ionam fós’. Seo iad briathra Mhac Dé. Seo é meon agus eagasc Dé nochtaithe I gCríost. Tá Críost ag labhairt go lom díreach le gach duine a éistfidh leis. Ná bí buartha faoi rud ar bith, glac misneach! Is é Íosa an bheatha. Cúrsa báis nó beatha é. Seo é gealltanas lárnach an tSoiscéil, an bheatha, an bheatha shíoraí nó ar a laghad an deis chun an bheatha shíoraí a bhaint amach. Bhí an focal scoir ag an mbás roimhe sin. Tháinig Íosa, de réir a chuid cainte féin, ionas go mbeadh an bheatha againn agus í ina iomlán. Ta flúirse na beatha ar fáil dúinn san Aiséirí. Bainimid brí agus neart ó na sacraimintí, ón Scríbhinn Dhiaga agus ón bpobal I gcoitinne le linn ár n-aistir shaolta. Bímid ag súil leis an mbeatha shíoraí ach ní dhéanaimid talamh slán de go bhfuil sé tuillte againn. Seo é gealltanas Dé ina gcreidimid. Seo iad briathra an fhir ina gcuirimid ár muinín. Is é Dia ár n-áras féin agus gabhann gach bóthar tríd. Is é Dia ár Slí, ár bhFírinne agus ár mBeatha.

Guí an Phobail

  1. Guímid ar son tuisceana níos doimhne ar éiniúlacht agus ar mhisean Chríost. A thiarna éist linn.
  2. Guímid ar son méadú carthanachta de réir mar a fhásaimid féin I dtuiscint. A thiarna éist linn.
  3. Guímid le buíochas ar son na beatha a thagann chugainn ó Chríost agus ón Athair. A thiarna éist linn.
  4. Agus muid ag impí go gcosnaítear sinn ar gach uile olc – guímid.

Focail Scoir

Coinnigh smacht ar do fhaitíos féin ach roinn do mhisneach le cách.

Micheál Ó Muircheartaigh
Dunleer
Co Lú

* * *

An Séú seachtain

I séasúr na Cásca

An Tús

‘Caithfidh go raibh rud éigin, ní hamháin rúndiamhrach ach iltaobhach faoi Chríost, má táimid in ann an oiread sin macasamhla Chríost a shnoí as’. (G.K. Chesterton).

Smaoineamh

Ina threoracha deireanacha dá dheisceabail téann Íosa siar ar theagasc a bhfuil taithí againn air. Cuireann sé I gcuimhne dóibh an gaol gairid atá idir é agus a Athair agus a shainordú ón Athair .Cuireann sé I gcuimhne dóibh an tábhacht a bhaineann le hAitheanta Dé a choinneáil, teist an ghrá dháiríre. Is iad dílseacht don fhírinne agus gaois mhúineadh Dé teanga cheart an dheisceabail ghrámhair. Geallann sé dúinn nach bhfágfaidh sé sinn inár ndílleachtaí ach go bhfanfaidh sé linn agus ionainn I gcónaí.

Labhraíonn Íosa faoi bhorradh tuisceana I measc a phobail féin. Tá slabhra iontach féin-chónaithe I gceist anseo. Tá Íosa san Athair, maireann na fíréin ann agus trí Íosa agus fanann Íosa ionainn ár spreagadh agus ár múnlú de réir a mhacasamhail féin. De réir mar a fhásann ár dtuiscint fásann ár ngrá Críostaí. Spreagtar sinn chun Aitheanta Dé a ghlacadh agus a choinneáil. Ní féidir linn focail áirithe a ghlacadh agus neamhshuim a dhéanamh de na cinn eile. Ní féidir linn talamh slán a dhéanamh de gurb é ár míniú ar fhocal Dé an focal deiridh agus ansin maireachtáil de réir ár gceartchreidimh féin. Teastaíonn uainn údarás fhocal oibiachtúil na fírinne chun cosc a chur orainn a bheith mídhílis don soiscéal. Tá an baol ann go leanfaimid Íosa agus go dtabharfaimid grá dó de réir ár dtola féin agus gearradh a dhéanamh de réir ár slat tomhais féin.

Guí an Phobail

  1. Guímid ar son an nirt chun Aitheanta Dé a choinneáil i gcónaí. A thiarna éist linn.
  2. Guímid go mbeidh cur amach again i gcónaí ar ghrásta Dé agus ar chairdeas inár saol laethúil. A thiarna éist linn.
  3. Cabhraigh linn a Íosa chun go dtiocfaidh méadú ar an ngrá Críostaí inár gcroíthe ionas go mbeimid níos cosúla leatsa. A thiarna éist linn.
  4. Guímid ar son tíolacadh an chroí gheanmnaí ionas go mairfidh Críost ionainn agus inár measc. A thiarna éist linn.
  5. I bhfocail Chríost, Mac an Athar, guímid.

 

Focail Scoir

Cónaigh a Chríost inár gcroíthe

Micheál Ó Muircheartaigh
Dunleer
Co Lú

* * *

An Deascabháil an Tiarna

An Tús

Comhartha is ea an Deascabháil go bhfuil deireadh tagtha le ministreacht Íosa sa saol seo agus tús curtha lenár ndualgas agus lenár bhfreagracht féin chun soiscéal Dé a fhógairt.

 

Smaoineamh

Tá sé doiligh scaradh go deo lenár gcairde ionúine. Siúlaimid agus tiomáinimid ar chéim sochraide amhail is dá mbeadh pearsantacht an té atá ar iarraidh inár láthair fós. Anois is arís labhraímid faoi bheatha an duine ghrámhair a cheiliúradh ach is é an brón an mothú is láidre nuair atáimid ag fágáil slán. Ach an méid sin ráite, d’fhill na hAspail ar Iarúsailéim agus iad lán le lúcháir. B’éidir, i ndeireadh na dála, gur thuig siad an teagasc a bhí Críost ag iarraidh a mhúineadh dóibh; go raibh ar an Tiarna fulaingt, bás a fháil, aiséirí agus filleadh ar an Athair agus ansin go gcuirfí an Spiorad Naomh chucu. Cuireann Íosa i gcuimhne dóibh gur finnéithe iad don rud seo. Tugtar áit speisialta dóibh sa scéal agus anois glaotar orthu chun fianaise a dhéanamh go lúcháireach don domhan faoin méid atá feicthe agus cloiste acu. Agus é ar tí imeacht tógann sé a nádúr daonna leis, an daonnacht a ghlac sé chuige féin chun aghaidh a thabhairt agus an ceann is fearr a áil ar an bhfulaingt agus ar an mbás ar ár son. Agus é I láthair an Athar agus an Spioraid uaislítear ár ndaonnacht toisc go léirítear í mar chuid den Tríonóid Naofa. Ghlac sé páirt inár ndaonnacht ionas go mbeadh sé ábalta a dhiagacht a roinnt linn.

Guí an Phobail

  1. Guímid go mbeidh cur amach again ar chomhluadar Chríost, rud atá in easnamh sa domhan inniu. A thiarna éist linn.
  2. Guímid go dtuigfimid luach na saoirse a bhuaigh Críost ar ár son. A thiarna éist linn.
  3. Guímid go dtiocfaidh méadú ar thíolaicí an Spioraid Naoimh ionainn agus inár measc. A thiarna éist linn.
  4. Gabhaimid buíochas ar son na dtíolaicí a ghealltar dúinn sa saol seo, sa bhás agus in Aiséirí Chríost. A thiarna éist linn.

Faoi anáil an Spioraid Naoimh guímid mar a mhúin Críost dúinn a dhéanamh.

Focail Scoir

Baineann gach gné den Deascabháil le rudaí a choinníonn ar gcúl sinn a scaoileadh uainn.

Micheál Ó Muircheartaigh
Dunleer
Co Lú