May 2019: Leathanach don Cheiliuraí

An Tríú Domhnach den Cháisc, C

Fáilte
Fáiltímid roimh a chéile chuig Áras Íosa Críost. Creidimid go bhfuil Íosa é féin i láthair linn anseo inniu faoi mar a gheall sé dúinn:
pé áit a bhfuil beirt nó triúr
bailithe le chéile im’
ainmse, tá mise ina measc.
Cónaigh, a Chríost, in ár gcroí ón lá seo amach.

Smaoineamh
I Soiscéal an lae inniu,feicimid na hAspail bailithe le chéile in aice le Muir Tiberias. Bhí siad briste buailte i ndiaidh Íosa. Bhí Íosa marbh agus imithe uatha. Cad a dhéanfaidís anois gan É? Bhí siad in iomar na haimiléise i gceart. I ndeireadh na dála dhírigh siad ar chúramaí an tsaoil agus chuaigh said amach ag iascaireacht. Níor éirigh leo, áfach, breith ar oiread agus iasc amháin.

Nuair a tháinig siad ar ais, bhí stróinséir ar an dtrá rompu. Mhol an stróinséir dóibh dul amach arís ag iascaireacht agus na líonta a leagadh síos in áit eile. Rinne siad sin agus, iontas na n-iontas, lion said an bád le h-éisc gan mhoill.

Thuig Naomh Peadar láithreach gurbh é Íosa an stróinséir ach níor chreid na hAspail eile é go dtí go bhfaca siad an stróinséir ag briseadh aráin leo. B’shin Íosa ina steillebheatha!

Nach é scéal na nAspal sa Soiscéal inniu ár scéal féin go minic? Ní aithnímid Íosa in ár measc ag cuidiú linn is ár dtreorú ar bhealach ár leasa. In am na tragóide is an mhí-áidh, mothaímid go
bhfuilimid tréigthe ag Íosa nó go bhfuil sé imithe uainn ar fad.

Ach ní imithe uainn a bhíonn sé: bíonn Íosa i gcónaí linn agus, má bhreathnaímid timpeall orainn, feicfimid sin. Tar chugainn inniu sa Chomaoin Naofa, a Chríost, agus cónaigh in ár gcroí anois agus go brách.

Guí an Phobail
Cuirimid ár n-osnaí agus ár nguí suas chun an Tiarna Dia.

1. Ar son na h-Eaglaise; go ndéana sí an pobal a stiúrú ar bhealach na Críostaíochta. A Thiarna éist linn.

2. Ar a son siúd atá ag fulaingt faoi láthair; go bhfaighe siad faoiseamh agus sólás ó Chríost. A Thiarna éist linn.

3. Ar son na ndaoine atá gan dídean in Éirinn faoi láthair; go n-éirí leo áit chónaithe theolaí a fháil gan mhoill. A Thiarna éist linn.

4. Ar son na marbh; go maire said i síocháin agus i sólás an Tiarna ar feadh na síoraíochta. A Thiarna éist linn.

A Dhia ár n-Áthair, tabhair dúinn go caoin an méid a iarraimid ort de réir do dheathola féin, tré Chríost ár dTiarna. Amen.

An Phaidir
Guímid mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh.

Focal Scoir
A Chroí Rónaofa Íosa, molaimid thú
le láidreacht ár n-intinne
‘s le haoibhneas ár gcroí.
Go moch ag ár n-obair
‘s go mall ag ár só,
A Chroí dhílis mhilis,
Ná scar linn go deo.

* * *
An Ceathrú Domhnach den Cháisc, C

Fáilte
Is mise an t-aoire maith, a deir an Tiarna. Aithním mo chaoirigh féin agus aithníonn
mo chaoirigh féin mise. Fáilte romhaibh uile chuig Aifreann an lae inniu, Domhnach an Aoire MhaithDomhnach na nGairmeacha Crábhaigh.

Smaoineamh
Léiríonn Ceachtanna an Aifrinn inniu an tuiscint a bhí ag na hAspail ar an Chríostaíocht féin, ar na dualgais a bhí ar Chríostaithe agus ar an luach saothair a bhi i ndán dóibh tar éis an tsaoil seo.

B’é Íosa An tAoire Maith a ghráigh agus a chosain iad, a chaoirigh féin. Bhí sé de dhualgas ar Chríostaithe an Soiscéal a mhíniú agus a scaipeadh ar fud an domhain. Ní bheadh an misean seo furasta, áfach. Bheadh orthu bheith cróga agus diongbháilte agus sásta cur suas le cruatan agus géarleanúint.

Sa dara Léacht léirítear pictiúr deas den saol atá i ndán do na fíréin ar neamh – saol gan ocras, gan tart; saol sona sóchúil i bhfochair an Athar, an Mhic agus an Spioraid Naoimh.

Smaoinímis inniu ar an iliomad Aspal, Sagart, Siúracha agus Bráithre a d’fhreagair gairm Íosa:
Tar liom agus lean mé. Rinne na daoine seo obair thar na bearta síos tré na blianta sa bhaile agus i gcéin, Tá gá níos mó ná riamh le comharbaí do na fíréin seo. ‘Sé ár nguí go n-éisteoimid le guth an Tiarna agus má tá Sé ag glaoch orainn go mbeidh sé de mhisneach ionainn a rá: Toil Dé go raibh déanta.

Guí an Phobail
Le croí umhal agus dóchas láidir, cuirimid ár nguí i láthair an Tiarna Dia.

1. Ar son na h-Eaglaise; go dtreoraí an Tiarna an Eaglais agus Pobal Dé na hEaglaise ar bhealach a leasa. A Thiarna éist linn.

2. Ar son gairmeacha nua; go spreaga an Tiarna níos mó daoine glacadh leis an gcuireadh: tar liom agus lean mé. A Thiarna éist linn.

3. Ar son an aosa óig; go dtaga siad isteach ar an urnaí agus go bhfaighe siad uchtach agus treoir uaidh dá mbeatha. A Thiarna éist linn.

4. Ar son na marbh; go raibh suaimhneas síoraí agus luach a gcuid saothair ag na Fíréin ins na Flaithis. A Thiarna éist linn.

A Thiarna chaoin, éist lenár nguí agus tabhair dúinn an méid a iarraimid agus atá de réir do dhea-thola féin, tré Chríost ár dTiarna. Amen.

An Phaidir:
Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá.

Focal Scoir
Críost liom, Críost romham, Críost im’
dhiaidh.
Críost os mo chionn agus Críost fúm.
Críost ina chónaí im’ chroíse.
Críost ó dheas, Críost thuaidh.

Ón Tiarna tig slánú!
Ón Tiarna tig slánú!
Go raibh do shlanú, a Thiarna
Inár measc go saol na saol.

* * *
An Cúigiú Domhnach den Cháisc, C

Fáilte
Fáiltím romhaibh inniu chuig Teach nó
Tinteán Íosa Críost. Níl aon tinteán mar do
thinteán féin, a deirtear sa Ghaeilge.
Gurab amhlaidh dúinne é sa Séipéal seo.
Go bhfaighimid compórd,grá,tuiscint
agus maithiúnas in ár bpeacaí anseo
inniu.

Smaoineamh
Tús maith leath na h-oibre an smaoineamh a rith liom agus mé ag léamh Ceachtanna agus Soiscéil an lae inniu. Ríomhtar iontu scéal daonna na gCríostaithe tosaigh agus iad ag iarraidh misean Íosa Críost a chur i gcrích. Feicimid Pól agus Barnabas ag craobhscaoileadh na Críostaíochta amach sa sa domhan mór. Bhí rath ar a gcuid oibre ach thug siad an chreidiúint ar fad d’Íosa Críost. I Léacht a dó, léirítear i bhfís Eoin an Chathair Naofa atá á hullmhú agus á feistiú mar luach saothair do na Fíréin sa saol eile.

Ins an Soiscéal mothaímid cumha agus uaigneas na ndeisceabal go léir san Seomra Uachtarach. Tá Íosa Aiséirithe fós ina dteannta ach ní fada go mbeidh sé ag imeacht uatha le dul ar ais chuig a Athair. Iarrann sé ar a Dheisceabail go léir grá a bheith acu dá cheile faoi mar a bhí aige fein do chách. Má bhíonn an grá seo acu, aithneoidh daoine gur deisceabail leis iad.

Glacaimid leis, mar sin, gurb é an grá an tslat tomhais le Fíorchríostaithe a aithint. Caithfimid an grá seo a léiriú le gach duine, gach aicme agus gach cine in ár n-iompar, in ár meas agus in ár ngníomhartha.

Guí an Phobail:
Lánchinnte de chineáltas an Tiarna, cuirimid ár n-urnaí anois os a chomhair:

1. Ar son na hEaglaise ar fud an domhain agus go háirithe ar son ár nEaspaig N agus pobal na Deoise seo; go dtreoirítear sinn go léir ar íorchosán an tSoiscéil. A Thiarna, éist linn.

2. Ar son na ndaoine atá faoi bhuairt nó faoi strus; go bhfaighe siad sólás Dé le hualach an tsaoil a iompar. A Thiarna éist linn.

3. Ar son lucht rialaithe na tire seo; go lorgaí siad an ceart agus an chóir ‘sna dualgais atá faoina gcúram. A Thiarna éist linn.

4. Ar son na marbh; go dtuga an Tiarna suaimhneas síoraí na bhflaitheas dóibh. A Thiarna éist linn.

A Thiarna Dia, cuidigh linn inár laigí agus treoraigh sinn le do ghrásta, tré Chríost ár dTiarna. Amen.

An Phaidir
Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de
mhisneach againn a rá.

Focal Scoir
Is é an Tiarna m’aoire,
Ní bheidh aon ní de dhíth orm.
Cuireann sé i mo luí mé
i móinéar féir ghlais.
Seolann se ar imeall an uisce mé,
Mar a bhfaighim suaimhneas.

* * *
An Séú Domhnach den Cháisc, C

Fáilte
Cuirim fáilte ó chroí romhaibh go léir
chuig Aifreann an lae inniu, an Séú
Domhnach den Cháisc. Is mian le hÍosa
inniu go mbeadh síocháin eadrainn go
léir. Chuige sin, scrúdaímid ár gcoinsias
agus lorgaímid maithiúnas in ár laigí féin
mura bhfuil síocháin in ár saol.

Smaoineamh
Laethe deireannacha Íosa Críost ar an saol seo atá i gceist ins na Ceachtanna agus an Soiscéal inniu. Sa Chéad Léacht feicimid na Deisceabail ag craobhscaoileadh na Críostaíochta le fonn agus flosc in Antíoc. Bhí siad ródhíograiseach uaireanta agus iad ag láimhseáil seanchleachtas na ndaoine ins na háiteanna nua seo agus, ní nach ionadh, bhí fadhbanna acu dá bharr. Réitíodh an scéal nuair a cheap na hAspail in Iarúsailéim beirt oifigeach caidrimh le conspóidí a shocrú in Antíoc.

Sa Dara Léacht léirítear pictiúr álainn den chathair bheannaithe nua a bhí reidh do na Fíréin.Ní raibh aon teampall san áit seo mar nár ghá é – bhí an tAthair fein ann.

Sa Soiscéal feicimid Íosa agus na Deisceabail sa Seomra Uachtarach. Tá Íosa ag fágáil slán acu agus á gcomhairliú maidir le todhchaí gan é. D’iarr sé orthu bheith dílis do agus bheith grámhar is síochánta lena chéile. Gheall sé dóibh go dtiocfadh an Spiorad Naomh chucu chun na rudaí ar inis sé dóibh a mheabhrú dóibh. Ar deireadh, d’iarr sé ar na Deisceabail gan bheith brónach ina dhiaidh. Ba cheart, dá mbeadh grá acu dó, go mbeadh áthas orthu go raibh sé ag filleadh abhaile chuig a Athair.

Guí an Phobail
I láthair an Tiarna ró-ghlórmhair, cuirimid ár n-osnaí os comhair an Athar rógheanúil:

1. Ar son na h-Eaglaise ar fud an domhain; go gcuire sí áilleacht agus glóire Dé i láthair na gcreidmheach mar chúis iontais agus dóchais. A Thiarna éist linn.

2. Ar son na gCríostaithe go léir atá ag fulaingt géarleanúna ar fud an domhain; go gcoinní siad greim buan ar a gcreideamh, le solas buan na glóire os a gcomhair amach á neartú. A Thiarna éist linn.

3. Ar son daoine óga ar fud an domhain; go gcaithtear go dignitiúil leo, go léirítear meas agus grá dóibh agus go dtreoirítear iad ar bhealach a leasa. A Thiarna éist linn.

4. Ar son na marbh; go raibh siad faoi shíocháin i solas glórmhar na bhflaitheas i measc na n-aingeal agus na naomh uile.

A Thiarna Uilechumhachtaigh, lonraigh ár gcroithe le solas na fírinne is an dóchais, agus treoraigh an leas a dhéanaimid go solas na síoraíochta, Tré Chríost ár dTiarna.

An Phaidir
Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá.

Focal Scoir
Gile mo chroí do chroíse, a Shlánaitheoir; Is ciste mo chroí do chroíse a áil im
chomhair;
Ós follas gur lion do chroí dom ghrása, a
stór,
I gcochall mo chroí do chroíse fág i
gcomhad.

* * *

Proinsias Ó’Cuanaigh
Dún Dealgan

To download Irish notes please click here.