March 2019: Leathanach don Cheiliuraí

Leathanach don Cheiliuraí

An tAth. Conchúr Ó Ceallaigh SP
An Rinn

An t-ochtú Domhnach saor Bliain C

An Iontróid
Déanaimis ár dTiarna a ghlórú agus a mholadh le buíochas ár gcroíthe de bharr a chineáltas dúinn.

Smaoineamh
Deir an scrioptúir go bhfuil ár bhfocail mar thoradh ar a bhfuil istigh go nádúrtha ionainn, sinn féin dáiríre, sinn féin go fírinneach le feiscint ina ndeirimid. Taispeánann Íosa, Briathar Dé, grá ceansa Dé a thugann slánú agus beatha shíoraí. Tá buaite ag Briathar Dé ar an mbás agus spreagann sé sinn le seasamh láidir a thógaint inár gcreideamh.

Níl ár bhfocail chomh glan nó níl bua beatha a thabhairt iontu. Tá meascán de Mhaitheas agus d’Olcas iontu ag díriú at chomhbhá agus chúram do dhaoine eile, ach fós iad leithleachas agus santach le breith a thabhairt ar dhaoine eile. Dealraíonn sé go bhfuil an dá thaobh in adharca a chéile ar mhaithe le lámh in uachtar a fháil. Ní féidir maith nó olc d’fheiscint inár gcroíthe ach is féidir linn smacht a choimeád ar ár mbéal, cúram a dhéanamh ar a ndeirtear, le cinnte a dhéanamh nach ag cothú nádúr atá peacúil, atáimid.

‘…nuair a bhíonn deireadh foghlamtha {ag an deisceabal} beidh gach deisceabal mar atá a mháistir’. Dá ndéanfaimis scagadh ar na bréaga, cúlchaint agus ráitis nach dtagann le deisceabail Íosa Chríost éireoidh linn dul ina threo mar go n-éireoidh linn caol a chur agus seargadh a dhéanamh ar a bhfuil d’olc inár gcroíthe agus éireoidh le maith, dea-smaointe a chothú ionainn, chun glóire Dé.

Guí an Phobail
Is ó Dhia a thagann gach ní dá fheabhas; guímis ar mhaithe na hEaglaise, an Domhain, na Córa agus an Duine.

1. A Dhia ár nAthair grámhar, guímis at son ár bPápa Proinsias, ár nEaspag N. agus ceannairí na hEaglaise uile, go ndéanaidís toil Dé trí Ríocht Dé a chur chun cinn … A Thiarna Éist Linn.

2. A Dhia, ár nAthair grámhar, guímis at son obair Trócaire do dhaoine bochta ar fuaid an Domhain, go dtugaimid tacaíocht don obair sin sa Charghas. A Thiarna Éist Linn.

3. A Dhia, ár nAthair grámhar, guímis orainn féin, go mbeimid macánta, gan bhréag i mbeart ná briathar. A Thiarna Éist linn.

4. A Dhia, ár nAthair grámhar, tabhair leigheas agus neart anama do na
heasláin, agus cabhraigh leo siúd a thugann aire dóibh, san ospidéal nó sa
bhaile. A Thiarna Éist Linn.

5. A Dhia, ár nAthair grámhar, tabhair suaimhneas síoraí do na mairbh uile, agus trócaire dóibh siúd a fuair bás gan coinne. A Thiarna Éist Linn.

A Dhia ‘is a Athair, éist go trócaireach leis na hurnaithe seo, trí Chríost, ár dTiarna, Amen.

An Phaidir
Guímis le chéile, i bhfocail Chríost ag moladh agus ag glóiriú Dé, ár nAthair…

Focal scoir
Níor bhris focal maith fiacail riamh.

* * *

An Chéad Domhnach den Charghas – C

An Iontróid
Gabhaimid buíochas le Dia as a bhfuil déanta aige dúinn agus déanaimis ár mbuíochas agus ár n-adhradh a ofráil i bhfocail agus i mbeart.

An Smaoineamh
Tá tosnú déanta againn ar mhór shéasúr an Charghais nuair a ghlantar sinn agus muid ag stracadh le caithí agus go n-osclaíotar ár n-aigne agus ár gcroíthe do Dhia agus do bhearta Dé inár saol.

Nuair a ghlac Íosa colann daonna bhí sé oscailte don chaithí. Más féidir le Mac Dé titim i gcaithí ní ceart go mbeadh aon ionadh orainn mar gheall ar ár gcaithí. Ba cheart dúinn, áfach, glacadh leo mar dheiseanna ár gcreideamh a fhás agus toil Dé a roghnú seachas ár mianta féin. Roghnaigh de réir Briathar Dé seachas cúng-bhealaí eile atá ar mhaithe linn féin.

Deir dochtúirí go bhfaigheadh pian a bheith in a chara dúinn. Taispeánann sé dúinn gur cheart dúinn cúram a dhéanamh den chorp.

Sa tslí chéanna taispeánann ar gcaithí cá bhfuil na comharthaí laige inár saol agus cár cheart dúinn ár n-aird a dhíriú.

Babhtaí san aoistin insíonn duine nithe ag ceapadh gur peacaí iad ach
glaoim caithí orthu san. Pé scéal é, sé Spiorad Dé, atá ag glaoch orainn féachaint go hurnaitheach agus go macánta at laigeachtaí áirithe le go mbeadh deis againn iad a fheabhsú. Ná bíodh eagla orainn a bheith in éineacht le Críost in A chaithí; dá leanfaimis a shampla, láidreoidh sé ár gcreideamh agus réiteoidh siad sinn don bhóthar atá romhainn amach.

Guí an Phobail
A Thiarna Dia, is uaitse a thagann gach cabhair spioradálta; tabhair dúinn an grásta atá uainn chun do thoil a dhéanamh inár saol.

1. A Dhia trócaireach, guímis ar son ceannairí na hEaglaise, ár bPápa, ár nEaspag agus cách a chuireann chun cinn Ríocht De inár measc, idir chléir agus tuatha… A Thiarna Éist Linn.

2. A Dhia trócaireach, tabhair tús nua dúinne, na peacaigh, a bhfuil muinníonn againn as do ghrá don chine daonna… A Thiarna Éist Linn.

3. A Dhia trócaireach, tabhair cabhair dúinn obair ar son na Córa, sa tslí go mbeidh bia ag daoine ocrach, tithe ag daoine gan díon ós a gceann agus cearta daonna ag gach duine, is cuma saibhir nó daibhir… A Thiarna Éist Linn.

4. A Dhia trócaireach, tar i gcabhair at dhaoine atá ag fulaingt inniu ar aon chúis, go háitithe iad siúd atá tinn san ospidéal. Tar i gcabhair freisin orthu siúd a thugann aire dóibh… A Thiarna Éist Linn.

5. A Dhia trócaireach, fáiltigh roimh na mairbh uile, maith dóibh a gcuid
peacaí, agus cuir ar do lámh dheas iad, oi ríocht do ghlóire… A Thiarna Éist Linn.

A Dhia, ár nAthair, éist le hurnaithe do phobail, trí Chríost, ár dTiarna, Amen.

An Phaidir
Mar dheisceabail Chríost atá i gcónaí ag iomrascáil le caithí guímis le chéile mar pheacaigh … Ár nAthair

Focail scoir
Taobh amuigh de Jericho, ag Cnoc na gCaithí, tá mainistir ina n-ofráiltear paidreacha de shíor ar mhaithe le daoine atá ag iomrascáil le caithí. Ná ceap go bhfuil tú id’ aonar, tá paidreacha na hEaglaise, peacaigh agus naoimh, leat le tacaíocht a thabhairt.

* * *

An Dara Domhnach den Charghas – Lá Fhéile Pádraig

An Iontróid
Is trí fianaise agus sár obair Naomh Phádraig gur féidir linn teacht le chéile inniu mar Chríostaithe. Guímis don Athair le buíochas agus le moladh dó.

An Smaoineamh
In Éirinn, agus ar fuaid an Domhain, beidh daoine ag ceiliúradh Lá ‘le Pádraig inniu, gan aon chuimhneamh ar a chreideamh, nó an tslí gur thug sé maithiúnas dóibh siúd a dhein sclábhaí de, nó don tslí a aontaigh sé na Críostaithe a bhí scaipthe óna chéile in Éirinn, ionas gur dhein sé
Eaglais astu sa tír ina iomlán.

Is maith an rud é a bheith bródúil as ár dtír, as ár gcultúr, ár dteanga agus ár stair; ach thar aon rud eile, táimid ag comóradh an fear naofa sin, a raibh fianaise a shaol chomh cumhachtach sin go raibh muintir na hÉireann sásta saol na linne a athrú agus é a leanúint le croíthe ar lasadh le Spiorad Dé. Is ó Spiorad Dé a thagann solas an creidimh, ach b’é Pádraig Naofa a las an solas sin i gcroíthe muintir na hÉireann.

Níorbh é an chéad duine a dhein an soiscéal a chraobhscaoileadh inár measc; bhí daoine mar Naomh Déaglán ann roimhe, a bhunaigh pobail Dé anseo agus ansiúd, ach b’é Pádraig Naofa a tharraing le chéile iad. Caithimid seasamh le chéile agus comhoibriú le chéile. Gan san, nílimid
ag leanúint an treoir a thug Pádraig dúinn. Sa dara Domhnach seo don Charghas, déanaimid ár ndícheall maithiúnas a thabhairt dár naimhde, mar a dhein Pádraig, agus tagaimis le chéile i ngach paróiste, chun Ríocht Dé a chur chun cinn ar mhaithe le cách.

Guí an Phobail
Guímis le mór-bhuíochas ar son na hEaglaise agus an Domhain, mar trí fianaise Naomh Pádraig, is baill den Eaglais sinn uile.

1. A Dhia, ár nAthair, guímis ar son cách a théann ar na Misiúin, mar a d’imigh Pádraig, chun Soiscéal Dé a craobhscaoileadh do dhaoine gan creideamh… A Thiarna Éist Linn.

2. A Dhia, ár nAthair, a d’ardaigh Padraig Naofa agus a dhein Naomh mór de, ardaigh naomh nua dúinn len ár linn féin, a dhéanfaidh tine an creidimh a lasadh agus a neartú ionainn … A Thiarna Éist Linn.

3. A Dhia, ár nAthair, déan an Eaglais a aontú le do ghrásta, cabhraigh linn fíor grá a thabhairt dá chéile mar Chríostaithe … A Thiarna Éist Linn.

4. A Dhia, ár nAthair, cuir do bheannacht anuas ar mhuintir na hÉireann, pé áit ina bhfuil siad. Beannaigh go háirithe muintir ár dteaghlaigh féin a bhfuil cónaí orthu thar lear… A Thiarna Éist Linn.

5. A Dhia, ár nAthair, tabhair suaimhneas síoraí dóibh siúd atá imithe romhainn le séala an creidimh, go háirithe… A Thiarna Éist linn.

A Dhia, ‘is a Athair, éist go trócaireach leis na hurnaithe seo ó do phobal naofa, trí Chríost, ár dTiarna, Amen.

An Phaidir
Is trí fianaise ár sinsir agus Naomh Padraig atá an creideamh beo inár measc; le buíochas, guímis chun an Athair le chéile.

Focal scoir
Déanaimid an féasta a cheiliúradh mar is dual; mar Éireannaigh agus mar Chríostaithe.

* * *

An 3ú Domhnach sa Charghas C

Iontróid
Is trócaireach, foighneach é an Tiarna, lán de thrua agus de chineáltas.

Smaoineamh
Táimid leath slí tríd an gCarghas. Cuimhnímis nach bhfuil an Tiarna ag lorg athrú sealadach uainn, ach fíor athrú aigne agus saol, rún bunúsach a dhéanfaidh maitheas inár saol sa todhchaí. Cosúil leis na daoine a chuireann cosc ar an siúcra sa tae don Charghas agus nach dtéann ar ais
air i ndiaidh na Cásca, tugaimis cúl dár bpeacaí agus ár ndrochnósanna go léir, ionas go mbeimid níos mó i gcosúlacht le Críost as seo amach.

Sa chéad léacht, chualamar faoi Mhaois agus é ag caint le Dia ag tor san ásach. Nóiméad fíorthábhachtach é seo i stair na hEaglaise, cítear nach bhfuil Dia bodhar do phaidreacha na ndaoine, nó dall do gach fulaingt atá acu agus cítear go bhfuil obair le déanamh ag Maois dá bharr – is amhlaidh an scéal linne: nuair a chastar sinn leis an Tiarna in aon slí, beidh obair le déanamh againn dá bharr.

Seolfaidh sé ar aghaidh sinn chuig na daoine atá faoi chois, daoine bochta, daoine a bhfuil ocras orthu, daoine atá faoi ghéarleanúint. Is iad siúd phobal Dé, ba chuma cén creideamh iad agus má táimid chun toradh ár gcreideamh féin a thabhairt do Dhia, caithfimid cabhair agus cairdeas a thaispeáint dóibh agus bheith gnóthach le cothrom na féinne a bhaint amach dóibh ina shaol. Déanann Trócaire an obair seo gach lá, ó thosaigh siad breis agus 40 bliain ó shin agus déanann siad an obair seo ar son na
hEaglaise in Éirinn. Guímid go mbeidh toradh fónta ar a gcuid oibre in ainm phobal Dé na hÉireann, anois, agus sa todhchaí.

Guí an Phobail
Is é ár nDia foinse gach cabhair agus trócaire; cuirimid in iúl dó ár n-urnaithe don Eaglais agus don Domhan.

1. A Dhia, ár nAthair ceansa, tabhair gach beannacht dár bPápa Proinsias, dár nEaspag N. agus do cheannairí na hEaglaise go léir … A Thiarna Éist Linn.

2. A Dhia, ár nAthair ceansa, cuir rath at obair Trócaire ar fud an Domhain, ionas go mbeidh cabhair tugtha do bhochta in ainm d’ Eaglaise … A Thiarna Éist Linn.

3. A Dhia, ár nAthair ceansa, tabhair cabhair an Spiorad Naofa do na clanna inár bparóiste atá faoi bhrú d’aon tsaghas; aontaigh le chéile iad agus neartaigh iad le cabhair agus grá a thabhairt dá chéile … A Thiarna Éist Linn.

4. A Dhia, ár nAthair ceansa, i dtráth an Charghais, tabhair sprioc dár gcoinsiasa teacht i gcabhair ar na daoine atá ar an gannchuid, pé áit ina bhfuil siad… A Thiarna Éist Linn.

5. A Dhia, ár nAthair ceansa, tabhair suaimhneas síoraí do na mairbh, go
háirithe iad siúd a fuair bás le déanaí … A Thiarna Éist Linn.

A Dhia ‘is a Athair, éist go trócaireach leis
na hurnaithe seo ó do phobal naofa, trí
Chríost, ár dTiarna, Amen.

An Phaidir
Tabhair ár n-arán laethúil dúinn uile, bia spioradálta ina a mbeidh an saol Críostúil agus an saol síoraí mar thoradh air: … Ár nAthair…

Focail scoir
Tháinig athrú mór ar Mhaois nuair a chas sé ar Dhia: go mbeidh athrú mór chun feabhais inár shaol freisin agus sinne, tar éis Dia féin a ghlacadh isteach ionainn, sa chomaoineach naofa.

* * *

An 4ú Domhnach sa Charghas C

An Iontróid
Guímis Trócaire Dé orthu sin a thugann faoi deara gur chaith siad na bronntanais a thug Dia dóibh amú; tagaimis ar ais chun an Athar agus cuirfidh sé fáilte romhainn.

An Smaoineamh
Is iomaí ceacht atá le múineadh sa pharabail seo. Glaoimid ‘An Mac
Drabhlásach’ air, mar chaith an mac óg gan aird, na rudaí maithe a fuair sé mar oidhreacht óna Athair. Na rudaí a thóg sé chuige ina ionad, ba rudaí gan mhaith iad agus rudaí sealadacha freisin. Is dócha go bhfuil ceacht dúinn go léir, gan rudaí bithbhuan a chaitheamh amú in ionad rudaí sealadacha. Tá cuid mhaith de mhuintir na hÉireann tar éis a chúl a thabhairt don oidhreacht spioradálta a fuaireamar ón gcreideamh Chríostúil thar na céadta bliain agus táimid lán de ‘eagna’ na meáin go léir agus gach smaoineamh a thagann ón nguth is láidre.

Nach fíor é go bhfuilimid drabhlásach le maitheasaí an domhain; an t-aer, an nádúr, fiú ár sláinte? Táimid drabhlásach le deaainm ár gcomharsana agus déanaimid é a scriosadh le cúlchaint. Bímid drabhlásach le cúrsaí spioradálta nuair nach mbíonn aon mheas againn ar ár bpaidreacha, na sacraimintí agus briathar ár dTiarna. Agus is baoth gach a bhfuil ina ionad.

Le cúnamh Dé, tiocfaimid go léir chugainn féin agus casaimid ar an Athair le dúthracht croí. Cuirfidh sé fáilte romhainn agus tabharfaidh sé maithiúnas dúinn, ach fanann sé go foighneach go dtí go bhfuil a fhios againn go rabhamar drabhlásach agus go dtí go bhfuil ceacht foghlamtha againn gur rudaí sár mhaith a fuaireamar ó Dhia agus nach ceart iad a
chaitheamh amú.

Guí an Phobail
Go gcuire Dia fáilte roimh ár n-urnaithe mar a chuir an t-athair fáilte roimh a mhac sa soiscéal …

1. A Dhia, ár nAthair grámhar, aontaigh le chéile sinn le dóchas an mhaithiúnais agus geallúint na beatha síoraí… A Thiarna Éist Linn.

2. A Dhia, ár nAthair grámhar, bíodh an soiscéal, agus teagasc ár bPápa mar threoir dúinn ar bóthar an tsaoil… A Thiarna Éist Linn.

3. A Dhia, ár nAthair grámhar, le dearc agus paidir, go gcuirimid chun cinn ár gcreideamh, le beart agus briathar … A thiarna Éist Linn.

4. A Dhia, ár nAthair grámhar, tar i gcabhair ar na heasláin agus misnigh iad siúd atá i mbaol an bháis … A Thiarna Éist Linn.

5. A Dhia, ár nAthair grámhar, fáiltigh isteach sna fhlaitheas na mairbh uile a bhfuil dea-chuimhne orthu ag an am seo, go háirithe … A Thiarna Éist Linn.

A Dhia, éist go trócaireach leis na hurnaithe seo ó do phobal naofa, trí Chríost, ár dTiarna, Amen.

An Phaidir
Tá do ghrá de dhíth orainn, a Dhia ‘is a Athair, thar aon ní eile, mar sin guímis… Ár nAthair.

Focail scoir
Uaireanta, bímid cosúil leis an mac ab óige, agus uaireanta chosúil leis an mac ba shine; go dtiocfaidh an lá go luath nuair a bheimid cosúil leis an Athair. Amen.

* * *