May 2023: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin

 

An Cúigiú Domhnach den Cháisc
7 Bealtaine 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn:
Is cine tofa lucht leanúna Chríost, sagartacht ríoga le seirbhís a thabhairt do Chríost lena mbeatha
An Mórshiúl
(Matha). Íosa ag teacht isteach go hIarúsailéim.

Céad Léacht (Gníomhartha). Thogh siad seacht bhfar a bhí lán den Spiorad Naomh.
Dara Léacht
(1 Peadar). Is cine tofa sibh, sagartacht ríoga.
Soiscéal (Eoin). Dúirt Íosa ‘Is mise an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha’.

 

Smaoineamh

Tá ábhar machnaimh domhain againn i dara léacht an lae inniu, i Litir Pheadair. I slí ní gá cur leis. Téacs iomráiteach téacs seo Litir Pheadair, agus déantar plé faoi minic go leor inniu. Ceist amháin a ardaítear ina thaobh ná an gaol atá idir sagartacht choiteann seo na bhfíréan go léir agus sagartacht mhinistreach na sagart agus na n-easpag. Tá an cheist pléite go minic, agus arís i doiciméidí Vaticáin II. Tá achoimre den teagasc i Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (ailt 1546-1547): sagartacht choiteann seo na bhfíréan, cuireann na fíréin i ngníomh í tri rannpháirtíocht i misiún Íosa Críost mar Shagart, Fhaidh agus Rí, gach duine de réir na gairme a fuair siad féin. Tá difríocht bhunúsach, áfach, idir sagartacht mhinistreach na n-easpag agus na sagart agus sagartacht choiteann na bhfíréan, cé go bhfuil siad araon páirteach in aon sagartacht Chríost, gach ceann acu ar a dhóigh féin agus go bhfuil siad ordaithe i dtreo a cheile. Is dual don sagartacht mhinistreach fónamh don sagartacht choiteann.

Sa Tiomna Nua tógtar an gheallúint sin faoin sagartacht on tSeantiomna Eacsadas 19:6 nuair a gheallann Dia do Iosrael ag ullmhú don Chonradh dóibh: ‘Má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le me chonradh beidh sibhse agamsa mar ríocht sagart in bhúr náisiún coisricthe’. Níor chuir an gheallúint sin as do shagartacht mhinistreach in Iosrael.

Tá ceist seo sagartóireacht na bhfíréan á cíoradh agus faoi diospóireacht san eaglais ar feadh tamaill mhaith agus beidh fós mar chuid den agallamh faoin eaglais shionadach le guth láidir na dtuataí le cloisint, ach an agallamh sin ní dochar fianaise na scrioptúr mar aon le traidisiún na hEaglaise a chur san áireamh.

Má tá rún le tógaint againn ó liotúirge agus léachtaí a lae inniu, gairm a bheadh ann ó Dhia éisteacht le guth, le glór, Dé agus Íosa, agus urnaí bheith dilis don chonradh ionas gur sagartacht chuí do ghlóir Dé a bheadh ionainn.

 

* * *

An Séú Domhnach den Cháisc
14 Bealtaine 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn:
Is cine tofa lucht leanúna Chríost, sagartacht ríoga agus an Spiorad Naomh mar Chabhróir acu.
Céad Léacht (Gníomhartha). Chuir siad a lámh orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh.
Dara Léacht (1 Peadar). Básaíodh é sa cholainn ach rinneadh beo sa spiorad é.
Soiscéal (Eoin). Iarrfaidh mé ar m’Athair é, agus tabharfaidh sé Cabhróir eile daoibh.

 

Machnamh

Ag scríobh chuig na Rómhánaigh dó (Rómhánaigh 8:14) dúirt Pól: ‘An mhuintir a bhíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann ag Dia iad’. I léachtaí an Domhnaigh seo leagtar béim ar an Spiorad Naomh i saol an chreidmhigh aonair agus i saol na hEaglaise. Is trí leagan lámh na nAspal a tháinig an Spiorad Naomh ar na Críostaithe i gcathair na Samáire. Is é Spiorad Chríost aiséirithe a thug uchtach do na creidmhigh faoi ghéarleanúint ar scríobh Peadar chucu. Is á an Spiorad Naomh an paraicléid, an t-abhcóid, an cosantóir, an cabhróir, an sólásaí a gheall Íosa dóibh siúd a chreideann ann. Do chreidmheach aonair an lae inniu tugann sé cinnteacht chreidimh in Íosa agus san Athair, san domhan nach bhfeictear. Tugann sé sólás anama, an t-athas agus an tsíocháin anama sin a gheall Íosa dúinn roimh imeacht dó. Stiúrann sé sinn le maireachtáil de réir an tsoiscéil le glaine chroí agus le meon a thógann a threoir ó neamh, ó Íosa agus an eaglais, seachas ó mheon domhain nach gcreideann i saol eile ná i dtreoir uaidh.

Machnamh eile a eascraíonn ó shoiscéal an lae inniu ná an choimhlint a bhí le bheith ann, agus atá ann i gcónaí, idir Íosa féin, a chuid, agus an fórsa, na cumhachtaí, ar a dtugann sé ‘an saol’, sin le rá iad siúd nach raibh réidh a phearsa nó a theachtaireacht a ghlacadh, agus a bhí, agus a bheadh, ag maíomh go raibh an bua acu air, go raibh a lá thart agus a phort seinnte lena bhás ar an gcrois. Dúirt Íosa go ndéanfadh an Spiorad Naomh, a chuirfeadh sé chucu, deimhin de gurb é a mhalairt a bhí fíor; gur ag Íosa a bhí an bua ar an ‘saol’.

Tá na fórsaí sin ag feidhmiú fós inniu, ach ní gá dul isteach níos doimhne sa scéal anseo, ach a mheabhrú dúinn féin nach coimhlint idir dhá fhórsa amháin atá i gceist, ach go bhfuil Íosa agus a Athair ag cabhrú lena lucht leanúna tríd an Spiorad Naomh, an t-abhcóid, an cabhróir, an sólasaí.

* * *

Deascabháil Ár dTiarna
21 Bealtaine 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn:
Is cine tofa lucht leanúna Chríost, sagartacht ríoga agus an Spiorad Naomh á stiúradh

Céad Léacht (Gníomhartha). Agus iad ag faire, tógadh suas é.
Dara Léacht
(Eifeasaigh). Chuir sé ina shuí ar a dheis féin sna flaithis é.
Soiscéal
(Matha). Dúirt Íosa: Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.

 

Smaoineamh

Tá ábhar domhain machnaimh againn i bhFéile seo Deascabháil Ár dTiarna. Le Pól chuig na hEifeasaigh d’iarramar ar Dhia eagna agus tuiscint a thabhairt dúinn. Éilíonn tuiscint orainn greim a fháil ar bhrí na féile seo agus na téarmaí a ghabhann léi. Is dual do aigne mhacánta an méid sin. Tugann an eagna dhiaga orainn meas a bheith ar an Deascabháil mar rúndiamhair.

Tá Dia láidir’. An nath Gaeilge seo is lár-phointe den dara léacht as an litir chuig na hEifeasaigh é. Bhí cumhacht as cuimse Dé ag feidhmiú in aiséirí Chríost agus ina dheascabháil go deaslámh an Athar agus tá an chumhacht chéanna sin ag obair fós ionainn, creidmhigh. Ba choir go dtabharfadh sin uchtach agus meanma dúinn agus meas ar an oidhreacht chreidimh atá again. Tá Íosa ar neamh ag idirghuí ar ár son, agus ar son na heaglaise go léir. Mar adeir téacs eile den litir chéanna (Eifeasaigh 4:8-13): Ar dhul in airde (ina dheascabháil) thug Íosa tabhartais do daoine. Na tabhartais a luaitear ná aspail, fáithe, soiscéalaithe, aoirí agus múinteoirí. Bhí mar aidhm leis sin corp Chríost, an eaglais, a thógáil le go mbeimid go léir tagaithe go aontacht chreidimh, gan a bheith inár naíonáin feasta dár luascadh imeasc na dtonn. Leantar leis an éagsúlacht tabhartas sin ó Dhia san Eaglais fós.

Cuireann cuid den téarmaíocht a bhaintear úsáid aisti ag cur síos ar an bhfhéile seo, agus i dtéacsanna gaolmhara, as do mhórán daoine: mar shampla ‘tógadh Iosa suas ar neamh’, ‘ina shuí ar dheasláimh Dé’ agus a leitheid. Tá sort ceannairce ann le tamall i gcoinne a leithéid de fhriotal, ag moladh téarmaí níos teibí faoi Dhia amhail ‘dúshraith ár mbeith ann’, ‘the basis of our being’. Is ionmholta iarracht a dhéanamh ar léargais nua agus tuiscintí úra ar an gceist seo, ach ní mór a mheabhrú gur neach spioradálta Dia, nach mbaineann áit ar bith, thuas, inairde, nó eile leis nó lei. Ní héasca dár gcéadfaí labhairt faoi aon rud seachas rudaí tadhail.

 

* * *

Domhnach Cincíse
28 Bealtaine 2023

 

Iointróid

Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: Is cine tofa lucht leanúna Chríost, sagartacht ríoga agus an Spiorad Naomh á stiúradh

Céad Léacht (Gníomhartha). Líonadh leis an Spiorad Naomh iad uile, agus thosaigh siad uile ag labhairt.
Dara Léacht (1 Corantaigh). San aon Spiorad amháin is ea a baisteadh isteach in aon chorp amháin sinn go léir.Soiscéal (Eoin). Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin. Glacaigí an Spiorad Naomh.

 

Smaoineamh
Cruthaíonn an Spiorad Naomh muintearas idir na creidmhigh in Íosa, Íosa féin agus an tAthair síos tríd an stair. Tugann sé le tuiscint dóibh gur clann don Athair iad. Foilsíonn sé dóibh glóir Íosa, fís den bheatha is dual don duine daonna, agus spreagann sé an Eaglais bheith deimhin de sin, bheith bunaithe sa chreideamh, bheith deimhin den bhféiniúlacht Chríostaí.

Tá féiniúlacht chine ann leis agus ar uairibh ionann í agus féiniúlacht chreidimh, nuair a bhíonn an creideamh céanna ag an cine go léir agus an cine faoi bhrú ón taobh amuigh. I gcás mar sin tógtar an creideamh mar chuid den chine agus ní bhíonn aon teannas idir Eaglais agus an Stát. Is mar sin a bhí in Éirinn roimh neamhspleáchas di agus i mblianta tosaigh an stáit nua.

In Éirinn anois tá an ré sin thart agus ní mór do phobal na hEaglaise abhus féiniúlacht chreidimh a chothú, eolas níos fearr a chur ar a n-oidhreacht chreidimh agus meas a bheith acu uirthi, faoi stiúir an Spioraid Naoimh, an tAbhcóid, Spiorad na fírinne a thabharfaidh glóir do Chríost trí chreideamh beo na hEaglaise.

Bac don chaidreamh idir Íosa agus na creidmhigh ná an peaca, agus tugadh do na hAspail agus dá gcomharbaí an chumhacht peacaí a mhaitheamh. Rud mór i bhféiniúlacht Ghael ná an fhaoistin agus maithiúnas na bpeacaí. Tá an fhaoistin titithe in léig in Éirinn le tamall anuas agus tugann soiscéal an lae inniu cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar shacraimint na haithrí san Eaglais agus in Éirinn. Sa luath-eaglais faoistin phoiblí a bhí ann agus do pheacai troma amháin. Ní raibh toradh air seo, gur thug Éire cleachtadh faoistin ‘phríobháideach’ isteach, a scaip don eaglais go léir.

Ní raibh an fhaoistin comónta in Éirinn go dtí leasú an Phápa Pius X sa bhliain 1905 ach d’éirigh an fhaoistin dheabhóideach an-chomónta in Éirinn ina dhiaidh sin gur athraigh an scéal go bunúsch le déanaí. Is fiú anois athmhachnamh a dhéanamh ar chúrsaí. Baineann an Fhaoistin le féiniúlacht Ghael.

 

* * *

All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume.