Leathanach don Cheiliuraí – November 2018

Féile na Naomh Uile
1 Samhain 2018

Tús

Beidh radharc acu ar ghnúis an Tiarna agus beidh a ainm scríofa ar chlár a n-éadan. Agus ní bheidh aon oíche ann níos mó; ná riachtanas le solas lampa ná le solas na gréine acu, óir beidh an Tiarna Dia mar sholas acu, agus iad ina ríthe ag rialú go saol na saol.

Apac 22:4-5

Smaoineamh

Fiú sa ré réamh-chríostaí, bhí bealach cuimsitheach ag muintir na hÉireann le deileáil leis an bhás. Seasann Brú na Bóinne mar fhianaise go raibh dóchas láidir ag pobal Ghleann na Bóinne go dtiocfadh an solas suthain i ndúluachair na bliana le bua a fháil ar an dorchadas agus ar an bhás. Chuir Pádraig séala na Críostaíochta air sin nuair a las sé tine na Cásca ar Chnoc Shláine sa cheantar chéanna. Agus tá seasamh daingean ag ár muintir go dtí an lá atá inniu ann i láthair an bháis. Léirítear é i gcleachtaí a bhaineann leis an Fhaire agus leis an tSochraid. Agus bíonn pobal ár bparóistí ag guí de shíor, agus go háirithe ag an am seo den bhliain, ar son na marbh. Níl amhras ar bith ná go bhfuil creideamh san Aiséirí ag pobal a bíos ag guí ar son na marbh.

Is álainn liom an fhianaise atá againn ar an chreideamh láidir sin i ndoiciméid na luath-Eaglaise in Éirinn. Tá leabhar speisialta againn ón bhliain 800 AD, Leabhar Aifrinn Stowe, ina bhfuil focail an Aifrinn i Laidin, ach ina bhfuil tráchtas ar an Eocairist sa tSean Ghaeilge chomh maith. Sa tráchtas sin tá cur síos ar an Aifreann mar ‘choinne na hEaglaise neamhaí agus talúnda’. Bíonn brí ar leith leis na focail sin nuair a bhíonn Aifreann Sochraide á léamh. Bíonn pobal na sochraide agus Comaoin na Naomh ar fad, agus go háirithe an duine atá tar éis báis, aontaithe go dlúth lena chéile i láthair an Aifrinn. Agus inniu, agus Féile na Naomh Uile á chomóradh againn, nach álainn an smaoineamh é go bhfuilimid bailithe le chéile i láthair na nAingeal agus na Naomh?

 

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

2. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

3. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

 

Focal Scoir

A Íosa, anocht,

a Aoire na mbocht

a d’fhulaing go goirt

is a céasadh.

Ó, saor mé ar olc,

idir anam is chorp,

Ó, a Íosa, anocht

ná tréig mé.

Urnaí na hOíche,
Foilseacháin Ábhair Spioradálta

* * *

An 31ú Domhnach Saor
4 Samhain 2018, Bliain B

Tús

Féachann an chéad léacht atá againn inniu siar chuig Dlí an tSean-Tiomna, Dlí Mhaois. Ach ní dlí fuarchúiseach ná mion-rialacha atá i gceist. Is in Íosa atá comhlíonadh an Dlí le fáil, ní i mion-rialacha ach i ngaol idir-phearsanta.

Smaoineamh

Léacht as Leabhar Deotranaimí atá sa chéad léacht, agus sa Soiscéal cuireann Íosa an ráiteas céanna sin os comhair an fhir óig: ‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d’anam go hiomlán agus ó do neart go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán agus do chomharsa mar thú féin’. Sliocht é sin a bhí in úsáid go laethúil ag pobal dílis Iosráel mar phaidir. Tugadh ‘an phaidir Shemá’ air, mar thosaigh sé leis an fhocal Shemá: ‘Shemá, Yísráel, Adonai Elohenú, Adonai echad – éist, a Iosráel, An Tiarna ár nDia, is Aon é an Tiarna,’ agus ansin téann sé ar aghaidh: ‘Gráóidh tú …’ Tá focal sa leagan Eabhraise den phaidir atá geal le do-aistrithe. Deir sé: Gráóidh tú an Tiarna do Dhia ‘be chol levavcha, ú ve chol nafsecha, ú ve chol meódecha’. Tá an chéad dá fhocal ceart go leor: ‘le do chroí go hiomlán agus le d’anam go hiomlán’. Ach níl focal againn sa Ghréigis ná sa Bhéarla ná sa Ghaeilge ar ‘meód’. Chuir siad dhá fhocal ina áit sa Ghréigis, ach níor leor iad. Ciallaíonn ‘meód’ gach a bhfuil agat le tabhairt – tú féin agus neart do choirp agus d’intleachta, do mhaoin saolta agus gach rud atá geallta ag daoine eile duit – is é sin, thig le Dia gach rud a éileamh ort. An té a thugann grá do Dhia, caithfidh sé a dhéanamh go hiomlán, céad fán chéad. Ar ndóigh, gheobhaidh sé i bhfad níos mó ná sin arís ó Dhia ar ais.

 

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár
n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1. Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh siad abhaile slán. A Thiarna, éist linn.

2. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

3. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

4. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

 

Focal Scoir

Nascaim mé féin inniu;

le neart tréan, impí na Tríonóide,

creideamh i dTriaracht agus admháil Aontacht

an Ilchruthaitheora.

* * *

An 32ú Domhnach Saor
11 Samhain 2018, Bliain B

Tús

Gairim thú, a Rí na nDúl,

’s tú mo rúnchara faoi rath,

uaimse ná hiompaigh do ghnúis,

óir is tú mo bhreith gan bhrath.

Urnaí na hOíche,
Foilseacháin Ábhair Spioradálta

Smaoineamh

Tá baintreach bhocht sa chéad léacht inniu, agus tá baintreach bhocht sa Soiscéal. An chéad rud atá le sonrú faoin bheirt bhaintreach, go bhfuil siad fial. Sa chéad léacht iarrann Éilias bia ar an bhaintreach. Níl aici ach glac mhine agus braoinín ola, ach tugann sí bia don fháidh. Sa Soiscéal, caitheann an bhaintreach dhá chianóg sa chiste, agus deir Íosa gur mó a chaith an bhaintreach bhocht isteach ná aon duine eile, ‘óir is den iomarca a bhí acu a chaith an chuid eile isteach, ach chaith sise isteach as a huireasa a raibh aici go léir.’

Ach tá an dara rud le tabhairt faoi deara chomh maith faoin bheirt bhaintreach: ní amháin go bhfuil siad beirt bocht agus fial, ach tá siad muiníneach. Tá muinín ag baintreach Síodóin sa chéad léacht as Éilias. Creideann sí an rud a insíonn an fáidh di. Agus tá muinín aici as Dia. Tá muinín ag baintreach an Teampaill sa Soiscéal as Dia chomh maith – muinín iomlán, nó tugann sí a cuid den saol do chiste an Teampaill – do Dhia, agus fágann sí faoi Dhia cúram a dhéanamh di. Tá creideamh láidir taobh thiar den mhuinín sin. Creideann sí sa teachtaireacht atá i mbriathar Dé sa Scrioptúr: ‘Cuir do chúram faoi choimirce Dé agus cothóidh seisean thú.’

 

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1. Iarraimid ar Dhia ár gcreideamh a neartú, agus muinín as a bhuanghrá a chothú ionainn, ionas go mbeimid in ann caitheamh go fial le gach duine a bhuaileann linn. A Thiarna, éist linn.

2. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu.
A Thiarna, éist linn.

3. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

4. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

 

Focal Scoir

Beannacht leat, a Theach Dé,

agus beannacht Dé inár dtimpeall;

nár scara uainne grásta Dé

go bhfillfimid chun a theampaill.

Foilseacháin Ábhair Spioradálta

* * *

An 33ú Domhnach Saor
18 Samhain 2018, Bliain B

Tús

A Rí an Domhnaigh, tar le cabhair chugham

is tóg in am ón bpéin mé.

A Rí an Luain ghil, bíse buan liom

is ná lig uaitse féin mé.

A Rí na Máirte, a chroí na páirte,

déan díonadh Lá an tSlé’ dhom.

A Rí na Céadaoine, ná fulaing i ngéibhinn mé,

cé fada ó m’chaoimhghin féin mé.

A Rí na Déardaoine, maith dhúinn ár bpeacaíne,

cé dheineas do cheartdhlí a réabadh.

A Rí na hAoine, ná coinnigh cuimhne

ar mo dhrochghníomhartha baotha.

A Rí an tSathairn, go síoraí achainím

mé ’thabhairt thar Acharon caorthainn,

fé dhíon do thearmainn, trí ríocht an Aifrinn,

suas go Parthas naofa.

Ár bPaidreacha Dúchais 416

 

Smaoineamh

Nuair a bhíonn bliain na Liotúirge ag druidim chun deiridh, bíonn tuar Lá an Bhreithiúnais i léachtaí an Domhnaigh – go háirithe ar an 33ú Domhnach den bhliain, an Domhnach deireannach roimh Fhéile Chríost Rí. Tá sin ann i mbliana. Tá léacht álainn as Leabhar Dhainéil fáidh sa chéad léacht: ‘Dúiseoidh mórán … cuid díobh chun na beatha síoraí, cuid eile chun táire agus tarcaisne síoraí. Dealróidh na saoithe mar loinnir na spéire, agus iad siúd a theagasc an fhíréantacht do mhórán mar reanna neimhe ar feadh na síoraíochta.’

Chuaigh smaoineamh Lá an Bhreithiúnais i bhfeidhm go láidir ar ealaíontóirí chrosa móra na deichiú aoise in Éirinn – crosa móra an Scrioptúir. Bhíodh Céasadh Chríost ar thaobh amháin den chros, agus Lá an Bhreithiúnais ar an taobh eile. Tá ardchros Mhuireadaigh, Mainistir Bhuithe, iontach mór, agus dá bhrí sin tá íomhá Lá an Bhreithiúnais iontach soiléir. Aisteach go leor, tá sé bunaithe ar íomhá ón Éigipt, a tháinig chuig mainistreacha na hÉireann ó mhainistreacha na hÉigipte, de réir cosúlachta. Is cinéal íocóin é an pictúr atá greanta ar chloch mhór Mhainistir Bhuithe. Tá an bhéim ar an siombalachas, agus gríosadh chun machnaimh atá sa phictiúr, machnamh ar dheireadh an tsaoil agus Lá an Bhreithiúnais agus an rogha idir Neamh agus Ifreann.

 

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1. Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh siad abhaile slán. A Thiarna, éist linn.

2. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

3. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

4. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

 

Focal Scoir

Dia dár sábháil

’s a Mháthair ghléigeal,

’s na Flaithis go bhfaighimid

agus bás in Éirinn.

Ár bPaidreacha Dúchais 363

* * *

Féile Chríost Rí
25 Samhain 2018, Bliain B

Tús

Críochnaíonn bliain na Liotúirge gach bliain le Féile Chríost Rí, sula dtosaíonn an bhliain úr le Séasúr na hAidbhinte. Bíonn Féile Chríost Rí mar a chéile gach bliain, ach amháin go mbíonn éagsúlacht sna léachtaí. I mbliain A bíonn an bhéim ar Lá an Bhreithiúnais, leis an soiscéal iontach ó chaibidil 25 de shoiscéal Mhatha (25:31-46). I mbliain C bíonn an bhéim ar thrócaire Íosa, ‘Beidh tú in éineacht liom inniu i bparthas.’ Ach is i mbliain B (léachtaí na bliana seo) atá an bhéim is soiléire ar ríogacht Chríost.

 

Smaoineamh

Soiscéal Eoin atá againn i mbliana ar fhéile Chríost Rí. Tá scéal na Páise difriúil i Soiscéal Eoin ó na soiscéil eile. Tá cúig rann i scéal na Páise in Eoin, agus tosaíonn sé le píosa fada ina bhfuil an bhéim ar Chríost Rí. Tá croí scéal na Páise i Soiscéal Eoin i gcaibidil 19 (Jn 19:17–37), ach tosaíonn an bhéim ar Chríost Rí ó thús Caibidil 18. Tá íoróin dhramatúil dúbalta ag dul ar aghaidh. Tá Pontius Pioláit agus na saighdiúirí ag magadh faoi Íosa mar Rí na nGiúdach, ach tuigimidne gur Rí go fírinneach é. Is as caibidil 18 a thagann an sliocht atá againn sa Soiscéal. Léiríonn Soiscéal Eoin Críost mar Rí fiú ar an chros.

Bhí dúil mhór ag ár muintir sa luath-Eaglais in Éirinn ar Shoiscéal Eoin, agus is béim Shoiscéal Eoin atá le sonrú ar na crosa móra cloiche ón 8ú go dtí an 10ú aois. D’fhéadfá a rá gur íocóin Chríost Rí atá iontu. Tá sin fíor go speisialta faoi Chríost Mhachaire Rátha, Céasadh greanta ar fhardoras cloiche sheaneaglais Naoimh Luraigh i Machaire Rátha Luraigh i gContae Dhoire. Léirítear Críost ina shuí ar an chros mar a bheadh sé ar chathaoir ríoga.

 

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

2. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

3. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha..) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

 

Focal Scoir

Críost is é gan pheaca

chuir sé ar ais na peacaigh

in athmhuintearas an Athar

Bhí comhrac rathmhar

idir bás is beatha.

Rí na beatha marbh:

sin é ina Rí ina bheatha.

Foilseacháin Ábhair Spioradálta

* * *

Oilibhéar Ó Croiligh

Caisleán na Finne

Download PDF here