March 2021: Leathanach don Cheiliuraí

Leathanach don Cheiliuraí

An tAthair Seán Mac Aoidh SP

An Spidéal, Co na Gaillimhe

 

An Triú Domhnach den Charghas

7 Márta 2021

Réamhfhocal

Ba mhaith le Dia lámh a bheith aige inár saol. Mar sin, iarrann sé lá amháin sa tseachtain, agus spás ar leith a bheith tugtha againn dó.

 

Smaoineamh

Sna hAitheanta, tá deich mbealach inar féidir linne dul ar strae; nó, chun é a rá go dearfach, deich mbealach chun ár saol a chaitheamh chun go mbeimid sásta, saor agus fíorbheo sa saol seo.

Sa chéad léacht, d’fhoilsigh Dia na haitheanta le tintreach agus le toirneach chun go n-éistfeadh na daoine leis; agus mar a chéile sa Soiscéal nuair a ghlan Íosa an Teampall. Caithfidh go raibh an dá ócáid an-ghlórach.

Sa chéad léacht, d’iarr Dia go mbeadh an tSabóid naofa, agus sa Soiscéal go mbeadh an teampall naofa. An focal ‘naofa’, ciallaíonn sé ‘curtha i leataobh’, difriúil.

Le chéile, molann na léachtaí gur maith dúinn go mbeadh am ar leith againn, agus áit ar leith againn, curtha i leataobh do Dhia; le dul isteach ann le sos a fháil i gcuideachta an Tiarna agus a bheith neartaithe don saol seo ina bhfuil muid ag iarraidh ár nglaoch mar Chríostaithe a chaitheamh. Teastaíonn sé seo uainn gan dabht, ach teastaíonn sé ó Dhia chomh maith mar gur maith leis lámh a bheith aige inár saol.

Céard faoi ligean do na léachtaí seo muid a spreagadh chun an spás sin a dhéanamh agus an Carghas seo a chaitheamh go naofa, difriúil, agus fíorbheo i measc daoine.

 

Guí an Phobail

Ár bpaidreacha an deireadh seachtaine seo sa Charghas agus muid le chéile anseo ag altóir Dé:

1. Go raibh Íosa le feiceáil san Eaglais sa bhealach ina maireann muid. A Thiarna, éist linn.

2. Go raibh aitheanta Dé agus sampla Chríost mar chúnamh dúinn ó lá go lá. A Thiarna, éist linn.

3. Go ndéana muid iarracht le linn an Charghais seo spás a thabhairt do Dhia agus don naofacht. A Thiarna, éist linn.

4. Go ndéana ár mairbh adhradh i dTeampall Dé ar neamh. A Thiarna, éist linn.

Neartaigh ár gcreideamh, a Dhia ár nAthair, agus éist linn ag guí chugat trí Chríost ár dTiarna. Amen.

 

An Phaidir

Le chéile agus ar son a chéile, guímid:

 

Focal Scoir

‘Ná bí faoi dheifir, cuir ar leataobh do chuid riachtanas agus ábhar imní go léir, agus déan spás.’ (Amoris Laetitia 137)

 

* * *

 

An Ceathrú Domhnach den Charghas

14 Márta 2021

Réamhfhocal

Deir N. Eoin nach gcaillfear aon duine a chreideann in Íosa an Solas. Ag tús an Aifrinn, iarrann muid maithiúnas sna bealaí inar imigh muid ar strae ón Solas.

 

Smaoineamh

Tháinig Nicodemus chuig Íosa san oíche (Eoin 3:2). Léiríonn sé seo ceann de na céimeanna a dtéann go leor daoine tríthu ar an mbealach chun chreidimh. Is Fairisíneach é Nicodemus le fíorshuim in Íosa, ach níor labhair sé go hoscailte fós faoi seo. Le bheith féaráilte, tuigimid an brú a bhí air; bhí go leor le cailleadh aige! Ach chuir sé a cháil mar Fhairisíneach i mbaol agus é ag teacht san oíche chun labhairt le hÍosa. Bhí sé ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoi Íosa; lean sé an tsuim ina chroí agus na ceisteanna ina cheann.

Tá a fhios againn gur tharla níos deireanaí, nuair a bhí na hardsagairt agus na Fairisínigh ag beartú dochair ar Íosa, go raibh níos mó muinín ag Nicodemus agus labhair sé níos oscailte ar son Íosa (7:50-51). Agus, tar éis d’Íosa bás a fháil, ba é Nicodemus, in éineacht le Seosamh ó Arimathea, a tháinig chun corp Íosa a ungadh agus a chur sa tuama (19: 38-42). B’in é uair a iompaithe.

Fásann creideamh de réir a chéile; tá céimeanna le dul tríd; ach tagann an lá nuair a bhíonn orainn seasamh ar son Íosa agus ár gcreideamh a admháil. Ní féidir leis an gCríostaí a bheith príobháideach faoi chreideamh.

 

Guí an Phobail

Agus muid ag fás le chéile sa chreideamh, guímid:

1. Go maire muid san Eaglais i solas Chríost os comhair an domhain. A Thiarna, éist linn.

2. Go raibh muinín agus síocháin acu siúd atá faoi smacht ag an eagla. A Thiarna, éist linn.

3. Go bhfaighe daoine atá ag cuardach freagraí ar cheisteanna móra an tsaoil freagra in Íosa Críost. A Thiarna, éist linn.

4. Go raibh a fhios ag máithreacha ar an lá speisialta seo dóibh go bhfuil grá mór ag a gcuid gasúr dóibh. A Thiarna, éist linn.

5. Go maire ár máithreacha agus ár mairbh uile atá imithe romhainn ar shlí na fírinne i solas Dé ar Neamh. A Thiarna, éist linn.

A Dhia, ar lá an dóláis, tabhair dúinn sólás; sa dorchadas, solas; agus i ngach aon bhaol, cumhdaigh muid: guímid trí Chríost ár dTiarna. Amen.

 

An Paidir

Is le grásta Dé i gCríost a slánaíodh muid trí chreideamh. Mar sin, guímid mar a mhúin Íosa dúinn:

 

Focal Scoir

Díreach mar is ‘tionscadal ar feadh an tsaoil’ é an pósadh, is mar sin atá an
t-aistear chun an chreidimh i gCríost. (Amoris Laetitia 218)

 

* * *

 

N. Pádraig

17 Márta 2021

Réamhfhocal

Inniu comórann muid (1) ár gcreideamh in Íosa Críost a thug N. Pádraig chugainn, agus (2) ár náisiúnachas. Bhíodh an dá rud seo fite fúite roimhe seo, ach níl anois. San fhéile seo inniu, ar feadh aon lá amháin, tagann siad le chéile arís ar bhealach a cheanglaíonn muid le stair iomlán na tíre seo.

 

Smaoineamh

Bhí teaghlach Phádraig naofa compordach sa saol. Gach rud a bhí ag teastáil ó Phádraig óg, bhí sé le fáil aige. Tugadh oideachas maith dó. D’ár leis féin, ní raibh sé cráifeach cé go raibh a mhuintir an-ghafa leis an Eaglais. Ní raibh aon suim aige inti. Fiú, níor chreid sé i nDia ag an am sin. D’athraigh sé seo nuair a tugadh go hÉirinn é mar sclábhaí, nuair a chaill sé gach compord, a chlann, agus a chairde. Ba é ansin a d’airigh sé Íosa Críost ag caint leis, roimhe, istigh ann, agus é ina luí agus ina sheasamh.

Tá an-difríocht idir an saol anois agus in aimsir Phádraig, ach tá dearcadh Phádraig óig fós beo le chuile rud nua-aimseartha atá againn, chuile chompord, agus pléisiúr á lorg san uile rud.

Ní raibh suim ag Pádraig an déagóir i gcúrsaí chreidimh, ach bhí sé tábhachtach dó ina dhiaidh sin gur tógadh mar Chríostaí é, go raibh sé oilte sa chreideamh. Nuair a bhí sé i ngá, bhí a fhios aige céard a dhéanfadh sé; d’fhill sé ar an oideachas sa chreideamh a fuair sé sa teaghlach sa bhaile ina óige.

Níl aon rud chomh maith leis an saol é féin chun muid a threorú chun chreidimh.

 

Guí an Phobail

Ceiliúrann muid ár náisiúnachas inniu ar an bhféile seo nuair a chomórann muid teacht an tSoiscéil go dtí an tír seo trí Phádraig Naofa.

1. Go raibh spiorad an mhisinéara ar nós Naomh Pádraig beo inniu. A Thiarna, éist linn.

2. Go bhfana muid dílis dár gcreideamh, dár gcultúr, dár dtraidisiúin, dár náisiún. A Thiarna, éist linn.

3. Go n-éirí go maith le himircigh an lae inniu anseo agus thar lear. A Thiarna, éist linn.

4. Go bhfeice na mairbh luach saothair an tsaoil atá caite le creideamh. A Thiarna, éist linn.

A Dhia na glóire, gabhaimid buíochas leat as ucht Naomh Pádraig a sheoladh chugainn leis an Soiscéal. Cuidigh linn i gcónaí a bheith dílis duit agus do do Bhriathar, agus éist lenár bpaidreacha ar ár son féin, ar son na tíre seo, agus ar son aon duine atá i ngá in Éirinn nó sa domhan, trí Chríost ár dTiarna. Áiméan.

 

An Paidir

Bhí taithí ar an imirce ag Pádraig naofa féin. Guímis leis ar son imirceach ar fud an domhain inniu.

 

Focal Scoir

‘Is é an teaghlach an chéad scoil ina múintear luachanna daonna.’ (Amoris Laetitia 274)

 

* * *

 

An Cúigiú Domhnach den Charghas

21 Márta 2021

Réamhfhocal

Cuirtear an síol sa talamh nuair a thagann an uair agus tugann sé toradh uaidh. Is é Íosa Críost an síol a fuair bás le go mbeadh an bheatha ag gach duine a ghlacann é agus a chreideann ann.

Smaoineamh

Bhí Gréagaigh a tháinig ag iarraidh Íosa a fheiceáil. Tá gach ní atá i gceist sa Charghas agus sa bheatha Chríostaí le fáil san iarratas sin – Íosa a fheiceáil. De réir an tSoiscéil, tá Íosa le feiceáil sa ghráinne arbhair a thiteann go talamh agus a fhaigheann bás, is é sin, Íosa féin ardaithe suas chun báis ar an gcrois.

Sa chéad léacht, tá Iarimia fáidh ag súil le conradh nua a dhéanfadh Dia le Iosrael. In ionad a bheith scríofa ar leac mar a bhí sa chonradh a rinne Dia le Maois, beidh an conradh nua scríofa ag Dia ar chroíthe na ndaoine. Tuigeann muid ón Soiscéal go ndearna Dia an conradh nua seo linn in Íosa, agus go bhfuil an bás i gceist: bás Íosa féin, agus muid ag fáil bháis chomh maith d’ár dtoil féin.

Is é Íosa ar an gcrois an sampla is fearr den fhéinsmacht sin go bás. Labhair Íosa go minic faoin smacht mar bhás. Tugann an Carghas seans dúinn an smacht a chleachtadh le go mbeadh muid dírithe níos mó ar an smacht ar chuir Íosa ar féin ar son na Ríochta, agus le go mbeadh muid páirteach i dtorthaí a chroise leis.

 

Guí an Phobail

Agus muid ag déanamh an Charghais seo, guímid:

1. Ar son croíthe a éisteann lena bhfuil scríofa orthu ag Dia. A Thiarna, éist linn.

2. Ar son athnuachana croí trí smachtú an Charghais. A Thiarna, éist linn.

3. Ar son daoine a bhfuil crois le fulaingt acu ag an am seo. A Thiarna, éist linn.

4. D’ár mairbh tar éis dóibh croiseanna an tsaoil seo a fhulaingt i ndiaidh Íosa Críost. A Thiarna, éist linn.

Déan trócaire orainn, a Dhia ár nAthair, de réir do bhuanghrá, agus muid ag guí trí Chríost, ár dTiarna. Amen.

 

An Paidir

Agus muid ag guí go bhfeice muid Ríocht Dé i láthair níos mó inár measc, guímid:

 

Focal Scoir

‘Ní féidir caidreamh an teaghlaigh a chaomhnú agus a thabhairt chun foirfeachta ach amháin trí spiorad mór na híobartha.’ (Amoris Laetitia 106)

 

* * *

 

Domhnach na Pailme Pháis an Tiarna

28 Márta 2021

Réamhfhocal

Chaith muid an Carghas ag réiteach don tseachtain seo amach romhainn. Agus muid aontaithe le hÍosa, agus leis an Eaglais ar fud an domhain, chuireann muid tús leis an turas go Calvaire ionas go mbeidh muid réidh chun an tAiséirí a cheiliúradh le fuinneamh nua seachtain ó inniu.

 

Smaoineamh

Tá coimhlint sa Domhnach seo, Domhnach na Pailme. Ar thaobh amháin, ceiliúrann muid Íosa ina Rí ag teacht isteach go Iarúsailéim. Iompraíonn muid craobhacha den chrann pailme agus, muid ag casadh ‘Hósanna’, leanann muid Críost Rí go lúcháireach. Ar an taobh eile, áfach, agus tamall ina dhiaidh sin, tá cealg i bpáis agus i mbás ár dTiarna. Tá sé seo díreach cosúil le dhá thaobh an tsaoil: aoibhneas agus pian, Tabor agus Calvaire. Tá aithne mhaith againn ar an dá thaobh agus mar a athraíonn an saol ó cheann amháin go dtí an ceann eile, ag sníomh scéil atá geal agus dorcha, den bheatha agus den bhás, le ceiliúradh agus le fulaingt. Sa tSeachtain Mhór, feiceann muid go soiléir go leanann ár saol an turas a thóg Íosa ina shaol go dtí an chrois agus, tríd an gcrois, go dtí Aiséirí na Cásca.

D’fhulaing Íosa an chrois dá dheoin féin ar a bhealach chun na glóire. Siúlfaidh muid turas na croise le hÍosa agus le chéile an tseachtain seo chun go mbeidh cibé fulaingt atá orainn aontaithe le fulaingt Íosa, agus chun go mbeidh muid in ann cur suas go foighneach agus níos fearr leis an gcrois inár saol, agus teacht tríd an gcrois neartaithe, athraithe, agus claochlaithe.

 

Guí an Phobail

Ag tús na Seachtaine Móire, guímid:

1. Go raibh an misneach againn an chrois a fhulaingt. A Thiarna, éist linn.

2. Go raibh seans ag searmanais na seachtaine seo dul i bhfeidhm orainn. A Thiarna, éist linn.

3. Go raibh muid oscailte do phianta agus fulaingt daoine eile agus réidh chun teacht i gcabhair orthu. A Thiarna, éist linn.

4. Go raibh ár mairbh páirteach in aiséirí Chríost tar éis a bheith aontaithe leis ar thuras an tsaoil seo. A Thiarna, éist linn.

A Dhia, thug do Mhac é féin ar an gcrois ar ár son. Seolann muid ár bpaidreacha chugat le dóchas, trí Chríost ár dTiarna. Amen.

 

An Phaidir

Guímid chun Dé agus muinín againn nach dtréigfidh sé muid.

 

Focal Scoir

Is féidir linn an ceann is fearr a fháil ar thréimhsí péine agus deacrachta ach iad a fhulaingt i gcomhaontacht le crois an Tiarna. (Amoris Laetitia 317)

* * *