May 2025: Leathanach don Cheiliúraí
Leathanach don Cheiliúraí
Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin
4 Bealtaine 2025
Tríú Domhnach den Cháisc
Soiscéal (Eoin 21:1-19). Thainig Íosa agus thóg an t-arán agus thug dóibh é , agus mar an gcéanna leis an iasc. (Moltar úsáid a bhaint as an leagan iomlán den léacht seo, seachas an leagan gearr. Aonad iomlán an léacht.) Tá dhá eachtra sa léacht seo: (1) an ghabháil mhiorúilteach éisc ag Muir Tiberias (Muir na Gailíle), cosúil leis an mhiorúilt cheanna i Lúcás 5:1-11, agus (2) Íosa ag tabhairt chúraim a thréada (uain agus caoirigh) do (Shiomón) Pheadar. Tá an dá eachtra ceangailte lena chéile agus an bhéim iontu araon ar Pheadar. Tá siombólachas ag baint leis an chéad eachtra. Tá seachtar deisceabal ag an Muir, ach is Peadar a mholann dul ag iascach. Leanann an chuid eile. Le nod ó Íosa ar an dtrá cuireann siad an eangach amach agus faigheann lear mór éisc. Na deisceabail a bhí ag tarraingt na heangaí lán d’éisc ina ndiaidh,i dtosach níor aithin siad Íosa ar an dtrá. An ‘Deisceabal Ionúin’, muirneach, ‘an deisceabal ab ionúin le hÍosa’, a chéad-aithin Íosa (mar a tharla ag an tuama, Eoin 20:8-9). Beannaíonn Íosa dóibh mar dhaoine go raibh sean-aithne aige orthu: mar ‘a Leaideanna’, b’fhéidir. Nuair a deir Íosa leo cuid de na héisc a ghabh siad a thabhairt isteach, is é Peadar amháin a chuaigh ar bord agus a tharraing, é féin amháin, an eangach isteach ‘agus í lán d’éisc mhóra, céad agus caoga a trí díobh’.
Cinnte nach raibh an uimhir sin gan bhrí do chéad léitheoirí, nó éisteoirí, an chuntais seo. Bhí baint ag an uimhir bheacht le éirim an chuntais. Ceist eile cad is ciall leis an uimhir 153?. Dar lena lán scoláirí tá a chéad bhrí caillte, agus beidh go deo. Ta tuairmí éagsúla ag daoine eile faoina bhrí. Sean-tuairim (bhí sí ag athair na heaglaise Iaróm), agus a bhfuil dealramh i gcónaí lei dar liom, gurb ionann an uimhir 153 agus an líon gnéithe, speiceas, na n-iasc sna huiscí de réir ghnáth-thuisceana an tráth sin. Bheadh línte adeir an scríobhnóir Gréigeach Oppian (pas beag níos déanaí ná Eoin) ina dhán ar ‘Iascaireacht’ ag teacht leis sin: ‘Thar teorainn agus thar ár n-eolas na treibheanna a ghluaiseann i nduibheagán na farraige’. Bheadh líon na n-iasc i líon Pheadair (agus san Eaglais) gan teora, ó gach treibh ar domhan.
Ar Pheadar (Siomón Peadar, Siomón mac Eoin) an dara heachtra chomh maith. In am a ghátair shéan Peadar Íosa faoi thrí, Íosa an tAoire maith a thugann grá dá thréad idir uain agus caoirigh. Anois tá Íosa chun cúram an tréada sin a chur ar Pheadar. Ach ar dtús ní mór do Pheadar a ghrá d’Íosa, an tAoire Maith, a admháil faoi thrí, grá ‘níos mó ná a ngrá seo’ – b’fhéidir níos mó ná mar atá ag na deisceabail eile do Íosa, nó ag Peadar do na deisceabail eile, nó (an bhrí is dóchaí) grá níos mó d’Íosa ná do aon rud nó do aoinne eile. An tagairt ag Íosa do Pheadar ‘ag síneadh amach a lámha’, is dócha gur leid é do bhás Pheadair ar an gcrois – mar a tharla sa Roimh de réir traidisiúin.
* * *
11 Bealtaine 2025
Ceathrú Domhnach den Cháisc
I liotúirge an lae inniu tiomnaítear an Domhnach áirithe seo do ‘Lá domhanda don úrnaí ar son gairmeacha’.Ní fada ó shoin go raibh teideal eile aige: ‘Domhnach an tSáraoire’. Agus is don téama seo, Íosa an Sáraoire, atá soiscéil na bliana seo, agus den dhá bhliain eile den tsraith thrí bliain tá an téama céanna roghnaithe, agus urnaithe an Aifrinn chomh maith. Tá na léachtaí don soiscéal togtha as chur síos Íosa air féin mar an Sáraoire in Eoin caibideal 10. Ach is féidir an dá théama, Íosa mar Sháraoire agus urnaí do ghairmeacha, a nascadh le chéile go héasca. Ní thuigtear Íosa mar Aoire gan chreideamh, ná glaoch chun seirbhíse dó gan urnai.
Tá an creideamh lárnach don chaidreamh idir Íosa mar Aoire agus baill den tréad sin. Leag Íosa féin béim ar sin. Dúirt sé lena a chomhaimsirigh nár chreid siad ann toisc nárb bhaill dá thréad iad. Tá sin cosúil lena dúirt sé faoi féin mar arán na beatha: ‘Ní féidir d’aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m’Athair’ (Eoin 6:65).
Leagann Íosa béim ar an fhírinne seo, mar a dhéanann Pól níos déanaí: Ní féidir le haon rud, deacracht, fadhbanna, géarleaniúnt nó eile, ball de thréad Íosa a scaradh uaidh. Beidh Íosa féin agus a Athair mar thaca aige. Ag machnamh air seo an lá atá inniu ann: is iomaí sin bac agus deacracht atá ann don chreideamh ón taobh istigh agus ón taobh amuigh: laigeachtaí agus scannail san eaglais; gluaiseacht agus brú i gcoinne chreidimh san eaglais agus i nDia féin, agus a thuilleadh eile nach iad.
Tugann sin go dtí an pointe deiridh sinn: urnaí do ghairmeacha san eaglais. Tá gairmeacha de shaghas éagsúla de dhith: don sagartacht agus don bheatha rialta, ach chomh maith céanna le go mbeadh meitheal chuí ann a oirfeadh do fhadhbanna an lae inniu – daoine a bhfuil cumas acu sna heolaíochtai, sa litríocht, sna healaíona, sna meáin, agus i gach gné den saol inar gá fianaise a thabhairt don Sáraoire, don Té arb é an tslí, an fhírinne agus an bheatha é.
* * *
18 Bealtaine 2025
Cúigiú Domhnach den Cháisc
Tá teachtaireacht thar a bheith domhain sa léacht seo, ceann a thuigtear níos fearr nuair a shuítear í ina comhthéacs dílis, is é sin le rá i mbéile deireannach Íosa lena dheisceabail, béile a bhfuil grá Íosa dá dheisceabail agus don domhan lárnach dó. Tosaíonn an mhír áirithe mar seo (Eoin 13:1): ‘Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an tAthair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta’. Ionann ‘a mhuintir féin’ agus a chuid deisceabal an oíche sin, ach chomh maith le sin a chuid deisceabal i rith na staire uile. Lena léiriú cad ba bhrí leis as grá a luadh, téann an cuntas ar aghaidh le ní chos na ndeisceabal a ríomhadh, agus déanann Íosa féin soiléir cad ba bhrí leis sin, á rá dó: ‘Má rinne mise bhúr gcosa a ní agus gur mé bhúr dTiarna agus bhúr Máistir, ba chóir daoibhse chomh maith cosa a chéile a ní. Tá sampla tugtha agam daoibh, faoi mar atá déanta agam daoibhse, go ndéanfadh sibhse mar an gcéanna’.
Ansin cuirtear síos ar imeacht Iúdáis le hÍosa a bhraith, as a leanfaidh céasadh na croise. Do Eoin, ionann an céasadh agus glóiriú Íosa agus glóir an Athar. Tá Íosa le himeacht as an saol go luath ach roimh imeacht dó tugann sé aithne nua dá lucht leanúna: grá a thabhairt dá chéile faoi mar a thug seisean grá dóibh, rud a thabharfaidh le fios do chách gur deisceabail d’Íosa iad.
* * *
25 Bealtaine 2025 (C) Séú Domhnach den Cháisc
Oireann an léacht áirithe seo go han-mhaith don Domhnach díreach roimh cheiliúreadh Fhéile Deascabháil ár dTiarna. Is cuid d’aitheasc Íosa í ag fagáil slán dá cháirde abhus dó. Labhraíonn an léacht faoin ngrá atá ag Íosa dá dheisceabail agus dá Athair, agus faoi ghrá an Athar dóibh siúd. Tá siad go léir aontaithe i mbriathar Íosa, sa Pharacléid, sa chabhróir, san abhcóide, sa chosantóir, sa Spiorad Naomh a bhfuil an tAthair le seoladh chucu. Leagtar béim mhór ar ‘bhriathar’, nó ‘briathra’ Íosa. Tá brí throm leis an bhfocal áirithe seo anseo. Ionann briathar Íosa agus a aithne, aithne le creideamh a bheith ann féin agus grá a thabhairt dá cheile, grá an chomharsa. Tá bríonna éagsúla sa bhriatrhar Gréigise parakletos, Paracléid, iad go léir le tógaint le cheile mar a tugadh thuas ar ball iad. Is é an Spiorad Naomh é. I slí tógann sé áit Íosa. Ba Paracléid, cosantóir, cabhróir, é Íosa. Is Paracléid eile an Spiorad Naomh. Is nasc é idir na deisceabail agus Íosa. Múinfidh sé gach rud dóibh, faoina dúirt Íosa agus na tátail atá le baint astu maidir le creideamh in Íosa agus san Eaglais, ach freisin maidir lena gcur i gcrích le grá Íosa féin.