Leathanach don Cheiliuraí – October 2018

An Seachtú Domhnach Fichead Saor – 7ú Deireadh Fómhair

An Tús

An ní a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é!

Smaoineamh

De réir an tseanfhocail: Má tá tú ag dul ar thuras ba cheart duit paidir a rá. Má tá tú ag dul ar an fharraige ba cheart guí faoi dhó ach má tá tú ag dul ag pósadh gur cheart guí ar a laghad fá thrí. Tuigeann ’chuile dhuine gur iomaí dúshlán atá i ndan do lánúin nua-phosta ar bith. Níl sé éasca bheith ar aon intinn agus ar aon mhéin do bheirt ar bith, is cuma cé chomh mór agus atá siad i ngrá lena chéile.

I mí Lúnasa nuair a tháinig an Pápa Proinsias le haghaidh Tionól Idirnáisiúnta na dTeaghlach bhíomar ag díriú isteach ar bhealaí ar féidir tacaíocht agus cúnamh a thabhairt do theaghlaigh agus lánúnacha pósta. Sa saol atá inniu ann níl sé éasca luachanna teaghlaigh a chruthú agus a chaomhnú. Iaraimis beannacht ó Dhia ar aon duine atá a smaoineamh ar phósadh.

Chum Ciarán Ó Coigligh beannacht fíor-dheas, beannacht an phósta. Ritheann sé mar seo:
Fáiscigí oraibh cuing an phósta, Nach cuing ach cumhdach caoin bhur ndílseachta, bhur n-oidhreachta, bhur ndúthrachta is bhur ndóchais.

In áit an scaoilte, cuirigí snaidhm, is ceangal cóir, i gcaitheamh bhur saoil, má’s fada gearr, más mil, má’s millteanas, is fágaigí ag sliocht bhur sleachta uacht is saibhre ná iomad stóir.

Guí an Phobail

Ceannasaí

A Dhia na glóire iarrann muid ort éistacht go ceansa lenár bpaidreacha le cluas tuisceannach trócaireach.

 

Fógróir

1. Ar son Ghairmeacha. Cuir ar chumas dhaoine óga creideamh agus misneach a bheith acu Íosa Críost a leanacht agus a bheith mar cheannairí spioradálta san Eaglais. A Thiarna, éist linn.

2. Ar son an Pápa Proinsias, agus aon duine atá i gceannas san Eaglais. Go mbeidh siad dílis do theachtaireacht Íosa i gconaí. A Thiarna, éist linn.

3. Ar a son siúd atá faoi amhras agus ag fulaingt. Go líonfar le creideamh, dóchas, foighid agus misneach iad. A Thiarna, éist linn.

4. Ar son ár misinéirí uile, ar fud an domhain, go háirithe sa tríú domhan. A Thiarna, éist linn.

5. Ar son lánúineacha nua-phósta, dóibh siúd atá ag réiteach do’n phósadh agus ar son teaghlaigh ar fad. Seol do bheannacht orthu a Dhia na glóire. A Thiarna, éist linn.

 

Ceannasaí

Go líontar muid de dhóchas agus creideamh agus neart le Do thoil a dhéanamh. Sin é ár nguí chugat, a Athair, trí Do Mhac Íosa Críost ár dTiarna.

An Phaidir

A Thiarna, go n-osclaí Tú súile ár n-aigne chun go dtuigfimis cad é mar is údar dóchais dúinn ár ngairm ag Dia.

Focail Scoir

Gile mo chroí do chroíse a dháil im chomhair;
Ós follas gur líon do chroí den ghrá-sa, a stór,
I gcochail mo chroí do chroí-se fág i gcomhad. (Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin)

* * *

An tOchtú Domhnach Fichead Saor – 14ú Deireadh Fómhair

An Tús

Éirim suas le Dia,
Go néirí Dia liom.
Lámh Dé I mo thimpeall,
Ag suí is ag luí,
’s ag éirí dom.
Gáirdín an Anama

Smaoineamh

Bhíodh múinteoir Gaeilge againn sa scoil fadó agus thóg sé lá amháin le haghaidh seanfhocla a mhúineadh dúinn. Nuair a d’fhág muid an scoil bhí stór maith sean-fhocail de glanmheabhair againn. Níor thug muid mórán aird orthu ag an am, ach is minic ó shin a bhí mé buíoch do’n mhúinteoir seo go raibh na seanfhocla, ársa chríonna ar eolas agam.

 

Ag guí ar son Chríonnachta

Is aoibhinn liom sa chéad léacht inniu go léirítear críonnacht mar dhuine. Tá sé spéisiúil freisin de réir an tradisiúin seo gur bean agus nach fear atá i gceist! Bean chroíúil, fháiltiúil atá sa bhean seo atá oscailte do chuile dhuine agus a thugann tuiscint agus miniú ar an saol seo. Leanann leabhar na nEabhrach leis in tuairm seo. Tá briathar Dé beoúil agus bríomhar agus éifeachtach ag scaipeadh Soiscéil Dé.
Osclaimid go fial doras na gaoise seo agus fáiltimid roimh briathar Dé – dea-scéal na Ríochta.

Guí an Phobail

Ceannasaí

Éist a Dhia lenár nglór, agus neartaigh ár gcreideamh.

Fógróir

1. Go dtuga an Spiorad Naomh ionsparáid agus misneach dúinn Do thoil a lorg agus géilleadh di. A Thiarna, éist linn.

2. Go dtugtar misneach agus neart dúinn ag tús an Gheimhridh, an tséasúir chrua seo. Cuimhníonn muid go háirithe ar shean daoine agus daoine atá leo fhéin. A Thiarna, éist linn.

3. Go dtugtar beannacht an Fhómhair seo d’fheirmeoirí, do na daoine go léir a sholáthraíonn ár mbia agus ár ndeoch dúinn. A Thiarna, éist linn.

4. Go dtuga Dia glóir na bhFlaitheas do na mairbh, go háirithe ár gcáirde agus ár ngaolta féin.
A Thiarna, éist linn.

5. Guimís i gciúnas ár gcroíthe orainn féin agus cuirimis ár n-achainíocha ós comhair altóra Dé. A Thiarna, éist linn.

Ceannasaí

Sin é ár nguí Chugat, trí Chríost, ár dTiarna.

An Phaidir

Tugann briathar Dé breith ar chlaonnta agus ar smaointe an chroí.

Focail Scoir

Go méadaí Dia do stór! (500 Beannacht – Breandán ’ac Gearailt)

 

* * *

An Naoú Domhnach Fichead Saor – 21ú Deireadh Fómhair – Domhnach na Misean

An Tús

Ofráilaim m’intinn le h’intinn an Aifrinn.
Mo chroí, mo smaointe agus m’aigne,
Trí impí na Bantiarna beannaithe,
Cion Críostaí a thabhairt dom do’n Aifreann.
Ár bPaidreacha Dúchais

Smaoineamh

Táimid ag ceiliúradh Domhnach na Misean inniu. Dúirt George Bernard Shaw go raibh a shaol cosúil le go raibh tóirse nó lampa lasta aige agus ba é an aidhm a bhí aige ina shaol ná an tóirse seo a choinnéal lasta chomh geal agus a d’fhéadfadh sé, sular thug sé an solas seo ar aghaidh go dtí an chéad glúin eile.
B’é toil deireannach Íosa Críost ag an deascabháil go mbeadh na hAspail mar mhisinéirí. ‘Déanaigí deiscabail de na Náisiúin uile’ (Marcas 16:15-16) a d’fhógair sé agus É ag filleadh ar neamh.

Ar an Domhnach seo chuile bhliain díríonn muid ár n-intinn ar mhisean. Spreagann an Pápa muid (Gairdeas an tSoiscéil) a bheith inár misinéirí. Táimid bródúil as ár gcuid misinéirí (Oiléan na Naomh is na n-Ollamh) go léir a scaipeann an deá-scéal thar lear trína gcuid teagaisc. Is féidir linn cúnamh a thabhairt dóibh ag guí ar a son agus trí chúnamh airgid a sheoladh chucu. Le blianta beaga anuas leis an laghdú ar chleachtadh an chreidimh – b’fhéidir gur misinéirí a theastaíonn uainn anseo in Éirinn le muid a mhúscailt agus a spreagadh in ath-uair!

Guí an Phobail

Ceannasaí

A Dhia na glóire seol chugainn daoine maithe, misinéirí ar an saol seo le briathra na beatha agus déa-scéal na Ríochta a chur in iúl dúinn.

Fógróir

1. Ar son Ghairmeacha don tSagartóireacht agus do’n bheatha rialta. Cuir ar chumas dhaoine óga creideamh agus misneach a bheith acu Íosa Críost a leanacht agus a bheith mar cheannairí spioradálta san Eaglais. A Thiarna, éist linn.

2. Ar son an Pápa Proinsias, na hEasbag agus an chléir ar fad. Go mbeidh siad dílis do theachtaireacht Íosa ar ’chuile bhealach. A Thiarna, éist linn.

3. Ar a son siúd atá faoi amhras. Go líonfar le creideamh, dóchas agus lúcháir iad. A Thiarna, éist linn.

4. Ar son ár misinéirí uile, idir shagairt agus tuataí, idir bhráithre agus mná rialta ar fud an domhain, go háirithe sa tríú domhan. A Thiarna, éist linn.

5. Ar son na marbh. Go lonraí solas na bhflaitheas orthu. A Thiarna, éist linn.

Ceannasaí

Go liontar muid de dhóchas agus creideamh agus neart le Do thoil a dhéanamh. Sin é ár nguí Chugat, a Athair, trí Do Mhac Íosa Críost ár dTiarna.

An Phaidir

Mar mhisinéirí táimid ag saothrú le ríocht Dé a bhunú agus a threisiú ar talamh… Ár nAthair…

Focail Scoir

Go dtuga Dia creideamh neartmhar dúinn go léir bheith iná misinéirí. Áiméan.
Seal i láthair Dé –
An tSiúr Eibhlín Ní Challanáin

* * *

An Tríochadú Domhnach Fichead Saor – 28ú Deireadh Fómhair

An Tús

Déanann m’anam mórtas as an Tiarna.

Smaoineamh

Tá an téama áthasach, lúcháireach sa gcéad léacht tógálach agus briseann sé amach ag moladh agus ag tabhairt glór do Dhia as ucht a bhfuil déanta aige. An tseachtain seo le féile na Samhna táimid san atmasféar buíochas a ghábháil le Dia as ucht torthaí an Fhómhair. Tá an chéad léacht agus an salm ar aon intinn leis an téama seo: ‘ag teacht dóibh tiocfaidh siad le gairdeas, agus a bpunanna á n-iompar acu’.
An tseachtain seo leis an t-am ag athrú agus solas an lae ar iarraidh go luath sa tráthnóna tá dorchadas agus easpa solais go mór ar ár n-intinn. I rith an tSamhraidh álainn a bhí againn bhí sé éasca a bheith sona agus gealgáireach na laethannta geala ghrianmhara. Bhí Bartimeus, an dall bocht sa soiscéal inniu ag cuartú leighis, ag cuartú an tsolais. D’oscail Íosa a shúile do sholas iontach na beatha síoraí. A Thiarna oscail ár súile do na bealaí atáimid dall agus nach féidir linn do ghnúis agus do shlite a fheicéail inár saoil féin.

Guí an Phobail

Ceannasaí

‘Is gairid an Tiarna do lucht an chroí-bhrúite’ dar le scríobhnóir an tSailm. Cuireann muid ár n-achainíocha ós comhar an Tiarna san Aifreann seo agus muinín againn go bhfuil Dia gar dúinn agus ag faire amach dúinn.

Fógróir

1. Go raibh sé de mhisneach againn glaoch an Tiarna a fhreagairt inár saoil fhéin. A Thiarna, éist linn.

2. Líon ár gcroíthe le creideamh, dóchas agus grá! A Thiarna, éist linn.

3. Ar son na buanseasmhachta do luct leanúna Chríost. A Thiarna, éist linn.

4. Ar son na n-easlán – le súil go dtabharfaidh Dia biseach dóibh más é A thoil é. A Thiarna, éist linn.

5. Ar son na marbh. Solas na bhFlaitheas dá n-anamacha go léir. A Thiarna, éist linn.

Ceannasaí

Deonaigh glacadh lenár n-achainíocha, a Thiarna Dia, tré Chríost ár dTiarna, Áiméan.

An Phaidir

Beannóidh mé an Tiarna gach uile thráth…

Focail Scoir

Bíodh comhoibriú eadrainn i rith ár saoil.
Níor mharaigh cinéaltas aon duine riamh.
Pictiúirí Ionspioráideacha
agus Macnaimh –
Breda Ní Mhurchú RSM

* * *

Fiontán Ó Monacháin
Easpag Chill dá Lua