March 2020: Leathanach don Cheiliuraí

An Chéad Domhnach den Charghas

Réamhrá
Agus muid ag tosnú ar an séasúr seo, an Carghas, bíodh dóchas agus muinín againn as cineáltas ár nAthar shíoraí. Is cinnte go bhfuil grástaí speisialta ullmhaithe aige dúinn go léir má osclaíonn muid ár gcroithe dá thrócaire dhiaga.

Smaoineamh
Is é is brí le ‘Soiscéal’ ná dea-scéal, nuacht lúcháireach. Tugtar achoimre ar an Soiscéal álainn seo sa dara léacht nuair a deir N. Pól linn: ‘Faoi mar a tugadh daorbhreith an bháis ar chách uile de dheasca choir an aon duine amháin, ar an gcuma chéanna tugadh saorbhreith na beatha ar chách uile de bharr dheaghníomh an aon duine amháin’.

De réir an chórais cheartais daonna, nuair a admhaíonn duine a chiontacht, caithfidh sé an píonós a chomhlíonadh. De réir an cheartais diaga, ní amhlaidh mar atá ar chor ar bith. Maitheann an Tiarna ár bpeacaí ina n-iomláine.

Bíodh grá ar leith againn do Shacraimint na hAithrí. Sacraimint na Saoirse atá ann i ndáiríre; Sacraimint an Dóchais, Sacraimint an Áthais, Sacraimint na Trócaire Diaga. Bainimis úsáid agus tairbhe as an Sacraimint chumhachtach seo go minic, agus molaimis do dhaoine eile freisin Faoistin a dhéanamh, faoi mar a mholann an Pápa Proinsias dúinn ar fad go mion minic.

Guí an Phobail
Tógaimís ár n-achainí os comhair ár nAthar uilechumhachtaigh le lánmhuinín as a ghrá dúinn.

1. Ar son ár bPápa Proinsias, ár nEaspag X, agus na heaspaig agus an chléir go léir. Go dtuga Dia neart agus eagna dóibh i gcónaí i dtreo go ndéanfaidis an bealach chun na naofachta a theagasc go tréan.

2. Ar son daoine óga. Go dtuige siad grá an Tiarna dóibh agus go nglaca siad lena chuireadh é a leanúint trí ghnátheachtraí an tsaoil.

3. Ar son na n-easláin. Go dtuga Dia faoiseamh dóibh agus go neartaí sé iad chun an Chrois naofa a iompar le hÍosa agus bheith páirteach ina Aiséirí chomh maith.

4. Ar ár son féin. Go nglaca muid go diongbháilte leis an ngairm chun na naofachta, agus go n-iarra muid an Tiarna a leanúint trí ghnáthdhualgaisí an lae.

5. Ar son iadsan go léir atá imithe ar shlí na fírinne, go mór mhór ár muintir féin, iadsan a fuair bás le déanaí, agus iadsan nach gcuimhnítear orthu.

6. Ar son ár n-intinní pearsanta féin.

Sin iad ár gcuid urnaithe, a Athair lánthrócaireach. Cuireann muid os do chomhair iad le hidirghuí na Naoimh uile, agus trí Chríost ár dTiarna, a mhaireann agus a rialaíonn leatsa maraon leis an Spiorad Naomh trí shaol na saol.

An Phaidir
Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

Focal Scoir
‘Dóchas, creideamh agus grá, bíodh go brách ‘na stiúir do m’chroí, agus cuir leosan foighid, a Dhé, Ba chabhair thréan don triúr í’
(Ar bPaidreacha Dúchais 228)

* * *

An Dara Domhnach den Charghas

Réamhrá
Agus muid ag éisteacht leis an gcuntas ar ghairm Abráhám sa chéad léacht, gabhaimid buíochas lenár dTiarna as an nglaoch pearsanta a thairiscíonn sé dúinn go léir le bheith inár naoimh. Go mór mhór i séasúr seo an Charghais tugann ár nAthair síoraí an-chuid grásta dúinn ar fad ár ngairm Chriostaí a chothú agus a dhoimhniú.

Smaoineamh
‘Imigh ó do thír féin, agus ó do mhuintir féin … chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit’. Sin mar a labhair Dia le hAbráhám. Agus céard a rinne Abráhám? D’éist sé leis an Tiarna agus ‘d’imigh amach mar sin de réir mar a dúirt an Tiarna leis’.

Narbh iontach an éifeacht a bhí ag saol Abráhám tar éis dó éisteacht le guth an Tiarna, agus a ghairm a leanúint go dílis! Níl aon ghá ag Dia linn, ach is maith leis ‘brath orainn’. D’iarr sé ar Abráhám a shaol a oscailt do phlean an tslánaithe agus beannaíodh Abráhám agus a shliocht, muidne freisin chomh maith, as cuimse.

Feictear an t-iontas céanna sa Nua-Thiomna, nuair a ghlaíonn Dia ar Mhuire bheith ina máthair do Shlánaitheoir an domhain. D’éist an Mhaighdean Bheannaithe go cúramach lena gairm agus ghlac sí leis go hiomlán. Is mar sin a ghlac Dia colainn daonna agus is mar sin a cuireadh an slánú ar fáil dúinn go léir.

Tá glaoch ó an Tiarna againn go léir. Éistimis go cúramach leis agus glacaimis lena mholadh dúinn, agus mar sin osclóidh muid doras ár gcroí agus doras an domhain don slánú a thairiscíonn Dia do chách. Bíodh tamall againn gach lá le bheith i gcomhluadar an Tiarna amháin chun éisteacht leis, os comhair an taibearnacail má is féidir.

Is linn go léir a labhraíonn an tAthair Síoraí sa soiscéal inniu: ‘Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis’.

Guí an Phobail
Le lán-dóchas tugann muid ar n-urnaithe roimh Dhia na mbeo:

1. Ar son ár bPápa Proinsias, ár n-Easpag X agus na hEaspaig go léir; go leana siad dár stiúradh ar an mbealach chuig an bheatha shíoraí.

2. Ar son na marbh, go dtuga Dia radharc a ghnúise dóibh.

3. Ar son ár ndeartháracha agus ár ndeirfiúracha a fhulaingíonn géarleanúint de bharr a gcreidimh; go dtugtar diongbháilteacht agus faoiseamh dóibh.

4. Ar son na mbochtáin agus na daoine dífhostaithe; ar son na n-easláin agus iadsan atá in ísle brí; go neartaítear iad le grásta Dé agus le grá a gcomharsan.

5. Ar son daoine pósta; go neartaítear iad ina ndílseacht dá chéile, agus go ndéantar iad a stiúradh le chéile chuig an bheatha shíoraí.

6. Ar ár son féin, go leana muid orainn lenár radharc ar an tsíoraíocht, ionas go mbeidh dóchas diaga i gcónaí inár n-anamnacha.

A Athair shíoraí, Dia na mbeo, cuireann muid ar n-intinní faoi do chúram caoin, le hidirghuí na Maighdine Beannaithe agus trí Chríost ár dTiarna.

An Phaidir
Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

Focal Scoir
Míle fáilte romhat, a Chorp an Tiarna, tá tú agam anois; glan an áit ‘na bhfuilir, díbir rúta an pheaca; is a Mhaighdean ghlórmhar, tar i m’choimhdeacht. (Ár bPaidreacha Dúchais 117)

* * *
An Tríú Domhnach den Charghas

Réamhrá
Sa Soiscéal inniu, léiríonn Íosa dúinn gurb é féin foinse na beatha síoraí. Is sa Tiarna amháin, agus ní in aon áit eile, is féidir linn an tart is bunúsaí a shásamh.

Smaoineamh
Sa dara léacht tugann N. Pól teagasc deas dúinn ar an ngrá. Is fiú meabhrú a dhéanamh ar an teagasc seo, mar níl suáilce níos tábhachtaí ann ná an grá.

Ar an gcéad dul síos taispeánann N. Pól cé chomh mór agus atá an grá atá ag Dia dúinn: ‘Cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh’. Is minic a deirtear go bhful grá ag Dia dúinn, gurb Eisean an Grá féin, agus is fiú dúinn an fhírinne seo a fhoghlaim trí urnaí a dhéanamh os comhair an Sacraimint ró- Naofa, nó os comhair an Chrois Chéasta, go mór mhór i séasúr seo an Charghais.

Ní hé amháin go bhfuil grá ag Dia dhúinn áfach, ach déanann sé páirteach muid sa ghrá diaga seo. Mar a mhíníonn N. Pól: ‘Tá ár gcroí líonta de ghrá Dé ag an Spiorad Naomh a tugadh dúinn’.

Scaipimis an grá diaga seo thart orainn trí ghnáth-eachtraí an tsaoil: ag guí ar a chéile, ag tabhairt dea-shampla dá chéile, ag cabhrú lenár gcomharsana agus leo siúd atá ar an ngannchuid. Roinneann muid an grá seo ar dhaoine chomh maith nuair a labhraíonn muid leo faoi Dhia, faoinár gcreideamh agus faoin mbeatha shíoraí.

Guí an Phobail
Is é an tAifreann an phaidir is cumhachtaí riamh ó is rud é gurb é Íobairt an Tiarna féin é. Mar sin, cuireann muid ár n-intinní go léir os comhair an Tiarna le lán-mhuinín.

1. Ar son ár nAthar Naofa Proinsias, ár n-Easpag X, agus an chléir uile; go leana said orthu ag teagasc an tSoiscéil go lách agus go cróga.

2. Ar son polaiteoirí agus ceannairí sibhialta; go n-oibrí siad i gcónaí ar son dínit an duine daonna.

3. Ar son an teaghlaigh: idir thuismitheoirí, páistí, seantuismitheoirí, báibíní agus báibíní gan breith: go maire siad faoi chúram Dé, agus faoi bhrat Mhuire.

4. Ar son teifigh agus príosúnaigh, ar son iadsan nach bhfuil bia le n-ithe acu; go mblaise siad trócaire Dé agus grá ó dhaoine eile.

5. Ar son daoine óga: go raibh aithne acu ar Chríost agus go leana siad é go lúcháireach

6. Ar son iadsan atá ag ullmhú don tsagartóireacht agus don bheatha rialta: go neartaítear a ndiongbháilteacht; agus freisin go dtaga méadú ar ghairmeacha eaglasta.

A Athair chaoin, molann tú dúinn gach rud atá de dhíth orainn a iarraidh ort. Cuireann muid na hurnaithe seo os do chomhair trí Chríost ár dTiarna.

An Phaidir
Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

Focal Scoir
Molaimid Íosa Críost, molaimid é ‘na shaoire. Agus de ghnáth, a Thiarna, trócaire, is go rabhaimid ag moladh do ghlóire insa tsíoraíochat dhéanach.
(Ár bPaidreacha Dúchais 376)

* * *
Naomh Pádraig, Easpag. Príomhéarlamh Éireann

Réamhrá
Ar an bhFéile speisialta seo, gabhaimid buíochas mór le Dia as bronntanas ár gCreidimh, trí idirghuí ár n-Aspail dhil N. Pádraig. Iarraimid freisin grásta Dé ionas go mbeimid inár n-aspail muid fhéin chuile lá agus i ngach áit.

Smaoineamh
‘Imigí faoin domhan uile agus fógraigí an Dea-Scéal don chruthaíocht uile’. Sin mar adeir Íosa leis na hAspail sa Soiscéal inniu. Agus is é an rud ceannann céanna adeir sé linn go léir.

Is aspail muid go léir. Ón lá ar lasadh solas álainn an ghrásta inar n-anamnacha le linn an Bhaiste, tá se mar cheart agus mar dhualgas againn an áilleacht seo a tairiscint do chách. Uaireanta b’fhéidir bíonn an cathú orainn a rá nach féidir linne an Soiscéal a chraobhscaoileadh, gur misean é seo do ‘shaineolaithe’ amháin. Ach ní mar sin atá.

B’fhéidir gurb é phríomh-theagasc an Phápa Proinsias é gur ceart agus gur féidir linn go léir an Dea-scéal a roinnt le daoine eile. Is aspal é gach uile Chríostaí, agus is féidir linn go léir ‘lúcháir an tSoiscéil’ a roinnt len a lán daoine gach lá, pé áit ina bhfuil muid.

Conas an Soiscéal a scaipeadh? Sa chéad áit trí guí ar son daoine eile, íobairtí a ofráil ar a son agus grásta Dé a iarraidh ar a son. Cuireann muid Íosa in iúl do dhaoine eile trínár gcairdeas agus ár gcineáltas, tríd an dea shampla agus freisin trí labhairt faoi Chríost agus faoinár gcreideamh féin.

Guí an Phobail
Seolann an tAthair Síoraí muid go léir amach chun lúcháir an Chreidimh a roinnt le chuile dhuine. Iarraimid o Dhia uilechumhachtach na grástaí éagsúla atá uainn chun misean na hEaglaise a chur chun cinn inár saol féin.

1. Ar son ár nAthair Naofa Proinsias; go leana sé ag fógairt lúcháir an tSoiscéil go buan agus go fairsing.

2. Ar son ár nEaspaig X agus ar son na sagairt uile: go raibh muinín agus dóchas acu i gcónaí agus iad ag teagasc an Chreidimh.

3. Ar son muidne go léir; go raibh muid inár n-aspail lúcháireacha inár gclanna agus lenár gcairde.

4. Ar son iadsan go léir a théann thar lear chun áthas an tSoiscéil a roinnt le daoine eile: go dtaga méadú ar ghairmneacha chun na misiúin ar fud an domhain.

5. Ar son na n-easláin; go dtuga Dia faoiseamh dóibh, agus go ndéana siadsan comhoibriú le misean na hEaglaise tríd a gcuid pianta a ófráil ar mhaithe le slánú an domhain.

6. Ar son daoine a ndéantar géarleanúint orthu de bharr a gcreidimh; ar son teifigh agus iadsan ag éalú ón gcogadh; ar son iadsan go léir atá uaigneach nó in ísle brí.

Sin iad ár n-urnaithe, a Athair lánthrócaireach, agus cuireann muid os do chomhair iad le hidirghuí Phádraig Naofa, agus trí Chríost ár dTiarna, a mhaireann agus a rialaíonn leatsa maraon leis an Spiorad Naomh trí shaol na saol.

An Phaidir
Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

Focal Scoir
Seacht gcéad déag fáilte naoi n-uair agus fiche Roimh Mhac Dé na glóire agus na Maighdine Muire
(Ár bPaidreacha Dúchais 551)

* * *
An Ceathrú Domhnach Charghas

Réamhrá
Inniu an Domhnach a dtugtar ‘Domhnach Laetare’ air, ón bhfocal Laidne lena dtosnaíonn an tAifreann: Laetare, Ierusalem, ‘Bíodh lúcháir ort, a Iarúsailéim!’ Fiú agus muid ag dul trí shéasúr na haithrí, an Carghas, ní dhéanann muid dearmad air gur cúis lúcháire í grá Dé i gcónaí.

Smaoineamh
Bíonn muid go léir ar thóir an áthais agus an tsonais. Teastaíonn ón duine daonna bheith sona. Uaireanta bíonn muid ag lorg an tsonais seo san áit chontráilte. Is ón Tiarna amháin a thagann an fíorshonas. Is fiú machnamh a dhéanamh ar an Salm álainn i liotúirge an lae inniu, salm an Dea-Aoire, mar go gcuireann sé os ár gcomhair fíor-fhoinse an áthais agus an tsonais.

‘Seolann sé ar imeall an uisce mé, mar a bhfaighim suaimhneas’. Sa Bhaiste fáiltíonn an Tiarna romhainn isteach ina bheatha dhiaga. Bíonn muid páirteach i saol na Trionóide trí ghrásta na beatha nua, trí uisce an Bhaiste. Is am speisialta é an Carghas chun grásta ár mBaiste a
athnuachan.

‘Cóiríonn tú bord chun béile dom’. San Eocairist, tá Íosa i gcónaí inár dteannta. Is éard atá san Eocairist ná Sacraimint an Ghrá. Tá an Tiarna ag feitheamh orainn go foighneach sa taibearnacal, chun sólás agus neart nua a thabhairt dúinn. Caithimis tamall ó am go ham in éineacht le hÍosa sa Sacraimint Bheannaithe i dtréimhse seo an Charghais, chun síocháin agus áthas ár gcroíthe a chothú.

‘Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t-olc’, ó is rud é go bhfuil ár nDia grámhar i gcónaí linn, chun cabhrú linn, go mór mhór nuair a bhíonn deacrachtaí againn. Fiú in am na Croise, tá solas na hAiséirí gar dúinn.

Guí an Phobail
A Athair na Trócaire, tá a fhios againn go bhfuil tú i gcónaí ag breathnú orainn le grá gan chuimse, agus gur féidir linn labhairt leat le lán-mhuinín agus Abba ’athair’ a thabhairt mar ainm ort. Ar an ábhar sin cuireann muid ár nachainaíocha romhat go dóchasach:

1. Go mbeannaítear ár bPápa Proinsias, agus go nglaca muid lena mholadh go gcuirfimis fáilte roimh thrócaire an Tiarna, agus go raibh trócaire againn féin ar ár gcomharsain i gcónaí.

2. Go gcuire an domhan mór aithne ar Chríost agus ar a thrócaire dhiaga, agus go raibh lúcháir ar dhaoine dá bharr.

3. Go nglana muid féin as ár gcroí gach éad agus uabhar i dtreo go mbeadh lúcháir Dé orainn go brách.

4. Go raibh grá ar leith againn do Shacraimint na hAithrí agus an Athmhuintearais.

5. Go raibh trócaire Chríost le braith acusan go léir a bhfuil gá acu leis, acusan a bhfuil bochtanas anama nó coirp á fhulaingt acu.

6. Go raibh trócaire ag Dia orthusan go léir atá imithe ar shlí na fírinne. Sin iad ár n-achainíocha chugat, a Thiarna. Deonaigh dúinn iad trí do íobairt san Aifreann seo.

An Phaidir
Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

Focal Scoir
A Íosa, a Dhia’s a Chara go buan, ar son do chuid fola tabhair trócaire dúinn.
(Ár bPaidreacha Dúchais 153)

* * *
An Cúigiú Domhnach den Charghas

Réamhrá
I Liotúirge an Bhriathair inniu, feictear dúinn gurb é Íosa ár nAiséirí agus ár mBeatha. Osclaímis ár n-anamnacha anois chun fáilte a chur roimh ár bhFuascailteoir caoin le linn na hÍobairte sár-naofa seo.

Smaoineamh
‘Féach, tá an té is ionúin leat tinn’: Sin an teachtaireacht a chuireann deirfiúracha Lazaras chuig Íosa chun a rá leis go bhfuil a chara Lazaras breoite. Nuair a thagann sé go Béatáine, agus ar a fheiceáil dó fulaingt agus caoineadh na ndaoine, ‘bhris a ghol ar Íosa’.

Is fíor-chara do Lazaras é Íosa agus is fíor-chara é an Tiarna dúinne chomh maith. Níl cara níos fearr againn. Níl éinne eile a bhfuil tuiscint níos fearr aige orainn, ná grá níos doimhne dúinn ná Íosa. Cara buan, cara dílis, cara atá i gcónaí in aice linn chun tacú linn. Bíonn Íosa i dteannta linn agus muid ag obair, nó ag ligint scíth, agus inár saol clainne.

I rith an Charghais déanann muid iarracht an cairdeas iontach seo a chothú trí urnaí, na sacraimintí, íobairtí a ofráil agus cabhair a thabhairt do dhaoine eile. Agus muid ar imeall na Seachtaine Móire anois, impímis ar an Spiorad Naomh ár gcairdeas le Críost a dhoimhniú agus a láidriú.

Guí an Phobail
Chuir an tAthair síoraí a Mhac muirneach chugainn chun muid a fhuascailt ón bpeaca, agus chun an bheatha shíoraí a thairiscint dúinn. Cuireann muid ár nintinní go léir os a chomhair mar sin trína mhac Críost:

1. Is mian le Dia go mairfimis mar chlann dílis dó féin. Guímis go neartaí sé creideamh gach baill den Eaglais, i gcomaoin lenár n-athair naofa Proinsias.

2. Go bhfóire Dia ar ainniseoirí uile a chlainne idir pheacaigh agus bhochta agus lucht galair.

3. Iarraimis ar Dhia an formad agus an téad a ruaigeadh as ár gcroí agus as ár n-aigne.

4. Iarraimid trócaire ár Slánaitheoira orthusan go léir atá imithe ar shlí na fírinne; go mbronntar solas na glóire orthu.

5. Guímis ar son ár n-intinní pearsanta …

Cothaigh sinn le do ghrásta ó Neamh, a Athair na trócaire. Iarraimid é seo trí Chríost ár dTiarna.

An Phaidir
Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briather Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

Focal Scoir
Iarraimid ar an Slánaitheoir Naofa agus ar an Maighdean Mhuire spiorad na haithrí, na carthanachta agus na síochána a chur inár gcroí.
(Ár bPaidreacha Dúchais 158)

* * *