March 2023: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

 

Máirtín Mac Conmara MSC

 

An Dara Domhnach den Charghas

5 Márta 2023

 

Iontróid

Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: . Glóir Chríost agus ár ngairm fianaise a thabhairt.

 

Tá an glaoch dúinn ann ó Ábraham, béim air sa litir chuig Timóid agus eiseamláir na glóire in athrú cló Chríost.

Céad léacht. (Genesis) Glaoch Ábraham, athair phobail Dé

Dara Léacht (2 Tiomóid) Glaonn Dia orinn agus soilsíonn sé sinn

Soiscéal (Matha). Athrú cló Chríost. Shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine

 

Smaoineamh

Teist, léiriú, ar ghlóir Chríost tar éis a aiséirí a bhí a gclaochlú ar an Sliabh. Bíonn an léargas sin de ghlóir Chríost againn i gcónai san eaglais. Dúirt Criost féin an té a fheiceann é go bhfeiceann sé an tAthair. Foilsíonn Íosa an tAthair. Chuaigh an fhírinne sin i bhfeidm go mór ar an aspal Pól. Mar a scríobh sé chuig na Corantaigh (2 Corantaigh 4:6): ‘An Dia a dúirt: ‘Biodh solas ag lonradh as an dorchadas,’ is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d’fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn’. Sa dara léacht inniu tá tagairt do láthaireacht lonrach Íosa Críost inár measc.

     Tá Críost beo i gcroíthe na bhfíréan trína ghrásta agus tríd an Spiorad Naomh. Tá sé ag lonradh trína theagasc sna soiscéil, sna Biáide, sa Seanmóir ar an Sliabh. Tháinig sé chun an bheatha a thabhairt dá lucht leanúna agus don saol, agus í a thabhairt go fial. Tugann an creideamh sin i gclaochlú Chríost, agus a lucht leanúna trí ghrásta, fís dúinn, fís atá thar a bheith tábhachtach an lá atá inniu ann, agus físeanna eile nach Críostaí iad á mbrú isteach orainn. Ní mór aird a thabhairt orthu sin. Mairimid i sochaí atá go teoiriciúil iar-Chríostai ina léargus agus a dlíthe agus ní mór do na chreidmhigh a saol a thabhairt as taobh istigh den tsochaí sin le greim ar chinnteacht an chreidimh agus ar chursaí an tsaoil in a n-aigne, ar dhínit agus glóir na gairme críostaí acu agus sin a choimeád beo le cleachtadh.

     Ábhar machmaimh eile a thugann an dara léacht dúinn ná cuireadh, foláireamh b’fhéidir, gan bheith cúthalach faoi chreideamh sa bhfís sin faoi lonradh Dé, agus bheith réidh fianaise a thabhairt dí mar a oireann.

 

* * *

 

An Tríú Domhnach den Charghas

12 Márta 2023

 

Iontróid

Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: Tobar uisce inár gcroí an Spiorad Naomh a tugadh dúinn

 

Céad Léacht: Pobal Dé ag iarraidh ar Dhia uisce le hól

Dara Léacht: Tá ár gcroí lionta de ghrá Dé ag an Spiorad Naomh a tugadh dúinn

Soiscéal: Gealann Íosa Tobar uisce ag brúchtaíl chun na beatha síoraí – an Spiorad Naomh.

 

Smaoineamh

Cinnteacht an chreidimh agus an dóchas Críostaí.

 

Sna saolta seo is coitianta amhras i gcúrsaí creidimh – amhras faoi phointí de theagasc morálta, faoi fhírinní an chreidimh, fiú féin faoi bheith ann do Dhia. Cuid de fhealsúnacht áirithe an lae inniu nach ann do chinnteacht ar bith. Tuairmíocht seachas cinnteacht a bheadh ann, a athraíonn ó aois go haois.

     Déanann aoráid dá leithéid deacrachtaí do chleachtadh an chreidimh. Tá a leithéid de amhras glan in éadan teagasc an chreidimh ar na fírinní bunúsacha, maidir leis an saol seo agus an saol eile, fós le teacht. Tá an cur síos ar cad is creideamh ann sa Litir chuig na hEabhraigh (11:1), i dtéacs nach éasca ar fad a aistriú: ‘Is é is creideamh ann ná bheith deimhin de na nithe a bhfuiltear ag súil leo, bheith cinnte de na nithe nach bhfeictear’. Tá dhá théarma thábhachtacha ansin: bheith deimhin agus bheith connte.

     Ní deimhneacht nó cinnteacht shiceolaíoch, a a bhfuil a préamha san aigne dhaonna, atá i gceist anseo, ach suáilce dhiaga an dóchais, brontannas ó Dhia, a thugann cinnteacht atá thar achmainn an nádúir dhaonna. Is deimhneacht agus cinnteacht í a bhfuil síocháin ag ghabháil lei, an tsíocháin sin a bhronnann Íosa ar na creidmhigh agus nach féidir le haoinne í a thógaint uathu.

     Tá an teagasc seo tábhachtach an lá atá inniu ann nuair is cuid de fhealsúnacht ár linne ná saoirse iomlán na hintinne gan cur isteach air ó bhunscoil le teagasc Críostaí, scoileanna saor ó údarás Críostaí nó údarás reiligiúnda ar bith. Cuirtear athmhúnlú intinne i leith teagasc dá leithéid. Ní rud diúltach an chinnteacht a thagann ó Dhia. Ní mór do chreidmhigh bheith mórtasach as na buanna a thagann as a gcreideamh i nDia agus a leanann as.

 

* * *

 

Naomh Pádraig Easpag Príomhéarlamh Éireann

17 Marta 2023

 

Iontróid

Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn. Guth Chríost; Phóil, Pádraig. Teachtaireacht do Lá Fhéile Pádraig

 

Céad Léacht (Síorach) Ní rachaidh a chuimhne ar ceal agus mairfidh a ainm ó ghlúin go glúin.

Dara Léacht (2 Tiomóid) Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad.

Soiscéal ( Matha) Dhá pharabail faoi chosúileacht Ríocht na bhFlaitheas: An tArbhar agus an Cogal; an Gráinne Mustaird agus an Ghabháil.

 

Smaoineamh

Ar lá Fhéile seo ár nÉarlaimh náisiúnta tá alán guthanna ag iarraidh orainn cluas a thabhairt dóibh.

     Tá guth Chríost again sna parabail ag meabhrú dúinn go mbeidh forbairt ar Ríocht Dé ó thús lag go fás foirleathan domhanda. Is gort i ina mbeidh fiáili, laigí agus sin le gan drom láimhe a thabhairt don chreidemh, na don Eaglais scoir de chraoibscaoileídh an dea-scéil in iomláine, mar a mheabhrainn Pól do Thiomóid sa dara léacht. Tá dualgas ar lucht fógartha an chreidimh agus ar gach aon a bhaineann leis bheith macánta agus trédhearcach ina saol agus ina saothar.

     Tá guth na nÉireannach, ‘glór na nGael’, don ogánach naofa Pádraig ag iarraidh air teacht i leith, filleadh chucu, agus a bheith ag siúl an athuair ina measc. Tá guth Íosa againn faoi Pheadar aspal gur guí sé ar a shon nach gclisfeadh a chreideamh, agus go ndéanfadh sé a bhráithre a dhaingniú sa chreideamh agus sa mhisean a bhí acu san Eaglais agus sa tsochaí dhaonna.

     Agus anois sa bhlain seo agus san fhéile áirithe seo tá againn comharba nua-thofa Pheadair atá ag glaoch go caoin, ach go soléir, ar an eaglais filleadh uirthi féin. Roimh éirí as oifig dó mheabhraigh an Pápa Benedict XVI don eaglais go bhfuil sí sa saol seo ach nach den saol í. Meabhraíonn an Papa Proinsías don Eaglais nach NGO ná cumann leasa shoisialaigh í, bíodh ar ndóigh gur cuid lárnach dá misean cúram na mbocht. Ach go bunúsach is seirbhis do Chríost agus aithris ar Chríost, agus páirt inar fhulaing sé croílar bheatha na hEaglaise.

     Smaointe fóntacha iad seo ar La Fhéile Pádraig, Pádraig a chéad-las an cré geal inár dtír, agus a láidrigh an cré sin le éifeacht a ghui. Guímis go léir air, agus na fadhbanna atá againn, go ndéanfadh sé anois ‘in áitreamh na Fódhla an fíor-chreideamh’ a dhíonadh, a chosaint.

 

* * *

 

An Ceathrú Domhnach den Charghas

19 Márta 2023

 

Iointróid

Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: Tugadh solas an chreidimh dúinn le fianaise a thabhairt do Chríost

 

An Chéad Léacht (1 Samuél). Ungtar Dáiví ina rí ar Iosrael.

Dara Léacht (Eifisigh). Glaoch Dé do pheacaigh, do chreidmhigh fhuarchúiseacha agus a leithéid: ‘Éirigh óna mairbh agus soilseoidh Críost thú’.

An Soiscéal (Eoin). D’imigh dall, nígh sé é féin i Linn Silóm, d’fhill agus a radharc aige.

 

Smaoineamh

Tá trí phointe shoiléire ag eascair as liotúirge agus léachtaí an lae inniu a thugann ábhar saibhir machnaimh agus agallaimh dúinn.

     An chéad cheann ná gurb é solas an tsaoil é Íosa. Is chuige sin a seoladh isteach sa saol é ón Athair. Eisean an Té a seoladh. ‘an Seolta’, Silóm, a leigheasann an dall. Tháinig sé le go mbeadh radharc ghlóir an Athar ag an domhan. Tá sin soiléir ó shoiscéal an lae inniu, agus óna lán áiteanna eile sa Tiomna Nua. Is cuid lárnach de theachtaireacht an Tiomna Nua é.

     An dara pointe ná nach do bheatha Íosa ar talamh amháin an méid sin. Roghnaigh sé aspail and deisceabail le go mbeadh an dea-scéal sin á fhógairt go críocha deiridh an domhain go deireadh an tsaoil. Solas an domhain agus salann na talún iad lucht leanúna Íosa. Sin mar a thuig, agus mar a chraobhscaoil, an Eaglais ó thús an soiscéal. Is rúndiamhair an tslánaithe í an eaglais ina teagasc agus i mbeatha na bhfíréan.

     Tugann sin go dtí an tríú pointe sinn: agallamh ag an eaglais léi féin agus le saol an lae inniu. Ní mór don eaglais í féin a leasú de shíor leis an toradh a thabhairt a thugann an solas uaidh, gach cineál maitheasa agus fíréantachta agus fírinne. Go minic inniu nuair a labhartar faoi leasú na heaglaise is iad ‘na struchtúir’ atá i gceist, go mór mór sa Vatacáin, an ‘curia’ ach go háirithe. Bíodh go bhfuil tábhacht leis sin, ní hé sin an leasú go práomha [go préamha nó príomha?] atá i gceist, ach athrú i meon agus i gcleachtadh na bhfíréan le go mbeidís de réir an tsoiscéil, le fianaise a thabhairt do Íosa. Pointe eile san agallamh seo ná go bhfeiceann roinnt mhaith daoine inniu ar an rud a dtugann creidmhigh ‘solas’ air mar dhorchadas, sheanaimsireacht.

 

* * *

 

An Cúigiú Domhnach den Charghas

26 Márta 2023

 

Iontróid

Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: Is treise cumhacht an Spioraid Naoimh agus an ghrásta ionainn ná laige an nádúir.

Céad Léacht (Ezicéal). Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus mairfidh sibh.

Dara Léacht (Rómhánaigh). Spiorad an té sin a thóg Íosa ó mhairbh tá sé lonnaithe ionnaibh.

Soiscéal (Eoin). Dúirt Íosa : ‘Mise an tiAiséírí agus an Bheatha’.

 

Smaoineamh

Uaireanta cuirtear i leith Íosa gur beag an tuiscint a bhí aige ar laige an nádúir dhaonna, mar shampla nuair a chuir sé bac iomlán ar an colscaradh. Is trom i slí an misean a leag sé ar a lucht leanúna nuair a sheol sé amach iad mar sholas an domhain agus mar shalann na talún. D’fhéach an eaglais óg ar an misean a bhí aici díreach mar arb thoil le hÍosa é. Ba sholas úrnua don domhan an eaglais, an comhluadar Críostaí, ina teagasc agus ina cleachtadh. Labhraíonn Pól go deas faoin misean uasal sin agus an laige dhaonna ag scríobh chuig na Corantaigh faoin ábhar dó (2 Coranataigh 4:6-7): ‘An Dia a dúirt, ‘Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas’, is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d’fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn’. Ach leanann sé ar aghaidh: ‘Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, d’fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í’. Ag scríobh chuig na Filipigh dó impíonn sé orthu a slánú a shaothrú faoi uamhan agus faoi eagla, toisc gur ó chomhoibriú le Dia a thagann an slánú, agus nach uainn féin amháin. Agus is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus gníomh sna creidmhigh de réir a dhea-thola féin (Filipigh 2:12-13). Dúirt sé leis na Corantigh; ‘An té a mheasann bheith ina sheasamh tabharadh sé aire ar eagla go dtuigfeadh se.’Sa litir chuig na Rómhánaigh, mar is léir ó shliocht an lae inniu, leagann Pól béim níos mó ar laige an nádúir agus ar an gclaonadh chun peaca. Ach, arís, tá an bhéim is mó aige ar bhua Chríost, tríd an Spiorad Naomh, ar an bpeaca agus ar an laige sin.

 

* * *