March 2022: Leachate don Cheiliúraí

Leachate don Cheiliúraí

Fr Colm O’Gallchoir
Ard na Carraige
Killybegs, Co Donegal

 

6ú Márta 2022
An Chéad Domhnach den Charghas

Réamhrá
Tá Dia i gcuideachta a phobail i gcónaí (an chéad léacht). Tá sé an-ghar dúinn, tá sé in ár gcroíthe agus ar ár mbeola (an dara léacht). Chothaigh Íosa a mhuinín i nDia ar an uaigneas (an Soiscéal).


Tá Dia inár gcuideachta. Castar orainn é in ár gcroíthe.

 

Smaoineamh

Chaith Íosa alán ama ar an uaigneas ag guí, in áiteanna iargúlta sna sléibhte nó ag éisteacht le ‘crónán na farraige agus bog-cheol an uisce’. Bhí sé ar thóir a anama, ag meabhrú Briathar Dé agus á ullmhú féin le beart a dhéanamh de réir Briathar Dé. Bhí sé ag streachailt ina chroí istigh, ag iarraidh an rud ceart agus cóir a dhéanamh. Ar shamhail sé ariamh go gcéasfaí é siocair a chuid ionraicis agus fiúntais? Thiocfadh leis malairt treo a ghlacadh. Tugann an soiscéal inniu léargas dúinn ar a shuaitheadh anama agus na cathaithe a raibh sé i ngleic leo.

   Thuig sé gur ó Dhia an slánú, ní ón duine nó ó ábharachas an tsaoil. Sin an fáth a raibh sé ag déanamh troscaidh, chun díriú ar a thóraíocht spioradálta. Bhí sé aireach gan dallnamullóg a chuir ar féin. Go sásódh arán an tsaoil ár n-ocras spioradálta, b’é sin an chéad chathú.
Bhí tréithe ag Íosa a tharraing gnaoi an phobail air. Ní ar lorg cumhachta a bhí sé ach ar lorg leasa agus leighis an phobail. Tá an cathú ann i gcónaí an mhaith a dhéanamh ar ár son féin, ní ar mhaithe lenár gcomharsan.

    B’é sin an dara cathú.

   Cathú suarach amach is amach a bhí sa tríú cathú: déan do rogha rud ar an tsaol seo mar tá Dia maith agus tabharfaidh sé aire duit. Sin ag cleasaíocht le Dia. Tá freagracht phearsanta ar gach duine dá shaol agus dá shaothar agus nuair a dhéanaimid sin ‘iompróidh Dia ina lámha sinn’.
Is é dúshlán an Charghais ár muinín a chuir i nDia a léirigh a ghrá dúinn tré bheatha, bhás agus aiséirí Chríost agus a chuireann ar ár gcumas beatha fhiúntach ionraice a chaitheamh ar an tsaol seo, beatha a mhaireann ar feadh na síoraíochta.

 

* * *

 

13ú Márta 2022
An Dara Domhnach den Charghas

Réamhrá
Thug Dia gealltanas do Abrám go mbeadh áit cónaí ag a shliocht (an chéad léacht). Is sna flaithis ár n-áit cónaí buan ach tá beatha Dé againn cheana féin (an dara léacht). Tháinig Íosa ó Dhia agus tá dreach Chríost á mhúnlú ionainn féin (an soiscéal).


Is í gcroí Chríost atá an áit chónaí a gheall Dia dá phobal.

 

Smaoineamh
Tá rásaí chapaill Cheltenham beagnach buailte linn arís. De ghnáth bheadh na sluaite as an tír seo ag buaileadh bóthair chuig an fhéile bhliaintiúl seo ach go bhfuil Covid-19 ag bagairt go fóill. Ó am Arkle ar leith bíonn na sluaite faoi dhraíocht ar feadh na seachtaine, ag tnúth go mbeadh capaill agus marcaigh na hÉireann i réim. Samhail an taitneamh agus an t-ardú anama a thugann an fhéile seo dár muintir. Samhail an t-ullmhachán atá i gceist ag traenálaithe, úinéirí, marcaithe, foireann ollmhór ilghnéitheach agus, i gcroí lár an fheachtais, tá réalta na rásaíochta, na capaill. Más mian leo an ghlóir a bhlaiseadh, caithfear an phian a fhulaingt agus an t-ullmhachán a dhéanamh le cúram is díogras.Tá an rud céanna fíor faoi dhúshlán an Charghais.

      Chonaic na deisceabail glóir Dé i gClaochlú Íosa. Bhí fhios acu gur duine maith, lách, cineálta, cróga a bhí ann ach thuig siad ar bharr an tsléibhe gurb é Mac Dé agus go raibh glóir Dé á léiriú ní amháin in Íosa ach tré Íosa i gclann Dé uilig. Bheadh gnúis Dé le feiceáilt acu ó seo amach i bhfad níos soiléire i bpearsan Íosa agus ina chuid dea-oibreacha. Chaith Íosa an iomad ama ag guí ar an tsuaimhneas, ag tabhairt aire do na h-easláin, ag tabhairt uchtaigh agus misnigh don chosmhuintir agus ag léiriú dáimh dhlúth leis an dúlra. I rith an Charghais ní mór dúinn ár gcorp, ár n-intinn agus ár n-anam a ullmhú, le cúram is díogras, chun grá Dé a thabhairt faoi deara inár gcroíthe féin, maitheas Dé a fheiceáilt sna daoine a chastar orainn i caitheamh ár saoil, lámh Dé a aimsiú i gcruatán agus i gcora an tsaoil agus aitheantas a thabhairt do ghlóir Dé in iontaisí na cruinne.

 

* * *

 

17ú Márta 2022
Lá Fhéile Pádraig Naofa

Réamhrá
Ghlaoigh Dia ar an fháidh Amos, cosúil le Pádraig, agus fógraíonn sé soiscéal Dé go macánta i measc pobal coimhthíoch (an chéad léacht). Labhraíonn Pól go
h-ionraice le pobal Thessalonika. Is cinnte gur spreag an léacht seo Faoisdin Phádraig (an dara léacht). Cosúil le Peadar, thuig Pádraig gur peacach é. Is mar pheacaí a glaoídh orthu beirt mar dheisceabail agus cheannródaithe (an soiscéal).


Ghlaoigh Dia ar Amos, ar Pheadar, ar Phól, ar Phádraig agus glaíonn sé orainne.

 

Smaoineamh
Fuair Albert Fry bás ag tús mí Bealtaine anuraidh. Bhí a chroí istigh i dteanga, i gceol agus i gcultúir na hÉireann. Mheas sé go raibh ceangal dlúth domhain idir an creideamh Críostaí agus an Ghaeilge agus go raibh beatha Íosa Críost ó thús go deireadh i bhfilíocht ag an tsean-mhuintir. Choiméad sé teacht an Phápa i 1979 ar an teilifís lena mháthair and bhí gliondar orthu beirt nuair a d’éisteadar leis na chéad focail a labhair an Pápa go poiblí sa tír seo: ‘In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh’.

      Meabhraímid ar an oidhreacht luachmhar creidimh atá againn agus muid ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig, oidhreacht atá fite fuaite lenár dteanga dhúchais ó thús na Críostaíochta sa tír seo. Chuir an Pápa Celestine an tEaspag Palladius i 431 chun cúram a thabhairt do sclábhaithe Críostaí a bhí go flúirseach sa tír seo. Chaith Pádraig é féin sé bliana mar sclábhaí ar Shliabh Mis ina óige. Sna blianta sin tháinig borradh gan choinne ina shaol sa chreideamh Críostaí lenár tógadh é. Phill sé níos moille chun na tíre seo mar easpag le soiscéal Chríost a chraoibhscaoileadh.

      Thug an Pápa Eoin Pól II cuairt orainn thar dhaichead blian ó shoin chun borradh úr a chuir sa chreideamh inár measc. Is iomaí cor is lúb sa scéal ó shoin. Tá an Eaglais sa tír seo in ísle brí. Ach tá oidhreact shaibhir againn ónár sinsir mar a léirigh Albert Fry go minic. Tá tréithe luachmhara le fáil againn i bhFaoisdin Phádraig atá a dhíth go práinneach orainn inniu. Bhí muinín iomlán ag Pádraig i nDia, bhí sé ionraice faoi na dóigheanna a theip air, bhí sé sásta plé macánta a dhéanamh le daoine ar mhalairt tuairmí leis agus bhí cúram chaoin aige do phobal Dé uilig. Sin tréithe atá riachtanach agus Bealach an tSionaid, faoi dhea-shampla an Phápa Proinnsias, á shiúl againn.

 

* * *

 

20ú Márta 2022
An Tríú Domhnach den Charghas

Réamhrá
Treoraíonn Dia Ró-Naofa Maoise chun a phobal a scaoileadh ón daoirse (an chéad léacht). Dhéanann Dia éachtaí iontacha dá phobal ar aistear na saoirse (an dara léacht). Tarlóidh rudaí tubaisteacha daoibh muna dtugann sibh aird ar shlite Dé. Ach tá Dia foighdeach fiú leis an chrann neamh-thorthúil (an soiscéal).


Tá éachtaí iontacha Dé le feiceáilt i ngnáth imeachtaí ár saoil.

 

Smaoineamh
I dtráth an Charghais dhéanamid iarracht moladh agus buíochas a thabhairt do Dhia ar son maitheas ár mbeatha. Chuala mé le gairid faoi shagart Doiminiceach Timothy Radcliffe a d’fhulaing tráth tinnis tromchúisigh anuraidh. B’ionann é dó agus tráth an Charghais. Ailse sa ghiall a thinneas. Bhí sé faoi scian ar feadh seacht n-uaire déag, cúig seachtainí san otharlann agus cúram radaiteiripe ar feadh sé seachtainí. Dhá phaidir a chothaigh é: sruthú beo an Aifrinn agus ‘Sé do Bheatha Mhuire’. Thuig sé don chéad uair an cumann dlúth idir an corp, an t-anam agus an spiorad. Bhí sé trí chéile dornán laethanta agus mhothaigh sé bá faoi leith leo siúd atá ag streachailt le meabhairghalar. Mhair sé go h-iomlán ar scáth na mbanaltraí agus na ndochtúirí a bhí ag tabhairt aire dó, a dteangmháil súl agus lámh á thug slán é i rith na drochlaethanta. Smaointigh sé ar Íosa mar thachrán ag bráth go h-iomlán ar Mhuire agus ar a thuras chun a chéasta agus gan é in ann dada a dhéanamh do féin. Nuair a mhuscail sé ar dtús bhí tacht úafasach air ach ní raibh cead aige ach a bheola a fhliuchadh go h-éadrom. Smaointigh sé ar phobal Dé san fhásach ag fáil bháis le tacht, díreach mar a bhí Íosa ar an chroich chéasta. Bhí an chéad deoch uisce a d’ól sé mar thíolacadh ó Dhia. Ag deireadh a ‘charghais’, bhí sé thar a bheith buíoch go raibh sé beo agus shamhail sé iontas diaga ag baint le gnáth rudaí na beatha. Mheas sé go raibh an bás ina chomharsanacht ach idir an dá linn ba mhian leis a shaol a chaitheamh go h-iomlán ar fad agus buíochas ina chroí ar son thíolacaí uile na beatha.

* * *

 

27ú Márta 2022
An Ceathrú Domhnach den Charghas

Réamhrá
Faoi dheire thiar thall shroich pobal Israel an tír tairngire (an chéad léacht). Bronntanas iontach dúinn athmhuintearas le Dia tré bhás agus aiséirí Chríost (an dara léacht). Tá grá as cuimse ag Dia dúinn. Pilleann an deoraí abhaile agus tá fearadh na fáilte roimhe (an soiscéal).


Tá grá as cuimse ag Dia dúinn. Go minic táimid ró-ghnoitheach le aird a thabhairt air.

Smaoineamh
Bhí an mac a ba óige ag lorg saoirse agus neamhspléachais, cosúil le gach óganach. Táimid ag ceiliúradh Lá na Maithreacha inniu ach sa scéal seo níl iomrá ar bith ar a mháthair. Is dóiche go raibh an stócach seo caillte gan grá chaoin a mháthar. Tá cuma air go raibh caidreamh míshocair idir é agus a athair agus idir é agus a dheartháir. Bhí sé ag iarraidh cead a chinn. Ba mhaith leis an baile a fhágáil ach bhí sé ag iarraidh sciar a oidhreachta, nach raibh sé i dteideal go bhfaighe a athair bás. Is beag sásamh a fuair sé ón ioncam neamhthuillte ina shaol úr i gcéin. D’fhan a dheartháir sa bhaile ach is beag ábhar sásaimh a bhí le fáil ag an mhac umhal seo ach an oiread.

      Chuir an t-athair fáilte chroíúil roimh a mhac dhrabhlásach nuair a phill sé. Shíl an mac seo uair den tsaol gur maoin an tsaoil an t-oidhreacht is luachmhara a bhí ag a athair le bronnadh air. Bhí sé ag foglaim ceachta crua nuair a rith sé leis gur oidhreacht i bhfad níos luachmhara a bhí sa ghrá a bhí go flúirseach i gcroí a athar. Nior éirigh leis an mac is sinne eochair na h-oidhreachta seo a aimsiú ina shaol go fóill. Oibrí maith a bhí ann ach bhí croí crua aige. Níl fhios agam ar bhlais sé saol draíochta an ghrá ariamh?

      Ar Dhomhnach seo an Áthais, ceiliúraimis grá Dé do gach duine daonna, iadsan atá ar seachrán, iadsan atá diongbháilte ar éalú ón ghrá agus iadsan nach dtuigeann cumas an ghrá atá ina gcroíthe istigh.

 

* * *