May 2022: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

Proinsias O’Cuanaigh
Dun Dealgan,Co Lú

 

An Tríú Domhnach Den Cháisc
1 Bealtaine 2022

Fáilte

A Phobail Dé, fáilte romhaibh anseo isteach chuig Aifreann an lae inniu, an Tríú Domhnach den Cháisc agus an chéad lá de Mhí na Bealtaine.

Lá speisialta ab ea an chéad lá de Bhealtaine in Éirinn fadó: tosach an tSamhraidh, aiséirí an dúlra agus fás nua.

Tá sinne, mar Chríostaithe, ag ceiliúradh aiséirí agus fás nua freisin: Aiséirí Íosa Críost ó mhairbh agus fás na Críostaíochta ar fud an domhain. I rith na Bealtaine seo cuideoidh Léachtanna is Soiscéil an Aifrinn linn Críost Aiséirithe a aithint agus a ghlóiriú.

 

Smaoineamh

Ins na Léachtanna inniu, feicimid conas mar a bhí ag na Deisceabail i ndiaidh Íosa. Cé gur thuig siad go rímhaith go gcaithfeadh Íosa imeacht uatha ar ais chuig a Athair, tá sé iontuigthe go rabhadar cumhúil agus uaigneach gan É.

     Bíodh go raibh na Deisceabail croíbhriste, léirítear i Léacht a h-aon gur chraobhscaoil siad Soiscéal Íosa go misniúil diongbháilte ar fud na h-áite. Ba chuma leo faoi na hIúdaigh is na sagairt a rinne a ndícheall stop a chur leo.

     I Léacht a dó, luann Naomh Eoin i bhfís a bhí aige an saghas saoil atá i ndán do Chríostaithe i sonas na bhFlaitheas.

     Sa Soiscéal inniu feicimid na Deisceabail ag iascaireacht ar Muir Tiberias. Déarfainn go rabhadar ag cuimneamh ar na h-amanta a raibh Íosa sa bhád leo á gcomhairliú is á stiúrú i ngach saghas aimsire. Bhí rath orthu na h-amanta sin ach an t-am seo, cé gur chaith siad an oíche ar fad ag iascaireacht, níor éirigh leo breith ar oiread agus iasc amháin.

     Ag teacht isteach dóibh dúirt ‘stróinséir’ ar an trá leo an eangach a chaitheamh amach arís; rinne siad sin agus nuair a tharraing siad ar ais í bhí sí ag cur thar maoil le h-éisc. Thuig siad ansin gurbh é Íosa an ‘stróinséir’. Mar a deirtear ins na Déise, Ní maraí go Stiúrthóir.

     Bhí béile ag na Deisceabail le hÍosa ansin ar an trá agus le linn an bhéile, labhair Íosa go sollúnta le Naomh Peadar agus cheap Sé é ina chomharba Air Féin. Bheadh Peadar ina Stiúrthóir nó ina Aoire ar Chríostaithe ar an domhan seo as sin amach.

 

* * *

 

An Ceathrú Domhnach den Cháisc
(Lá Domhanda Urnaí le haghaidh Gairmeacha Crábhaidh)

8 Bealtaine 2022

Fáilte

A Phobail Dé, cuirim fáilte chroíúil romhaibh go léir chuig Aifreann an lae inniu – inniu an Ceathrú Domhnach den Cháisc agus Lá Domhanda Urnaí le haghaidh Gairmeacha Crábhaidh.

     Le linn an Aifrinn seo, beimid ag machnamh ar an misean sollúnta a thug Íosa Críost dá Dheisceabail agus ag guí ar son Deisceabal na hEaglaise inniu. Iarraimid ar Íosa níos mó daoine a spreagadh le bheith ina nDeisceabail san Eaglais amach anseo mar go bhfuil an ganntanas práinneach. Mar a dúirt Íosa é féin: Tá an fómhar fairsing ach tá an meitheal beag (Matha 9:35-38).

 

Smaoineamh

I Léachtanna agus Soiscéal an lae inniu tá an bhéim ar an Misean a bhí ag Íosa Críost ar an saol seo. Chuir an tAthair ar an saol seo É le bheith ina Aoire do dhaoine agus iad a chaomhnú is a threorú i dtreo na Beatha Síoraí. B’ionann Íosa agus a Athair – fíoraic nár ghlac na hIúdaigh leis – agus b’shin é an fáth gur chuir siad chun báis É.

     Sa Dara Léacht inniu, tugann Naomh Eoin cur síos ar fhís a bhí aige ina bhfaca sé sluaite do-áirithe Críostaithe as gach áit is cine ar domhan bailithe go buacach sona i dteannta an Athar ins na Flaithis. Tá an chinniúint sin i ndán do gach duine gur Uan Dé é.

     Sa Soiscéal inniu, deimhníonn Íosa gurb Eisean ár nAoire, ár gCosantóir agus ár Slánaitheoir agus nach dteipfidh Sé orainn go brách.

     A Phobail Dé, nach iontach mistéireach an íobairt a rinne Íosa Críost chun sinne, an cine daonna, a shlánú is a threorú i dtreo na Beatha Síoraí is Suaimhneas na bhFlaitheas! Bhí an oiread sin grá Aige dúinn go raibh Sé sásta bás a fhulaingt ar ár son. Is fiú machnamh a dhéanamh air seo, inniu ach go háirithe, inniu Lá Domhanda Urnaí le haghaidh Gairmeacha Crábhaidh.

     Síos tré na blianta, a Phobail Dé, b’iad na Sagairt, na Manaigh, na Siúracha, na Bráithre agus Tuataigh áirithe na Deisceabail a chraobhscaoil an Chríostaíocht ar fud an domhain. Rinne siad gaisce agus táimid go mór faoi chomaoin acu. Ach le tamall anuas tá líon na gcléireach ag trá go tapaidh. Mothaímid an t-easnamh cheana féin agus mothóimid níos mó é sa todhchaí mura gcasann an taoide go luath.

     Guímis mar sin inniu agus iarraimis ar Chríost níos mó daoine a spreagadh is a threorú i dtreo na beatha crábhaidh mar go bhfuil An fómhar fairsing agus an meitheal beag.

 

Paidir an tsagairt le haghaidh Gairmeacha Crábhaidh

A Dhia, a Athair,

Is mór linn an caoinchuireadh a thug tú dúinn Lá ár mBaiste, Íosa do Mhac Muirneach a leanacht ar bhealach an ghrá is na seirbhíse.

Le cabhair is neart do Spioraid Naoimh, go bhfanaimid dílis i gcónaí d’ár ngairm naofa.

Inniu ach go háirithe, guímid ar son ár ndeisceabal óg atá ag saothrú leo go dian dícheallach i ngáirdín an Tiarna ar fud an domhain. Tabhair dóibh uile, a Thiarna, an misneach is an diongbháilteacht leanacht ar aghaidh ag craobhscaoileadh do Shoiscéil pé áit a mbíonn siad.

A Dhia, a Athair, iarraimid ort do chaoinchuireadh chun seibhíse a thabhairt inniu do dhaoine óga, idir fhir is mhná, mar go bhfuil An fómhar fairsing agus an meitheal beag.

Beannaigh ár dteallaigh agus ár bparóistí. Cuidigh linn Ríocht Dé a thógáil is a mhaisiú ar fud an domhain.

A Thiarna, éist linn.

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

 

* * *

 

An Cúigiú Domhnach den Cháisc

 15 Bealtaine 2022

Fáilte

Fearaim fáilte is fiche romhaibh, a Phobail Dé, chuig Aifreann an lae inniu, An Cúigiú Domhnach den Cháisc. Cuimhnítear dúinn inniu go bhfuil grá ag Íosa dúinn uile, grá chomh mór sin go bhfuair Sé bás ar ár son. Bíodh an grá céanna againne dá chéile.

 

Smaoineamh

I Léachtanna an lae inniu, tugtar léargas eile dúinn ar conas mar a bhí ag na Deisceabail tar éis imeacht Íosa Críost go fisiciúil uatha. Bíodh go raibh siad brónach agus uaigneach, lean siad leo ag scaipeadh focal Dé go fuinniúil cróga sa bhaile agus i gcéin.

     I Léacht a haon, feicimid Pól agus Barnabas agus deisceabail eile ag craobhscaoileadh an tsoiscéil in áiteanna chomh fada soir le hAintioc agus ag gríosadh na nDeisceabal fanacht dílis go buan don Chríostaíocht.

     I Léacht a dó, tugann Naomh Eoin léargas álainn dúinn ar fhís a bhí aige faoin Iarúsailéim Nua atá ullmhaithe ag Dia do na Fíréin ins na Flaithis tar éis a mbáis. Tá Dia é féin ann ag labhairt go grámhar báúil le gach éinne, á solású is á moladh agus ag fáiltiú rompu isteach ina Ríocht féin go deo na ndeor.

                Baineann an Soiscéal inniu le cómhrá a bhí ag Íosa lena Dheisceabail tamall gairid sular imigh Sé ón saol seo. Iarann Sé orthu grá a bheith acu Air féin, orthu féin agus a chéile mar gurb é an grá marc an Chríostaí: ‘As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibh má bhíonn grá agaibh dá chéile.’

 

 

* * *

 

An Séú Domhnach den Cháisc

22 Bealtaine 2022

Fáilte

Céad míle fáilte romhaibh go léir, a Phobail Dé, chuig Aifreann an lae inniu, an Séú Domhnach den Cháisc agus an Domhnach deireanach roimh Dheascabháil ár dTiarna Íosa Críost. Éistimís go cúramach mar sin le focail Dé agus treoracha deireanacha Íosa Críost dá Dheisceabail sular imigh Sé ar ais chuig a Athair ar Neamh.

 

Smaoineamh

I Léacht a haon, feicimid Pól, Barnabas agus Deisceabail eile in Antioc. Bhí siad ‘lán dóchais is grá’, mar a déarfá, ag seanmóireacht is ag freagairt ceisteanna faoin Chríostaíocht. Tuigeadh dóibh go luath nach raibh freagra gach ceiste acu. Chuige sin cheap na Deisceabail in Iarúsailéim comhairleoirí le ceisteanna conspóideacha a réiteach go grámhar Críostúil.

     Sa Dara Léacht, tugtar pictiúr dúinn den Iarúsailéim Neamhdha atá réidh do Chríostaithe tar éis a mbáis agus fiú ar an saol seo má bhíonn siad dílis do threoracha Íosa Críost.

     Sa Soiscéal inniu, tá Íosa ag caint leis na hAspail don uair dheireanach. Míníonn Sé dóibh arís gurbh é an t-Athair a chuir ar an saol seo É lena ghrá don chine daonna a léiriú. Is ionann Íosa Críost agus an t-Athair agus sin é an fáth gur fhulaing Sé bás ar ár son. Iarrann Íosa ar na hAspail agus orainne go léir an fíorghrá sin a bheith againn dá chéile agus Dó féin go buan. Cúiteofar an grá sin go fial flaithiúil linn san Iarúsailéim Nua atá maisithe agus réidh Aige dúinn.

     Ar deireadh, fógraíonn Íosa go hoifigiúil do na hAspail go bhfuil Sé ag imeacht uatha ar ais go dtí a Athair. Má thuig na hAspail é seo, níor cheart dóibh a bheith brónach ach a bheith ag ceiliúradh is ag moladh Dé. Mar fhocal scoir, gheall Íosa go bhfillfeadh Sé ar ais ar ball beag.

 

* * *

 

Deascabháil Ár dTiarna

29 Bealtaine 2022

Fáilte

Fáilte romhaibh, a Phobail Dé, chuig Aifreann an lae inniu, Deascabháil Ár dTiarna. Ceiliúraimid le linn an Aifrinn seo imeacht Íosa Críost ón domhan seo le filleadh ar ais chuig a Athair ar Neamh. Lá glórmhar do Chríostaithe ab ea an lá seo i gcónaí – lán dóchais is grá, mar a déarfadh Raifterí an file fadó. Mothaimís, mar sin, dóchas agus grá Chríost san Aifreann seo inniu.

 

Smaoineamh

Nuair a léigh mé Léachtanna an Aifrinn inniu, ‘sí an bheannacht Slán go fóill a rith liom. Bíonn sé deacair i gcónaí slán a chur le gaol nó le cara dil agus iad ag imeacht uainn ar shlí na fírinne. B’amhlaidh sin do na hAspail ar Dhéardaoin na Deascabhála.

     Tar éis dóibh trí bliana a chaitheamh i dteannta Íosa ag éisteacht Leis, ag foghlaim Uaidh agus ag comhoibriú Leis ina Mhisean Sollúnta, bhí Sé ag imeacht uatha anois. Bhí na hAspail croíbhriste agus uaigneach cinnte ach bhí a fhios acu ina gcroíthe istigh nár imeacht gan filleadh a bhí ann. Dúirt Íosa go sollúnta leo go dtiocfadh Sé ar ais ar ball beag agus chreid siad É.

     Sa chéad Léacht inniu, labhrann Íosa leis an sluaite a bhí bailithe dá Dheisceabháil. Iarann Sé orthu bheith ina bhfinnéithe Dó féin agus do na rudaí go léir a mhúin Sé dóibh. Chuige sin, chuirfeadh Sé An Spiorad Naomh chucu len iad a neartú is a spreagadh toil Dé a dhéanamh. Leis sin, bhí a Mhisean mar dhuine daonna críochnaithe, agus d’imigh Sé uatha isteach ins na Flaithis.

     Sa Dara Léacht inniu, iarrann Naomh Pól ar Dhia na Glóire agus ar Chríost an Spiorad Naomh, spiorad na heagna, a chur chuig na Deisceabail len iad a mhisniú is a neartú Misean Íosa Chríost a chomhlíonadh amach anseo.

     Sa Soiscéal inniu, míníonn Naomh Pól go raibh fulaingt agus bás Íosa Chríost tuartha i bhfad roimhré. Bhí sé tuartha freisin go gcuirfeadh Dia an Spiorad Naomh chuig na Deisceabail tar éis báis Íosa Críost. Mhol Naomh Pól do na Deisceabail, mar sin, fanacht in Iarúsailéim go dtiocfadh an Spiorad Naomh chucu ar ball beag.