Leathanach don Cheiliuraí – May 2018

We welcome you to use the following resources in any parish newsletter available free of charge. Please give credit to the author or Intercom. This month’s Irish notes re provided by Seosamh Ó Beaglaoí SP, Tigh an tSagairt, Daingean Uí Chúis, Co Chiarraí. 

Click here to download or print a PDF of these resources.

You can find more features and resources from our May issue here.

 

An Séú Domhnach den Cháisc – 6ú Bealtaine 2018

Réamhrá

Spreagann Íosa sinn chun grá a thabhairt dá chéile mar a thug seisean dúinn. Tagaimis i láthair an Tiarna ag lorg maithiúnais as ár bhfaillí i gcomhlíonadh an ghrá.

 

Smaoineamh

Is iomaí dán agus amhrán cumtha ar théama an ghrá ach tá tréithe ar leith ag baint le grá Dé – foighne, cineáltacht, flaithiúlacht agus grá a léiríonn maithiúnas. Seo an grá atá i gceist ag Íosa agus é ag impí ar a dheascabail grá a thabhairt dá chéile. Ón soiscéal inniu tuigimid go bhfuil grá Dé agus grá na gcomharsan fite fuaite lena chéile. Nuair a bhímid cinealta agus cabhrach le daoine eile tugaimid fianaise do ghrá Dé. Is é an gniomh Críostúil inár saol laethúil a chruthaíonn creidiúnas i gcomhlíonadh grá Dé. Nuair a bhí Íosa inár measc léirigh sé grá Dé ina phearsa agus ina ghníomhartha, ag cur cóir leighis ar na heasláin, ag misniú ainniseoirí lena bhriathra trócaireacha agus dóchais. Dar ndóigh tá buaicphointe a ghrá ina bhás ar an gCrois agus i gcuireadh na Cásca bheith rannpháirteach i nglóire an aiséirí i bhfad na haimsire.

Smaoinigh ar an luas scannrúil i saol na linne seo. Bímid gafa ag an síorbhrú, ag rith is ag rás ag iarraidh é seo, siúd agus uile a dhéanamh. Is fuirist faillí a dhéanamh ar dhaoine timpeall orainn agus ar riachtannais na mbochtán sa chóngar agus i gcéin. Bhí croí Íosa lán de dhaonnacht na trócaire ag gníomhú ar mhaithe le daoine. Fásaimid mar dheisceabail nuair a fhreastalaímid ar an gcomharsan ag comhlíonadh grá Dé le dúthracht. Mairimid ar a bhfaighimid agus bláthaimid ar a dtugaimid.

 

Guí an Phobail

Sagart: Is é Dia an grá a éisteann lenár nurnaithe. Le muinín cuirimís ár nachainíocha ina láthair.

 

  1. Ar son na hEaglaise go mbeidh sí mar fhinné ar ghrá Dé dá deisceabail uile. A Thiarna, éist linn.
  2. Ar son a chéile chun deiseanna ár saoil a aithint i gcomhlíonadh grá Dé. A Thiarna, éist linn.
  3. Ar son daoine ag fulaingt de dheasca easpa grá agus tuisceana ina saol. A Thiarna, éist linn.
  4. Guímid ar son daoine breoite agus do na héinne atá ina gcúram ag tabhairt aire dóibh. A Thiarna, éist linn.

 Sagart: Treoraigh sinn a Thiarna slí do ghrá a leanúint le briathar agus gníomh tré Chríost ár dTiarna. Amen.

 

An Phaidir

Le briathra an tSlánaitheora guímis chun an Tiarna.

 

Focal Scoir

A Rí na gile ‘s na gréine

agat féín atá fios ar bhfeidhme,

bí linn gach lá, bí linn gach oíche,

bí linn gach oíche ‘s lá,

bí linn gach lá ‘s oíche.

Ár bPaidreacha Dúchais

* * *

 

Deascabháil ár dTiarna –13ú Bealtaine 2018

Réamhrá

Ar an lá seo tugaimid chun cuimhne Íosa ag filleadh ar an Athar. Tar éis na deascabhála leantar lena mhisean ag craobhscaoileadh an dea scéil agus iarrtar orainn bheith páirteach san obair seo.

 

Smaoineamh

Tá sean taithí againn ar imeacht ár muintire ón bhfód dúchais. Fágann daoine slán le tinteán a n’óige chun slí bheatha a bhaint amach tamall ó bhaile. Imíonn daoine eile chun socrú síos i saol a bpósadh. Sna cásanna seo tugaimid faoi deara an leanúnachas i saol na ndaoine a fhágann agus ní bhristear a gceangal lena muintir de ghnáth.

I bhFéile na Deascabhála tugaimid aird ar imeacht Íosa ón domhan seo. Tá a mhisean teagaisc, a pháis agus an 
t-aiséirí curtha i gcrích. Tá lá na ciniúna buailte, an t-am taghta do Íosa filleadh ar an Athar. Bhí na deisceabail tar éis aithne mhaith a chur ar Íosa agus ar a láithreacht ina measc. Ní hionadh mar sin gur bhraitheadar uaigneach agus imníoch nuair a bhí sé ag imeacht chun na bhFlaitheas. Is fiú machnamh nach bhfuil titim an chuirtín i gceist le deascabháil an Tiarna. Bhí fís ag Íosa dá dheisceabail go leanfaí lena shaothar ag craobhscaoileadh an dea-scéil. I soiscéil an lae inniu cloisimid ó bhéal an Tiarna ‘Imigí faoin domhan uile agus fógraigí an dea-scéal”. Chun iad a ghríosadh agus a mhisniú gheall Íosa an Spiorad Naomh a bhronnadh orthu.

Cabhraíonn Féile na Deascabhála linn ár n’aigne a dhíriú ar an sprioc neamhaí atá romhainn. Ar bharr chnoic is féidir blaiseadh a fháil den bhfairsingeacht a dhiríonn ár gcroíthe ar Pharthas Dé. Níor cruthaíodh sinn don saol seo amháin. Is oilithreacht ár n’aistear ar an saol seo go dtí an ghlóir síoraí.

 

Guí an Phobail

Sagart: Le creideamh inár gcroíthe cuirimís ár bpaidreacha i láthair Dé a thugann éisteacht dúinn.

 

  1. Go mbeimid gníomhach dúthrachtach ag craobhscaoileadh an dea-scéil. A Thiarna, éist linn.
  2. Dóibh siúd atá imithe romhainn ar Shlí na Fírinne, go raibh siad rannpháirteach i nglóire an aiséirí. A Thiarna, éist linn.
  3. Do leanaí ag ceiliúradh a gCéad Comaoine go bhfaighe siad tacaíocht i bhfás an chreidimh go háirithe óna dtuismitheoirí. A Thiarna, éist linn.
  4. Guímid go naithnímid láithreacht Dé inár dtimpeall agus an tábhacht a bhaineann leis an mbeatha shíoraí. A Thiarna, éist linn.

Sagart: A Athair Neamhaí – go leanaimid cosán do mhic Íosa ar an dtalamh chun go mbeimís páirteach ina ghlóire ar neamh. Seo é ár nguí tré Chríost ár dTiarna. Amen.

 

An Phaidir

Mar a mhúin Críost dúinn a dhéanamh guímid chun an Athar.

 

Focal Scoir

Ní imithe uainn ach romhainn ata tú a Íosa. Is é ár ndóchas a bheith san áit ina bhfuil tú.

* * *

 

Domhnach na Cincíse – 20ú Bealtaine 2018

Réamhrá

I bhFéile na Cincíse ceiliúraimid an Spiorad Naomh ag teacht anuas ar na haspail. Le teacht an Spioraid Naoimh ta tús curtha leis an Eaglais ina bhfuilimid páirteach.

 

Smaoineamh

Le teacht an Earraigh tagann boigeacht san aimsir agus cuirtear le solas an lae. Bíonn na crainn sna páirceanna lom ar dtús ach bíonn síolta na beatha nua iontu agus cuireann aimsir an Earraigh lena bhfás is lena bhforbairt. Cabhraíonn an tuiscint seo linn féachaint ar an Spiorad Naomh mar chabhróir. D’ainneoin go raibh na haspail imníoch agus in isle brí fós bhí na buana misnéireachta laistigh iontu agus creideamh doimhin láidir sa Chríost Aiséirithe. Chabhraigh na Spiorad Naomh leo a gcreideamh agus a dtalainn a aithint chun feidhmiú i gcraobhscaoileadh an dea-scéil. Ní thar oíche a d’athraigh na haspail amhail is dá gcuirfí faoi dhraíocht iad. De réir a chéile a d’fhás a dtuiscint ar an misneach agus ionsprioráid nua a fuaireadar ón Spiorad Naomh. Ghlacadar freagracht na hEaglaise Óig orthu féin. Bhí cinnreacht i gceist anseo agus bhí fís agus treoir ón Spirad Naomh ag teastáil uathu.

Chun leanúint le hobair Íosa bhí an cur chuige ag na hAspail le tabhartais an Spioraid Naoimh. Is é an Spiorad céanna a bhronntar orainn sa Bhaisteadh agus sa Chóineartú. Ag glacadh le tabhartais an Spioraid Naoimh tugaimid geallúint ár saol a chaitheamh mar fhinneithe Chríost. Ábhar machnamh dúinn ná conas a léirimid torthaí an Spioraid Naoimh inár slí bheatha agus mar a chaithimid le daoine eile.

 

Guí an Phobail

Sagart: Aontaithe san aon Spiorad amháin guímis ár nachainíocha chun an Athar.

  1. Go dtuga an Spiorad Naomh sólás agus neart do lucht an bhróin. A Thiarna, éist linn.
  2. Do dhaoine a ghlac Sacraimint an Choineartú cabhraigh leo torthaí an Spioraid Naoimh a léiriú ina saol. A Thiarna, éist linn.
  3. Do cheannairí ar fud an domhain; Go ndéana siad freastal cóir ar riachtannais an uile dhuine go háirithe iad siúd ar an ngannchuid.A Thiarna, éist linn.
  4. Go raibh suaimhneas síocháin agus sonas i dteaghlaigh agus i bpobail ar fud an domhain. A Thiarna, éist linn.

Sagart: A Dhia is é ár ndóchas go ndéanfar aghaidh na talún a athnuachan agus sinn ar oilithreacht na beatha seo. Sin é ár nguí chugat tré Chríost ár dTiarna. Amen.

 

An Phaidir

Mar chlann Dé i gcomhluadar a chéile guímis briathra an tSlánaitheora.

 

Focal Scoir

Tá ár gcroí líonta le grá Dé ag an Spiorad Naomh atá ag cur faoi ionainn.

* * *

 

Sollúntas na Tríonóide Rónaofa – 27ú Bealtaine 2018

Réamhrá

Táimid bailithe le chéile in ainm na Trionóide, Dia mar Athair, Mac agus Spiorad Naomh. Cuirimís ár muinín sa Trionóid a spreagann sinn maireachtaint i ndilseacht grá Dé

 

Smaoineamh

I bpictúir den Trionóid Rónaofa le Rublev tá an trí phearsa den Trionóid suite ag bord ach tá áit amháin folamh ag an mbord. An tuiscint a bhaineann leis seo ná go bhfuil fáilte roimh gach éinne ag an mbord. Seasann an spás folamh ag an mbord do chuireadh Dé dúinn bheith ranpháirteach i saol na Trionóide. Tugaimid aontas buan agus comhoibriú iomlán faoi deara sa Trionóid. Tá dlúthcheangal agus grá idir an tAthair, An Mac is an Spiorad Naomh. Nuair a bhí Íosa ag teagasc i measc a dheisceabail thagair sé dá Athair is don Spiorad Naomh. Is é Íosa aghaidh an Athar dofheicthe agus comhlíonann teacht an Spioraid Naoimh an geallúint a thug Íosa nuair a bhí sé ag filleadh ar an Athar.

Is mistier dár gcreideamh an Trionóid Rónaofa. Níl ar ár gcumas ciall a bhaint as trí phearsa i nDia amháin. Sa chré agus le Fíor na Croise tugaimid aitheantas dár gcreideamh sa Trionóid Rónaofa. I gclann na Trionóide tá an gaol is an grá eaturtha gan locht. Ag deireadh an aifrinn déantar sinn a mhisiúnú in ainm an Athar, an Mhic is an Spiorad Naomh. Inár dteangmháil laethúil le daoine eile is ea is fear a thabharfaimid onóir don Trionóid tríd an grá, meas agus comhoibriú a bhíonn eadrainn. Cuirimís fáilte chroíúil roimh beatha na Tríonóide.

 

Guí an Phobail

Sagart: Nuair a baisteadh sinn in ainm an Athar, an Mhic agus an Spioraid Naoimh glacadh isteach sinn i mbeatha na Trionóide. Guímis chun cabhrú linn a bheith rannpháirteach sa bheatha sin.

  1. Go mbeidh Críostaithe mar fhinnéthe na Tríonóide ina ngrá dá chéile. A Thiarna, éist linn.
  2. Do thuismitheoirí, múinteoirí agus gach éinne a mhúineann an creideamh, go dtuige siad tábhacht a saothair i bhfionghort Dé. A Thiarna, éist linn.
  3. Go raibh solas na soilse agus radharc na Tríonóide ag ár mairbh. A Thiarna, éist linn.
  4. Do dhaoine ag cur chun cinn áilleacht na cruthaíochta. Go spreagadh siad cách a bheith freagrach in úsáid na bhfoinsí nádúrtha. A Thiarna, éist linn.

Sagart: A Dhia a éisteann linn bí ár neart i laige, ár sólásaí i mbrón agus ár lóchrann i ndorchadas. Sin é ár nguí trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Mar chlann an tSolais guímis chun an Athar mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn.

 

Focal Scoir

Naomhaíodh Dia mé,

Naomhaíodh Críosta mé,

Naomhaíodh Spiorad mé,

Trí uile naomh.

Ár bPaidreacha Dúchas

 

* * *

 

Seosamh Ó Beaglaoí SP, Tigh an tSagairt, Daingean Uí Chúis, Co Chiarraí.